An difríocht idir athruithe ar: "Giorgio Perlasca"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
an chuid eile le haistriú ón nGearmáinis go fóill
(No difference)

Leagan ó 11:50, 5 Bealtaine 2007

Fear gnó ón Iodáil ab ea é Giorgio Perlasca (31 Eanáir 1910 Como, an Iodáil - 15 Lúnasa 1992 Padova, an Iodáil) a shábháil na mílte Giúdaigh i mBudapest, san Ungáir, i mblianta deiridh an Dara Cogadh Domhanda, cé gur Faisisteach a bhí ann féin ó thús. Is minic a cuireadh i gcomparáid le hOskar Schindler é.

Nuair a bhí Perlasca óg, bhí sé go mór faoi thionchar an fhile Iodálaigh Gabriele d'Annunzio. Náisiúnaí rómánsach ab ea é d'Annunzio, agus páirt nach beag aige agus ag a chuid filíochta i bhforbairt an Fhaisisteachais san Iodáil. Nuair a chuaigh an Iodáil chun cogaidh in aghaidh na hAbaisíne, ghlac Perlasca páirt sna cathanna, agus ansin, nuair a chabhraigh an Iodáil le Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne, liostáil Perlasca sna saighdiúirí arís eile.

De réir a chéile, áfach, d'éirigh Perlasca drochamhrasach i leith an Fhaisisteachais. Go háirithe, bhí sé míshásta leis na dlíthe frith-Ghiúdacha a reachtaíodh sa bhliain 1939 agus leis an dóigh a raibh an Iodáil ag comhoibriú leis na Gearmánaigh sa chogadh.

Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, bhí Perlasca ag obair do chomhlacht Iodálach a bhí ag cur mairteola i gcannaí stáin. Mar cheannaí feola don ghnó cannála sna Balcáin, chaith sé an chéad chupla bliain cogaidh san Iúgsláiv, ach sa bhliain 1942, chuaigh sé go Budapest san Ungáir. Thaitin an áit go mór leis, agus d'éirigh sé mór le go leor daoine ansin.

Nuair a shocraigh Pietro Badoglio, Marascal Cogaidh na hIodáile, sos cogaidh leis na Comhghuaillithe, thacaigh ambasadóir oifigiúil na hIodáile i mBudapest le Mussolini agus leis an gcogadh i gcónaí, agus mar sin, ní raibh fáilte roimh Perlasca in ambasáid na hIodáile a thuilleadh. Bhí eagla air go ngabhfadh na Naitsithe é, agus chuaigh sé ar lorg cuidiú go hambasáid na Spáinne. I ndiaidh na gcathanna a chuir sé ar son Franco, bhí caipéis aige ón Spáinn a rinne cineál saoránach oinigh sa tír sin de. Nuair a chuir sé an chaipéis seo faoi bhráid an ambasadóra Spáinnigh Ángel Sanz Briz, fuair sé tearmann i vile a bhí ar cíos ag rialtas na Spáinne, agus stádas eistíre ag baint leis an áit. Ó nach raibh seans ar bith aige deisceart na hIodáile - an chuid den tír a bhí gafa ag na Comhghuaillithe - a bhaint amach, ghéill sé é féin do na húdaráis Ungáracha agus lig sé dóibh é a imtheorannú. Bhí eagla air, áfach, go gcaithfí leis ar an dóigh chéanna agus a gcaití leis na hIodálaigh a bhí imtheorannaithe ag na Gearmánaigh. Le caoinchead ó na húdaráis Ungáracha, thréig sé an campa imtheorannaithe ar an tríú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair 1944 agus d'fhill sé go Budapest, áit a ndeachaigh sé ar a sheachnadh.

Bhí reachtaíocht fhrith-Ghiúdach i bhfeidhm san Ungáir ón mbliain 1938, ach ní raibh sí leath chomh dona le péindlíthe na Gearmáine. I Mí na Márta 1944, d'fhorghabh na Gearmánaigh an Ungáir le féachaint chuige nach bhféadfadh Miklos Horthy, deachtóir na tíre, sos cogaidh a shocrú leis na Comhghuaillithe. Ina dhiaidh sin féin, bhí Budapest i bhfad níos sábháilte do na Giúdaigh ná aon phríomhchathair eile sa chuid den Eoraip a bhí gafa ag na Naitsithe.

síol