An difríocht idir athruithe ar: "Albain"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Removing: ug:شوتلاندىيە Modifying: be:Шатландыя
Meabhar (plé | dréachtaí)
m cuid mhaith mion-fheabhsacháin
Líne 1: Líne 1:
Is tír í '''Alba''' (i n[[Gaeilge na hAlban]] ''Alba''; i m[[Béarla]] agus a [[Bhéarla Gallda]], ''Scotland'') a bhíodh ina ríocht neamhspleách uair in iarthuaisceart na h[[an Eoraip|Eorpa]], agus tá sí ar cheann de na ceithre náisiúin is mó atá san áireamh sa [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Clúdaíonn Albain an trian thuaidh d'oileán na [[an Bhreatain|Breataine]]. Ba [[treibh|threibh]] [[Gael|Gaelach]] in [[Éire|Éirinn]] iad na [[Scot|Scoit]], ach tar éis dóibh seilbh a ghlacadh ar chuid d'iarthar na hAlban, agus nuair a tháinig tionchar na nGael i gceannas ar an tír, ghlac siad an ainm ''Scoti'', agus thug an Laidin ''Scotia'' uirthi, agus is uaidh sin a thagann 'Scotland' sa Bhéarla.
Is tír í '''Alba''' (i n[[Gaeilge na hAlban]] ''Alba''; i m[[Béarla]] agus a [[Bhéarla Gallda]], ''Scotland'') a bhíodh ina ríocht neamhspleách uair in iarthuaisceart na h[[an Eoraip|Eorpa]], agus tá sí ar cheann de na ceithre náisiúin is mó atá san áireamh sa [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Is in Albain atá an trian ó thuaidh d'oileán na [[an Bhreatain|Breataine]]. Ba [[treibh|threibh]] [[Gael|Gaelach]] in [[Éire|Éirinn]] iad na [[Scot|Scoit]], ach tar éis dóibh seilbh a ghlacadh ar chuid d'iarthar na hAlban, agus nuair a tháinig tionchar na nGael i gceannas ar an tír, ghlac siad an ainm ''Scoti'', agus thug an Laidin ''Scotia'' uirthi, agus is uaidh sin a thagann an t-ainm 'Scotland' sa Bhéarla.


