An difríocht idir athruithe ar: "Dracula"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 15: Líne 15:
| oclc =
| oclc =
}}
}}
Is úrscéal [[Béarla]] é '''Dracula''' leis an údar Éireannach [[Bram Stoker]] a tháinig i gcló an chéad uair sa bhliain [[1897]]. Díríonn an scéal ar an gCunta Dracula ar súmaire, nó vaimpír, é, agus tionchar an [[béaloideas|bhéaloidis]] Bhalcánaigh le haithint go soiléir ar an [[úrscéal]]. Is é an t-úrscéal seo is bunrúta leis an tsuim a chuireann [[Hollywood]] agus na scríbhneoirí lónléitheoireachta sna vaimpírí go dtí an lá inniu ann, nó is beag duine sna tíortha Béarla a chuala an focal sin "vaimpír" sular tháinig an leabhar seo i gcló. Ba é [[Archibald Constable and Co]] an comhlacht a d'fhoilsigh an chéad eagrán sin. Eagrán faoi chlúdach bog a bhí ann.
Is [[úrscéal]] [[Béarla]] é '''Dracula''' leis an údar Éireannach [[Bram Stoker]] a tháinig i gcló an chéad uair sa bhliain [[1897]]. Díríonn an scéal ar an gCunta Dracula ar [[Súmaire fola|súmaire]], nó [[Súmaire fola|vaimpír]], é, agus tionchar an [[béaloideas|bhéaloidis]] [[Na Balcáin|Bhalcánaigh]] le haithint go soiléir ar an [[úrscéal]].
Is é an t-úrscéal seo is bunrúta leis an tsuim a chuireann [[Hollywood]] agus na [[scríbhneoir]]í lónléitheoireachta sna vaimpírí go dtí an lá inniu ann, nó is beag duine sna tíortha Béarla a chuala an focal sin "vaimpír" sular tháinig an [[leabhar]] seo i gcló. Ba é Archibald Constable and Co an comhlacht a d'fhoilsigh an chéad eagrán sin. Eagrán faoi chlúdach bog a bhí ann.

== Cúlra ==
== Cúlra ==

Fuair an súmaire Dracula a ainm ó Vlad Țepeș, nó Vlad Drăculea, prionsa Trasalvánach a bhí ag rialú Chúige na Valáise (Wallachia) nó ''Țara Românească'' sa [[15ú haois]]. Bhí sé ag cur troda ar na Turcaigh Otamánacha agus ag déanamh ródaigh ar na seanuaisle sa Valáis. Chuaigh na scéalta uafáis faoin dóigh a raibh sé ag sá a chuid namhad le cuaillí ar fud na [[An Eoraip|hEorpa]], agus tháinig cáil ar "Vlad na gCuaillí". Dealraíonn sé, áfach, gurbh é an [[Rí]] Ungárach Maitias Corvinus a chuir an chuid ba mhó de na scéalta seo ag imeacht. Namhaid polaitiúil de chuid Vlad a bhí ann ar theastaigh uaidh an prionsa a chlúmhilleadh. Is ar éigean is féidir a rá gur dhearscnaigh sé thar phrionsaí eile na linne sna [[Na Balcáin|Balcáin]] i gcruálacht.
Fuair an [[Súmaire fola|súmaire]] Dracula a ainm ó Vlad Țepeș, nó Vlad Drăculea, prionsa [[An Trasalváin|Trasalvánach]] a bhí ag rialú Chúige na Valáise (Wallachia) nó ''Țara Românească'' sa [[15ú haois]]. Bhí sé ag cur troda ar na [[Turcaigh]] [[Impireacht Otamánach|Otamánacha]] agus ag déanamh ródaigh ar na seanuaisle sa Valáis. Chuaigh na scéalta uafáis faoin dóigh a raibh sé ag sá a chuid namhad le cuaillí ar fud na [[An Eoraip|hEorpa]], agus tháinig cáil ar "Vlad na gCuaillí". Dealraíonn sé, áfach, gurbh é an [[Rí]] [[An Ungáir|Ungárach]] Maitias Corvinus a chuir an chuid ba mhó de na scéalta seo ag imeacht. Namhaid polaitiúil de chuid Vlad a bhí ann ar theastaigh uaidh an prionsa a chlúmhilleadh. Is ar éigean is féidir a rá gur dhearscnaigh sé thar phrionsaí eile na linne sna [[Na Balcáin|Balcáin]] i gcruálacht.

