An difríocht idir athruithe ar: "Tamhlacht"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Cuir mé alt isteach mar gheall ar an eagras Gaelphobal Thamhlachta
m Cealaíodh athruithe Pól Óg Ó Meadhra (Plé); ar ais chuig leagan le Holder
Líne 14: Líne 14:
[[File:Tallaght - aerial view 170808.jpg|thumb|280px|Tamhlacht in 2017]]
[[File:Tallaght - aerial view 170808.jpg|thumb|280px|Tamhlacht in 2017]]


== Is [[baile]] mór é '''Tamhlacht''' ([[Béarla]]: ''Tallaght '') i g[[Contae Átha Cliath Theas]], agus é ar an tríú baile mór is mó i b[[Poblacht na hÉireann]] tar éis [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] agus [[Corcaigh|Chorcaí]]. Roimh an mbliain [[1970]] ní raibh ach cúpla céad [[duine]]ina gcónaí ann, agus ba é an dearcadh a bhí ag muintir [[Cathair (lonnaíocht)|chathair]] Bhaile Átha Cliath gur ceantar tuaithe a bhí ann. Tógadh a lán [[teach|tithe]] nua ann le linn na [[1970í|seachtóidí]], áfach, agus d'fhás an baile go tapa uaidh sin amach. ==
Is [[baile]] mór é '''Tamhlacht''' ([[Béarla]]: ''Tallaght '') i g[[Contae Átha Cliath Theas]], agus é ar an tríú baile mór is mó i b[[Poblacht na hÉireann]] tar éis [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] agus [[Corcaigh|Chorcaí]]. Roimh an mbliain [[1970]] ní raibh ach cúpla céad [[duine]]ina gcónaí ann, agus ba é an dearcadh a bhí ag muintir [[Cathair (lonnaíocht)|chathair]] Bhaile Átha Cliath gur ceantar tuaithe a bhí ann. Tógadh a lán [[teach|tithe]] nua ann le linn na [[1970í|seachtóidí]], áfach, agus d'fhás an baile go tapa uaidh sin amach.

Tá [[CLG Tomás Dáibhís|Club Peile agus Iománaíochta Thomáis Dáibhís]] ar na clubanna is sine i dTamhlacht. Is ann atá [[Ospidéal Thamhlachta]] lonnaithe.
Tá [[CLG Tomás Dáibhís|Club Peile agus Iománaíochta Thomáis Dáibhís]] ar na clubanna is sine i dTamhlacht. Is ann atá [[Ospidéal Thamhlachta]] lonnaithe.


Líne 83: Líne 84:
* 1999 D'oscail an Amharclann Chathartha in aice le ceanncheathrú Chomhairle Chontae Átha Cliath Theas i dTamhlacht.
* 1999 D'oscail an Amharclann Chathartha in aice le ceanncheathrú Chomhairle Chontae Átha Cliath Theas i dTamhlacht.
* 2004 Cuireadh tús leis an Líne Dearg don [[Luas (tram)|LUAS]] ó Tamhlacht go lár chathair Bhaile Átha Cliath.
* 2004 Cuireadh tús leis an Líne Dearg don [[Luas (tram)|LUAS]] ó Tamhlacht go lár chathair Bhaile Átha Cliath.

== Gaelphobal Thamhlachta ==
Bunaíodh ''Cumann Gaelach Thamhlachta'' i 1974, mar chraobh de ''Chonradh na Gaeilge'' le grúpa ghaeilgeoirí a bhí mar chuspóir acu an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar Thamhlachta agus gaelphobal a fhorbairt go fadtéarmach. D’éirigh thar barr leis an ngluaiseacht seo.

Ó thosaigh an Cumann bhí sé stiúraithe le roinnt prionsabal leathan. Seo iad a leanas;

·        Go raibh an gnáthdhuine báúil don teanga is dá mbeadh an deis aige/aici, thabharfadh sé/sí tacaíocht ghníomhach don ghluaiseacht teangan.

·        Go bhféadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga a bheadh á labairt go forleathain agus daoine ag glacadh léi.

·        Go raibh nasc díreach idir an obair ag an léibhéal áitiúl agus an léibhéal náisiúnta is da bharr sin gur chóir nasc a bheith ann idir an eagraíocht áitiúil agus an eagraíocht náisiúnta a bhí ag obair chun an teanga a chur chun cinn.

·        Gurbh í an scoil lán Ghaeilge an bealach is fearr chun a chinntiú go mbéadh sé ar chumas an chéad ghlúin eile an Ghaeilge a labhairt agus deis a thabhairt don ghluaiseacht Pobal na Gaeilge a thógaint  a bheadh bunaithe timpeall na scoile.  D’fhéachfaí ar an scoil mar chuid lárnach do fhíor riachtanais an phobail.

