An difríocht idir athruithe ar: "Indiam"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
Minorax (plé | dréachtaí)
Líne 7: Líne 7:
|Dlús=7.31 g·cm<sup>-3</sup>
|Dlús=7.31 g·cm<sup>-3</sup>
|Sraith=Miotail iarthrasdultacha
|Sraith=Miotail iarthrasdultacha
|Íomhá=In-TableImage.png
|Íomhá=In-TableImage.svg
}}
}}



Leagan ó 16:27, 29 Meitheamh 2019

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais

Is é an t-indiam dúil cheimiceach uimhir a 49, agus is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná In. Tá an t-indiam 114.818 g/mol ar mheáchan adamhach. Miotal iar-thrasdultach atá ann, agus é an-bhog, so-chomhleáite. Tá an t-indiam cosúil leis an ngailliam agus leis an tailliam, agus é idir eatarthu idir an dá dhúil seo ó thaobh a lán saintréithe de. Thángthas air sna mianraí since thiar sa bhliain 1863, agus fuair sé a ainm ón líne speictreach ar dhath an indeagó a thug an chéad leid go raibh dúil nua anaithnid sna mianraí sin. Inniu féin, is iad na mianraí since an fhoinse is fearr indiam dá bhfuil ann. Ba iad na ceimiceoirí Gearmánacha Ferdinand Reich agus Hieronymus Theodor Richter a rinne an fhionnachtain.

Tá dhá iseatóp nádúrtha ag an indiam, is é sin, indiam a 113 (4.3 % d'indiam an dúlra) agus indiam a 115 (95.7 %). Iseatóp radaighníomhach é an dara ceann acu, is é sin, an ceann is flúirsí. Ina dhiaidh sin féin is féidir dearmad a dhéanamh den radaighníomhaíocht sin, ó tá an t-iseatóp chomh fadsaolach is atá - tá sé 441 trilliún bliain ar leathré.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin ná +1 agus +3. Ocsaídeoirí réasúnta láidir iad comhdhúile indiam +3, agus dí-ocsaídeoirí cumhachtacha iad comhdhúile indiam +1. Ocsaíd amfaiteireach í ocsaíd indiam +3, nó an tseisce-ocsaíd In2O3, agus is féidir léi imoibriú mar a bheadh aigéad ann, ionas go bhfaighfear salainn an aigéid indiaigh HInO2. Ón taobh eile de, is féidir leis an ocsaíd sin gnó an bhuna a dhéanamh, má thagann sí i dteagmháil le haigéid. Bíonn salainn an aigéid indiaigh réasúnta dothuaslagtha san uisce. Na salainn a chruthaíonn an t-ian indiam In3+ leis na haigéid láidire, áfach, bíonn siad sách sothuaslagtha.