An difríocht idir athruithe ar: "Lego"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Grammar
clib: Mobile edit Mobile web edit
m Cealaíodh athruithe 87.38.189.7 (Plé); ar ais chuig leagan le Escarbot
Líne 11: Líne 11:
}}
}}
[[File:14-05-28-LEGO-by-RalfR-061.jpg|thumb|Lego Duplo]]
[[File:14-05-28-LEGO-by-RalfR-061.jpg|thumb|Lego Duplo]]
Is sraith de bhréagáin thógála a bhfuil gnaoi an phobail air é '''Lego''' (tá trádmharc ar LEGO le litreacha móra) a tháirgeann ''The Lego Group'', comhlacht príobháideach atá lonnaithe in [[Billund]] na [[its Fortnite fridayAn Danmhairg|Danmhairge]]. Tá sé bunaithe ar bhrící beaga daite den chuid is mó. Is as stiréin bhútaidhé-éine aicrilinítríle atá na brící déanta. Cruthaítear 19 billiún bríce sa bhliain, nó thart ar 36,000 bríce gach nóiméad agus cruthaíodh breis is 400 billiún bríce ón mbliain [[1958]] i leith. Tá réimse leathan de rudaí ar féidir a thógáil le brící Lego; tá 915 milliún bealach ann le 6 bhríce Lego a chur lena chéile.
Is sraith de bhréagáin thógála a bhfuil gnaoi an phobail air é '''Lego''' (tá trádmharc ar LEGO le litreacha móra) a tháirgeann ''The Lego Group'', comhlacht príobháideach atá lonnaithe in [[Billund]] na [[An Danmhairg|Danmhairge]]. Tá sé bunaithe ar bhrící beaga daite den chuid is mó. Is as stiréin bhútaidhé-éine aicrilinítríle atá na brící déanta. Cruthaítear 19 billiún bríce sa bhliain, nó thart ar 36,000 bríce gach nóiméad agus cruthaíodh breis is 400 billiún bríce ón mbliain [[1958]] i leith. Tá réimse leathan de rudaí ar féidir a thógáil le brící Lego; tá 915 milliún bealach ann le 6 bhríce Lego a chur lena chéile.


== Cúlra an chomhlachta ==
== Cúlra an chomhlachta ==

Leagan ó 14:59, 9 Eanáir 2020

Teimpléad:Comhlacht bosca eolais

Lego Duplo

Is sraith de bhréagáin thógála a bhfuil gnaoi an phobail air é Lego (tá trádmharc ar LEGO le litreacha móra) a tháirgeann The Lego Group, comhlacht príobháideach atá lonnaithe in Billund na Danmhairge. Tá sé bunaithe ar bhrící beaga daite den chuid is mó. Is as stiréin bhútaidhé-éine aicrilinítríle atá na brící déanta. Cruthaítear 19 billiún bríce sa bhliain, nó thart ar 36,000 bríce gach nóiméad agus cruthaíodh breis is 400 billiún bríce ón mbliain 1958 i leith. Tá réimse leathan de rudaí ar féidir a thógáil le brící Lego; tá 915 milliún bealach ann le 6 bhríce Lego a chur lena chéile.

Cúlra an chomhlachta

Is ó leg godt na Danmhairgise a thagann an focal Lego, spraoi go maith a chiallaíonn sé. Ba shiúnéir Danmhairgeach é Ole Kirk Christiansen a thosaigh an comhlacht sa bhliain 1932 agus dhéantaí bréagáin adhmaid ar dtús. Is sa bhliain 1949 a thosaigh an comhlacht ag cur brící tógála ar fáil agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Tuigtear go bhfuil suas le 62 bríce ann in aghaidh gach duine ar an domhan seo.

Bhí deacrachtaí gnó ag Lego ag tús na mílaoise seo is ní raibh brabús á dhéanamh acu. D'imigh paitinn na mbrící ó mhaith agus bhí cead ag comhlachtaí ar nós Megablocks agus eile brící atá inúsáidte le brící Lego féin a chruthú. Tar éis do Lego díriú ar fhoirne speisialta do dhomhan Harry Potter agus Star Wars is nascadh le cluichí ríomhaireachta is mar sin de tháinig athrú ar chúrsaí. Locht a fhaightear orthu ná go bhfuil an costas ard go maith. Cuid den fáth go bhfuil costas chomh hard sin ar Lego, dar leis an gcomhlacht, ná go bhfuil siad fíorthiomanta táirge ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Legoland

Tá páirceanna siamsaíochta ann darbh ainm Legoland le rollchostóirí is olldealbha déanta as Lego. Bíonn ceardlanna ar fáil iontu chomh maith. Tá sé cinn suite ar fud an domhain.

  • Legoland Windsor
  • Legoland Billund (An Danmhairg)

Mindstorms

Is é Mindstorms an pacáiste aonair is mó díol riamh ag an gcomhlacht agus is iomaí comórtas innealtóireachta is deartha do leithéidí NASA a bhaineann usáid as na brící cliste seo. Is bealach atá ann le gluaiseacht a chur faoi Lego agus ríomhchláru a dhéanamh ar róbait Lego.

Eolas eile

Tá scannáin, is cláir theilfíse bunaithe ar Lego ann. Táthar ann a dhéanann ealaín as na brící, dealbha móra nó radharcanna atá lomlán le mionsonraí. Tá leagan den Bhíobla curtha i láthair trí Lego ann. Cuireann roinnt den nuálaíocht seo agus na mionpháirteanna speisialaithe ach go háirithe as do chuid de lucht leanúna Lego.

Ní dhéantar gunnaí ach do na seiteanna fantaisíochta, toisc nár mhaith leis an gcomhlacht an foréigean a chur chun cinn. Tá poll i gcloigeann na gcarachtar le nach dtachtfaidh páistí orthu. Ní bhíodh daoine le gruaig fhionn ann mar nach n-oirfeadh sé do na haghaidheanna buí.