An difríocht idir athruithe ar: "Washington, D.C."

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 115: Líne 115:
{{síol-tír-us}}
{{síol-tír-us}}


[[Catagóir: Washington, D.C.|*]]
[[Catagóir:Washington, D.C.|*]]
[[Catagóir: Cathracha sna Stáit Aontaithe]]
[[Catagóir:Cathracha sna Stáit Aontaithe]]

Leagan ó 09:37, 3 Deireadh Fómhair 2019

Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha Is é Washington, D.C. príomhchathair Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tagann an t-ainm ón gcéad Uachtarán, George Washington, agus ciallaíonn "D.C." District of Columbia (Ceantar Cholumbia). Sa chathair seo atá rialtas na Stát Aontaithe, agus is ceantar ar leith é sa mhéid go bhfuil Comhdháil Stáit Aontaithe Mheiriceá i gceannas air ach nach dtoghann an ceantar ach teachta amháin agus é/í gan vóta. De bhrí nach stát atá ann ní chuireann votálaithe an cheantair seanadóirí go Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá ar chor ar bith. Tá cónaí ar uachtarán raithe SAM ann sa Teach Bán, a dearadh ag James Hoban agus a tógadh ag deireadh an ochtú aois déag.

Is cathair phleanáilte é Washington, D.C. Cuireadh Pierre Charles l'Enfant, an t-ailtire Francach, ag leagan amach príomhchathrach as an nua don phoblacht óg sa bhliain 1791 agus chruth sé plean Barócach, a bhunaigh sé ar roinnt cathracha san Eoraip. Cuireadh as an phost é an bhliain ina dhiaidh sin mar gheall ar a chuid "micreabhainisteoireachta"—duine doranna a bhí ann. Lean Andrew Ellicott agus Benjamin Banneker, Meiriceánaigh, den phleanáil agus thosaigh siad á cur i gcrích. Is ann atá an Smithsonian Institution, sraith iarsmalainne cáiliúla.

Aeráid

Washington, D.C. – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Meán-uasteocht an lae (°C) 5.83 8.06 13.17 19.06 24.11 28.83 31.28 30.17 26.28 20.00 14.06 8.33 19.11
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) -2.61 -1.28 2.94 7.72 13.22 18.33 21.17 20.33 16.56 9.78 4.44 0.00 9.22
Meán-bháisteach (mm) 81.5 66.8 91.4 70.4 97.0 79.5 93.0 87.4 96.3 81.8 77.0 77.5 999.5
Meán-shneachta (cm) 15.0 13.0 4.1 0 0 0 0 0 0 0 1.8 3.6 37.3
Foinse: NOAA Eanáir 2011