An difríocht idir athruithe ar: "An Ghearmáin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
AdamLibh (plé | dréachtaí)
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 59: Líne 59:
De réir ''Innéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime'' na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]], a dhéanann iarracht an réim mhaireachtála a thomas i ngach tír bunaithe ar ghnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an ochtú tír is forbartha ar domhan an Ghearmáin, as 151 tír a tomhaiseadh<ref>http://hdr.undp.org/en/composite/IHDI</ref>. Cuireann sé í freisin ar an tríú tír is forbartha as 28 ballstát an Aontais Eorpaigh, i ndiaidh ach amháin na [[An Fhionlainn|Fionlainne]] agus na [[An tSualainn|Sualainne]].
De réir ''Innéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime'' na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]], a dhéanann iarracht an réim mhaireachtála a thomas i ngach tír bunaithe ar ghnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an ochtú tír is forbartha ar domhan an Ghearmáin, as 151 tír a tomhaiseadh<ref>http://hdr.undp.org/en/composite/IHDI</ref>. Cuireann sé í freisin ar an tríú tír is forbartha as 28 ballstát an Aontais Eorpaigh, i ndiaidh ach amháin na [[An Fhionlainn|Fionlainne]] agus na [[An tSualainn|Sualainne]].


Luaitear freisin a córais oideachais agus bonneagair mar cúiseanna ratha eacnamaíochta na Gearmáin go minic. Tá fócas láidir ar oilteachtaí gairme chomh maith le hoilteachtaí acaidiúla sa chóras oideachais, a chiallaíonn go bhfuil daoine go leor ar fhéidir leo obair a dhéanamh sna tionscadail déantúsaíochtaí ar ceann d'urraí geilleagair na Gearmáine iad. Tá ag an Ghearmáin an gréasán mótarbhealaigh is faide san Eoraip, cé go bhfuil sé ráite ag roinnt beachtaithe nach bhfuil rialtas na Gearmáine ag déanamh a dhóthaine le neart bonneagair na tíre a chothú.<ref>https://www.economist.com/news/leaders/21728618-and-why-she-must-become-bolder-her-almost-inevitable-fourth-term-why-angela-merkel-deserves</ref>
Luaitear go minic freisin an córas oideachais agus an bhonneagair mhaith atá ag an nGearmáin mar chúiseanna ar rath eacnamaíochta na tíre. Tá fócas láidir ar oilteachtaí gairme chomh maith le hoilteachtaí acaidiúla sa chóras oideachais, a chiallaíonn go bhfuil daoine go leor ar fhéidir leo obair a dhéanamh sna tionscadail déantúsaíochtaí ar ceann d'urraí geilleagair na Gearmáine iad. Tá ag an Ghearmáin an gréasán mótarbhealaigh is faide san Eoraip, cé go bhfuil sé ráite ag roinnt beachtaithe nach bhfuil rialtas na Gearmáine ag déanamh a dhóthaine le neart bonneagair na tíre a chothú.<ref>https://www.economist.com/news/leaders/21728618-and-why-she-must-become-bolder-her-almost-inevitable-fourth-term-why-angela-merkel-deserves</ref>


===Airgeadra===
===Airgeadra===

Leagan ó 00:18, 27 Eanáir 2019

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Is tír mhór i lár na hEorpa í an Ghearmáin (Gearmáinis: Deutschland), nó Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (Gearmáinis: Bundesrepublik Deutschland) go hoifigiúil, agus thart ar 82 milliún duine ina gcónaí inti. Is ball den Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, leis an mBeilg, le Lucsamburg, leis an bhFrainc, leis an Ostair, leis an bPoblacht Seiceach, leis an bPolainn, leis an Danmhairg agus leis an Eilbhéis. Is í Beirlín an phríomhchathair. Tá 3.4 milliún duine ina gcónaí sa phríomhchathair.

Stair

Féach freisin: Stair na Gearmáine
Na limistéir a bhí faoi chois ag na cumhachtaí forghabhála i ndiaidh ghéilleadh na Gearmáine sa bhliain 1945

Tar éis ré na Naitsithe agus an Dara Cogadh Domhanda, roinneadh an tír ina ceithre limistéar, agus fuair gach cumhacht forghabhála a limistéar féin le rialú. Chuaigh na trí limistéar iartharacha, an ceann Francach, an ceann Meiriceánach, agus ceann na Breataine, le chéile ina "Trizone", nó limistéar aontaithe, agus i 1949, d'iompaigh an "Trizone" ina poblacht neamhspleách, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine nó an "Iar-Ghearmáin". An chuid den tír a bhí faoi smacht na Sóivéadach, bhain sí amach cineál neamhspleáchas freisin mar stát satailíteach ar cuireadh an Cumannachas i réim ann, is é sin, Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine. Fágadh an chuid iartharach de Bheirlín timpeallaithe ag críocha na "Poblachta Daonlathaí" nó na "hOir-Gearmáine", agus bhí caidreamh an dá Ghearmáin ina ábhar mór conspóide agus teannais idirnáisiúnta go dtí gur thit an tóin as an gcóras Cumannach i ndeireadh na n-ochtóidí. Daingníodh teorainn thiar na hOir-Ghearmáine leis na daoine a choinneáil istigh, agus sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath de Bheirlín leis an mbealach éalaithe deireanach a dhúnadh. Bhí rialtas na hOir-Ghearmáine ag obair sa leath thoir den chathair, ach ba í Bonn, cathair réasúnta beag cois na Réine in iarthar na Gearmáine, a bhí ina príomhchathair ag an bPoblacht Chónaidhme go dtí an t-athaontú sa bhliain 1990. Nuair a athaontaíodh an tír, aistríodh an phríomhchathair ar ais go dtí sean-phríomhchathair na Gearmáine, Beirlín. Nuair a cuireadh an 17 milliún a bhí ina gcónaí san Oir-Ghearmáin, le 63 milliún na Poblachta Cónasctha, bhí an Ghearmáin ar an tír ba mhó is ba chumhachtaí i Lár na hEorpa arís, rud a chuir scanradh ar chuid mhaith de na comharsana, le taobhshúil ar an taithí a bhí acu ar an nGearmáin i ndiaidh dhá chogadh domhanda.

