An difríocht idir athruithe ar: "Nion (ogham)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
→‎Gluais: ... ag aistriú go gaeilge
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
→‎Gluais: ... ag aistriú go gaeilge
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Líne 8: Líne 8:
Is amhlaidh gur gaolta is ea an dara ''nin'' le focal na [[Breatnais]]e, ''nen'', "díon, neamh", le brí de "maorgacht". Míníonn gluaiseoirí na mbriathra oghaim (féach [[#Briatharogham|thíos]]) go dtógtaí seolta na bhfíodóirí mar chomhartha na síochána. B'fhéidir é gur bunaithe ar an gciall seo is ea na nathanna maidir le háille.
Is amhlaidh gur gaolta is ea an dara ''nin'' le focal na [[Breatnais]]e, ''nen'', "díon, neamh", le brí de "maorgacht". Míníonn gluaiseoirí na mbriathra oghaim (féach [[#Briatharogham|thíos]]) go dtógtaí seolta na bhfíodóirí mar chomhartha na síochána. B'fhéidir é gur bunaithe ar an gciall seo is ea na nathanna maidir le háille.


De réir córas na gcrann, maítear gur [[fuinseog]] atá i ceist, ag rá go ndéantaí seolta as adhmad na fuinseoige. Tá clú ar adhmad fuinseoige um sleánna a dhéanamh, áfach, agus dá bharr i roinnt cásanna, athraíodh an briatharogham go "scrios síthe".
''The "arboreal" tradition claims the word as [[ash-tree]], concluding that looms were made of ashwood. In some instances, the association with ashwood, which is best known as the raw material for spears, the kenning was amended to "destruction of peace". McManus (1988) suggests that the word for "forked branch" was applied to the olive branch, the shaking of which in Irish tradition requested an interruption of a battle.


==Bríatharogam==
==Bríatharogam==

Leagan ó 20:13, 18 Samhain 2019

An cúigiú litir den aibítir oghaim is ea Nion (Sean-Ghaeilge Nin[1][2][3]). Is é [n] a luach foghraíochta. Cuireann an focal 'nin' i leith na litreach áirithe 'Nin', agus araon i leith litreacha an Oghaim i gcoitinne.

Gluais

Is amhlaidh go ndéanann gluaiseoirí An Leabhar Oghaim agus Auraicept na n-Éces trácht ar dhá fhocal nin ar a laghad, le ciall 'cuid de sheol fíodóra',[2] agus 'tonn'.[3] Tugtar an ghluais 'gablach' don aidiacht ninach. Tá dealramh leis mar sin, gur focal oiriúnach é nin le haghaidh litreacha an Oghaim, a bhfuil cuma gabhal (ar a laghad na consain) orthu, tar éis an tsaoil

Is amhlaidh gur gaolta is ea an dara nin le focal na Breatnaise, nen, "díon, neamh", le brí de "maorgacht". Míníonn gluaiseoirí na mbriathra oghaim (féach thíos) go dtógtaí seolta na bhfíodóirí mar chomhartha na síochána. B'fhéidir é gur bunaithe ar an gciall seo is ea na nathanna maidir le háille.

De réir córas na gcrann, maítear gur fuinseog atá i ceist, ag rá go ndéantaí seolta as adhmad na fuinseoige. Tá clú ar adhmad fuinseoige um sleánna a dhéanamh, áfach, agus dá bharr i roinnt cásanna, athraíodh an briatharogham go "scrios síthe".

Bríatharogam

Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach sna Bhriatharoghaim:[4]

  • costud síde (costadh síthe[5]) i mBriatharogham Morann mic Moín
  • bág[6] ban (maíomh ban) i mBriatharogham Mac ind Óc
  • bág maise (maíomh maise/áille) i mBriatharogham Culainn.

Foinsí

  • Damian McManus, Irish letter-names and their kennings, Ériu 39 (1988), 127-168.

Tagairtí

  1. 1 nin ar eDIL
  2. 2.0 2.1 2 nin ar eDIL, píce, gabhal
  3. 3.0 3.1 3 nin ar eDIL, tonn
  4. Auraicept na n-Éces Calder, George, Edinburgh, John Grant (1917), reprint Four Courts Press (1995), ISBN 1-85182-181-3
  5. costadh 1 ar teanglann.ie
  6. bág ar eDIL


Teimpléad:Table Oghamletters