An difríocht idir athruithe ar: "David Trimble"
mNo edit summary |
|||
Líne 39: | Líne 39: | ||
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1944|Trimble, David]] |
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1944|Trimble, David]] |
||
[[Catagóir:Daoine beo]] |
[[Catagóir:Daoine beo]] |
||
[[Catagóir:Polaiteoirí Aontachtacha]] |
Leagan ó 09:23, 31 Iúil 2019
Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Iar-pholaiteoir i dTuaisceart Éireann is ea David Trimble, an Barún Trimble, PC[1] (an 15 Deireadh Fómhair 1944 a rugadh é), a bhí ina cheannaire ar Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) ó 1995 go 2005, agus Céad Aire Tuaisceart Éireann ó 1998 go 2002.
Rinneadh tiarna saoil de i dTeach na dTiarnaí ar an 6 Meitheamh 2006. D'fhógair sé ar an 17 Aibreán 2007 go dtabharfadh sé cúl leis an bPáirtí Caomhach.
Saol
Cháiligh sé mar abhcóide i 1968 i mBéal Feirste. I 1974, i rith Stailc Oibrithe Uladh, d'oibrigh mar chomhairleoir dlíthiúil do Chomhairle Oibrithe Uladh, a bhí faoi smacht Óglaigh Uladh (UVF) agus Cumann Cosanta Uladh (UDA).
I 1975, bhí Trimble ina chomh-cheannaire ar an Pháirtí Aontachtach Forásach Urgharda (VPUP), in éineacht le Glenn Barr ón UDA. Cruthaigh William Craig an VPUP chun stop a chur le cumhachtroinnt le náisiúnaithe i rialtas Tuaisceart Éireann. Ag an am seo freisin, bhí sé ag scríobh ailt don iris UVF, Combat.
Chuaigh sé isteach sa Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) i 1978. I ndiaidh paráid na nOráisteach i 1997, nuair a chuir an CRU (Constáblacht Ríoga Uladh) ruaig ar na Caitlicigh áitiúla as an mBóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin, Contae Ard Mhacha, bhí Trimble agus Ian Paisley ag ceiliúradh an bua a bhí acu. Go luath tar éis seo, bhuaigh sé an rás le ceannasaíocht an UUP.
Sa bhliain 1998, bronnadh Duais Nobel ar Trimble agus John Hume mar aon de réir a obair le síocháin i dTuaisceart Éireann a bhaint amach.
Tagairtí
- ↑ Rí-Chomhairle na Ríochta Aontaithe