An difríocht idir athruithe ar: "An Fheothanach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 23: Líne 23:
* An Chlais
* An Chlais
* An tSeanchoill
* An tSeanchoill
* Baile Breac
*[[Baile Breac, Paróiste Mórdhach]]
*[[Baile an Lochaigh, Paróiste Mórdhach]]
*[[Baile an Lochaigh, Paróiste Mórdhach]]
* Corr Áille
* Corr Áille

Leagan ó 21:02, 4 Samhain 2018

Teimpléad:Ie baile infobox Paróiste agus baile fearainn i gCorca Dhuibhne í an Fheothanach . Tá an Fheothanach suite ag bun Chnoc Bréanainn thart ar 11 ciliméadar siar ó thuaidh ó Dhaingean Uí Chúis i nGaeltacht Chontae Chiarraí. Paróiste Mórdhach a ghlaothar ar an bparóiste go háitiúl. Síneann paróiste Mórdhach ó Chnoc Bréanainn go Rinn Chonaill agus ó Binn Bhaile Reo go Mám an Lochaigh. Tá beagnach 500 duine ag maireachtaint i bParóiste Mórdhach. Tá an paróiste i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus tá an Ghaoluinn fós mar theanga an phobail ann.

An sráidbhaile

Tá an sráidbhaile suite ar chrosaire an L5005 leis an L12052, L5007 agus L12234 agus sroicheann an trácht trí an lonnaíocht buaic phointe i rith séasúr an tsamhraidh. D’fhorbair an sráidbhaile mar Chlochán siar ó acomhal an bhóthair L5005 leis an L5007, ach níl mórán de fágtha.

Bailte Fearainn an Pharóiste

Déimeagrafaic

Tá an cuid is mó den bparóiste suite laistigh de thoghcheantar Chill Chuáin. Bhí cónaí ar 434 duine i dtoghcheantar Chill Chuáin sa bhliain 2016 agus is dócha go raibh beagnach 500 duine ag maireachtaint i bParóiste Mórdhach ina iomláine. Bhí Gaelainn ag 86.5% de dhaonra an toghcheantar sa bhliain 2016 agus labhair 72.8% den ndaonra an Ghaoluinn go laethúil. Ach an oiread leis na paróistí eile laistiar den nDaingean is í an Ghaoluinn teanga an phobail sa cheantar, ach tá go leor stróinséirí ag bogadh isteach dtín gceantar agus Béarla á labhairt ag fórmhór acu. Is í an talmhaíocht an fhoinse fostaíochta is mó i gCill Chuáin.

Feidhmeanna agus Áiseanna

Tá scoil, halla agus dhá phub sa pharóiste. Tá Scoil Naomh Eirc ag freastal ar mhuintir Pharóiste Mórdhach le blianta fada anosi agus tá cáil ar an scoil toisc go bhfuil féith na drámaíochta go smior ann. Tá Halla na Feothanaí suite trasna an bhóthair ón scoil. Is i Halla na Feothanaí a léiríonn Aisteoirí Bhréanainn a gcuid drámaí. Bíonn go leor ceolchoirmeacha ar siúl sa halla chomh maith. Is iad na tithe tábhairne 'An Cúinne' agus 'An Bóthar' an dhá theach tábhairne sa pharóiste. Níl aon sáipéal sa pharóiste ach tá ceann ar an gCarraig i bParóiste na Cille agus is ar an sáipéal sin a bíonn muintir an pharóiste ag triall ar an aifreann .Tá cé in aice láimhe ag Duinín.

Oidhreacht

Tá stair suimiúl ag an bparóiste. Tá dún dochreidte i mBaile na bhFionnúrach ar a ghlaotar 'Cathair na bhFionnúrach'. Tá Túr Baile Dháith ag barra Ceann Bhaile Dháith, ba leis na Sasanaigh an túr fadó. Deirtear gur sheol Naomh Breandán ó Cuas a' Bhodaigh in iar-thuaisceart an pharóiste agus é ag triall ar Mheircea.

Oidhreacht Nádúrtha

Tá ceantair Áiseanna Príomha agus Tánaisteacha Speisialta suite siar ón bhFeothanach. Tá ceantar mór bogaigh giolcacha mórdtimpeall ar Abha na Feothanaí atá gan chosaint faoi láthair.

Daoine ón bparóiste

  • Siún Nic Gearailt, RTÉ
  • Maidhc Dainín Ó Sé, Údar agus ceoltóir
  • Daithí Ó Sé, RTÉ+TG4
  • Séamus Ó Beaglaoi, ceoltóir
  • Breandán Ó Beaglaoi, ceoltóir
  • Seosaimhín Ní Bheaglaoich, ceoltóir
  • Méabh Ní Bheaglaoich, ceoltóir

Tagairtí