An difríocht idir athruithe ar: "Cúige Uladh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Líne 107: Líne 107:
Meallann [[Glinntí Aondroma|Glinntí Aontroma]] na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é [[Clochán an Aifir]] (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear [[Port Rois]] mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de [[Béal Feirste|Bhéal Feirste]], an chathair is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae, agus an chuid eile di i [[Contae an Dúin|gContae an Dúin]]. De réir an tseanchais is ar [[Sliabh Mis|Shliabh Mis]] i dtuaisceart an chondae a chaith [[Pádraig Naofa]] bunús a shaoil óig.
Meallann [[Glinntí Aondroma|Glinntí Aontroma]] na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é [[Clochán an Aifir]] (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear [[Port Rois]] mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de [[Béal Feirste|Bhéal Feirste]], an chathair is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae, agus an chuid eile di i [[Contae an Dúin|gContae an Dúin]]. De réir an tseanchais is ar [[Sliabh Mis|Shliabh Mis]] i dtuaisceart an chondae a chaith [[Pádraig Naofa]] bunús a shaoil óig.


=== '''Contae Dhún na nGall''' ===
=== Contae Dhún na nGall ===
Tá Contae Dhún na nGall ar an contae is sléibtí in Ultaibh, agus é foirmithe den chuid is mó de thrí shliabhraon beag: sléibhte [[Inis Eoghain]] san oir-thuaisceart, sléibhte Dhoire Bheatha san iar-thuaisceart, agus [[na Cruacha Gorma]] san iar-dheisceart. Is í [[an Earagail]], i sléibhte Dhoire Bheatha, ná binn is áirde an chontae, agus 749m aici. Tá cósta an-bhearnach ag an chontae chomh maith, ina bhfuil go leor lochanna mara, arb iad [[Loch Feabhail]] agus [[Loch Súilí]] na cinn is tábhachtaí díobh. Tá aillte [[Sliabh Liag|Shliabh Liag]] ar na séú cinn is áirde san Eoraip, agus is é [[Cionn Mhálanna]] an pointe is faide ó thuaidh ar [[Éire|mhórthír Éireann]].
Tá Contae Dhún na nGall ar an contae is sléibtí in Ultaibh, agus é foirmithe den chuid is mó de thrí shliabhraon beag: sléibhte [[Inis Eoghain]] san oir-thuaisceart, sléibhte Dhoire Bheatha san iar-thuaisceart, agus [[na Cruacha Gorma]] san iar-dheisceart. Is í [[an Earagail]], i sléibhte Dhoire Bheatha, ná binn is áirde an chontae, agus 749m aici. Tá cósta an-bhearnach ag an chontae chomh maith, ina bhfuil go leor lochanna mara, arb iad [[Loch Feabhail]] agus [[Loch Súilí]] na cinn is tábhachtaí díobh. Tá aillte [[Sliabh Liag|Shliabh Liag]] ar na séú cinn is áirde san Eoraip, agus is é [[Cionn Mhálanna]] an pointe is faide ó thuaidh ar [[Éire|mhórthír Éireann]].



Leagan ó 12:19, 4 Samhain 2019

Teimpléad:Bosca Sonraí Cúigí na hÉireann Is é UlaidhCúige Uladh an cúige atá suite i dtuaisceart na hÉireann, agus tá naoi gcontae ann. Tá sé chinn acu fós á riaradh mar chuid den Ríocht Aontaithe, ar a dtugtar Tuaisceart Éireann. Na trí gcinn eile, is cuid de Phoblacht na hÉireann iad. Tá 2.1 milliún daoine ina gcónaí ann.

Tabhair faoi deara go n-úsáidtear seantuiseal tabharthach an ainm "Ulaidh" sa teanga chaighdeánach i gcónaí. Is gnách "i gCúige Uladh" a rá, ar ndóigh, ach feictear an leagan "in Ultaibh" freisin.

Contaetha

Contae Tír Cód Daonra Príomhbhaile Baile is Mó
Aontroma Tuaisceart Éireann DZ/IA/KZ/RZ 618,108 (2011) Aontroim Béal Feirste
An Baile Meánach
Ard Mhacha Tuaisceart Éireann IB/LZ/XZ 174,792 (2011) Ard Mhacha Iúr Cinn Trá
An Chabháin Poblacht na hÉireann CN 76,092 (2016) An Cabhán
Dhoire Tuaisceart Éireann IW/UI/YZ/NZ 247,132 (2011) Cúil Rathain Doire
An Dúin Tuaisceart Éireann BZ/IJ/JZ/SZ 531,665 (2011) Dún Pádraig Beannchar
Dhún na nGall Poblacht na hÉireann DL 158,755 (2016) Leifear Leitir Ceanainn
Fhear Manach Tuaisceart Éireann IG/IL 61,805 (2011) Inis Ceithleann
Mhuineacháin Poblacht na hÉireann MN 60,483 (2011) Muineachán
Thír Eoghain Tuaisceart Éireann HZ/JI/VZ 177,986 (2011) An Ómaigh

Tíreolaíocht

Tá an loch is mó in Éirinn nó sa Bhreatain, Loch nEathach, in oirthear Uladh. Éiríonn an abhainn is mó in Éirinn, an tSionainn, i gContae Chabháin. Tá an lárphointe geografach an chúige gar do Chabhán an Chaorthainn, i dTír Eoghain. Is é Béal Feirste an chathair is mó.