Bhí an tsean-Phoblacht Chónaidhme ina ballstát den Aontas Eorpach cheana féin, ó chuaigh sí sa Chómhargadh sna seascaidí. Mar sin féin, bhí difríochtaí móra le sárú leis an dá Ghearmáin a chomhdhlúthú. Tháinig méadú mór ar chostais an stáit agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an oirthear. Bhí dífhostaíocht an-ard san oirthear, rud nár tháinig mórán feabhais air idir an dá linn, agus b'éigean do lucht rialtais na Gearmáine laghduithe móra a dhéanamh ar an mbuiséad leasa shóisialta, fiú nuair a bhí na Daonlathaigh Shóisialta (SPD) ag rialú na tíre. Sa bhliain 2005, ghnóthaigh na coimeádaigh - na Daonlathaigh Chríostaí, nó CDU - an t-olltoghchán, agus chuaigh siad i gcomhrialtas leis an SPD agus an CSU.

Polaitíocht

Is é an foirgneamh Reichstag i mBeirlín láthair pharlaimint na Gearmáine (Bundestag)

Poblacht feidearálach, parlaiminteach, agus daonlathach is ea an Ghearmáin. Oibríonn córas polaitiúil na Gearmáine faoi chuimsiú creat a bhí leagtha amach sa doiciméad bunreachtúil faoin ainm Grundgesetz (Dlí Bunúsach). Teastaíonn leasuithe ó thromlach dhá thrian dá ndlísheomraí na parlaiminte go ginearálta; tá na prionsabail bunúsacha na bunreachta, mar atá léirithe sna h-earraí a ráthaigh dhínit an duine, an scaradh cumhachtaí, an struchtúr cónaidhme, agus an riail an dlí bailí go suthain.

Eacnamaíocht

Is é geilleagar na Gearmáine an ceathrú ceann is mó ar domhan de réir OTI ainmniúla agus an cúigiú ceann de réir OTI CCC, agus is í an earnáil seirbhíse an earnáil eacnamaíochta is mó; í ag tabhairt 71% den OTI i gcomparáid le 28% ón earnáil tionsclaíoch agus 1% ón earnáil thalmhaíochta. Is an triú onnmhairteoir éarraí is mó ar domhan í an Ghearmáin[1], agus baineann sí sochar as a bheith ar ceann de na tíortha is lú éillithí ar an domhan - an 10ú tír is fearr as 176 tír a tomhaiseadh, de réir Transparency International sa bhliain 2016[2]. Is de 3.3% é ráta dífhostaíochta na tíre, an dara ceann is lú san Aontas Eorpach[3], i ndiaidh na Seice ach amháin.

De réir Innéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a dhéanann iarracht an réim mhaireachtála a thomas i ngach tír bunaithe ar ghnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an ochtú tír is forbartha ar domhan an Ghearmáin, as 151 tír a tomhaiseadh[4]. Cuireann sé í freisin ar an tríú tír is forbartha as 28 ballstát an Aontais Eorpaigh, i ndiaidh ach amháin na Fionlainne agus na Sualainne.

Luaitear go minic freisin an córas oideachais agus an bhonneagair mhaith atá ag an nGearmáin mar chúiseanna ar rath eacnamaíochta na tíre. Tá fócas láidir ar oilteachtaí gairme chomh maith le hoilteachtaí acaidiúla sa chóras oideachais, a chiallaíonn go bhfuil daoine go leor ar fhéidir leo obair a dhéanamh sna tionscadail déantúsaíochtaí ar ceann d'urraí geilleagair na Gearmáine iad. Tá ag an Ghearmáin an gréasán mótarbhealaigh is faide san Eoraip, cé go bhfuil sé ráite ag roinnt beachtaithe nach bhfuil rialtas na Gearmáine ag déanamh a dhóthaine le neart bonneagair na tíre a chothú.[5]

Airgeadra

Ba é marg na Gearmáine a bhí in úsáid ó leasú an airgeadra (Die Währungsreform) sa bhliain 1948 go dtí gur tugadh an euro isteach sa bhliain 2002.

Spórt

Tá clú agus cáil ar fhoireann sacair na Gearmáine, a bhuaigh Corn an Domhain sna blianta 1954, 1974, 1990 agus 2014 agus Craobh na hEorpa sna blianta 1972, 1980 agus 1996. Tá sraith mhór ag an nGearmáin, an Fußball-Bundesliga.

Stáit

Tá 16 stát nó Bundesländer (uatha: Bundesland) sa Ghearmáin.

Tagairtí