Pé scéal é, ó scaip an Rí Maitias scéalta uafáis faoi Vlad, chuaigh an prionsa in annála na staire mar chéasadóir is mar arrachtach.
Pé scéal é, ó scaip an Rí Maitias scéalta uafáis faoi Vlad, chuaigh an prionsa in annála na staire mar chéasadóir is mar arrachtach.

Maidir leis an súmaire nó an vaimpír, is carachtar tábhachtach é i mbéaloideas na mBalcán agus na Slavach. Chaith Bram Stoker seacht mbliana ag déanamh taighde ar bhéaloideas Oirthear na hEorpa ar lorg inspioráide, agus is ansin a tháinig sé ar na scéalta faoi Vlad Drăculea agus faoi vaimpírí. Chinn sé ar an dá mhóitíf seo a phósadh, agus ba é an Cunta Dracula, mar is aithin dúinn inniu é, ba toradh don chleamhnas sin.
Maidir leis an súmaire nó an vaimpír, is carachtar tábhachtach é i mbéaloideas na mBalcán agus na [[Slavaigh|Slavach]]. Chaith Bram Stoker seacht mbliana ag déanamh taighde ar bhéaloideas Oirthear na hEorpa ar lorg inspioráide, agus is ansin a tháinig sé ar na scéalta faoi Vlad Drăculea agus faoi vaimpírí. Chinn sé ar an dá mhóitíf seo a phósadh, agus ba é an Cunta Dracula, mar is aithin dúinn inniu é, ba toradh don chleamhnas sin.
[[Íomhá:Bela Lugosi as Dracula-2.jpg|clé|mion|188x188px|Bela Lugosi mar Dracula,1931]]

Bhí Bram Stoker cairdiúil le hArminius Vambery, taiscéalaí, saineolaí ar theangacha an Oirthir agus spiaire [[Sasana]]ch a rugadh s[[an Ungáir]], agus deirtear go bhfuair sé cuid mhór dá eolas ar bhéaloideas na mBalcán ó Vambery. Is féidir freisin gur bhunaigh sé carachtar Abraham Van Helsing ar Vambery. Níl ann ach tuairimíocht, áfach.

[[Íomhá:Dracula 1931 photo.jpg|clé|mion|188x188px|Bela Lugosi mar Dracula,1931]]

Cé go bhfuil ''Dracula'' ar an úrscéal is tábhachtaí faoi vaimpírí i litríocht an Bhéarla, níorbh é an chéad cheann é. Fuair Stoker inspioráid áirithe ón nóibhille ''Carmilla'' le Joseph Sheridan Le Fanu, a foilsíodh breis is fiche bliain roimh ''Dracula''. Scéal earótach uafáis é ''Carmilla'' a bhfuil blas an leispiachais air, agus é ag tabhairt cur síos ar an vaimpír mná Carmilla agus a cairdeas cinniúnach le cailín óg macánta darb ainm Laura.
Cé go bhfuil ''Dracula'' ar an úrscéal is tábhachtaí faoi vaimpírí i litríocht an Bhéarla, níorbh é an chéad cheann é. Fuair Stoker inspioráid áirithe ón nóibhille ''Carmilla'' le Joseph Sheridan Le Fanu, a foilsíodh breis is fiche bliain roimh ''Dracula''. Scéal [[Earós|earótach]] uafáis é ''Carmilla'' a bhfuil blas an leispiachais air, agus é ag tabhairt cur síos ar an vaimpír mná Carmilla agus a cairdeas cinniúnach le cailín óg macánta darb ainm Laura.

