An difríocht idir athruithe ar: "An Chorsaicis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 10: Líne 10:
]]
]]


Is [[Teangacha Rómánsacha|teanga Rómánsach]] í '''an Chorsaicis.''' Tugtar ''Lingua'' ''Corsa nó Corsu (fuaimniú:[ˈkɔrt͡su] nó [ˈkorsu])'' uirthi sa teanga féin. Tá dlúthghaol ag an gCorsaicis leis an [[An Iodáilis|Iodáilis]]. Labhraítear an teanga sa [[An Chorsaic|Chorsaic]] ([[An Fhrainc]]) agus sa [[An tSairdín|tSairdín]] (An [[An Iodáil|Iodáil]]). Ta breis is 31,000 cainteoirí dúchasacha ag an teanga. Úsáidtear an [[Aibítir Laidineach|aibitír Laidineach]] sa teanga.
Is [[Teangacha Rómánsacha|teanga Rómánsach]] í '''an Chorsaicis.''' Tugtar ''Lingua'' ''Corsa nó Corsu (fuaimniú:[ˈkɔrt͡su] nó [ˈkorsu])'' uirthi sa teanga féin. Tá dlúthghaol ag an gCorsaicis leis an [[An Iodáilis|Iodáilis]]. Labhraítear an teanga sa [[An Chorsaic|Chorsaic]] ([[An Fhrainc]]) agus sa [[An tSairdín|tSairdín]] (An [[An Iodáil|Iodáil]]). Ta breis is 31,000 cainteoirí dúchasacha ag an teanga sa Chorsaic féin, ach is féidir dearcadh ar chanúintí Thuaisceart na Sairdíne, an teanga ''Gallurese'' agus an teanga ''Sassarese'' mar chanúintí de chuid na Corsaicise, agus na canúintí seo á labhairt ag breis is céad míle duine ar fad. Úsáidtear an [[Aibítir Laidineach|aibitír Laidineach]] sa teanga.


== Canúintí ==
== Canúintí ==

Leagan ó 13:11, 13 Deireadh Fómhair 2018

Teimpléad:Teanga

Canúintí na Corsaicise

Is teanga Rómánsach í an Chorsaicis. Tugtar Lingua Corsa nó Corsu (fuaimniú:[ˈkɔrt͡su] nó [ˈkorsu]) uirthi sa teanga féin. Tá dlúthghaol ag an gCorsaicis leis an Iodáilis. Labhraítear an teanga sa Chorsaic (An Fhrainc) agus sa tSairdín (An Iodáil). Ta breis is 31,000 cainteoirí dúchasacha ag an teanga sa Chorsaic féin, ach is féidir dearcadh ar chanúintí Thuaisceart na Sairdíne, an teanga Gallurese agus an teanga Sassarese mar chanúintí de chuid na Corsaicise, agus na canúintí seo á labhairt ag breis is céad míle duine ar fad. Úsáidtear an aibitír Laidineach sa teanga.

Canúintí

An Chorsaic

Tá dhá chanúint mhór ag an gCorsaicis sa Chorsaic. Labhraítear SupranacciuCismuntincu i dtuaisceart an oileáin agus labhraítear SuttanacciuPumuntincu i ndeisceart an oileán. Meastar gur idirchanúint í canúint Ajaccio.

Tá canúint an tuaiscirt níos cosúla leis an Iodáilis atá á labhairt sa Tuscáin. