Jump to content

An difríocht idir athruithe ar: "An tSeapáinis"

ag cur iomhá leis
Content deleted Content added
mNo edit summary
Dowlinme (plé | dréachtaí)
ag cur iomhá leis
Líne 19:
 
Baintear úsáid as ceithre mhodh scríbhneoireachta le Seapáinis a scríobh: [[Kanji]], [[Hiragana]], [[Katakana]] agus [[Rōmaji]]. Is iad na litreacha [[An tSín|Síneacha]] atá i gceist le Kanji: litreacha idéagrafacha is ea iad, ós rud é go gcuireann gach litir acu idé iomlán - coincheap nó focal - in iúl. Maidir le Katakana agus Hiragana, is aibítreacha siollabacha iad, is é sin, freagraíonn gach litir d'aon siolla amháin. Le focail iasachta ó na teangacha Iartharacha a bhreacadh síos is mó a úsáidtear an córas Katakana. Na focail dhúchasacha Sheapanacha, arís, is gnách Hiragana a chur i bhfeidhm orthusan. Tá an dá aibítir seo féin bunaithe ar na litreacha Síneacha i dtús báire. Na [[Aibítir Laidineach|litreacha Laidineacha]] atá i gceist le Rōmaji, ar ndóigh. Níl sé as an ngnáth téacs Seapáinise a fheiceáil a bhaineann úsáid as an gceithre chóras.
[[Íomhá:Japanese dialects-en.png|mion|Canúintí na Seapáinise]]
 
Má ligtear teangacha Oileáin Ryukyu as an áireamh, is féidir a lán canúintí éagsúla a aithint sa tSeapáin, ach is é an t-idirdhealú idir canúintí an Oirthir agus canúintí an Iarthair an ceann is tábhachtaí. Bíonn a lán canúintí aisteacha le cloisteáil sna hoileáin bheaga scartha, áfach. Deir na Seapánaigh féin gurb í canúint Kagoshima an ceann is deacra, nó bíonn sé ag dul rite le daoine ó chodanna eile Oileán Kyūshū féin mórán adhmaid a bhaint as gnáthchaint mhuintir Kagoshima. Maidir leis an gcanúint a labhraítear i réigiún Kansai timpeall ar Osaka, is canúint bharrúil ghreannmhar í dar leis na Seapánaigh eile, agus samhlaítear canúintí Tōhoku agus Thuaisceart Kantō le feirmeoirí is le scológa tuaithe.
 
1,585

edits