== An Scéal ==
== An Scéal ==

I dtús an úrscéil tagann an dlíodóir óg Sasanach Seon Ó hEarcair (Jonathan Harker) ar cuairt chuig an gCunta Dracula le cuidiú leis an gCunta aistriú go dtí Sasana agus talamh a cheannach in Exeter. Tá cónaí ar an gCunta i seanchaisleán sa [[an Trasalváin|Trasalváin]], agus é sásta lóistín a thabhairt do Sheon ansin, ach i ndiaidh tamaill faigheann Seon amach go bhfuil sé ina chime sa chaisleán agus go bhfuil vaimpírí ann - triúr vaimpírí ban agus iad ag iarraidh é a chealgadh. Sa deireadh éalaíonn Seon lena anam as an áit.
I dtús an úrscéil tagann an [[Dlí|dlíodóir]] óg Sasanach Seon Ó hEarcair (Jonathan Harker) ar cuairt chuig an gCunta Dracula le cuidiú leis an gCunta aistriú go dtí Sasana agus talamh a cheannach in [[Exeter]]. Tá cónaí ar an gCunta i sean[[Caisleán|chaisleán]] sa [[an Trasalváin|Trasalváin]], agus é sásta lóistín a thabhairt do Sheon ansin, ach i ndiaidh tamaill faigheann Seon amach go bhfuil sé ina [[Príosún|chime]] sa chaisleán agus go bhfuil vaimpírí ann - triúr vaimpírí ban agus iad ag iarraidh é a chealgadh. Sa deireadh éalaíonn Seon lena anam as an áit.
[[Íomhá:Romania - Sighişoara - Town of Dracula.jpg|clé|mion|188x188px|Sighişoara, an Rómáin - Baile Dracula]]
Tugann an chéad eipeasóid eile sa leabhar cur síos ar an dóigh a ndéanann Dracula a bhealach go Sasana. Ní luaitear é, ach cuirtear in iúl go bhfuil sé ag taisteal faoi choim ar bhád [[An Rúis|Rúiseach]]. Titeann an bád ar an gcladach i [[Whitby]], agus níl fágtha den chriú ach an captaen, agus é féin marbh. Léitear logleabhar an chaptaein, agus tagann sé chun solais ansin go raibh neach dofheicthe éigin ag marú na [[mairnéalach]] i rith an turais, go dtí nach raibh ann ach an captaen féin.
[[Íomhá:Bram Stoker1.jpg|mion|199x199px|Bram Stoker, 1906]]
Agus é socraithe síos i Sasana anois, cuireann Dracula suim in Uilliamín "Mín" Ní Mhuirí (Wilhelmina "Mina" Murray), ''fiancée'' Sheoin Uí Earcair, agus ina cara Laoise (Lucy) Westenra. Tosaíonn Laoise ag stiúgadh le tinneas aisteach, agus glaonn Seán Suaird, cara le Laoise agus dochtúir leighis, ar a chara, an tOllamh Abraham Van Helsing, teacht ón Ollainn le cuidiú leis biseach a thabhairt do Laoise.
[[Íomhá:Whitby Abbey Exterior.jpg|clé|mion|188x188px|[[mainistir]] [[Whitby]]]]
Aithníonn Van Helsing gurbh é an vaimpíreachas atá i gceist, agus tosaíonn sé ar í a leigheas, ach nuair a fhilleann sé ar an Ollainn le freastal ar ghnó éigin, faigheann Laoise bás i dtimpiste aisteach. Go gairid ina dhiaidh sin, cloistear scéalta aisteacha faoi shúmaire mná agus í ag ionsaí páistí, agus tuigeann Van Helsing gurb í Laoise í. Le cuidiú Sheáin Shuaird agus beirt fhear eile a bhí ag suirí le Laoise agus í beo, téann Van Helsing ar thóir an chailín, agus sa deireadh maraíonn siad í, nó an vaimpír, tríd an gcloigeann a ghearradh di, a croí a shá le cuaille adhmaid agus a béal a líonadh le gairleog.
[[Íomhá:Bram Stoker 1906.jpg|mion|257x257px|Bram Stoker, 1906]]
Idir an dá linn, bhí Seon Ó hEarcair ag bisiú i mBúdaipeist óna eachtra sa Trasalváin, agus tháinig Mín ansin le cuideachta a dhéanamh dó agus, mar a thiontaigh an scéal amach, le hé a phósadh. Anois, tagann siad abhaile, agus nuair a chloiseann siad céard a tharla do Laoise, téann siad i gcomhghuaillíocht le Van Helsing agus leis an triúr iar-shuiríoch le Dracula a mharú. Roimh an éacht sin a chur i gcrích, áfach, éiríonn le Dracula Mín a ionfhabhtú leis an vaimpíreachas, agus caithfidh Seon, Van Helsing agus na fir eile an-chath a chur ar an gCunta le Mín a tharrtháil.

== Stair i mBéarla ==
Tugann an chéad eipeasóid eile sa leabhar cur síos ar an dóigh a ndéanann Dracula a bhealach go Sasana. Ní luaitear é, ach cuirtear in iúl go bhfuil sé ag taisteal faoi choim ar bhád Rúiseach. Titeann an bád ar an gcladach i Whitby, agus níl fágtha den chriú ach an captaen, agus é féin marbh. Léitear logleabhar an chaptaein, agus tagann sé chun solais ansin go raibh neach dofheicthe éigin ag marú na mairnéalach i rith an turais, go dtí nach raibh ann ach an captaen féin.
Foilsíodh an leabhar Dracula don chéad uair ar 18 Bealtaine 1897. Lonnaigh Stoker cuid mhór d'imeachtaí a úrscéil  i Whitby in iarthuaisceart Shasana.

[[Íomhá:Bram Stoker's Dracula movie horizontal gold logo.png|clé|mion|220x220px]]
Agus é socraithe síos i Sasana anois, cuireann Dracula suim in Uilliamín "Mín" Ní Mhuirí (Wilhelmina "Mina" Murray), ''fiancée'' Sheoin Uí Earcair, agus ina cara Laoise (Lucy) Westenra. Tosaíonn Laoise ag stiúgadh le tinneas aisteach, agus glaonn Seán Suaird, cara le Laoise agus dochtúir leighis, ar a chara, an tOllamh Abraham Van Helsing, teacht ón Ollainn le cuidiú leis biseach a thabhairt do Laoise. Aithníonn Van Helsing gurbh é an vaimpíreachas atá i gceist, agus tosaíonn sé ar í a leigheas, ach nuair a fhilleann sé ar an Ollainn le freastal ar ghnó éigin, faigheann Laoise bás i dtimpiste aisteach. Go gairid ina dhiaidh sin, cloistear scéalta aisteacha faoi shúmaire mná agus í ag ionsaí páistí, agus tuigeann Van Helsing gurb í Laoise í. Le cuidiú Sheáin Shuaird agus beirt fhear eile a bhí ag suirí le Laoise agus í beo, téann Van Helsing ar thóir an chailín, agus sa deireadh maraíonn siad í, nó an vaimpír, tríd an gcloigeann a ghearradh di, a croí a shá le cuaille adhmaid agus a béal a líonadh le gairleog.

Idir an dá linn, bhí Seon Ó hEarcair ag bisiú i mBúdaipeist óna eachtra sa Trasalváin, agus tháinig Mín ansin le cuideachta a dhéanamh dó agus, mar a thiontaigh an scéal amach, le hé a phósadh. Anois, tagann siad abhaile, agus nuair a chloiseann siad céard a tharla do Laoise, téann siad i gcomhghuaillíocht le Van Helsing agus leis an triúr iar-shuiríoch le Dracula a mharú. Roimh an éacht sin a chur i gcrích, áfach, éiríonn le Dracula Mín a ionfhabhtú leis an vaimpíreachas, agus caithfidh Seon, Van Helsing agus na fir eile an-chath a chur ar an gCunta le Mín a tharrtháil.

== Aistriúcháin go Gaeilge ==
== Aistriúcháin go Gaeilge ==
[[Íomhá:Dracula.jpg|mion|297x297px]]

Ba é [[An Gúm]] a d'fhoilsigh [[Scéim Aistriúcháin an Ghúim|leagan Gaeilge]] sa bhliain [[1933]], agus ba é [[Seán Ó Cuirrín]], a raibh canúint na nDéise ó dhúchas aige, a chuir Gaeilge ar an leabhar. D'fhoilsigh An Gúm atheagrán sa bhliain [[1997]], agus ba é [[Maolmhaodhóg Ó Ruairc]] a chuir an t-eagrán seo in eagar. Ba é an t-ealaíontóir Rómánach [[Ion Codrescu]] a mhaisigh an leabhar.

Tá scéal an tsúmaire fola anois ar fáil ar an Kindle i nGaelainn na nDéise.<ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/dracula-ar-fail-ar-kindle-in-am-doiche-shamhna/|teideal=‘Dracula’ ar fáil ar Kindle in am d’Oíche Shamhna|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2019-05-18}}</ref>

Fuair Aoibheann Nic Dhonnchadha, agus í ag scríobh do [[An Linn Bhuí]], bliainiris Ghaeltacht na nDéise, locht ar an nua-eagrán seo (An Linn Bhuí, uimhir a 2, 1998, lch. 115-118). Bhí sí den bharúil go ndeachaigh an fear eagair thar fóir ag iarraidh cuma na nua-ré a chur ar an téacs, agus nach raibh sé sách eolach ar an gcanúint lena ceart a thabhairt di. Samplaí de na hathruithe a rinne an t-eagarthóir ná:

Líne 54: Líne 64:
* ''stractha'' -> ''stróicthe''
* ''stractha'' -> ''stróicthe''
* ''cuibhreach an phósta'' -> ''cuing an phósta''
* ''cuibhreach an phósta'' -> ''cuing an phósta''
* ''m'fhear pósta'' -> ''m'fhear céile''
*[[Íomhá:Stoker - Dracula, Sonzogno, Milano, 1922 (page 1 crop).jpg|mion|328x328px|Dracula, Sonzogno, Milano, 1922]]''m'fhear pósta'' -> ''m'fhear céile''
* ''an nádúir'' -> ''an dúlra''
* ''an nádúir'' -> ''an dúlra''
* ''le neart taoda'' -> ''le taghd feirge''
* ''le neart taoda'' -> ''le taghd feirge''
* ''tomanta'' -> ''diongbháilte, tréamanta, daingean''
* ''tomanta'' -> ''diongbháilte, tréamanta, daingean''

Cuireadh eagrán do dhéagóirí amach sa bhliain [[1997]] ''Dracula - Eagrán do Dhéagóirí''. Is éard a bhí ann ná gearrinsint a scríobh [[Emmet B. Arrigan]]. Is í a mháthair, [[Mary Arrigan]], a rinne na léaráidí agus [[Gabriel Rosenstock]] a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge.
Cuireadh eagrán do dhéagóirí amach sa bhliain [[1997]] ''Dracula - Eagrán do Dhéagóirí''. Is éard a bhí ann ná gearrinsint a scríobh [[Emmet B. Arrigan]]. Is í a mháthair, [[Mary Arrigan]], a rinne na léaráidí agus [[Gabriel Rosenstock]] a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge.<ref>{{Lua idirlín|url=https://childrensbooksireland.ie/review/dracula-eagran-do-dheagoiri/|teideal=Dracula (Eagrán do dhéagóirí) – Childrens Books Ireland|language=en-US|dátarochtana=2019-05-18}}</ref>

== Tagairtí ==
{{Reflist}}
[[Catagóir:Úrscéalta Éireannacha]]
[[Catagóir:Úrscéalta Éireannacha]]
[[Catagóir:Aistriúcháin]]
[[Catagóir:Aistriúcháin]]
[[Catagóir:Leabhair Béarla Éireannacha]]

Leagan ó 15:10, 18 Bealtaine 2019

Dracula  

Clúdach an chéad eagráin
Údar Bram Stoker
Tír Éire
Teanga Béarla
Genre(s) Uafás, Gotach
Foilsitheoir Archibald Constable and Company (UK)
Dáta fhoilsiú 26 Bealtaine 1897
Cineál meáin Cló (clúdach crua)

Is úrscéal Béarla é Dracula leis an údar Éireannach Bram Stoker a tháinig i gcló an chéad uair sa bhliain 1897. Díríonn an scéal ar an gCunta Dracula ar súmaire, nó vaimpír, é, agus tionchar an bhéaloidis Bhalcánaigh le haithint go soiléir ar an úrscéal.

Is é an t-úrscéal seo is bunrúta leis an tsuim a chuireann Hollywood agus na scríbhneoirí lónléitheoireachta sna vaimpírí go dtí an lá inniu ann, nó is beag duine sna tíortha Béarla a chuala an focal sin "vaimpír" sular tháinig an leabhar seo i gcló. Ba é Archibald Constable and Co an comhlacht a d'fhoilsigh an chéad eagrán sin. Eagrán faoi chlúdach bog a bhí ann.

Cúlra

Fuair an súmaire Dracula a ainm ó Vlad Țepeș, nó Vlad Drăculea, prionsa Trasalvánach a bhí ag rialú Chúige na Valáise (Wallachia) nó Țara Românească sa 15ú haois. Bhí sé ag cur troda ar na Turcaigh Otamánacha agus ag déanamh ródaigh ar na seanuaisle sa Valáis. Chuaigh na scéalta uafáis faoin dóigh a raibh sé ag sá a chuid namhad le cuaillí ar fud na hEorpa, agus tháinig cáil ar "Vlad na gCuaillí". Dealraíonn sé, áfach, gurbh é an Ungárach Maitias Corvinus a chuir an chuid ba mhó de na scéalta seo ag imeacht. Namhaid polaitiúil de chuid Vlad a bhí ann ar theastaigh uaidh an prionsa a chlúmhilleadh. Is ar éigean is féidir a rá gur dhearscnaigh sé thar phrionsaí eile na linne sna Balcáin i gcruálacht.

Pé scéal é, ó scaip an Rí Maitias scéalta uafáis faoi Vlad, chuaigh an prionsa in annála na staire mar chéasadóir is mar arrachtach.

Maidir leis an súmaire nó an vaimpír, is carachtar tábhachtach é i mbéaloideas na mBalcán agus na Slavach. Chaith Bram Stoker seacht mbliana ag déanamh taighde ar bhéaloideas Oirthear na hEorpa ar lorg inspioráide, agus is ansin a tháinig sé ar na scéalta faoi Vlad Drăculea agus faoi vaimpírí. Chinn sé ar an dá mhóitíf seo a phósadh, agus ba é an Cunta Dracula, mar is aithin dúinn inniu é, ba toradh don chleamhnas sin.

Bela Lugosi mar Dracula,1931

Bhí Bram Stoker cairdiúil le hArminius Vambery, taiscéalaí, saineolaí ar theangacha an Oirthir agus spiaire Sasanach a rugadh san Ungáir, agus deirtear go bhfuair sé cuid mhór dá eolas ar bhéaloideas na mBalcán ó Vambery. Is féidir freisin gur bhunaigh sé carachtar Abraham Van Helsing ar Vambery. Níl ann ach tuairimíocht, áfach.

Bela Lugosi mar Dracula,1931

Cé go bhfuil Dracula ar an úrscéal is tábhachtaí faoi vaimpírí i litríocht an Bhéarla, níorbh é an chéad cheann é. Fuair Stoker inspioráid áirithe ón nóibhille Carmilla le Joseph Sheridan Le Fanu, a foilsíodh breis is fiche bliain roimh Dracula. Scéal earótach uafáis é Carmilla a bhfuil blas an leispiachais air, agus é ag tabhairt cur síos ar an vaimpír mná Carmilla agus a cairdeas cinniúnach le cailín óg macánta darb ainm Laura.

An Scéal

I dtús an úrscéil tagann an dlíodóir óg Sasanach Seon Ó hEarcair (Jonathan Harker) ar cuairt chuig an gCunta Dracula le cuidiú leis an gCunta aistriú go dtí Sasana agus talamh a cheannach in Exeter. Tá cónaí ar an gCunta i seanchaisleán sa Trasalváin, agus é sásta lóistín a thabhairt do Sheon ansin, ach i ndiaidh tamaill faigheann Seon amach go bhfuil sé ina chime sa chaisleán agus go bhfuil vaimpírí ann - triúr vaimpírí ban agus iad ag iarraidh é a chealgadh. Sa deireadh éalaíonn Seon lena anam as an áit.

Sighişoara, an Rómáin - Baile Dracula

Tugann an chéad eipeasóid eile sa leabhar cur síos ar an dóigh a ndéanann Dracula a bhealach go Sasana. Ní luaitear é, ach cuirtear in iúl go bhfuil sé ag taisteal faoi choim ar bhád Rúiseach. Titeann an bád ar an gcladach i Whitby, agus níl fágtha den chriú ach an captaen, agus é féin marbh. Léitear logleabhar an chaptaein, agus tagann sé chun solais ansin go raibh neach dofheicthe éigin ag marú na mairnéalach i rith an turais, go dtí nach raibh ann ach an captaen féin.

Bram Stoker, 1906

Agus é socraithe síos i Sasana anois, cuireann Dracula suim in Uilliamín "Mín" Ní Mhuirí (Wilhelmina "Mina" Murray), fiancée Sheoin Uí Earcair, agus ina cara Laoise (Lucy) Westenra. Tosaíonn Laoise ag stiúgadh le tinneas aisteach, agus glaonn Seán Suaird, cara le Laoise agus dochtúir leighis, ar a chara, an tOllamh Abraham Van Helsing, teacht ón Ollainn le cuidiú leis biseach a thabhairt do Laoise.

mainistir Whitby

Aithníonn Van Helsing gurbh é an vaimpíreachas atá i gceist, agus tosaíonn sé ar í a leigheas, ach nuair a fhilleann sé ar an Ollainn le freastal ar ghnó éigin, faigheann Laoise bás i dtimpiste aisteach. Go gairid ina dhiaidh sin, cloistear scéalta aisteacha faoi shúmaire mná agus í ag ionsaí páistí, agus tuigeann Van Helsing gurb í Laoise í. Le cuidiú Sheáin Shuaird agus beirt fhear eile a bhí ag suirí le Laoise agus í beo, téann Van Helsing ar thóir an chailín, agus sa deireadh maraíonn siad í, nó an vaimpír, tríd an gcloigeann a ghearradh di, a croí a shá le cuaille adhmaid agus a béal a líonadh le gairleog.

Bram Stoker, 1906

Idir an dá linn, bhí Seon Ó hEarcair ag bisiú i mBúdaipeist óna eachtra sa Trasalváin, agus tháinig Mín ansin le cuideachta a dhéanamh dó agus, mar a thiontaigh an scéal amach, le hé a phósadh. Anois, tagann siad abhaile, agus nuair a chloiseann siad céard a tharla do Laoise, téann siad i gcomhghuaillíocht le Van Helsing agus leis an triúr iar-shuiríoch le Dracula a mharú. Roimh an éacht sin a chur i gcrích, áfach, éiríonn le Dracula Mín a ionfhabhtú leis an vaimpíreachas, agus caithfidh Seon, Van Helsing agus na fir eile an-chath a chur ar an gCunta le Mín a tharrtháil.

Stair i mBéarla

Foilsíodh an leabhar Dracula don chéad uair ar 18 Bealtaine 1897. Lonnaigh Stoker cuid mhór d'imeachtaí a úrscéil  i Whitby in iarthuaisceart Shasana.

Aistriúcháin go Gaeilge

Ba é An Gúm a d'fhoilsigh leagan Gaeilge sa bhliain 1933, agus ba é Seán Ó Cuirrín, a raibh canúint na nDéise ó dhúchas aige, a chuir Gaeilge ar an leabhar. D'fhoilsigh An Gúm atheagrán sa bhliain 1997, agus ba é Maolmhaodhóg Ó Ruairc a chuir an t-eagrán seo in eagar. Ba é an t-ealaíontóir Rómánach Ion Codrescu a mhaisigh an leabhar.

Tá scéal an tsúmaire fola anois ar fáil ar an Kindle i nGaelainn na nDéise.[1]

Fuair Aoibheann Nic Dhonnchadha, agus í ag scríobh do An Linn Bhuí, bliainiris Ghaeltacht na nDéise, locht ar an nua-eagrán seo (An Linn Bhuí, uimhir a 2, 1998, lch. 115-118). Bhí sí den bharúil go ndeachaigh an fear eagair thar fóir ag iarraidh cuma na nua-ré a chur ar an téacs, agus nach raibh sé sách eolach ar an gcanúint lena ceart a thabhairt di. Samplaí de na hathruithe a rinne an t-eagarthóir ná:

  • amadántúlacht -> amaidí
  • diúgadh -> diúrnú
  • lobhadh -> lofacht
  • tuireasc -> sábh
  • cas -> catach
  • daitheannach -> daite
  • meáite -> trom
  • stractha -> stróicthe
  • cuibhreach an phósta -> cuing an phósta
  • Dracula, Sonzogno, Milano, 1922
    m'fhear pósta -> m'fhear céile
  • an nádúir -> an dúlra
  • le neart taoda -> le taghd feirge
  • tomanta -> diongbháilte, tréamanta, daingean

Cuireadh eagrán do dhéagóirí amach sa bhliain 1997 Dracula - Eagrán do Dhéagóirí. Is éard a bhí ann ná gearrinsint a scríobh Emmet B. Arrigan. Is í a mháthair, Mary Arrigan, a rinne na léaráidí agus Gabriel Rosenstock a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge.[2]

Tagairtí

  1. "‘Dracula’ ar fáil ar Kindle in am d’Oíche Shamhna" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-05-18.
  2. "Dracula (Eagrán do dhéagóirí) – Childrens Books Ireland" (en-US). Dáta rochtana: 2019-05-18.