An difríocht idir athruithe ar: "Haisiam"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Minorax (plé | dréachtaí)
m (GR) File:Hs-TableImage.pngFile:Hs-TableImage.svg Criterion 6 (Non-controversial maintenance and bug fixes) - png -> svg
Líne 6: Líne 6:
|Grúpa=8, 7, d
|Grúpa=8, 7, d
|Sraith=Miotail thrasdultacha
|Sraith=Miotail thrasdultacha
|Íomhá=Hs-TableImage.png
|Íomhá=Hs-TableImage.svg
}}Is é '''an haisiam''' dúil cheimiceach uimhir a 108 i [[tábla peiriadach|dtábla peiriadach na ndúl]] agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná '''Hs'''. Is dúil shintéiseach é, agus an comhalta is troime de ghrúpa 8 (VIII) na ndúl. Rinneadh fionnachtain na dúile seo sa bhliain 1984 in Dubna in aice le Moscó sa Rúis (an tAontas Sóivéadach san am sin). Tá sé deimhnithe go turgnamhach gur ball d'ochtú grúpa an tábla pheiriadaigh é an haisiam ó thaobh na ceimice de, nó is dual dó +8 mar [[staid ocsaídiúcháin]] díreach cosúil leis an [[oismiam]] atá suite os a chionn sa tábla peiriadach.

Leagan ó 12:24, 25 Iúil 2019

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolaisIs é an haisiam dúil cheimiceach uimhir a 108 i dtábla peiriadach na ndúl agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Hs. Is dúil shintéiseach é, agus an comhalta is troime de ghrúpa 8 (VIII) na ndúl. Rinneadh fionnachtain na dúile seo sa bhliain 1984 in Dubna in aice le Moscó sa Rúis (an tAontas Sóivéadach san am sin). Tá sé deimhnithe go turgnamhach gur ball d'ochtú grúpa an tábla pheiriadaigh é an haisiam ó thaobh na ceimice de, nó is dual dó +8 mar staid ocsaídiúcháin díreach cosúil leis an oismiam atá suite os a chionn sa tábla peiriadach.

Tá roinnt iseatóp ag an haisiam, agus iad go léir éagobhsaí radaighníomhach. Is é an t-iseatóp úd Hs-270 an ceann is fadsaolaí acu, agus é thart ar 10 soicind ar leathré. Mar sin déanann maisuimhir an iseatóip sin gnó an mheáchana adamhaigh don haisiam. Níl mórán difríochta idir é agus Hs-269 ó thaobh na leathré de, áfach. Tá níos mó ná 100 adamh haisiam sintéisithe go nuige seo trí chomhleá - trí bhiosmat a bhombardú le núicléis mhangainéise, mar shampla. Tagann alfa-mheath ar an haisiam, ach ón taobh eile is é an haisiam is toradh d'alfa-mheath an darmstaidtiam.