An difríocht idir athruithe ar: "Molaibdéineam"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Minorax (plé | dréachtaí)
png -> svg
Líne 7: Líne 7:
|Dlús=10.28 g·cm<sup>−3</sup>
|Dlús=10.28 g·cm<sup>−3</sup>
|Sraith=Miotail trasdultacha
|Sraith=Miotail trasdultacha
|Íomhá=Mo-TableImage.png
|Íomhá=Mo-TableImage.svg
}}
}}



Leagan ó 14:30, 2 Meitheamh 2019

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais

Is é an molaibdéineam dúil uimhir a 42 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is é an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Mo. Ba é Peter Jacob Hjelm, an ceimiceoir Sualannach, ba thúisce a d'aonraigh ina dhúil é, thiar sa bhliain 1781. Cupla bliain roimhe sin, áfach, d'aithin Carl Wilhelm Scheele mar dhúil ar leith é, cé nach raibh sé ábalta na comhdhúile a dhí-ocsaídiú go miotal glan. Bhí aithne ar a lán mianraí molaibdéinim i bhfad roimhe sin féin, áfach.

Ceann de na miotail trasdultacha é an molaibdéineam, agus é sa ghrúpa chéanna leis an gcróimiam agus leis an tungstan. Miotal liath é. Tá sé níos cosúla leis an tungstan, ó thaobh na ceimice de.

Tá an t-ainm sin "molaibdéineam" bunaithe ar ainm na luaidhe sa Ghréigis. Is í an fhoinse is fearr molaibdéinim atá ar fáil sa dúlra ná an mianra ar a dtugtar molaibdéinít. Tá a fhios againn inniu gurb éard atá ann ná déshuilfíd an mholaibdéinim, MoS2, ach shíl na daoine ar feadh i bhfad gur comhdhúil de chuid na luaidhe a bheadh ann.

Tá seacht n-iseatóp nádúrtha ag an molaibdéineam, agus an chuid is mó acu cobhsaí. An cupla ceann acu atá radaighníomhach, is follasach go bhfuil leathré an-fhada acu. Is é an t-iseatóp is flúirsí ná Mo-98, a sheasann d'aon adamh molaibdéinim as an gceathrar, beagnach (24.13 % de mholaibdéiniam an dúlra, le bheith beacht).

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +2, +3, +4, +5, agus +6.

Tagairtí