Contae Thír Eoghain

Gleann Butterlope, sna Speiríní

Is contae sléibhtiúil í Tír Eoghain den chuid is mó, cé go bhfuil ceantair machairí sa chontae fosta, go háirithe ar bhruach Loch nEathach, i gceantar na hAbhann Móire i ndeisceart an chontae, agus san iarthuaisceart, ar an Fheabhail. Tá na Speiríní suite i dtuaisceart an chontae, ar an teorainn le contae Dhoire. Is iad an tríú sliabhraon is airde i gCúige Uladh, i ndiaidh na Beanna Boirche agus Sléibhte Dhoire Bheatha, agus tá an sliabh is airde i dTír Eoghain, an Mullach Clochach (634m), suite ansin. Is é Loch nEathach, an loch is mó sna hOileáin Bhriotanacha (388 km²/150 mílte cearnacha) an phríomhghné in oirthear an chontae, agus comhdhéanann sé teorainn thoir an chontae. Is í an Fheabhail agus a craobh-aibhneacha, an Mhorn, Abhainn na Deirge, Abhainn Coille, agus an tSruthail, an phríomhabhann in iarthar an chontae. Is í an Abhainn Mhór an phríomhabhainn sa deisceart, agus comhdhéanann sé an teorainn le Muineachán agus Ard Mhacha sula sruthaíonn sí isteach i Loch nEathach.

Contae Ard Mhacha

Úllord i Loch gCál, i gContae Ard Mhacha

Tá cáil ar Ard Mhacha mar 'úllord na hÉireann', agus fástar a lán torthaí ann i gcónaí. Ba iad na plandóirí a chuir fúthu sa 17ú haois a chuir na húlloird ar dtús. Imrítear leagan de chluiche babhlaí in Ard Mhacha nach bhfaightear aon áit eile ach i gCorcaigh. Tá traidisiún láidir peile Ghaelaí sa cheantar agus bhuaigh foireann Ard Mhacha Craobh na hÉireann i 2002.

Tá Ard Mhacha theas, is é sin an ceantar tuaithe in aice na teorann le Contae Lú sa Phoblacht, sách náisiúnach. Caitliceachas an príomh-reiligiún. Fuair a lán saighdiúrí Briotanacha bás ann i rith na dTrioblóidí.

Contae an Dúin

Radharc ar Loch Cuan, i gContae an Dúin

I gContae an Dúin aimsítear Loch Cuan. Tá an loch faoi chúig chiliméadar déag, a bheag nó a mhór, de Bhéal Feirste, agus é ag sroicheadh ó Bhaile Nua na hArda ar feadh 30 ciliméadar go dtí Muir Éireann. Meastar go bhfuil ocht n-oileán is trí scór ar fad sa loch. Droimníní báite atá iontu. Is féidir leat Túr Scrabo, atá ar chnoc ag barr an locha, a fheiceáil.

Is é Sliabh Dónairt, i gContae an Dúin, 850m (2,790 tr) in airde, an cnoc is airde in Ultaibh

Tá imeall an locha faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta, chomh maith le ceithre oileán déag sa loch. Is féidir le gach duine cuairt a thabhairt ar na hoileáin seo.

Eagraíonn maoir de chuid an Iontaobhais cuid mhór siúlóidí agus turais thart faoi Loch Cuan ón earrach go dtí an fómhar, agus eolas faoi shaol nádúrtha an locha á thabhairt do na cuairteoirí le linn na dturas.

Contae Aontroma

Príomhalt: Contae Aontroma

Gleann Doinne, ceann de naoi ngleann Aontroma

Meallann Glinntí Aontroma na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é Clochán an Aifir (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear Port Rois mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de Bhéal Feirste, an chathair is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae, agus an chuid eile di i gContae an Dúin. De réir an tseanchais is ar Shliabh Mis i dtuaisceart an chondae a chaith Pádraig Naofa bunús a shaoil óig.

