An difríocht idir athruithe ar: "Breandán Ó hEithir"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Líne 48: Líne 48:
== Naisc sheachtracha ==
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.webcitation.org/query?id=1256577584957844&url=www.geocities.com/Athens/8308/oheithir.html Beathaisnéis - Breandán Ó hEithir (ga/de/sv)]
* [http://www.webcitation.org/query?id=1256577584957844&url=www.geocities.com/Athens/8308/oheithir.html Beathaisnéis - Breandán Ó hEithir (ga/de/sv)]

{{Daoine Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ}}


[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|Eithir, Breandán O h]]
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|Eithir, Breandán O h]]

Leagan ó 16:26, 14 Deireadh Fómhair 2018

Breandán Ó hEithir

B’údar, craoltóir, iriseoir agus scriptscríbhneoir é Breandán Ó hEithir (18 Eanáir 193026 Deireadh Fómhair 1990).

A óige

Rugadh é ar an 18 Eanáir 1930 i mBóthar na Trá. Is in Inis Mór ar Oileáin Árann a tógadh é, áit a raibh a thuismitheoirí, Delia (Bríd) Ní Fhlatharta agus Pádraig Ó hEithir, ina mbunmhúinteoirí. Ba dheirfiúr leis an scríbhneoir clúiteach Liam Ó Flaithearta í a mháthair. D’fhreastail sé ar scoil náisiúnta Chill Rónáin. Is i gColáiste Éinde i nGaillimh a fuair sé a chuid meánoideachais, a bhí ar cheann de na Coláistí Oiliúna múinteoireachta ag an am. Ní raibh suim aige i mbun-mhúinteoireacht. D’éirigh leis scoláireacht Ollscoile a fháil.

Is cúrsa BA a shocraigh sé a dhéanamh in gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Gaeilge, Béarla, Stair agus Fealsúnacht, na hábhair a roghnaigh sé. D’éirigh sé as an nGaeilge tar éis na chéad bhliana, óir bhí sí leadránach agus leisce air staidéar a dhéanamh ar an tSean-Ghaeilge. Ní dhearna sé scrúdú na céime. Tá sé ráite gur ghoill sé air ina dhiaidh sin nár chríochnaigh sé a chéim. B’fhéidir go raibh an saol sóisialta a bhí i gCathair na Gaillimhe ag an am rómhaith.

A shaol oibre

Fuair sé post i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge i 1952 mar thimire leabhar, ag taisteal na tíre ag díol leabhair an Chlub Leabhar i scoileanna agus i siopaí. Bhris bord na Comhdhála as a phost é i 1954, mar gheall ar thimpiste a bheith aige le veain na Comhdhála. Chaith sé dhá bhliain ag obair ina eagarthóir leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Gaeilge, Sáirséal agus Dill.

Thosaigh sé ag scríobh don iris Comhar i 1956. Bhíodh alt míosúil aige ann faoin ainm cleite Conchubhar. Chaith sé tréimhsí ina eagarthóir ar an iris freisin sna seascaidí.

Ceapadh ina eagarthóir Gaeilge ar Scéala Éireann é in Eanáir na bliana 1957. Bhí colún rialta, Tús a’ Phota, aige gach seachtain sa Sunday Press, chomh maith le heagarthóireacht a dhéanamh ar ailt a bhíodh á scríobh ag scríbhneoirí eile san Irish Press agus san Evening Press. Is i Scéala Éireann a d’fhoghlaim Breandán a cheird mar iriseoir. B’iriseoir é i nGaeilge agus i mBéarla.

Thosaigh Breandán a shaol craoltóireachta le Raidió Éireann sna caogaidí, timpeall an ama chéanna ar thosaigh sé ag obair le Scéala Éireann. Bhíodh clár aige féin agus Donncha Ó Laoire do scoileanna dar teideal Ar Fud na Tíre, ag cur agallaimh ar dhaltaí. Bhíodh Breandán freisin ag craoladh píosaí cainte ar an gclár raidió, Aeriris, a chuir Proinsias Mac Aonghusa i láthair.

Phós Breandán Catherine Von Hildebrand i mí Lúnasa 1957. Cé gur i bPáras a rugadh Catherine, b’as Sligeach a máthair agus as an nGearmáin a hathair. Tháinig sí go Baile Átha Cliath as an gColóim le céim a dhéanamh níos luaithe an bhliain sin, nuair a casadh Breandán uirthi. Bhí cúigear clainne orthu, ceathrar mac agus iníon.

