An difríocht idir athruithe ar: "Gluaiseacht (úrscéal)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m earráid litrithe
m earráid litrithe
Líne 8: Líne 8:
Nuair a shroicheann an buachaill agus fear na n-éadaí dubha (ní thugtar ainm dúinn) an baile nua, fágann an fear an buachaill óg i dteach le fear eile, fear údarásach. Tá iontas ar gach duine sa bhaile gur tháinig éinne slán. Tá muintir an bhaile cabhrach ach faiteach agus tá siad aineolach faoin Eoraip agus aon rud a baineann leis. Deir an fear leis go gcaithfidh an buachaill óg dul go dtí an Eoraip, nach bhfuil aon áit dó sa bhaile sin. Tugann an fear airgead dó chun íoc as an turas agus téann sé ar thrucail le daoine eile chun dul go dtí an Eoraip. Téann trí thrucail de dhaoine ar an turas tríd an ngaineamhlach go dtí an Eoraip. Ach bíonn stoirm ghainimh ann ar an mbealach agus déantar damáiste don trucail ar a bhfuil an buachaill óg. Níl siad in ann an trucail a dheisiú. Nuair a thagann trucail eile i gcabhair orthu deirtear leo nach bhfuil spás ann chun gach duine díobh a thógáil. Roghnaítear deichniúr paisinéirí as an tríocha atá ar an trucail. Fágtar na daoine eile sa ghaineamhlach, an buachaill óg ina measc. Ag an nóiméad deireanach, léimeann fear amháin den dream a bhí roghnaithe ar fhear na ngunnaí. Ach tá fear na ngunnaí ag súil leis agus scaoileann sé urchar leis agus maraítear é. Roghnaítear an buachaill óg chun dul ar an dara trucail ina áit. Agus ar an dara trucail, buaileann an buachaill óg le Fatima.