Ghlac Alba páirt in [[aontas pearsanta]] le [[Sasana]] sa bhliain [[1603]], nuair a deineadh [[Séamus I Shasana]] de [[Séamus VI na hAlban]]. Tugadh aitheantas oifigiúil don aontas [[1 Bealtaine]] [[1707]] le [[Acht an Aontais 1707]]. Cuireadh deireadh le Parlaimint na hAlban ar [[Márta 26]], [[1707]]. D'aontaigh an t-aontas seo an dá ríocht, agus as seo tháinig [[Ríocht na Breataine Móire]] ar an saol, le Parlaimint nua amháin suite i [[Westminster]], [[Londain]]. D'fhan codanna áirithe d'institiúidí na hAlban, go háirithe an córas dlí, mar a bhí. Níos déanaí thóg an stát seo seilbh ar Éireann, agus ó 1932 ar aghaidh is [[Tuaisceart Éireann]] a bhí sa stát agus in ainm na Ríochta. I [[1999]], beagnach 300 bliain tar éis é a bheith curtha ar ceal, thogh pobal na hAlban [[parlaimint]] na tíre a thabhairt le chéile arís, de réir Rialtais na Breataine, faoin [[Acht Alban 1998]]. Tugadh cumhachtaí do [[Parlaimint na hAlban|Pharlaimint na hAlban]] an tír a riarú i ngnéithe a bhaineann le hAlban amháin, agus níl ach cumhachtaí teoranta aige le cáin a ardú.
Ghlac Alba páirt in [[aontas pearsanta]] le [[Sasana]] sa bhliain [[1603]], nuair a deineadh [[Séamus I Shasana]] de [[Séamus VI na hAlban]]. Tugadh aitheantas oifigiúil don aontas [[1 Bealtaine]] [[1707]] le [[Acht an Aontais 1707]]. Cuireadh deireadh le Parlaimint na hAlban ar [[Márta 26]], [[1707]]. D'aontaigh an t-aontas seo an dá ríocht, agus as seo tháinig [[Ríocht na Breataine Móire]] ar an saol, le Parlaimint nua amháin suite i [[Westminster]], [[Londain]]. D'fhan codanna áirithe d'institiúidí na hAlban, go háirithe an córas dlí, mar a bhí. Níos déanaí thóg an stát seo seilbh ar Éireann, agus ó 1932 ar aghaidh is [[Tuaisceart Éireann]] a bhí sa stát agus in ainm na Ríochta. I [[1999]], beagnach 300 bliain tar éis é a bheith curtha ar ceal, thogh pobal na hAlban [[parlaimint]] na tíre a thabhairt le chéile arís, de réir Rialtais na Breataine, faoin [[Acht Alban 1998]]. Tugadh cumhachtaí do [[Parlaimint na hAlban|Pharlaimint na hAlban]] an tír a riarú i ngnéithe a bhaineann le hAlban amháin, agus níl ach cumhachtaí teoranta aige le cáin a ardú.
Líne 20: Líne 20:
|align="center" colspan="2"|[[Image:LocationScotland.png]]
|align="center" colspan="2"|[[Image:LocationScotland.png]]
|-
|-
|align="center" colspan="2"|[[Image:UK scotland.png]]<br/><small>''Suíomh Alban taoibh istigh den Ríocht Aontaithe''</small>
|align="center" colspan="2"|[[Image:UK scotland.png]]<br/><small>''Suíomh na hAlban san Ríocht Aontaithe''</small>
|-
|-
| [[Teangacha]] oifigiúla
| [[Teangacha]] oifigiúla
Líne 38: Líne 38:
|-
|-
|Curtha ar bun
|Curtha ar bun
|[[Cionnaich I Alban|Cionnaich MacAilpín]], [[843]]
|[[Cionnaich I Alban|Cionnaich Mac Ailpín]], [[843]]
|-
|-
|[[Airgeadra]]
|[[Airgeadra]]
Líne 62: Líne 62:
==Ceann Stáit==
==Ceann Stáit==
Síolraíonn Banríon [[Eilís II na Ríochta Aontaithe]], [[Ceann Stáit]] na Ríochta Aontaithe, ó Rí Séamus VI na hAlban, an céad monarc Albanach ar Rí freisin ar Shasana é ([[Séamus VI|Rí Séamus I Shasana]] ó [[1603]]) ar aghaidh.
Síolraíonn Banríon [[Eilís II na Ríochta Aontaithe]], [[Ceann Stáit]] na Ríochta Aontaithe, ó Rí Séamus VI na hAlban, an céad monarc Albanach ar Rí freisin ar Shasana é ([[Séamus VI|Rí Séamus I Shasana]] ó [[1603]]) ar aghaidh.
Cé go bhfuil roinnt conspóide fós imeasc pobal na hAlban faoin dteideal a ghlac sí ag a corónú (measann go leor in Albain gur chóir di, go loighiciúil, ''Eilís I'' a thabhairt uirthi féin) thug cúirteanna na hAlban ceart do ''Eilís II'' mar theideal oifigiúil. Deir sí go leanfaidh monairc an traidisiún oird idirnáisiúnta sna todhchaí, a thugann an riail, nuair a bhíonn monarc i réimeas i níos mó ná críoch spleách amháin (nó i gcríocha neamhspleácha a aontaíonn le monarc amháin) agus ina bhfuil malairt in uimhir na monarc leis an ainm céannna iontu, go núsáidfear an uimhir is airde in aon cheann acu sna críocha go léir. (San aimsir atá thart, bhí ríthe Albanacha-Sasanacha mar Shéamus VI/I agus Shéamus VII/II i réimeas thar ríochtaí ar leith de réir dlí, agus mar sin d'úsáid said an dá uimhir.)
Cé go bhfuil roinnt conspóide fós imeasc pobal na hAlban faoin dteideal a ghlac sí ag a corónú (measann go leor in Albain gur chóir di, go loighiciúil, ''Eilís I'' a thabhairt uirthi féin) thug cúirteanna na hAlban ceart do ''Eilís II'' mar theideal oifigiúil. Deir sí go leanfaidh monairc an traidisiún oird idirnáisiúnta sna todhchaí, a thugann an riail, nuair a bhíonn monarc i réimeas i níos mó ná críoch spleách amháin (nó i gcríocha neamhspleácha a aontaíonn le monarc amháin) agus ina bhfuil malairt in uimhir na monarc leis an ainm céannna iontu, go núsáidfear an uimhir is airde in aon cheann acu sna críocha go léir. (San aimsir atá thart, bhí ríthe Albanacha-Sasanacha mar Shéamus VI/I agus Shéamus VII/II i réimeas thar ríochtaí ar leith de réir dlí, agus mar sin d'úsáid siad an dá uimhir.)


==Tíreolaíocht==
==Tíreolaíocht==
Líne 74: Líne 74:
Nuair a bhí vulcánachas go beo in [[Labhaidh Thoir]], 350 milliún bhliain ó shin, bhí na carraigeacha ar a bhfuil Alba an lae inniu gar don Meánchiorcal, agus ba chuid d'ollchríoch [[Pangaea]] a bhí tar éis teacht le chéile, .i. lean na plátaí mór-roinneacha a bhí i Pangaea ag teacht le chéile, agus tharla bualadh mór le mór-roinn [[Gonduana]].
Nuair a bhí vulcánachas go beo in [[Labhaidh Thoir]], 350 milliún bhliain ó shin, bhí na carraigeacha ar a bhfuil Alba an lae inniu gar don Meánchiorcal, agus ba chuid d'ollchríoch [[Pangaea]] a bhí tar éis teacht le chéile, .i. lean na plátaí mór-roinneacha a bhí i Pangaea ag teacht le chéile, agus tharla bualadh mór le mór-roinn [[Gonduana]].


