An difríocht idir athruithe ar: "An Spáinn"
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit |
→Eacnamaíocht: Cur cothrom le dáta - dífhostaíocht |
||
Líne 119: | Líne 119: | ||
Dar le ''hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime'' na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]], a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Spáinn an 37ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 24ú tír is forbartha san [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]], as na 28 ballstát atá ann.<ref>{{Lua idirlín|url=http://hdr.undp.org/en/composite/IHDI|teideal={{!}} Human Development Reports|work=hdr.undp.org|dátarochtana=2019-01-27}}</ref> I ''dTuarascáil Sonais Domhanda'' 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Spáinn an 36ú tír is sona, as 156 thír. |
Dar le ''hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime'' na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]], a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Spáinn an 37ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 24ú tír is forbartha san [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]], as na 28 ballstát atá ann.<ref>{{Lua idirlín|url=http://hdr.undp.org/en/composite/IHDI|teideal={{!}} Human Development Reports|work=hdr.undp.org|dátarochtana=2019-01-27}}</ref> I ''dTuarascáil Sonais Domhanda'' 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Spáinn an 36ú tír is sona, as 156 thír. |
||
I Mí |
I Mí Dheireadh Fómhair 2019, is ag 14.2% a bhí ráta dífhostaithe na tíre, an dara leibhéal is airde san Aontas Eorpach.<ref>{{Lua idirlín|url=https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Unemployment_statistics|teideal=Unemployment statistics - Statistics Explained|work=ec.europa.eu|dátarochtana=2019-01-26}}</ref> |
||
== Tagairtí == |
== Tagairtí == |
Leagan ó 20:30, 8 Nollaig 2019
Is tír í an Spáinn (Spáinnis: España), nó Ríocht na Spáinne go hoifigiúil (Spáinnis: Reino de España), atá suite in iardheisceart na hEorpa ar leithinis na hIbéire.
Is ball den Aontas Eorpach í agus is monarcacht bhunreachtúil í.
Tá tionchar ag an Spáinn ar fud an domhain: sa lá atá inniu ann, tá 500 milliún daoine ag labhairt na Spáinnise.
Tíreolaíocht
Le 194,884 mi² (504,782 km²), is í an Spáinn an 51ú tír is mó ar domhan.
San iarthar tá teorainn aici leis an bPortaingéil, ó dheas tá Giobráltar (réigiún de chuid na Ríochta Aontaithe) agus Maracó, (de bharr na cathracha i dtuaisceart na hAfraice; Ceuta agus Melilla).
San oirthuaisceart, in aice le sliabhraon na bPiréiní, tá teorainn aici leis an bhFrainc agus Andorra.
Tá na hOileáin Bhailéaracha sa Mheánmhuir, agus Na hOileáin Chanáracha san Aigéain Atlantach chomh maith.
Sa Chatalóin tá baile beag timpeallaithe ag an bhFrainc, Llívia.
Tá lár na Spáinne lán le sliabhraonta agus talamh ard, mar shampla Sierra Nevada. Sna hairde seo éiríonn na haibhneacha móra; an Tagus, an Ebro, an Duero, an Guadiana agus an Guadalquivir.
Tá machairí glárach ar fud an chósta. Is í an Guadalquivir in Andalucía an ceann is mó sa tír.
Réigiúin
Tá an tír roinnte i 17 réigiúin de réir bunreacht 1978.
Is í Maidrid príomhchathair na tíre. Tá sí lonnaithe i gceartlár na leithinse.
Is í Barcelona an dara chathair is mó sa tír agus príomhchathair na Catalóine.
- An Andalúis
- An Aragóin
- Asturias nó Asturies as Astúiris
- Na hOileáin Bhailéaracha nó Illes Balears as Catalóinis
- An Tír Bhascach Theas nó Euskadi as Bascais
- Na hOileáin Chanáracha
- Cantabria
- An Chatalóin nó Catalunya as Catalóinis
- Castilla-La Mancha
- Castilla y León
- Extremadura
- An Ghailís nó Galicia nó Galiza as Gailísis
- La Rioja
- Comhphobal Maidrid
- Réigiún Murcia
- Navarra nó Nafarroa as Bascais
- An Comhphobal Vaileinseach nó Comunitat Valenciana as Vaileinsis
Is cathracha féinrialaithe iad Ceuta agus Melilla, chomh maith.
Stair
Príomhalt: Stair na Spáinne
Bhí an tír aontaithe sa 15ú haois i ndiaidh pósadh na Monarcaí Caitliceacha agus deireadh an Reconquista sa bhliain 1492. D'fhás cumhacht na tíre go mór ina dhiaidh sin.
- Réamhstair na Spáinne
- Stair na Rómhánach
- Na Viseagotaigh
- Ionradh na Moslamach
- Al Andalus
- An Athghabháil
- Teach na hOstaire
- Teach na mBúrbónach
- An Eagnaíocht
- Cogadh na Saoirse
- Athghairm an Absalóideachais
- Réabhlóid Liobrálach agus an Stát Bunreachtúil
- Chéad Phoblacht na Spáinne
- Athghairm na mBúrbónach
- Dara Poblacht na Spáinne
- Cogadh Cathartha na Spáinne
- An Deachtóireacht
- An Idirthréimhse
Eacnamaíocht
Úsáidtear an euro mar airgeadra sa Spáinn. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Spáinne an 16ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 14ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 34ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Spáinn, é ar $38,171 don chónaitheach.
Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Spáinn an 37ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 24ú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as na 28 ballstát atá ann.[1] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Spáinn an 36ú tír is sona, as 156 thír.
I Mí Dheireadh Fómhair 2019, is ag 14.2% a bhí ráta dífhostaithe na tíre, an dara leibhéal is airde san Aontas Eorpach.[2]
Tagairtí
- ↑ "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
- ↑ "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.
Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |