An difríocht idir athruithe ar: "Tamhlacht"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
→‎Daoine cáiliúla: Nuashonrú bheag.
M.
Líne 47: Líne 47:




[[File:Tallaght Stadium 1.jpg|thumb|280px|Staid Thamhlacht, staid bhaile Shamrock Rovers Football Club]]
[[File:Tallaght Stadium 1.jpg|thumb|280px|Staid Thamhlachta, staid bhaile Shamrock Rovers Football Club]]





Leagan ó 03:50, 24 Iúil 2019

Teimpléad:Ie baile infobox

Tamhlacht in 2017

Is baile mór é Tamhlacht (Béarla: Tallaght ) i gContae Átha Cliath Theas, agus é ar an tríú baile mór is mó i bPoblacht na hÉireann tar éis Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí. Roimh an mbliain 1970 ní raibh ach cúpla céad duine ina gcónaí ann, agus ba é an dearcadh a bhí ag muintir chathair Bhaile Átha Cliath gur ceantar tuaithe a bhí ann. Tógadh a lán tithe nua ann le linn na seachtóidí, áfach, agus d'fhás an baile go tapa uaidh sin amach.

Club Peile agus Iománaíochta Thomáis Dáibhís ar na clubanna is sine i dTamhlacht. Is ann atá Ospidéal Thamhlachta lonnaithe.

Sanasaíocht

Tagann an logainm Tamhlacht ó na focail támh (plá) agus leacht (láthair adhlactha). I gcuntas ar Pharthalón in Annála na gCeithre Máistrí atá an chéad trácht ar an logainm le fáil. Deirtear go raibh Parthalón ar dhuine de na chéad ionróirí a tháinig go dtí Éire agus go bhfuair Parthalón féin agus 9,000 duine dá lucht leanúna bás den phlá. Tugadh "Taimleach Muintire Parthalon" ar an gceantar inar cuireadh iad ó shin i leith. In ainneoin na bhfinscéalta áfach, níl fianaise le holladhlacadh faighte i dTamhlacht go fóill.

Ainmneacha Stairiúla den Cheantar (le foinsí)

  • Taimhleacht Muintire Parthaloin (ar Sean Mhagh Ealta Edair) – AM2820?,
  • Tamlactense (Monasterium) -769?,
  • Tamlact – 769?,
  • Taulaght (Lawrance de) – 1190,
  • Tamelag (royal grant - Bailiffs) – 1310,
  • Talaute (An tArdeaspag William Rokeby) – 1514,
  • Tallaght (An tArdeaspag George Brown) – 1535,
  • Talaught (Edward Basnet, Déan St. Patricks) – 1547,
  • Tavelaght (An Biocáire Simon Water) – 1548,
  • Tawlaght (Pardon to George Brown, Ardeaspag agus eile) – 1550,
  • Tallogh (Petty’s map of County Dublin) – 1685,
  • Tallaugh (an tArdeaspag William King,) – 1708,
  • Tallow (Rev. Mr. Jones, Minister) – 1740,
  • Tallaght (Tuairisc eaglasta) – 1807,
  • Tamhlacht (an logainm Nua-Ghaeilge),
Comhartha ag Stásiún Luas Tamhlachta


Halla an Chontae, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Tamhlacht


Leabharlann an Chontae, Tamhlacht


Staid Thamhlachta, staid bhaile Shamrock Rovers Football Club


Ionad Ealaíne Rua Red


Ospidéal Thamhlachta


Stair an bhaile

  • 769 Bunaíodh Mainistir Naomh Maelruain
  • 792 Bás Naomh Maelruain
  • 811 Scrios na Lochlannaigh Mainistir Naomh Maelruain
  • 1179 Tógadh Tamhlacht agus an ceantar máguaird isteach faoi Chathaoir Easpaig Bhaile Átha Cliath.
  • 1310 Ghlac an rialtas le muintir Thamhlachta fál a chuir timpeall an bhaile
  • 1324 Cuireadh tús le tógáil Chaisleán Thamhlachta.
  • 1331/1332 Scrios Ó Tuathail Caisleán Thamhlachta.
  • 1378 Tháinig Maitiú Mac Réamann De Bermingham go Tamhlacht le cur i gcoinne Chlann Uí Bhriain.
  • 1540 D'ionsaigh na Tuathalaigh an ceantar agus scrios siad Caisleán Thamhlachta agus na mainéir ina thimpeall.
  • 1635 Tógadh Teach an tSean Bhádún.
  • 1729 Leagadh Caisleáin Thamhlachta.
  • 1729 Thóg an tArdeaspag Hoadley Pálás an Ardeaspaig.
  • 1822 Leag Maor Palmer Pálás an Ardeaspaig agus thóg sé Teach Thamhlachta amach.
  • 1829 Tógadh Paróiste Protastúnach ann.
  • 1856 Díoladh Teach Thamhlachta don Ord Doiminiceach.
  • 1864 Tógadh Séipéal Naomh Muire.
  • 1867 Cogadh Thamhlachta. Ar an 5 Márta 1867 thosaigh Éirí Amach na bhFíníní in Éireann, le cogadh beag i dTamhlacht. Maraíodh 3 ar an lá sin i dTamhlacht.
  • 1883 Tógadh séipéal nua sa bhaile.
  • 1888 Cuireadh tús le seirbhís tram ó Bhaile Átha Cliath go Baile Coimín, ag dul tríd Sráidbhaile Thamhlachta
  • 1888 Bunaíodh CLG Tomás Dáibhís sa bhaile .
  • 1987 Rinne Alan Dukes cuir síos ar an Stráitéis Thamhlachta i dTamhlacht.
  • 1990 Osclaíodh an lárionad siopadóireachta An Chearnóg.
  • 1992 Osclaíodh Institiúd Teicneolaíchta Tamhlachta, coláiste tríú leibhéal.
  • 1994 Cruthaíodh Comhairle Contae Átha Cliath Theas le ceanncheathrú i dTamhlacht.
  • 1995 Tógadh Amharclann Thamhlachta i gCill na Manach, Tamhlacht.
  • 1999 D'oscail an Amharclann Chathartha in aice le ceanncheathrú Chomhairle Chontae Átha Cliath Theas i dTamhlacht.
  • 2004 Cuireadh tús leis an Líne Dearg don LUAS ó Tamhlacht go lár chathair Bhaile Átha Cliath.

An Ghaelscolaíocht i dTamhlacht

Chaith an file Caitlín Maude tamall maith ina cónaí i dTamhlacht, agus ghlac sí páirt san fheachtas leis an gcéad Ghaelscoil a bhunú sa cheantar - Scoil Santain. Tháinig an scoil seo ar an bhfód sa bhliain 1979. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, fuair Caitlín Maude bás. Sa bhliain 1985, bunaíodh Gaelscoil nua i dTamhlacht a fuair ainm an fhile - Scoil Chaitlín Maude[1]. Sa bhliain 1993, bunaíodh Gaelcholáiste nua i dTamhlacht, a fuair a hainm ón chéad Uachtarán na hÉireann Dubhghlas de hÍde, duine mar is eol dúinn a bhí leathanaigeanta agus fad-dearcach agus gur bhreá leis teanga na Gaeilge, darb ainm Coláiste de hÍde

Daoine cáiliúla

Féach freisin

Tagairtí