An t-éacht ba mhó a rinne an Cumann ná mean agus bunscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fail don cheantar . Bunaíodh an chéad scoil, Scoil Santain i 1979. Bunaíodh an dara scoil, ''Scoil Chaitlín Maud''e i 1986 chun freastal ar Iarthar Thamhlachta. I 1993 bunaíodh meanscoil lán Ghaelach, ''Coláiste de hÍde.'' Tá ag éirí thar barr leis na scoileanna seo uilig, ag freastal ar níos mó ná míle dalta i láthair na huaire a bhfuil líofacht ard bainte amach sa teanga acu.

Sa lá atá inniu ann táimid ag feidhmiú faoin ainm nua Gaelphobal Thamhlachta. Bíonn go leor imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar siúl le freastal ar phobal na Gaeilge sa cheantar. Ina measc bíonn

* Ciorcal chomhrá gach seachtain ar a 8 i gCaifé Aon Scéal, 518 , le ceachtanna saor in aisce d'fhoghlaimeoirí.
* Glacaimid páirt sa rás sealaíochta náisiúnta ''Rith'' gach ré bhliain.
* Campaí Samhraidh do pháistí.
* Tobshluanna.
* Oícheanta sóisialta.
* Aifreann Gaeilge
* Siúlóidí.
* Céilithe

Bunaíodh an club óige ''Feachtas Thamhlachta'' i 2015 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin i leith.

Bunaíodh ''Aisteoirí Thamhlachta'' i 2017 agus tá trí dhráma léirithe acu ó shin i leith - ''Éirí na Gealaí, Ar Thóir na Féinne'' agus ''Ar Chúl an Tí''.

Osclaíodh an 'Café Aon Scéal' i Nollaig 2019, ag 518 Sráidbhaile Thamhlachta. Is iad na huaireanta oscailte ná 8.30 go 4.30 Luan go hAoine, 9 go 5 Dé Sathairn agus ó 9.30 go 4.30 Dé Domhnaigh. Bíonn gach saghasa bia agus deochanna ar fáil ann.

Mar chríoch, trí iarrachtaí ''Ghaelphobal Thamhlachta'', tá dul chun cinn an mhór déanta i bhforbairt na Gaeilge mar theanga bheo chumarsáide i gceantar Thamhlachta. Cuireann sé go mór le saibhreas cultúrtha i gceantar ina  bhfuil ceann de na daonairimh is mó sa tír ag maireachtáil. Tar éis daichead bliain  d’ obair chrua dhíograiseach is féidir a rá go bhfuil gaelphobal láidir i dTamhlacht is beidh go deo!


== An Ghaelscolaíocht i dTamhlacht ==
== An Ghaelscolaíocht i dTamhlacht ==

Leagan ó 10:25, 9 Eanáir 2020

Teimpléad:Ie baile infobox

Tamhlacht in 2017

Is baile mór é Tamhlacht (Béarla: Tallaght ) i gContae Átha Cliath Theas, agus é ar an tríú baile mór is mó i bPoblacht na hÉireann tar éis Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí. Roimh an mbliain 1970 ní raibh ach cúpla céad duineina gcónaí ann, agus ba é an dearcadh a bhí ag muintir chathair Bhaile Átha Cliath gur ceantar tuaithe a bhí ann. Tógadh a lán tithe nua ann le linn na seachtóidí, áfach, agus d'fhás an baile go tapa uaidh sin amach.

Club Peile agus Iománaíochta Thomáis Dáibhís ar na clubanna is sine i dTamhlacht. Is ann atá Ospidéal Thamhlachta lonnaithe.

Sanasaíocht

Tagann an logainm Tamhlacht ó na focail támh (plá) agus leacht (láthair adhlactha). I gcuntas ar Pharthalón in Annála na gCeithre Máistrí atá an chéad trácht ar an logainm le fáil. Deirtear go raibh Parthalón ar dhuine de na chéad ionróirí a tháinig go dtí Éire agus go bhfuair Parthalón féin agus 9,000 duine dá lucht leanúna bás den phlá. Tugadh "Taimleach Muintire Parthalon" ar an gceantar inar cuireadh iad ó shin i leith. In ainneoin na bhfinscéalta áfach, níl fianaise le holladhlacadh faighte i dTamhlacht go fóill.

