An difríocht idir athruithe ar: "Tungstan"
m Removing Link GA template (handled by wikidata) |
png -> svg |
||
Líne 7: | Líne 7: | ||
|Dlús=19.25 g·cm<sup>−3</sup> |
|Dlús=19.25 g·cm<sup>−3</sup> |
||
|Sraith=Miotail trasdultacha |
|Sraith=Miotail trasdultacha |
||
|Íomhá=W-TableImage. |
|Íomhá=W-TableImage.svg |
||
}} |
}} |
||
Is é an '''tungstan''' nó an '''volfram''' dúil uimhir a 74 i dtábla peiriadach na ndúl. Is í an tsiombail cheimiceach ná '''W''', agus í bunaithe ar ainm [[Gearmáinis]]e na dúile seo, ''Wolfram'', a úsáidtear ina lán teangacha. Maidir leis an ainm Gaeilge ''tungstan'', tháinig sé tríd an m[[Béarla]] ón t[[Sualainnis]], ''tung sten'', a chiallaíonn "cloch throm". ''Tungsten'' nó "tromchloch" an t-ainm a bhí ag na Sualannaigh ar an t[[sílít]]. Mianra í an tsílít a bhfuil tungstan ann - is éard atá ann ná tungstáit an chailciam, CaWO<sub>4</sub> - agus is foinse thábhachtach tungstain í. |

Leagan ó 10:36, 4 Meitheamh 2019
Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais Is é an tungstan nó an volfram dúil uimhir a 74 i dtábla peiriadach na ndúl. Is í an tsiombail cheimiceach ná W, agus í bunaithe ar ainm Gearmáinise na dúile seo, Wolfram, a úsáidtear ina lán teangacha. Maidir leis an ainm Gaeilge tungstan, tháinig sé tríd an mBéarla ón tSualainnis, tung sten, a chiallaíonn "cloch throm". Tungsten nó "tromchloch" an t-ainm a bhí ag na Sualannaigh ar an tsílít. Mianra í an tsílít a bhfuil tungstan ann - is éard atá ann ná tungstáit an chailciam, CaWO4 - agus is foinse thábhachtach tungstain í.
Tá an tungstan ar an miotal is airde leáphointe dá bhfuil ann. Is é an leáphointe atá aige ná 3422 °C - is é sin, nuair a bheidh an tungstan leáite, beidh an t-iarann ina ghás. Miotal crua righin é an tungstan a sheasann imthosca antoisceacha agus a úsáidtear go forleathan sna cóimhiotail. Úsáidtear tungstan glan i sreanga solais na mbreolampaí agus in áiteanna eile ina bhfuil teocht ard i gceist: in innill na roicéad spáis agus na n-eitleán, cuir i gcás.
Tá tungstan an dúlra comhdhéanta as cúig iseatóp, agus ceann acu, an ceann is éagoitianta (180W, 0.12 % den tungstan nádúrtha), radaighníomhach, ach is iseatóp fadsaolach é a sáraíonn a leathré aois na hollchruinne.
Is í an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá ag an tungstan ná +6, agus is í an trí-ocsaíd tungstain WO3 an chomhdhúil is tábhachtaí. Is féidir léi imoibriú leis na tuaslagáin bhunata agus iad a neodrú ionas go gcruthaítear iain tungstáite WO42-. Na salainn a chruthaíonn an t-ian seo in éineacht leis na hiain mhiotail, d'fhéadfá a rá gur salainn iad de chuid an aigéid tungstaigh H2WO4, ach ní féidir an t-aigéad féin a aonrú mar shubstaint ar leith. Is féidir, áfach, comhchriostail an uisce agus na trí-ocsaíde tungstain (hiodráití na trí-ocsaíde tungstain) a chruthú, agus uaireanta, tugtar aigéad tungstach ar na hiodráití seo.
Ní bhíonn an tungstan ag teastáil ó orgánach an duine, ach tá baictéir ann nach féidir leo déanamh in uireasa an tungstain. Tá leideanna áirithe ann gur féidir leis an tungstan leoicéime a spreagadh ag na daoine, ach tá an dá bh'fhéidir ann i láthair na huaire.