D’fhan Breandán ina phost le Scéala Éireann go dtí go ndeachaigh sé chun na hIar-Ghearmáine i 1963 ar feadh bliain go leith. Anseo luigh sé leis an scríbhneoireacht, idir iriseoireacht agus obair chruthaitheach, chomh maith le bheith ag foghlaim Gearmáinise.

Nuair a d’fhill Breandán ar Éirinn ag deireadh na bliana 1964, ní raibh aon phost buan aige. Ach, ní raibh sé díomhaoin. Thosaigh sé ar cholún rialta seachtainiúil a scríobh don Irish Times agus é sa Ghearmáin. D’fhill sé mar eagarthóir ar Comhar. Chuir sé i láthair clár nua faisnéise raidió, Coicíosán, agus thosaigh sé ag craoladh an seanchlár, Ar Fud na Tíre, faoi ainm nua, Mol an Óige. Bhí sé ag obair ar an gclár nua teilifíse seachtainiúil Féach ó 1967, i dteannta leithéidí Phroinsias Mhic Aonghusa agus Éamoinn Uí Mhuirí agus na léiritheoirí Eoghan Harris agus Seán Ó Mórdha. Bhíodh timpeall 600,000 ag breathnú air agus é i mbarr a réime, a bhuíochas sin cuid mhór do Bhreandáin. Fostaíodh ar conradh le RTÉ é i 1968.

Scriptscríbhneoir a bhí ann. I measc na scripteanna a scríobh sé, bhí Fear Bhaile Átha Cliath, faoi Phádraig Mac Piarais, There Goes Cré na Cille, ar Mháirtín Ó Cadhain, agus Flight from the Snipe Grass, faoi bhánú na tuaithe i gContae Mhaigh Eo sna caogaidí.

Saothair

Scríobh sé leabhair i nGaeilge agus i mBéarla. Foilsíodh a chéad úrscéal, Lig Sinn i gCathú, i 1976. Fuair sé ardmholadh ó na léirmheastóirí agus bhí an-díol air. Tá an t-úrscéal lonnaithe i mBaile an Chaisil le linn dheireadh seachtaine fhorógra na Poblachta sa mbliain 1949. Fuair sé duais Oireachtais agus Gradam an Oireachtais mar gheall ar ard-chaighdeán na scríbhneoireachta inti. Ní bhfuair an dara húrscéal a scríobh sé, Sionnach ar mo Dhuán (1988), an oiread céanna moladh ó na léirmheastóirí. Ghoill cuid de na léirmheasanna seo air, cuid acu a scríobh go raibh an leabhar rógháirsiúil. Bhain leabhar eile leis Over the Bar (1984), faoi Chumann Lúthchleas Gael, an-cháil amach. Scríobh sé timpeall dosaen leabhar ar fad.

In Aibreán 1983, d’fhág Breandán RTÉ le cloí lena chuid scríbhneoireachta. Bhí leabhar in aghaidh na bliana ag teacht óna pheann. Bhíodh sé ag caitheamh sealanna i bPáras, áit a raibh suaimhneas aige ag scríobh agus ag dul ar thurais in áiteanna eile ar fud na cruinne.

I bPáras a buaileadh tinn faoi dheireadh é i bFómhar na bliana 1990. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath agus chuir a dhochtúir isteach in Ospidéal Naomh Uinseann é. Fuair sé bás ansin le hailse ar an 26 Deireadh Fómhair 1990.

Liosta leabhar

  • Thar Ghealchathair Soir (1973)
  • Lig Sinn i gCathú (1976)
  • Willie the Plain Pint agus An Papa (1977)
  • Lead Us Into Temptation (1978)
  • Over the Bar (1984)
  • Ciarán Fitzgerald agus Foireann Rugbaí na hÉireann (1985)
  • A Begrudger's Guide to Irish Politics (1985)
  • This is Ireland (1987)
  • Sionnach ar mo Dhuán (1988)
  • An Nollaig Thiar (1989)
  • A Pocket History of Ireland (1989)
  • An Chaint sa tSráidbhaile (1991)
  • An Aran Reader (1991)

Naisc sheachtracha