Níor tháinig codanna thuaidh agus theas oileáin na Breataine le chéile ach 76 miliúin bliain roimh thosú an vulcánachas in Oirthear Labhaidh. Roimhe sin, bhí Albain ar imeall mór-roinne [[Laurentia]], ina raibh [[Meiriceá Thuaidh]] agus [[an Ghraonlainn]] freisin. Bhí Sasana agus [[an Bhreatain Bheag]] timpeall 40° níos sia ó dheas, gar don Afraic agus do Mheiriceá Theas i mór roinn Gonduana. Go luath sa tréimhse [[Ordaivíseach]], timpeall 475 miliún bliain ó shoin, dhruid Sasana agus an Bhreatain Bheag, a bhí ar phláta [[Avalonia]], amach ó Ghonduana agus chuadar ó thuaidh i dtreo Laurentia. Thosaigh [[Aigéan Iapetus]], a bhí idir an dá chríoch, ag dúnadh. Faoi lár [[an ré Siliúrach|an Ré Siliúraigh]], timpeall 420 miliún bliain ó shin, bhí ceangal ag a imeall ar fad Snaidhme Iapetus, a leanann line a ghluaiseann soir-siar ón [[Solway Firth]] go [[Northumberland]] go garbh.
Níor tháinig codanna thuaidh agus theas oileáin na Breataine le chéile ach 76 miliúin bliain roimh thosú an vulcánachas in Oirthear Labhaidh. Roimhe sin, bhí Albain ar imeall mór-roinne [[Laurentia]], ina raibh [[Meiriceá Thuaidh]] agus [[an Ghraonlainn]] freisin. Bhí Sasana agus [[an Bhreatain Bheag]] timpeall 40° níos sia ó dheas, gar don Afraic agus do Mheiriceá Theas i mór roinn Gonduana. Go luath sa tréimhse [[Ordaivíseach]], timpeall 475 miliún bliain ó shoin, dhruid Sasana agus an Bhreatain Bheag, a bhí ar phláta [[Avalonia]], amach ó Ghonduana agus chuadar ó thuaidh i dtreo Laurentia. Thosaigh [[Aigéan Iapetus]], a bhí idir an dá chríoch, ag dúnadh. Faoi lár [[an ré Siliúrach|an Ré Siliúraigh]], timpeall 420 miliún bliain ó shin, bhí ceangal ag a imeall ar fad Snaidhme Iapetus, a leanann line a ghluaiseann soir-siar ó [[Caolas Solway|Chaolas Solway]] go [[Northumberland]] go garbh.


Nuair a thosaigh an ré vulcánach níos déanaí, timpeall 270 bliain ó shin, ba chuid de Pangaea Albain fós, ach bhí sí i ndiaidh druideadh ó thuaidh. Bhí Labhaidh Thoir timpeall 8° ó thuaidh. Lean Pangaea ag teacht le chéile, ionnus go raibh an aigéan is gaire, [[Aigéan Tethys]], idir an Eóráise agus an Afraic.
Nuair a thosaigh an ré vulcánach níos déanaí, timpeall 270 bliain ó shin, ba chuid de Pangaea Albain fós, ach bhí sí i ndiaidh druideadh ó thuaidh. Bhí Labhaidh Thoir timpeall 8° ó thuaidh. Lean Pangaea ag teacht le chéile, ionnus go raibh an aigéan is gaire, [[Aigéan Tethys]], idir an Eóráise agus an Afraic.
Líne 146: Líne 146:
Tá mothú cine agus náisiúin dá cuid féin ag Alba. Taispeánann taighde léannta gach uair go mbraitheann muintir na hAlban gur Albanaigh iad (b'fhéidir gur deise an Béarla anseo!), fiú muna dteastaíonn uathu i gcónaí go ndéanfaí tír agus náisiún lán-neamhspleách di.
Tá mothú cine agus náisiúin dá cuid féin ag Alba. Taispeánann taighde léannta gach uair go mbraitheann muintir na hAlban gur Albanaigh iad (b'fhéidir gur deise an Béarla anseo!), fiú muna dteastaíonn uathu i gcónaí go ndéanfaí tír agus náisiún lán-neamhspleách di.


Tá réimse teangacha agus canúintí dá cuid féin ag Alba, freisin, rud a thugann an chiall do mhuintir na hAlban gur náisiúnt iontu féin a bhí iontu. Féach [[Albainis]].
Tá réimse teangacha agus canúintí dá cuid féin ag Albain, freisin, rud a thugann an chiall do mhuintir na hAlban gur náisiún iontu féin iad. Féach [[Albainis]].


==[[Creideamh]]==
==[[Creideamh]]==

Leagan ó 22:45, 23 Aibreán 2007

Is tír í Alba (i nGaeilge na hAlban Alba; i mBéarla agus a Bhéarla Gallda, Scotland) a bhíodh ina ríocht neamhspleách uair in iarthuaisceart na hEorpa, agus tá sí ar cheann de na ceithre náisiúin is mó atá san áireamh sa Ríocht Aontaithe. Is in Albain atá an trian ó thuaidh d'oileán na Breataine. Ba threibh Gaelach in Éirinn iad na Scoit, ach tar éis dóibh seilbh a ghlacadh ar chuid d'iarthar na hAlban, agus nuair a tháinig tionchar na nGael i gceannas ar an tír, ghlac siad an ainm Scoti, agus thug an Laidin Scotia uirthi, agus is uaidh sin a thagann an t-ainm 'Scotland' sa Bhéarla.

Ghlac Alba páirt in aontas pearsanta le Sasana sa bhliain 1603, nuair a deineadh Séamus I Shasana de Séamus VI na hAlban. Tugadh aitheantas oifigiúil don aontas 1 Bealtaine 1707 le Acht an Aontais 1707. Cuireadh deireadh le Parlaimint na hAlban ar Márta 26, 1707. D'aontaigh an t-aontas seo an dá ríocht, agus as seo tháinig Ríocht na Breataine Móire ar an saol, le Parlaimint nua amháin suite i Westminster, Londain. D'fhan codanna áirithe d'institiúidí na hAlban, go háirithe an córas dlí, mar a bhí. Níos déanaí thóg an stát seo seilbh ar Éireann, agus ó 1932 ar aghaidh is Tuaisceart Éireann a bhí sa stát agus in ainm na Ríochta. I 1999, beagnach 300 bliain tar éis é a bheith curtha ar ceal, thogh pobal na hAlban parlaimint na tíre a thabhairt le chéile arís, de réir Rialtais na Breataine, faoin Acht Alban 1998. Tugadh cumhachtaí do Pharlaimint na hAlban an tír a riarú i ngnéithe a bhaineann le hAlban amháin, agus níl ach cumhachtaí teoranta aige le cáin a ardú.

Scotland (Béarla/a Bhéarla Gallda)
Alba (Gaeilge na hAlban)
An Sáltair (nó Crois Naoimh Aindriais), bratach náisiúnta na hAlban Íomhá:Scottish royal coat of arms.png
(Bratach) (Armas)
Mana Ríoga: Nemo me impune lacessit
(Laidin: Ní spreagann aon duine mé gan díol as)

Suíomh na hAlban san Ríocht Aontaithe
Teangacha oifigiúla Béarla (de facto), Gaeilge na hAlban (Gàidhlig), a'Bhéarla Gallda(Scots)
Príomhchathair Dún Éideann
Príomh-Aire Jack McConnell MSP
Achar
 - Total
 - % uisce
áirithe sa dara háit sa RA
78,782 km²
1.9%
Daonra
 - San iomlán (2001)
 - Dlús
áirithe sa dara háit sa RA
5,062,011
64/km²
Curtha ar bun Cionnaich Mac Ailpín, 843
Airgeadra Punt steirlinn (£) (GBP)
Crios Ama WET (UTC; UTC+1 sa samhradh)
Amhrán náisiúnta Flower of Scotland (de facto)¹
TLD idirlín .uk
Cód glaoigh +44
Réimír glaoigh idirnáisiúnta 00

(1) Go dtí seo, ní aithníonn Alba aon amhrán náisiúnta oifigiúil amháin. I gcaitheamh na blianta, sheas amhráin tírgrácha éagsúla mar amhrán náisiúnta, ina measc Flower of Scotland, Scotland the Brave agus Scots Wha Hae. Sna 1990í, chuir ceann de phríomhnuachtáin táblóideacha suirbhé ar bun le cinniúnt ar cén amhrán ar choir a cheapadh mar amhrán náisiúnta. Bhuaigh Flower of Scotland, agus baintear feidhm as anois mar amhrán náisiúnta de facto ar chruinnithe idirnáisiúnta spóirt, cé go bhfuil daoine ann a déarfadh nach bhfuil aon tús áite aige ar na hamhráin eile.

Ceann Stáit

Síolraíonn Banríon Eilís II na Ríochta Aontaithe, Ceann Stáit na Ríochta Aontaithe, ó Rí Séamus VI na hAlban, an céad monarc Albanach ar Rí freisin ar Shasana é (Rí Séamus I Shasana ó 1603) ar aghaidh. Cé go bhfuil roinnt conspóide fós imeasc pobal na hAlban faoin dteideal a ghlac sí ag a corónú (measann go leor in Albain gur chóir di, go loighiciúil, Eilís I a thabhairt uirthi féin) thug cúirteanna na hAlban ceart do Eilís II mar theideal oifigiúil. Deir sí go leanfaidh monairc an traidisiún oird idirnáisiúnta sna todhchaí, a thugann an riail, nuair a bhíonn monarc i réimeas i níos mó ná críoch spleách amháin (nó i gcríocha neamhspleácha a aontaíonn le monarc amháin) agus ina bhfuil malairt in uimhir na monarc leis an ainm céannna iontu, go núsáidfear an uimhir is airde in aon cheann acu sna críocha go léir. (San aimsir atá thart, bhí ríthe Albanacha-Sasanacha mar Shéamus VI/I agus Shéamus VII/II i réimeas thar ríochtaí ar leith de réir dlí, agus mar sin d'úsáid siad an dá uimhir.)

Tíreolaíocht

Is ar thuaisceart oileáin na Breataine atá Alba; thar teorainn ó dheas uaidh tá Sasana. Tá cuid de mhórthír na Breataine inti, maraon le roinnt grúpaí oileán, ar nós Seilteann, Arcaibh agus na hOileáin Thiar. Trí rann tíreolaíochta agus clocheolaíochta atá ar an mórthír: aduaidh aneas, is iad seo Garbhchríocha na hAlban atá sléibhteach don chuid is mó, an Crios Láirneach nó an Ghalltacht Meánach, atá íseal go maith, agus Árdáin an Deiscirt atá cnocach. Is sa Chrios Láirneach a mhaireann formór na ndaoine, agus is ann atá trí chinn de na sé caithreacha atá sa tír Dún Éideann, Glaschú, Sruighlea, maraon le go leor bailte móra eile. Tá an chuid is mó d'fhuíoll an daonra in Ísiltír an Oirthuaiscirt, mar a bhfuil dhá cheann eile de na caithreacha sin, Obar Deathain agus Dún Deagh. Fágann sin Inbhear Nis, atá san áit a bhuaileann Abhainn Nis le Moray Firth, ar an scoilt idir Árdáin an Iarthuaiscirt agus na Cairn Gorma.

Roinntear Alba i gcontaetha traidisiúnta, ach in 1889, nuair a cuireadh na comharlaithe contae ar bun, cuireadh beagán atheagair orthu mar go raibh cuid díobh i mórán codanna, nó fiú ina smidiríní.

Clocheolaíocht

Gluaiseacht na bplátaí teicteonacha

Nuair a bhí vulcánachas go beo in Labhaidh Thoir, 350 milliún bhliain ó shin, bhí na carraigeacha ar a bhfuil Alba an lae inniu gar don Meánchiorcal, agus ba chuid d'ollchríoch Pangaea a bhí tar éis teacht le chéile, .i. lean na plátaí mór-roinneacha a bhí i Pangaea ag teacht le chéile, agus tharla bualadh mór le mór-roinn Gonduana.

Níor tháinig codanna thuaidh agus theas oileáin na Breataine le chéile ach 76 miliúin bliain roimh thosú an vulcánachas in Oirthear Labhaidh. Roimhe sin, bhí Albain ar imeall mór-roinne Laurentia, ina raibh Meiriceá Thuaidh agus an Ghraonlainn freisin. Bhí Sasana agus an Bhreatain Bheag timpeall 40° níos sia ó dheas, gar don Afraic agus do Mheiriceá Theas i mór roinn Gonduana. Go luath sa tréimhse Ordaivíseach, timpeall 475 miliún bliain ó shoin, dhruid Sasana agus an Bhreatain Bheag, a bhí ar phláta Avalonia, amach ó Ghonduana agus chuadar ó thuaidh i dtreo Laurentia. Thosaigh Aigéan Iapetus, a bhí idir an dá chríoch, ag dúnadh. Faoi lár an Ré Siliúraigh, timpeall 420 miliún bliain ó shin, bhí ceangal ag a imeall ar fad Snaidhme Iapetus, a leanann line a ghluaiseann soir-siar ó Chaolas Solway go Northumberland go garbh.

Nuair a thosaigh an ré vulcánach níos déanaí, timpeall 270 bliain ó shin, ba chuid de Pangaea Albain fós, ach bhí sí i ndiaidh druideadh ó thuaidh. Bhí Labhaidh Thoir timpeall 8° ó thuaidh. Lean Pangaea ag teacht le chéile, ionnus go raibh an aigéan is gaire, Aigéan Tethys, idir an Eóráise agus an Afraic.

Féach Cuntas ar theicteonacht.

Teanga

Labhraíonn an daonra iomlán, nach mór, Béarla, cé go labhraíonn go leor foirmeacha agus canúintí éagsúla d'Albainis (Scots) a bhfuil an-difríocht aige le gnáth-Bhéarla caighdeánach na hAlban. Baineann timpeall 2% den daonra feidhm as Gaeilge na hAlban nó "Gàidhlig" i ngnáthchúrsaí an lae, go príomha i gceantair i dtuaisceart agus in iarthar na tíre. Tá Béarla maith ag na Gaeilgeoirí seo ar fad.

Faoin am ar tháinig Séamus VI na hAlban i gcoróin i Sasana, ba í an Albainis, ar a dtugtar "Scots" nó "Lallans" freisin as Béarla (ón bhfocal Lowlands, machairí), a labhair seanchúirt agus seanpharlaimint na hAlban. B'as seanteanga Anglacach a labhraítí i sean-ríocht Bernicia i Northumbria, a ghabh an ríocht Briotánach Gododdin sa 6ú aois, agus a d'athraigh ainm a phríomháitrimh ó "Dún Éideann" na Gaeilge go "Edinburgh", a tháinig an "Scots" seo.

Stair

Ba é Coinneach Mac Ailpín ar dtús a d'aontaigh ríocht na nGael agus na gCruithneach in Albain, nuair a thóg sé coróin na gCruithneach in 843 AD. Go stariúil, ó aimsir Dáibhí I na hAlban (i bhí i réim 11241153) ar a laghad, bhí scoilt cultúrtha le sonrú in Albain - Ísiltír na hAlban, arbh í Albainis, agus níos déanaí an Béarla, a príomhtheanga, agus Garbhchríocha na hAlban arbh í a príomhtheanga Gaeilge na hAlban. Chuir sé seo scoilt sa tír, agus sa stair ba mhó faoi thionchair Shasana a bhí an Ísiltír: bhí an Ísiltír níos oscailte do airm a d’ionsódh í ón deisceart, agus ghlac siad níos mó de thionchar Shasana mar gheall ar chomh gar a bhíodar agus méid a gcuid gnó le Sasana.

Ba ghnéith ar leith in Albain córas na gclann. Imeasc na gclann cáiliúla tá Clann Mhic Ghríogóir (MacGregor), Clann Mhic Dhónaill (MacDonald, Clann Mhic Cionnaith (MacKenzie), Clann Mhic Aoidh (MacKay), Clann Mhic Leoid (MacLeod), Clann Mhic Roibeard (Robertson) agus Clann Chambeul (Campbell).

Sa ré stairiúil, ghlac Ísiltír na hAlban sórt córais feodach tar éis Ghabháltais na Normanach i Sasana, agus b'as clanna de bhunadh Normanach a shíolraigh formhór na monarc tar éis circa 1100 AD. I measc na gclann seo bhí Clann Stíobhard, Clann Brús, Clann Dubhghlas, Clann Porteous, agus Clann Muirí. Le linn Chogaidh na Saoirse in Albain (timpeall 1290 - 1363) d'éirigh muintir na hAlban amach i gcoinne riail Shasana, don chéad uair, faoi cheannas an ridire William Wallace, agus níos déanaí, faoi cheannas Robert the Bruce. Chloígh Bruce na Sasanaigh ag Cath Bannockburn i 1314.

In 1603 fuair Rí Séamus VI na hAlban coróin Shasana óna dhúchas, agus ceapadh mar Rí Séamus I Shasana é. Dhruid Séamus go Londain agus níor fhill sé ar Albain ach aon uair amháin. In 1707 shínigh Parlaimintí na hAlban agus Shasana Conradh Aontais. Leis an gconradh a chur i bhfeidhm, bhí parlaimintí Shasana agus na hAlban le dúnadh, agus a gcumhachtaí go léir le naistriú go dtí Parlaimint nua i Londain, a bheadh ansin mar Pharlaimint ar an Ríocht Aontaithe. Cuireadh aontas custaim agus airgeadra ar bun, freisin.

Lean an scéal mar seo go Bealtaine 1999 nuair a ghnóthaigh Albain parlaimint nua. Cé go raibh stadas parlaiminte náisiúnta ar thír neamhspleách ag sean-pharlaimint na hAlban, níl riar ag an bparlaimint nua ach i gcúrsaí intíre, mar go gcoinníonn Parlaimint na Ríochta Aontaithe freagracht ar chosaint, cúrsaí idirnáisiúnta agus cursaí áirithe eile in Albain.

Alba an lae inniu

Tá 32 roinn riarachána in Albain. I gcaint na ndaoine, cuirtear síos fós ar 33 chontaetha traidisiúnta. Tá sé chathair in Albain go hoifigiúil, agus ón gceann is mó anuas, is iad sin:

Bealaí Uisce in Albain:

Cultúr

Tá cultúr cathartha ar leith ag Albain seachas an chuid eile den mBreatain. Tagann cuid de ó dhifríochtaí a fhanann mar gheall ar mhíreanna san Acht Aontais, agus cuid eile ar éasca iad a athaint, ach nach éasca cur síos orthu.

Dlí na hAlban

Coinníonn Albain a córas dleathach ar leith, bunaithe ar an dlí Rómhánach, agus ina bhfuil gnéithe den dlí síbhialta agus den dlí comónta le sonrú. Tá sé scríofa i dtéarmaí an aontais le Sasana go gcoinnifí córais dleathacha ar leith. Baintear feidhm as abhcóidí, ar a dtugtar "advocates", agus bíonn na breithimh céanna i gcásanna síbhialta agus i gcásanna coiriúla.

Oideachas in Albain

Tá córas oideachais dá cuid féin ag Alba freisin. Leag Acht an Aontachais síos cearta na nOllscoil Albanacha, ach, níos tábhachtaí fós, ba í Albain an chéad tír ó Sparta sa Ghréig chlaisiceach a chuir córas oideachais poiblí ginearálta i bhfeidhm. Thosaigh sé seo leis an Acht Oideachais i 1696, agus bhí sé riachtanach do leanaí ó cuireadh Acht Oideachais 1872 i bhfeidhm. Mar bharr air sin, ar feadh dhá chéad bliain, bhí céatadán níos airde de dhaonra na hAlban tar éis oideachas a fháil ag leibhéil bunscoile, meánscoile agus tríú leibhéal ná in aon tír eile san Eoraip. Thaispeáin na difríochtaí oideachais seo iad féin ina lán bealaí, ach go háirithe in uimhir na nAlbanach a ghlac ceannas ina gcuid réimsí le linn na 18ú agus an 19ú aoiseanna.

Tógann daltaí scoile na hAlban scrúdaithe Higher seachas A-Levels Shasana. Chomh maith leis sin tógann céim onóracha in ollscoil Albanach ceithre bhliain, seachas trí bliana sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Tá na córais ollscoile i gcuid de thíortha Chomhlathais na Náisiún (ar a dtugtaí Comhlathas na Breataine cheana) bunaithe níos mó ar chóras na hAlban seachas mar atá ar cheann Shasana.

Bancaeracht

Tá gnéithe ar leith i gcóras bancaerachta na hAlban, freisin. Cé gur é Banc Shasana banc ceannais Rialtais na Ríochta Aontaithe, eisíonn trí bhanc chorporach Albanach nótaí bainc: (Bank of Scotland, Royal Bank of Scotland agus Clydesdale Bank). Níl stadas dlíthairisceana i Sasana, sa Bhreatain Bheag ná i dTuaisceart Éireann acusan (cé go n-úsáidtear timpeall na Breataine iad, go háirithe i dTuaisceart Éireann, mar a eisíonn bainc na hÉireann a gcuid nótaí bainc féin freisin). In Albain, níl stadas dlíthairisceana ag na nótaí seo ná ag nótaí Bhainc Shasana, mar nach bhfuil cur síos aír i ndlí na hAlban, ach glactar go forleathan le nótaí na gceithre mbanc.

Le plé níos faide, fch. Legal Tender

Thosaigh córas bancaerachta craoibh an lae inniu, (ina gcoinníonn bainc gréasán craobh ar fud na tíre, seachas lár-oifig nó dhó) in Albain. Ní ach brú polaitiúil láidir i rith an 19ú aois a chosc an córas bancaerachta láidir a bhí dá bharr ó seilbh a thógáil ar chóras bancaerachta Shasana. Cé nach raibh fáilte roimh bancanna na hAlban ag an am, deineadh aithris ar a modhanna gnó go forleathan, ag tosú i Sasana agus ansin ar fud an domhain.

Spóirt

Tá an chuid eagrais spóirt náisiúnta sa tír, ar nós Conradh Peile na hAlban (Scottish Football League), nó Aontas Rugbaí na hAlban (SRU). Tugann sé seo toscaireacht neamhspleách don tír ag go leor imeachtaí idirnáisiúnta spóirt, m.sh. sacar i gCorn Peile an Domhain. Ní féidir le hAlbain dul i gcomórtas sna Cluichí Oilimpeacha go neamhspleách, ámh, agus más mian le haclaithe na hAlban páirt a ghlacadh, bíonn orthu sin a dhéanamh mar pháirt de fhoireann na Ríochta Aontaithe. Cuireann an tír foireann chuig Cluichí an Chomhlathais, ámh.

Na meáin chumarsáide

Tá meáin chumarsáide ar leith in Albain seachas mar atá sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Mar shampla, táirgeann sí páipéirí nuachta ar nós The Daily Record (príomh nuachtán pháipéir-cúng na hAlban) agus an dá phríomh nuachtán pháipéir-leathain, The Herald bunaithe i nGlaschú, agus The Scotsman i nDún Éideann. D’athraigh The Herald a ainm ó Glasgow Herald, chun aitheantas a fháil mar pháipéar náisiúnta seachas mar cheann réigiúnda. Imeasc páipéirí an Domhnaigh, tá an tablóideach Sunday Mail (foilsithe ag an Daily Record) agus an Sunday Post, agus tá ceangal ag an Sunday Herald le The Herald agus ag Scotland on Sunday le The Scotsman. Tá páipéirí laethúla réigiúnda ann freisin, mar The Courier and Advertiser i nDún Deagh san oirthear, agus The Press and Journal a chlúdaíonn Obar Deathain agus tuaisceart na tíre.

Tá a cuid seirbhísí BBC féin ag Alba, mar shampla na stáisiúin náisiúnta raidió, BBC Radio Scotland agus an tseirbhís i nGaeilge na hAlban, BBC Radio nan Gaidheal. Tá roinnt mhaith stáisiún raidió BBC agus neamhspleácha freisin ar fud na tíre. Maraon leis an raidió, cuireann BBC Scotland dhá sheirbhís teilifíse ar fáil. Táirgítear cuid mhaith de chraoltacháin an BBC Scotland Television do phobal na hAlban, ar nós cláracha nuachta agus gnóthaí reatha, agus an opera galúnaigh bunaithe i nGlaschú, River City, ach táirgítear cinn eile, ar nós drámaí agus cláracha grinn, do lucht féachana ar fud na Ríochta Aontaithe, agus níos faide i gcéin. Tá difríocht freisin i gclúdach ar spóirt, mar go bhfuil a lígeanna sacair féin ag an tír, seachas cinn Shasana.

Tá trí stáisiún teilifíse neamhspleácha ag craoladh in Albain, (Scottish Television, Grampian Television agus Border Television) freisin. Cé go rabhadar neamhspleách cheana, is leis an gcomhlucht chéanna (The Scottish Media Group) anois Scottish TV agus Grampian, agus is beag na difríochtaí eadarthu. Tá an scéal níos casta ag "Border", mar go gcaitheann sé seirbhís a thabhairt do áiteanna thar teorann i Sasana, chomh maith le hOileán Mhanann, agus tá seirbhísí nuachta ar leith anois aige don dá thaobh den teorann. Tá an chuid is mó de na craoltacháin neamhspleácha mar an gcéanna leo siúd i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart Éireann, lasmuigh de nuacht agus cúrsaí reatha, spóirt, agus cláracha cultúrtha agus i nGaeilge na hAlban.

Gnéithe eile de chultúr na hAlban

Tá mothú cine agus náisiúin dá cuid féin ag Alba. Taispeánann taighde léannta gach uair go mbraitheann muintir na hAlban gur Albanaigh iad (b'fhéidir gur deise an Béarla anseo!), fiú muna dteastaíonn uathu i gcónaí go ndéanfaí tír agus náisiún lán-neamhspleách di.

Tá réimse teangacha agus canúintí dá cuid féin ag Albain, freisin, rud a thugann an chiall do mhuintir na hAlban gur náisiún iontu féin iad. Féach Albainis.

Creideamh

Tá feidhmeanna eaglais náisiúnta ag Eaglais na hAlban (ar a dtugtar The Kirk go minic). Seachas mar atá in Eaglais Shasana, tá foirm Preisbitéarach riaracháin aici, nach bhfuil faoi smacht an stáit. Tagann sé seo ón gcaoi ar tháinig an tAthleasú Creidimh go hAlbain, gluaiseacht a thosaigh John Knox i 1560. Ba imeasc na ngnáthdhaoine don chuid is mó a tháinig Athrú Creidimh na hAlban ar an saol, agus roghnaigh muintir na hAlban an Preisbitéarachas mar mhodh riartha ar a n-eaglais. Níorbh amhlaidh i Sasana, áit ar chuir Rí Annraoi VIII Shasana Athrú Creidimh Shasana ar bun é féin, agus inar roghnaigh sé modh riaracháin a bhí ag brath ar easpaig, modh a leanann fós in Eaglais Shasana.

Tá roinnt eaglaisí Chríostaíocha eile in Albain, ina measc an Chaitliceachas Rómhánach, a tháinig ar ais ar an saol trí inimirce tar éis do Phrotastúnaigh é a chuir faoi chois go trom ón 16ú aois go dtí go déanach san 18ú aois. Is í anois an chreideamh is mó í lasmuigh den Kirk. Chomh maith leis an Kirk tá eaglaisí éagsúla Protastúnacha in Albain, ina measc Eaglais Easpagrach Albain, ar lán-ball de Comaoine an Anglacánachais í, agus Saor-Eaglais na hAlban, eaglais Phreisbitéarach a tháinig ar an saol i scoilt ó Eaglais na hAlban, agus a dtugtar na Wee Frees ar a bhaill.

Is é an tIoslámachas an creideamh neamh-Chríostaíoch is mó in Albain, ach ní mórán daoine atá i gceist.

Tá sean-chleachtadh ag cuid mhaith d'Albain ar thriobhóidí idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh, go háirithe mórthimpeall Ghlaschú. Tá sé seo le sonrú le fada go háirithe i bhfostaíocht agus i gcúrsaí sacair. Tá laghdú mór ar a leithéid de sheicteachas in Albain seachas mar a bhí blianta ó shoin, ach tá a rian le sonrú roinnt éigin fós.

Uimhreacha ar Chreideamh ó Cheannáireamh 2001 in Albain:
Creideamh Céatadán den Daonra
Eaglais na hAlban 42%
Caitlicigh Rómhánacha 16%
Críostaígh eile 7%
Ioslámaigh 0.8%
Búdaigh 0.1%
Sícigh 0.1%
Giúdaigh 0.1%
Hindúigh 0.1%
Creidimh eile 0.5%
Gan aon chreideamh 28%
Gan freagra 5%

Polaitíocht

Ar feadh achair fada, bhí polaitíocht na Ríochta Aontaithe le sonrú i bpolataíobht na hAlban, ach le roinnt difríochtaí. Mar shampla, seachas na bpáirtithe atá ar fud na Ríocht Aontaithe, (Páirtí an Lucht Oibre (RA), an Páirtí Caomhnaitheach (RA) agus na Daonlathaigh Liobrálacha (RA)) tá páirtithe atá ar bun in Albain amháin. Ina measc, tá Páirtí Náisiúnta na hAlban (SNP), Páirtí Sóisíalach na hAlban (SSP) agus Páirtí Glas na hAlban. Tá níos mó brí san páirtithe seo a cuireadh Parlaimint na hAlban ar bun i 1998.

Tá baint tar éis a bheith ag difríochtaí traidisiúnta idir an eite chlé agus an eite dheas le cur is cúiteamh ar an bhféinrial, rud a thug na páirtithe atá ar fud na Breataine roinnt tacaíochta dó thar am, cé gur tháinig athrú meonach ar na Caomhánaigh agus ar Lucht Oibre níos mó ná uair amháin. Ach le devolution tar éis tárlúint cheana féin, is idir iad siúd a thacaíonn le neamhspleáchas na hAlban agus iad siúd a chuireann ina choinne a bhaineann an príomh aragóint bunreachtúil. De réir mar atá an scéal ag titim amach, de réir State of the Nation Poll 2004, ba mhaith le 66% d’Albanaigh níos mó cumhachta a bheith ag Parlaimint na hAlban, agus níor mhaith ach le 2% na cumhachtaí a bheith arís faoi Westminster.

Geilleagar na hAlban

Tá go leor roinnte i ngeilleagar na hAlban. Tá tábhacht i gcónaí ag ola, cé gur imigh innealtóireacht éadrom agus longchéartain i léig le blianta beaga anuas, agus tá an roinn seirbhíse, go háraithe an gnó airgeadais agus ceantair glaoigh, níos tábhachtaí anois. Tá obair faoin tuath, ar nós iascaireacht agus talmhaíocht tábhachtach i gcónaí, cé go bhfuil fás i nGleann Sileacan na tíre le táirgeadh ríomhairí agus fóin phóca. Tá tábhacht fós le táirgeadh uisce beatha, mar atá le gnó na turasóireachta.

Naisc sheachtracha