Ainmneacha Stairiúla den Cheantar (le foinsí)

  • Taimhleacht Muintire Parthaloin (ar Sean Mhagh Ealta Edair) – AM2820?,
  • Tamlactense (Monasterium) -769?,
  • Tamlact – 769?,
  • Taulaght (Lawrance de) – 1190,
  • Tamelag (royal grant - Bailiffs) – 1310,
  • Talaute (An tArdeaspag William Rokeby) – 1514,
  • Tallaght (An tArdeaspag George Brown) – 1535,
  • Talaught (Edward Basnet, Déan St. Patricks) – 1547,
  • Tavelaght (An Biocáire Simon Water) – 1548,
  • Tawlaght (Pardon to George Brown, Ardeaspag agus eile) – 1550,
  • Tallogh (Petty’s map of County Dublin) – 1685,
  • Tallaugh (an tArdeaspag William King,) – 1708,
  • Tallow (Rev. Mr. Jones, Minister) – 1740,
  • Tallaght (Tuairisc eaglasta) – 1807,
  • Tamhlacht (an logainm Nua-Ghaeilge),
Comhartha ag Stásiún Luas Tamhlachta


Halla an Chontae, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Tamhlacht


Leabharlann an Chontae, Tamhlacht


Staid Thamhlachta, staid bhaile Shamrock Rovers Football Club


Ionad Ealaíne Rua Red


Ospidéal Thamhlachta


Stair an bhaile

  • 769 Bunaíodh Mainistir Máel Ruain
  • 792 Bás Naomh Máel Ruain
  • 811 Scrios na Lochlannaigh Mainistir Naomh Máel Ruain
  • 1179 Tógadh Tamhlacht agus an ceantar máguaird isteach faoi Chathaoir Easpaig Bhaile Átha Cliath.
  • 1310 Ghlac an rialtas le muintir Thamhlachta fál a chuir timpeall an bhaile
  • 1324 Cuireadh tús le tógáil Chaisleán Thamhlachta.
  • 1331/1332 Scrios Ó Tuathail Caisleán Thamhlachta.
  • 1378 Tháinig Maitiú Mac Réamann De Bermingham go Tamhlacht le cur i gcoinne Chlann Uí Bhriain.
  • 1540 D'ionsaigh na Tuathalaigh an ceantar agus scrios siad Caisleán Thamhlachta agus na mainéir ina thimpeall.
  • 1635 Tógadh Teach an tSean Bhádún.
  • 1729 Leagadh Caisleáin Thamhlachta.
  • 1729 Thóg an tArdeaspag Hoadley Pálás an Ardeaspaig.
  • 1822 Leag Maor Palmer Pálás an Ardeaspaig agus thóg sé Teach Thamhlachta amach.
  • 1829 Tógadh Paróiste Protastúnach ann.
  • 1856 Díoladh Teach Thamhlachta don Ord Doiminiceach.
  • 1864 Tógadh Séipéal Naomh Muire.
  • 1867 Cogadh Thamhlachta. Ar an 5 Márta 1867 thosaigh Éirí Amach na bhFíníní in Éireann, le cogadh beag i dTamhlacht. Maraíodh 3 ar an lá sin i dTamhlacht.
  • 1883 Tógadh séipéal nua sa bhaile.
  • 1888 Cuireadh tús le seirbhís tram ó Bhaile Átha Cliath go Baile Coimín, ag dul tríd Sráidbhaile Thamhlachta
  • 1888 Bunaíodh CLG Tomás Dáibhís sa bhaile .
  • 1987 Rinne Alan Dukes cuir síos ar an Stráitéis Thamhlachta i dTamhlacht.
  • 1990 Osclaíodh an lárionad siopadóireachta An Chearnóg.
  • 1992 Osclaíodh Institiúd Teicneolaíchta Tamhlachta, coláiste tríú leibhéal.
  • 1994 Cruthaíodh Comhairle Contae Átha Cliath Theas le ceanncheathrú i dTamhlacht.
  • 1995 Tógadh Amharclann Thamhlachta i gCill na Manach, Tamhlacht.
  • 1999 D'oscail an Amharclann Chathartha in aice le ceanncheathrú Chomhairle Chontae Átha Cliath Theas i dTamhlacht.
  • 2004 Cuireadh tús leis an Líne Dearg don LUAS ó Tamhlacht go lár chathair Bhaile Átha Cliath.

An Ghaelscolaíocht i dTamhlacht

Chaith an file Caitlín Maude tamall maith ina cónaí i dTamhlacht, agus ghlac sí páirt san fheachtas leis an gcéad Ghaelscoil a bhunú sa cheantar - Scoil Santain. Tháinig an scoil seo ar an bhfód sa bhliain 1979. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, fuair Caitlín Maude bás. Sa bhliain 1985, bunaíodh Gaelscoil nua i dTamhlacht a fuair ainm an fhile - Scoil Chaitlín Maude[1]. Sa bhliain 1993, bunaíodh Gaelcholáiste nua i dTamhlacht, a fuair a hainm ón chéad Uachtarán na hÉireann Dubhghlas de hÍde, duine mar is eol dúinn a bhí leathanaigeanta agus fad-dearcach agus gur bhreá leis teanga na Gaeilge, darb ainm Coláiste de hÍde

Daoine cáiliúla

Féach freisin

Tagairtí