An difríocht idir athruithe ar: "Triathghás"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Minorax (plé | dréachtaí)
png -> svg
mionfheabhsú gramadaí
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:He-TableImage.svg|300px|mion|He- Tábla]]
[[Íomhá:He-TableImage.svg|300px|mion|He- Tábla]]
Is iad na '''triathgháis''' grúpa nialasach nó deireanach ar [[Tábla peiriadach|chlár peiriadach na ndúl]]. Tugtar ''gáis thámha'' orthu freisin. Is gáis iad go léir ag gnáth-theochtaí. Cheaptaí ar feadh i bhfad nach raibh siad in ann dul i gcomhdhúile ceimiceacha, agus is ar an ábhar seo a tugadh an aidiacht triath orthu. Inniu áfach tá na ceimiceoirí in ann comhdhúile a dhéanamh a bhfuil ceann de na triathgháis is troime (an xeanón, go tipiciúil) ina chomhchuid iontu, ach tá ocsaídeoirí thar a bheith láidir de dhíth le sin a dhéanamh. Cuimsíonn an grúpa [[héiliam]], [[neon]], [[argón]], [[crioptón]], [[xeanón]], agus [[radón]].
Is iad na '''triathgháis''' an grúpa nialasach nó deireanach ar [[Tábla peiriadach|chlár peiriadach na ndúl]]. Tugtar ''gáis thámha'' orthu freisin. Is gáis iad go léir ag gnáth-theochtaí. Cheaptaí ar feadh i bhfad nach raibh siad in ann dul i gcomhdhúile ceimiceacha, agus is ar an ábhar seo a tugadh an aidiacht "triath-" orthu. Inniu áfach tá na ceimiceoirí in ann comhdhúile a dhéanamh a bhfuil ceann de na triathgháis is troime (an xeanón, go tipiciúil) ina chomhchuid iontu, ach tá ocsaídeoirí thar a bheith láidir de dhíth le sin a dhéanamh. Cuimsíonn an grúpa [[héiliam]], [[neon]], [[argón]], [[crioptón]], [[xeanón]], agus [[radón]].


Is é is cúis le támhacht cheimiceach na dtriathghás ná go bhfuil ocht leictreon - [[ochtréad]] iomlán - ar an sceall leictreon is faide amuigh acu (amach ón héiliam, nach bhfuil áit ach do dhá leictreon ar an t-aon sceall leictreon amháin aige). Tá an struchtúr seo iontach cobhsaí, agus a lán dúl leictreonach ag iarraidh an t-ochtréad a bhaint amach ina gcuid comhdhúl - rud a dtugtar [[riail an ochtréid]] air. (I gcás an neoin, níl áit ar an sceall leictreon is faide amuigh aige ach d'ocht leictreon pé scéal é.)
Is é is cúis le támhacht cheimiceach na dtriathghás ná go bhfuil ocht leictreon - [[ochtréad]] iomlán - ar an sceall leictreon is faide amuigh acu (amach ón héiliam, nach bhfuil áit ach do dhá leictreon ar an t-aon sceall leictreon amháin aige). Tá an struchtúr seo iontach cobhsaí, agus a lán dúl leictreonach ag iarraidh an t-ochtréad a bhaint amach ina gcuid comhdhúl - rud a dtugtar [[riail an ochtréid]] air. (I gcás an neoin, níl áit ar an sceall leictreon is faide amuigh aige ach d'ocht leictreon pé scéal é.)

Leagan ó 01:43, 1 Lúnasa 2019

He- Tábla

Is iad na triathgháis an grúpa nialasach nó deireanach ar chlár peiriadach na ndúl. Tugtar gáis thámha orthu freisin. Is gáis iad go léir ag gnáth-theochtaí. Cheaptaí ar feadh i bhfad nach raibh siad in ann dul i gcomhdhúile ceimiceacha, agus is ar an ábhar seo a tugadh an aidiacht "triath-" orthu. Inniu áfach tá na ceimiceoirí in ann comhdhúile a dhéanamh a bhfuil ceann de na triathgháis is troime (an xeanón, go tipiciúil) ina chomhchuid iontu, ach tá ocsaídeoirí thar a bheith láidir de dhíth le sin a dhéanamh. Cuimsíonn an grúpa héiliam, neon, argón, crioptón, xeanón, agus radón.

Is é is cúis le támhacht cheimiceach na dtriathghás ná go bhfuil ocht leictreon - ochtréad iomlán - ar an sceall leictreon is faide amuigh acu (amach ón héiliam, nach bhfuil áit ach do dhá leictreon ar an t-aon sceall leictreon amháin aige). Tá an struchtúr seo iontach cobhsaí, agus a lán dúl leictreonach ag iarraidh an t-ochtréad a bhaint amach ina gcuid comhdhúl - rud a dtugtar riail an ochtréid air. (I gcás an neoin, níl áit ar an sceall leictreon is faide amuigh aige ach d'ocht leictreon pé scéal é.)

Baintear úsáid as na triathgháis sa teicneolaíocht, nuair a bhíonn atmaisféar támh ag teastáil - atmaisféar nach bhfuil araiciseach chun imoibriúcháin cheimicigh agus a bhfuil de chlaonadh ann maolú ar imoibriúchán na ndúl eile. Is sna lampaí is mó a fheicimid na gáis seo in úsáid - neonlampaí mar shampla.