Reitíonn Fatima agus an buachaill óg go han-mhaith le chéile. Tagann an grúpa ar champa dídeanaithe ar imeall an ghaineamhlaigh, áit ina mbuaileann siad le hOmar, a chabhraíonn leo ar a dturas. Tagann Omar chucu i lár na hoíche chun iad a chur ar bhád a thógfaidh go dtí an Eoraip iad. Ritheann an triúr acu go dtí an fharraige agus cuirtear iad ar an mbád beag rámhaíochta. I rith an turais, bíonn orthu dul i bhfolach nuair a thagann bád mór ina dtreo. Ach tagann siad slán. Stopann an bád agus seasann fear ar a dtugtar ‘fear na leathshúile’ agus deir sé leo go léir léim on mbád mar nach bhfuil sé i gceist acu dul níos faide. Ach níl snámh ag cuid mhaith acu, an buachaill óg san áireamh. Beireann sé greim ar lámh Fatima agus léimeann an bheirt acu san fharraige. Nuair a dhúisíonn an buachaill óg, tá sé ag luí ar an ngaineamh. Tá Fatima tar éis é a thabhairt slán ón bhfarraige. Leanann Fatima agus an buachaill óg ag siúl, ó shráidbhaile go sráidbhaile ag goid ar a mbealach chun go mbeadh éadaí agus bia acu. Buaileann siad le buachaill eile agus foghlaimíonn siad faoin ‘gcamall iarann’ nó traein. Téann an bheirt acu ar an traein gan tícéad agus gabhtar iad. Cuirtear iad i seomra beag ar an traein go dtí go stoptar an traein, agus fágtar an buachaill agus Fatima faoi chúram garda eile. Cuirtear ar bhád iad agus tugtar iad go cáthair aláinn nua. Ach roinntear iad ina dhá ghrúpa agus scartar Fatima agus an buachaill óg. Imíonn an grúpa ina bhfuil Fatima i ngluaisteán mar go bhfuil ‘obair luachmhar ’ ann dóibh. Fágtar an chuid eile díobh sa chathair. Sa deireadh gabhann na gardaí an buachaill óg nuair a ghoideann sé pacáiste brioscaí. Níl aon chárta aitheantais nó pas aige. Mar sin níl aon áit le fanacht aige, nó obair le fáil aige agus déantar é a dhíbirt. Ní thiocfaidh deireadh leis an ngluaiseacht go deo.
Reitíonn Fatima agus an buachaill óg go han-mhaith le chéile. Tagann an grúpa ar champa dídeanaithe ar imeall an ghaineamhlaigh, áit ina mbuaileann siad le hOmar, a chabhraíonn leo ar a dturas. Tagann Omar chucu i lár na hoíche chun iad a chur ar bhád a thógfaidh go dtí an Eoraip iad. Ritheann an triúr acu go dtí an fharraige agus cuirtear iad ar an mbád beag rámhaíochta. I rith an turais, bíonn orthu dul i bhfolach nuair a thagann bád mór ina dtreo. Ach tagann siad slán. Stopann an bád agus seasann fear ar a dtugtar ‘fear na leathshúile’ agus deir sé leo go léir léim on mbád mar nach bhfuil sé i gceist acu dul níos faide. Ach níl snámh ag cuid mhaith acu, an buachaill óg san áireamh. Beireann sé greim ar lámh Fatima agus léimeann an bheirt acu san fharraige. Nuair a dhúisíonn an buachaill óg, tá sé ag luí ar an ngaineamh. Tá Fatima tar éis é a thabhairt slán ón bhfarraige. Leanann Fatima agus an buachaill óg ag siúl, ó shráidbhaile go sráidbhaile ag goid ar a mbealach chun go mbeadh éadaí agus bia acu. Buaileann siad le buachaill eile agus foghlaimíonn siad faoin ‘gcamall iarann’ nó traein. Téann an bheirt acu ar an traein gan tícéad agus gabhtar iad. Cuirtear iad i seomra beag ar an traein go dtí go stoptar an traein, agus fágtar an buachaill agus Fatima faoi chúram garda eile. Cuirtear ar bhád iad agus tugtar iad go cathair álainn nua. Ach roinntear iad ina dhá ghrúpa agus scartar Fatima agus an buachaill óg. Imíonn an grúpa ina bhfuil Fatima i ngluaisteán mar go bhfuil ‘obair luachmhar ’ ann dóibh. Fágtar an chuid eile díobh sa chathair. Sa deireadh gabhann na gardaí an buachaill óg nuair a ghoideann sé pacáiste brioscaí. Níl aon chárta aitheantais nó pas aige. Mar sin níl aon áit le fanacht aige, nó obair le fáil aige agus déantar é a dhíbirt. Ní thiocfaidh deireadh leis an ngluaiseacht go deo.

==Na Príomhcharachtair==
==Na Príomhcharachtair==

Leagan ó 16:26, 26 Samhain 2019

Clúdach 'Gluaiseacht'

Is úrscéal é Gluaiseacht le hAlan Titley, ina ndéantar cur síos ar bhuachaill agus é ag éalú óna bhaile trasna na hAfraice. Fagann sé an baile i gcoinne a thola de bharr go ndearnadh slad ar a mhuintir. Téann sé go dtí an Eoraip agus casann sé le cairde nua ar an mbealach. Tá an t-úrscéal dírithe ar dhéagóirí toisc téama an leabhair agus an teanga a úsáidtear ann. D’fhoilsigh an Gúm an leabhar i 2009. Ainmníodh an leabhar ar ghearrliosta don ‘Bisto Children’s Book of the Year Award’ i 2010 agus bhí sé mar ‘Leabhar na Míosa Méan Fomhair 2010’ ar ClubLeabhar.com.

An Plota

Ag tús an leabhair, tá duine ag labhairt. Ní thugtar a ainm ach tá sé ag ceistiú cén fáth go bhfuil sé san áit a bhfuil sé. Insíonn sé dúinn scéal a shaoil. Is buachaill óg é i sráidbhaile beag san Afraic. Téann an buachaill óg go dtí an tobar chun uisce a fháil. Tá náire air mar is jab é sin do na cailíní de ghnáth ach tá a dheirfiúr rólág chun é a dhéanamh agus de bharr go bhfuil a mháthair ag cothú an linbh, is airsean a thiteann sé dul agus uisce a tharraingt ón tobar. Nuair a thagann sé ar ais ón tobar tá a shaol iomlán tar éis athrú. Tá a theaghlach ar fad imithe ón sráidbhaile gan rian fágtha ina ndiaidh. Níl éinne fágtha sa sráidbhaile ach oiread. Níl le feiceáil aige anois ach tithe folmha agus corrmhadra marbh ar thaobh na sráide. Buaileann an buachaill óg le fear a bhfuil éadaí dubha á gcaitheamh aige. Ag marú uain atá sé. Tugann an fear an buachaill óg leis ar a chapall go baile eile mar tá iontas air gur tháinig éinne slán.