Contae Dhún na nGall

Tá Contae Dhún na nGall ar an contae is sléibtí in Ultaibh, agus é foirmithe den chuid is mó de thrí shliabhraon beag: sléibhte Inis Eoghain san oir-thuaisceart, sléibhte Dhoire Bheatha san iar-thuaisceart, agus na Cruacha Gorma san iar-dheisceart. Is í an Earagail, i sléibhte Dhoire Bheatha, ná binn is áirde an chontae, agus 749m aici. Tá cósta an-bhearnach ag an chontae chomh maith, ina bhfuil go leor lochanna mara, arb iad Loch Feabhail agus Loch Súilí na cinn is tábhachtaí díobh. Tá aillte Shliabh Liag ar na séú cinn is áirde san Eoraip, agus is é Cionn Mhálanna an pointe is faide ó thuaidh ar mhórthír Éireann.

Tá dhá oileán a bhfuil buandaonra acu: Oileán Árann Mór agus Oileán Thóraigh, chomh maith le líon mór oileáin nach bhfuil ach lucht cónaithe neamhbhuan acu. Ritheann an dara n-abhainn is faide na hÉireann, an Éirne, isteach i mBá Dhún na nGall i ngar le Béal Átha Seanaidh, agus dambaí uirthi a ghineann leictreachas. Ritheann abhainn na Feabhaile freisin le taobh na cuid thuaidh de theorainn talún an chontae, dá scaradh de Chontae Dhoire agus Contae Thír Eoghain.

Contae Fhear Manach

Príomhalt: Contae Fhear Manach

Contae an Chabháin

Príomhalt: Contae an Chabháin

Contae Mhuineacháin

Príomhalt: Contae Mhuineacháin

Contae Dhoire

Príomhalt: Contae Dhoire

Gaeilge i gCúige Uladh

Labhraítear Gaeilge mar ghnáthurlabhra phobail inniu i nGaeltacht Thír Chonaill, i gContae Dún na nGall. Tá canúint ar leith á labhairt sa chúige, agus is minic a fhaigheann Gaeilgeoirí ó chodanna eile den tír Gaeilge Uladh sách deacair le tuiscint. Bíonn scríbhneoirí an chúige ag tarraingt ar thobar na canúna seo go minic, agus a cuma le haithint fiú ar a saothar siúd nach bhfuil an teanga ó dhúchas acu. Tá meon an neamhspleáchais ag baint le Gaeilgeoirí an tuaiscirt ar dhóigheanna eile, fosta. B'é an tAthair Lorcán Ó Muirí a chuir an chéad síol leis an meon sin, nuair a bhunaigh sé Comhaltas Uladh, an eagraíocht a dhéanann gnó Chonradh na Gaeilge sa Tuaisceart.

gluaiseacht na Gaeilge láidir i dTuaisceart Éireann, agus is í cathair Bhéal Feirste an t-aon áit amháin lasmuigh den Ghaeltacht thraidisiúnta inar éirigh leis na Gaeilgeoirí leanúnachas na teanga a chinntiú ó ghlúin go glúin agus Gaeltacht nua a bhunú.

Níl a dhath fágtha de chanúintí traidisiúnta Oirthear Uladh, áfach, cé is moite d'fhoinsí scríofa, ar nós scríbhinní agus amhráin na bhfilí ón gcuid sin den chúige. Chuala an saol Gaeilge ar fad an t-amhrán Úirchill an Chreagáin, mar shampla. B'iad Ó Méith, Oileán Reachlainne agus Gleannta Aontroma na háiteanna deireanacha ansin ina labhraítí an Ghaeilge go nádúrtha. Bhí na canúintí seo cuíosach cosúil le Gaeilge na hAlban, go háirithe canúint Oileán Reachlainne.

Tá Cúige Uladh saibhir i mbéaloideas Gaeilge, agus scéalta á n-insint sa chúige nach gcloisfí ar aon nós in aon chuid eile d'Éirinn, leithéidí na gceann faoi Bhalor nó faoi na Fomhóraigh. Díol suntais é, freisin, nach bhfuil Naomh Pádraig leath chomh tábhachtach i dtraidisiún an chúige agus atá Colm Cille, éarlamh Uladh. Tá lorg an bhéaloidis seo le haithint go soiléir ar shaothar scríbhneoirí Gaeilge an chúige, ar nós Shéamuis Uí Ghrianna agus a dheartháir, Seosamh Mac Grianna.

Scríbhneoirí tábhachtacha Ultacha eile iad Seán Bán Mac Meanman agus Aindrias Ó Baoill, nó "Fiach Fánach". B'iadsan, thar aon duine eile, a chuir Gaeilge Lár Thír Chonaill i míotar le haghaidh na nglúnta a thiocfadh ina ndiaidh. Inniu féin, tá cainteoirí dúchais ó Chúige Uladh ag saothrú na teanga ina gcuid scríbhinní liteartha, mar shampla Cathal Ó Searcaigh agus Pádraig Ó Baoighill.

Stair

  • 1641: Ár na bProtastúnach i gCúige Uladh. Thosaigh ceannairc na bliana 1641 agus na sléachtanna seicteach.

Tagairtí