An difríocht idir athruithe ar: "An Iodáilis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
AdamLibh (plé | dréachtaí)
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 51: Líne 51:
===Poblacht na hÉireann===
===Poblacht na hÉireann===


De réir daonáireamh [[Poblacht na hÉireann]] 2011 bhí Iodáilis an dara teanga neamh oifigiúl déag is comónta i b[[Poblacht na hÉireann]]. Bhí Iodáilis an príomtheanga do 10,344 duine i b[[Poblacht na hÉireann]]. Rugadh 3,624(35%) dóibh i b[[Poblacht na hÉireann]] agus rugadh na 6,720(65%) eile i dtír eile.
De réir daonáireamh [[Poblacht na hÉireann]] 2011 bhí Iodáilis ar an dara teanga neamhoifigiúil déag is comónta i b[[Poblacht na hÉireann]]. Bhí Iodáilis an príomtheanga do 10,344 duine i b[[Poblacht na hÉireann]]. Rugadh 3,624(35%) dóibh i b[[Poblacht na hÉireann]] agus rugadh na 6,720(65%) eile i dtír eile.


===an Nua-Shéalainn===
===an Nua-Shéalainn===

Leagan ó 12:34, 2 Feabhra 2019

Teimpléad:Teanga

Is í an Iodáilis nó an Eadáinis, mar a thug Máirtín Ó Cadhain uirthi de réir a chanúna (Iodáilis: italianolingua italiana) teanga náisiúnta na hIodáile. Labhraítear freisin í i gCathair na Vatacáine, san Airgintín, san Eilvéis, in Uragua, sa Bhrasaíl, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin agus san Fhrainc. Ceann de na teangacha oifigiúla is ea í san Eilvéis, chomh maith leis an bhFraincis, an Ghearmáinis agus an Réata-Rómáinis. Teanga bhundúchasach is ea an Iodáilis san Iodáil féin agus san Eilvéis, ach tháinig na pobail Iodálacha sna tíortha eile, go háirithe san Oileán Úr, ar an bhfód de thoradh na himirce, nó ba dual do na hIodálaigh riamh dul ar imirce. D'fhág na hinimirceoirí Iodálacha an-lorg ar chultúr na Stát Aontaithe agus na hAirgintíne, ach go háirithe, agus tá leathchaint na gcoirpeach san Airgintín, an lunfardo, lán focail iasachta ón Iodáilis.

Tá an Iodáilis chaighdeánach bunaithe ar chanúint na Toscáine, ach is é an fuaimniú a chluinfeá i gcathair na Róimhe féin an fuaimniú is airde meas ar na saoltaí seo. Mar a deir na hIodálaigh féin, is í an Iodáilis is fearr ná lingua toscana in bocca romana, teanga na Toscáine i mbéal na Róimhe.

Eolas ar an Iodáilis san A.E.

An Iodáilis taobh amuigh don Iodáil

Seachas an Iodáil tá an Iodáilis scapaithe i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.

an Airgintín

Cé go bhfuil Spáinnis an teanga oifigiúl is í Iodáilis an máthairtheanga do timpeall ar 1,500,000 duine san Airgintín.

An Astráil

I 2001 bhí Iodáilis an máthairtheanga do 316,890 duine san Astráil. Is í an tríú teanga is comónta san Astráil tar éis Béarla agus Sínis.

Ceanada

I 2011 bhí Iodáilis an máthairtheanga do 407,485(1.2% do daonra gCeanada) duine i gCeanada shíos ó 455,040(1.5%) duine i 2006.

An Chróit

Tá stair fada ag an Iodáilis sa Chróit go háraithe san Istria Crótach. Is í an máthairtheanga do 0.43% do daonra an Chróit. Sa lá atá inniu an is teanga aitheanta mionlach í an Iodáilis san Istria Crótach agus í an máthairtheanga do 6.83%.

Céadtadán cainteoirí Iodáilis ó dúchas san Istria Crótach i 2001

An Eilvéis

Is ceann dos na ceithre teanga oifigiúl í an Iodáilis san Eilvéis. I 2011 bhí Iodáilis an príomtheanga do 545,274(8.2% do daonra an Eilvéis) duine san Eilvéis. Is í an tríú teanga is comónta san Eilvéis. Is i Ticino agus deisceart Graubünden a bhfuil cuid is mó dos na cainteoirí Iodáilis i gcónaí.

Léarscáil ag thaispeáint na n-áiteanna ina labhraítear Iodáilis

Poblacht na hÉireann

De réir daonáireamh Poblacht na hÉireann 2011 bhí Iodáilis ar an dara teanga neamhoifigiúil déag is comónta i bPoblacht na hÉireann. Bhí Iodáilis an príomtheanga do 10,344 duine i bPoblacht na hÉireann. Rugadh 3,624(35%) dóibh i bPoblacht na hÉireann agus rugadh na 6,720(65%) eile i dtír eile.

an Nua-Shéalainn

I 2013 bhí Iodáilis an máthairtheanga do 8,214 duine sa Nua-Shéalainn.

an San Mairíne

Is í an Iodáilis an t-aon teanga oifigiúl sa San Mairíne agus is í an máthairtheanga do fórmhór dos na daoine.

an tSlóivéin

Tá sé measta go bhfuil Iodáilis mar dara teanga ag timpeall ar 15% do daonra an tSlóivéin, ceann dos na céadtadán is airde san A.E.. I 2002 bhí 3,762 cainteoirí dúchasach Iodáilis ag mearachtaint sa tSlóvéin, bhí 2,853(75.8%) dóibh ag mearachtaint i ceann dos na trí bardas ina bhfuil an Iodáilis oifigiúl (comh maith leis an tSlóivéinis).Is iad Piran, Koper agus Izola na trí bhardais ina bhfuil an Iodáilis oifigiúl. Tá sé measta go úsáideann 5% do daonra an tSlóvéin an Iodáilis ar a laghaid uair sa lá.

Na bhardais ina bhfuil an Iodáilis oifigiúl

S.A.M.

I 2010 bhí Iodáilis an príomtheanga do 764,236 duine i S.A.M. Bhí 28%(213,785) do na cainteoirí Iodáilis i gcónaí i Nua Eabharc.

Tagairtí

An Iodáilis
Vicipéid le fáil as An Iodáilis freisin