Nuair a shroicheann an buachaill agus fear na n-éadaí dubha (ní thugtar ainm dúinn) an baile nua, fágann an fear an buachaill óg i dteach le fear eile, fear údarásach. Tá iontas ar gach duine sa bhaile gur tháinig éinne slán. Tá muintir an bhaile cabhrach ach faiteach agus tá siad aineolach faoin Eoraip agus aon rud a baineann leis. Deir an fear leis go gcaithfidh an buachaill óg dul go dtí an Eoraip, nach bhfuil aon áit dó sa bhaile sin. Tugann an fear airgead dó chun íoc as an turas agus téann sé ar thrucail le daoine eile chun dul go dtí an Eoraip. Téann trí thrucail de dhaoine ar an turas tríd an ngaineamhlach go dtí an Eoraip. Ach bíonn stoirm ghainimh ann ar an mbealach agus déantar damáiste don trucail ar a bhfuil an buachaill óg. Níl siad in ann an trucail a dheisiú. Nuair a thagann trucail eile i gcabhair orthu deirtear leo nach bhfuil spás ann chun gach duine díobh a thógáil. Roghnaítear deichniúr paisinéirí as an tríocha atá ar an trucail. Fágtar na daoine eile sa ghaineamhlach, an buachaill óg ina measc. Ag an nóiméad deireanach, léimeann fear amháin den dream a bhí roghnaithe ar fhear na ngunnaí. Ach tá fear na ngunnaí ag súil leis agus scaoileann sé urchar leis agus maraítear é. Roghnaítear an buachaill óg chun dul ar an dara trucail ina áit. Agus ar an dara trucail, buaileann an buachaill óg le Fatima.

Reitíonn Fatima agus an buachaill óg go han-mhaith le chéile. Tagann an grúpa ar champa dídeanaithe ar imeall an ghaineamhlaigh, áit ina mbuaileann siad le hOmar, a chabhraíonn leo ar a dturas. Tagann Omar chucu i lár na hoíche chun iad a chur ar bhád a thógfaidh go dtí an Eoraip iad. Ritheann an triúr acu go dtí an fharraige agus cuirtear iad ar an mbád beag rámhaíochta. I rith an turais, bíonn orthu dul i bhfolach nuair a thagann bád mór ina dtreo. Ach tagann siad slán. Stopann an bád agus seasann fear ar a dtugtar ‘fear na leathshúile’ agus deir sé leo go léir léim on mbád mar nach bhfuil sé i gceist acu dul níos faide. Ach níl snámh ag cuid mhaith acu, an buachaill óg san áireamh. Beireann sé greim ar lámh Fatima agus léimeann an bheirt acu san fharraige. Nuair a dhúisíonn an buachaill óg, tá sé ag luí ar an ngaineamh. Tá Fatima tar éis é a thabhairt slán ón bhfarraige. Leanann Fatima agus an buachaill óg ag siúl, ó shráidbhaile go sráidbhaile ag goid ar a mbealach chun go mbeadh éadaí agus bia acu. Buaileann siad le buachaill eile agus foghlaimíonn siad faoin ‘gcamall iarann’ nó traein. Téann an bheirt acu ar an traein gan tícéad agus gabhtar iad. Cuirtear iad i seomra beag ar an traein go dtí go stoptar an traein, agus fágtar an buachaill agus Fatima faoi chúram garda eile. Cuirtear ar bhád iad agus tugtar iad go cathair álainn nua. Ach roinntear iad ina dhá ghrúpa agus scartar Fatima agus an buachaill óg. Imíonn an grúpa ina bhfuil Fatima i ngluaisteán mar go bhfuil ‘obair luachmhar ’ ann dóibh. Fágtar an chuid eile díobh sa chathair. Sa deireadh gabhann na gardaí an buachaill óg nuair a ghoideann sé pacáiste brioscaí. Níl aon chárta aitheantais nó pas aige. Mar sin níl aon áit le fanacht aige, nó obair le fáil aige agus déantar é a dhíbirt. Ní thiocfaidh deireadh leis an ngluaiseacht go deo.

