An difríocht idir athruithe ar: "Páirc an Fhionnuisce"
+múnla |
|||
Líne 49: | Líne 49: | ||
[[Catagóir:Páirceanna i mBaile Átha Cliath]] |
[[Catagóir:Páirceanna i mBaile Átha Cliath]] |
||
{{Páirceanna BÁC}} |
Leagan ó 21:31, 4 Deireadh Fómhair 2019
Is páirc phoiblí mhór in iarthuaisceart Bhaile Átha Cliath in Éirinn í Páirc an Fhionnuisce.
Tá sí ar cheann de na páirceanna poiblí cathrach is mó san Eoraip.[1] Tá Áras an Uachtaráin (áit chónaithe oifigiúil Uachtarán na hÉireann), Deerfield (áit chónaithe oifigiúil Ambasadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá), Zú Bhaile Átha Cliath, agus Ceanncheathrú an Gharda Síochána go léir laistigh den pháirc.
Tá achar 712 heicteár sa pháirc, le go leor gort, coillte agus lochán inti. Tá balla seachtrach atá 11 ciliméadar ar fhad ina thimpeall.
Radhairc na Páirce
Áras an Uachtaráin
Is é Áras an Uachtaráin áit chónaithe oifigiúil d'Uachtarán na hÉireann.
Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce agus Caisleán an Ásaigh
Is é Caisleán an Ásaigh an foirgneamh is sine sa pháirc. Tá sé in aice Ionad Cuairteoirí na Páirce, agus tá bialann ann[2].
Cros an Phápa
Tógadh cros bán ollmhór do chuairt an Phápa sa bhliain 1979. D'fhreastal thart ar mhilliún duine ar Aifreann ag an am.
Zú Átha Cliath
Osclaíodh an Zú sa bhliain 1831[3]. Anois tá suíomh an Zú thart ar 60 acra[4].
Dún na hArmlainne
Tógadh Dún na hArmlainne sa bhliain 1735 in áit an "Phoenix Lodge"[5].
Ceanncheathrú an Garda Síochána
Tá ceanncheathrú na nGardaí suite i bPáirc an Fhionnuisce
Ospidéal Muire
Tá ospidéal do sheanóirí lonnaithe sa pháirc.
Áit chónaithe Ambasadóir Mheirceá
Spórt sa pháirc
Is iomaí áiseanna spóirt sa pháirc. Imríonn Na Gaeil Óga CLG cuid dá gcluichí baile ann agus déanann go leor foirne dá gcuid traenáil ann.