An difríocht idir athruithe ar: "Breatimeacht"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Fixed explanation
clib: Mobile edit Mobile web edit
Minorax (plé | dréachtaí)
Cealaíodh athrú 943646 le 87.38.108.2 (plé)
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Brexit_Campaigners_out_side_Parliament_November_2016.jpg|250px|thumb|Agóideoirí le haghaidh an Bhreatimeachta, 23 Samhain 2016]]
Brexit ws vreated by satan to destroy us
Is éard atá i gceist leis an bhfocal '''Breatimeacht''' ([[An Béarla|Béarla]]: ‘Brexit’) ná imeacht na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] as an [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]]. ''Portmanteau'' is ea an focal ''Brexit'' (‘Br[itish]’ + ‘Exit > 'imeacht na Breataine'), ''portmanteau'' a deineadh de réir mhúnla an fhocail ''Grexit'' (‘Gr[eek]’ + ‘Exit’ > 'imeacht na Gréige'), focal a cumadh nuair a bhí imeacht na [[An Ghréig|Gréige]] as [[limistéar an euro]] i mbéal an phobail. Thugtar mar leasaimn ''Remoaner'' nó ''Remaniac'' ar daoine a mhian leo fanacht san tAontas Eorpach agus ''Brexiteer'' ar na daoine sin a theastaigh uathu é a fhágáil.

De bharr [[Reifreann na Ríochta Aontaithe ballraíocht an tAontas Eorpach, 2016|reifreann]] a reáchtáladh ar an [[23 Meitheamh]] [[2016]] agus inar vótáil 51.9% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le himeacht as an AE, bhí rún ag rialtas na Breataine tús a chur le himeacht na tíre as an AE.


== Cúlra ==
== Cúlra ==

Leagan ó 11:55, 7 Deireadh Fómhair 2019

Agóideoirí le haghaidh an Bhreatimeachta, 23 Samhain 2016

Is éard atá i gceist leis an bhfocal Breatimeacht (Béarla: ‘Brexit’) ná imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. Portmanteau is ea an focal Brexit (‘Br[itish]’ + ‘Exit > 'imeacht na Breataine'), portmanteau a deineadh de réir mhúnla an fhocail Grexit (‘Gr[eek]’ + ‘Exit’ > 'imeacht na Gréige'), focal a cumadh nuair a bhí imeacht na Gréige as limistéar an euro i mbéal an phobail. Thugtar mar leasaimn RemoanerRemaniac ar daoine a mhian leo fanacht san tAontas Eorpach agus Brexiteer ar na daoine sin a theastaigh uathu é a fhágáil.

De bharr reifreann a reáchtáladh ar an 23 Meitheamh 2016 agus inar vótáil 51.9% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le himeacht as an AE, bhí rún ag rialtas na Breataine tús a chur le himeacht na tíre as an AE.

Cúlra

An reifreann i 1975 i gcomparáid le 2016

Ba i 1973 a ghlac an Ríocht Aontaithe ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), a bhí ann roimh an Aontas Eorpach, ballraíocht a dheimhnigh sí le reifreann sa bhliain 1975 inar vótáil 67% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le fanacht sa Chomhphobal.

De ghnáth, thugtaí pobalbhreitheanna idir 1973 agus 2015 le fios go raibh formhór ann a thacaigh le fanacht mar bhall den CEE, den CE nó den AE.

  • Le linn na 1970idí agus na 1980idí, ba iad baill de chuid Pháirtí an Lucht Oibre agus daoine a bhí páirteach i gceardchumainn a mholadh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a fhágáil.
  • Ó na 1990idí amach, ba iad polaiteoirí de chuid na gCoimeádach agus de chuid UKIP (Gaeilge: ‘Páirtí um Shaoirse na Ríochta Aontaithe’), páirtí a bunaíodh sa bhliain 1993, a mholadh an Aontas Eorpach a fhágáil.

Socrú nua sa bhliain 2016

David Cameron, ar chlé, ina aonar

Ar 19 Feabhra 2016, ag cruinniú den Chomhairle Eorpach, tháinig ceannairí na mBallstát ar shocrú nua don Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach. Ar na nithe a socraíodh bhí[1]:

  • an cumas iomaíochta agus conas an gheilleagair a chothú;
  • na sochair leasa shóisialta a thugtar d'imircigh áirithe san Aontas Eorpach;
  • cosaintí a thabhairt isteach chun an choimhdeacht a neartú (i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta).

D'ainneoin iarracht dhiongbháilte chun an R-A a shásamh, thug Príomh Aire na Ríochta Aontaithe, David Cameron, fógra go reáchtálfaí reifreann ar 23 Meitheamh 2016.

agóid, Meitheamh 2016

Feachtas

Díospóireacht theasaí a bhí ann. Tharraing an feachtas imreas, Ar an 16 Meitheamh 2016, feallmharaíodh an Teachta Parlaiminte Jo Cox, ina toghcheantar féin, i mBirstall, Yorkshire Thiar. Polaiteoir óg, ar sheol na braiche, agus máthair beirt chlainne, ba ea Jo Cox. Bhéic an t-ionsaitheoir 'Britain First' agus é á hionsaí.[2] Chaith sé trí philéar leis an bhFeisire Cox & sular sháigh sé chúig uaire dhéag í.[3] Chaith Cox a saol i mbun seirbhíse agus feachtais ar son daoine eile sa bhaile agus i gcéin.[4]

Oideachas agus % Imeacht

An reifreann sa bhliain 2016

I reifreann, vótáil muintir na Ríochta Aontaithe ar son imeacht as an Aontas Eorpach (i bhfabhar 51.89%, i gcoinne 48.11 %)[5].

In Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, leagtar amach na nósanna imeachta a bhíonn le leanúint má chinneann Ballstát an tAontas Eorpach a fhágáil. Fanann an Ríocht Aontaithe ina Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh go dtí go gcuirfear i gcrích an chaibidlíocht maidir le téarmaí a himeachta.

Ar 29 Meitheamh, tháinig ceannairí an Aontais le chéile den chéad uair gan ceannaire na Ríochta Aontaithe i láthair. Chuir na ceannairí in iúl go raibh aiféala orthu faoi thoradh an reifrinn ach go raibh rún daingean acu tosaíochtaí reatha a bhrú ar aghaidh[6].

I ndiaidh an reifrinn, thogh an Páirtí Coimeádach, páirtí a bhí i gceannas ar an Ríocht Aontaithe ag an am, Theresa May mar Phríomh-Aire agus gheall sise bille chun an ‘European Communites Act 1972’ (Gaeilge: ‘Acht na gComhphobal Eorpach 1972’) a chur ar ceal agus chun dlíthe Eorpacha atá ann a chomhtháthú le córas dlíthe na Ríochta Aontaithe féin. Níl téarmaí an imeachta socraithe go fóill fós.

Fógra 2017

Thug Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Theresa May, fógra don Chomhairle Eorpach faoi rún na Ríochta Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil[7]. Chuir an fógra seo tús le himeacht na Ríochta Aontaithe de réir Airteagal 50 de Chonradh Liospóin.

agóid, Manchain, 1 Deireadh Fómhair 2017

Cainteanna 

Tá idirbheartaíocht anonn is anall ar siúl idir an dá thaobh ó 2017. 

Ar 27 Bealtaine, rinne an Chomhairle Eorpach tús na caibidlíochta maidir le hAirteagal 50 leis an Ríocht Aontaithe a údarú agus d'ainmnigh sí an Coimisiún mar idirbheartaí an Aontais. D'fháiltigh an Coimisiún roimh ghlacadh na chéad sraithe de threoracha caibidlíochta lena dtugtar an sainordú polaitiúil agus dlíthiúil is gá don Choimisiún Eorpach chun caibidlíocht a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe thar ceann AE-27.

Ag an am, bhí an R-A ag iarraidh cainteanna maidir le comhaontú saorthrádála a thosú, ach bhí an AE ar dtús ag teastáil cloígh leis an mbuiséad (socrú neamhfhoirmiúil as a laghad). Bhain an AE a chuspóir amach i mí na Nollaig 2017.

Ar an 16 Lúnasa 2017, bhí plécháipéis foilsithe ag Rialtas na Breataine ina moltar[8]

  • comhpháirtíocht nua chustaim idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain féachaint le teorainn dhaingean chustaim a sheachaint.
  • dá mbeadh teorainn chustaim ann, go mbeadh sé chomh hoscailte agus ab fhéidir.
  • téimhse eatramhach ann ó thaobh riaracháin chustaim de nó go mbeadh deis acu socruithe nua trádála a dhéanamh.
agóid, An Róimh, 19 M.F. 2016

Bhí an tAontas Eorpach agus Rialtas na hÉireann amhrasach faoi na moltaí seo. 

Flórans, Meán Fómhair 2017

Thug Príomh-Aire na Breataine Theresa May, óráid i bhFlórans san Iodáil ar an 22 Meán Fómhair 2017. Mhol sí go mbeadh fáil ag an mBreatain ar na socruithe céanna sa mhargadh aonair agus a bhí acu roimhe sin tar éis dóibh dealú ón Aontas Eorpach, ar feadh dhá bhliain[9]. Mhol sí freisin go mbeadh conradh nua slándála idir an Bhreatain agus an tAontas le dul i ngleic le haon bhagairt a thiocfadh chun cinn.

Nollaig 2017

Ar an 8 Nollaig 2017, bhí an Bhreatain agus Aontas na hEorpa tagtha ar mhargadh faoi cheist na teorann agus ceisteanna eile, le go mbeifear in ann a dhul ar aghaidh ag an dara cuid de na comhráití faoi imeacht na Breataine as an Aontas[10]. Dúirt an Ríocht Aontaithe go mbeadh sí ag cloí le rialacha na hEorpa a thacaíonn le socruithe tras-teorann na hÉireann, mura mbeifear in ann a theacht ar chomhréiteach sa gcuid eile de na comhráití.

Agóid i 2015, i gCnoc an Anfa, Béal Feirste

Cúpla lá níos déanaí, dúirt Michel Barnier (príomhidirbheartaí an Aontais Eorpaigh sa gcéad shraith cainteanna ar an Bhreatimeacht), "Ní féidir leis an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón socrú a rinne sí leis an Aontas Eorpach an tseachtain seo caite"[11].

Scríobh 200 ball aitheanta den phobal náisiúnach ó thuaidh, litir[12] ag áiteamh ar an Taoiseach seasamh leo ag am thar a bheith corraitheach, mar gheall ar an margadh idir na Caomhaigh agus an DUP agus an Breatimeacht.

Tagairtí