An difríocht idir athruithe ar: "Lúitéitiam"
m Removing Link GA template (handled by wikidata) |
m (GR) File:Lu-TableImage.png → File:Lu-TableImage.svg png -> svg |
||
Líne 7: | Líne 7: | ||
|Dlús=9.841 g/cm⁻³ |
|Dlús=9.841 g/cm⁻³ |
||
|Sraith=Lantanóidigh |
|Sraith=Lantanóidigh |
||
|Íomhá=Lu-TableImage. |
|Íomhá=Lu-TableImage.svg |
||
}} |
}} |
||
Is é an '''lúitéitiam''' [[Dúil cheimiceach|dúil]] uimhir a 71, agus é ar an gceann is troime de na [[lantanóidigh]]. Is é an t[[siombail cheimiceach]] a sheasann dó sna foirmlí ná '''Lu'''. Miotal geal é agus é réasúnta díonta ar an gcreimeadh. Dúil thrífhiúsach é, is é sin, is é +III an staid ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn aige ina chuid comhdhúl, díreach cosúil leis na lantanóidigh eile. Tá an lúitéitiam nádúrtha comhdhéanta as dhá [[iseatóp]]: an t-iseatóp cobhsaí, lúitéitiam a 175, agus an raidiseatóp nádúrtha, lúitéitiam a 176 (2.59 % de lúitéitiam an dúlra). Tá an raidiseatóp sin chomh fadsaolach, áfach, gur féidir dearmad a dhéanamh dá radaighníomhaíocht sa ghnáthshaol. |

Leagan ó 16:28, 29 Meitheamh 2019
Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais Is é an lúitéitiam dúil uimhir a 71, agus é ar an gceann is troime de na lantanóidigh. Is é an tsiombail cheimiceach a sheasann dó sna foirmlí ná Lu. Miotal geal é agus é réasúnta díonta ar an gcreimeadh. Dúil thrífhiúsach é, is é sin, is é +III an staid ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn aige ina chuid comhdhúl, díreach cosúil leis na lantanóidigh eile. Tá an lúitéitiam nádúrtha comhdhéanta as dhá iseatóp: an t-iseatóp cobhsaí, lúitéitiam a 175, agus an raidiseatóp nádúrtha, lúitéitiam a 176 (2.59 % de lúitéitiam an dúlra). Tá an raidiseatóp sin chomh fadsaolach, áfach, gur féidir dearmad a dhéanamh dá radaighníomhaíocht sa ghnáthshaol.
Is dual don lúitéitiam smúid ocsaíde a fháil faoi thionchar an aeir, agus má théitear go 150 céim Celsius é, rachaidh sé trí thine le ocsaíd lúitéitiam (III), Lu2O3, a dhéanamh. Imoibreoidh sé leis na halaiginí freisin, ionas go nginfear halaiginídí: LuF3, LuCl3, LuBr3, LuI3. Tá an iaidíd donn, agus an trí halaiginíd eile bán.
Stair
Triúr saineolaithe a rinne fionnachtain an lúitéitiam sa bhliain 1907 beag beann ar a chéile, mar atá, an Francach Georges Urbain, an tOstarach Carl Auer von Weisbach, agus an Meiriceánach Charles James.[1] Ceimiceoirí a bhí sa bheirt eile, agus Weisbach ina mhianreolaí. Tháinig gach duine acu ar an lúitéitiam mar thruailleán san itéirbia, is é sin, an ocsaíd itéirbiam. Ba é Urbain a bhaist an dúil nua. Lutetia an seanainm Laidine ar Pháras, príomhchathair na Fraince. Thug Weisbach, nach raibh sásta onóir na fionnachtana a ghéilleadh d'Urbain, caiseoipiam ar an lúitéitiam, agus é ag tagairt don réaltbhuíon úd Caiseoipé. Bhaineadh saineolaithe Gearmánacha úsáid éigin as an dara hainm sin go dtí na caogaidí, ach inniu, táthar sásta lúitéitiam a thabhairt ar an dúil seo.
Minicíocht gheolaíoch agus táirgíocht
Bíonn lúitéitiam ar fáil san áit a bhfuil na tearcithreacha eile, ach tá sé deacair é a aonrú agus a dhealú uathu. Le fírinne níor haonraíodh an miotal glan lúitéitiam ach le déanaí. Mar sin, tá sé ar ceann de na dúile is daoire amuigh. Níl an t-ór féin ach ceithre oiread chomh daor le lúitéitiam.
Úsáid
Ní úsáidtear mórán lúitéitiam sa teicneolaíocht, nó ní bhíonn sé praiticiúil, chomh tearc is atá sé. Is féidir, áfach, leas a bhaint as mar chatalaíoch i scoilteadh na móilíní móra sna scaglanna artola. Scéal eile fós gur miosúr ar aois na ndreigítí é an coibhneas idir lúitéitiam a 176 (máthairiseatóp) agus haifniam a 176 (iníoniseatóp).