An difríocht idir athruithe ar: "Maluma"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Created by translating the page "Maluma"
(No difference)

Leagan ó 15:40, 26 Bealtaine 2019

Is amhránaí é Juan Luis Lodoño Arias, nó Maluma mar is fearr aithne air. Is as an gColóim é agus canann sé amhráin reggaeton, amhráin trap Laidineach, agus amhráin pop. Bhain sé cáil amach sa Cholóim in 2011 lena amhráin «Farandulera» agus «Obsesión», agus bhain sé cáil amach ar fud Meiriceá Laidineach lena amhráin «La temperatura» agus «Carnaval» in 2014. D'éirigh lena chéad albam, [./https://es.wikipedia.org/wiki/Magia_(%C3%A1lbum_de_Maluma) Magia] (2012), sa Cholóim.

Beathaisnéis

Rugadh Juan Luis Londoño Arias ar 28ú Mí Eanáir, 1994 i gcathair Medellín na Colóime. Mac Mharlli Arias agus Luis Londoño atá ann; tá deirfiúr níos sine aige darb ainm Manuela, a rinne staidéar ar an síceolaíocht agus ar an bhfealsúnacht. Chum sé an t-ainm Maluma leis an gcéad shiolla as ainmneacha an triúir.