Na Príomhcharachtair

  • An Buachaill Óg – Ní thugann an t-údar ainm an bhuachalla óig dúinn ar chor ar bith, ach is buachaill ón Afraic é ar maraíodh a theaghlach ar fad, agus atá fágtha ina aonar anois.
  • Fatima – Is cailín óg ón Afraic í a raibh tionchar ag an gcogadh uirthi chomh maith. Ní thugtar eolas beacht dúinn faoina teaghlach, ach tá sé soiléir nach bhfuil siad beo a thuilleadh. Buaileann an bhuachaill óg léi ar an trucail.

Charactaer Eile

  • Fear na hOíche – Is fear aosta é Fear na hOíche nach labhraíonn ar chor ar bith i rith an lae ach a insíonn scéalta agus a labhraíonn leis an mbuachaill óg i rith na hoíche nuair nach bhfuil siad ag taisteal. Buaileann an buachaill óg leis ar an trucail.
  • Omar – Is fear sa champa dídeanaithe é Omar. Geallann sé go dtabharfaidh sé aire don bhuachaill óg agus do Fatima. Cabhraíonn sé leis an mbeirt leanacht lena dturas go dtí an Eoraip.
  • Fear na n-éadaí dubha – Fear é ar chapall a mbuaileann an buachaill óg leis cóngarach dá shráidbhaile féin. Tugann an fear an buachaill óg in éineacht leis go baile nua, ag cabhrú leis i dtosach a thurais.
  • Fear na ngunnaí - Is fear é a gcasann an buachaill óg air nuair atá an trucail greamaithe sa ghaineamh. I ndiaidh eachtra a tharla idir é agus fear eile, roghnaíonn fear na ngunnaí an buachaill óg chun dul ar an dara trucail in ionad fanacht sa ghaineamhlach .
  • Fear na leathshúile – Casann an buachaill óg ar fhear na leathshúile ar an mbád agus iad ar a mbealach go dtí an Eoraip. Imríonn fear na leathshúile an lámh laidir orthu go léir ar an mbád agus bíonn orthu go léir léim san fharraige, fiú iad siúd nach bhfuil an snámh acu.

Téamaí

An téama is laidre sa leabhar ná téama an t-éalú. Is ag éalú ó uafás éigin atá na daoine seo. Ní dhéantar plé ar an gcinéal uafáis seo i leabhair Ghaeilge go minic agus mar sin is plé an-nua agus suimiúil a dhéanann Alan Titley air. Is suimiúil an t-ábhar é go deimhin, go háirithe mar gur uafás san Afraic é, seachas eachtraí in Éirinn. Téamaí eile atá le feiceáil ná cairdeas, bochtanas agus foréigean. Is scéal den scoth é seo.

Glacadh

Fuair an leabhar glacadh maith nuair a foilsíodh é. Dúirt Geraldine McKenna ó Iris gur ‘scéal iontach agus corraitheach é’ agus mhol sí an leabhar as na ‘pictiúir atá cumhachtach agus éifeachtach.’ I léirmheas a scríobh Seán Taidhg Ó Gairbhí don Irish Times, dúirt sé gurb é Gluaiseacht ‘a page-turner that grips us from the off .’

Acaláid

Chomh maith le léirmheasanna maithe a fháil ó chriticí, ainmníodh an leabhar ar ghearrliosta don ‘Bisto Children’s Book of the Year Award’ i 2010 agus roghnaigh ClubLeabhar.com an leabhar mar ‘Leabhar na Míosa Méan Fomhair 2010.’

Lucht leathóireacht

Dar le hAlan Titley é féin in agallamh le Meon Eile, gur leabhar é a thosnaigh mar leabhar do dhéagóirí, ach go gceapann sé gur féidir leis an leabhar bheith in óiriúnt d’éinne.

Tagairtí

Naisc Sheachtracha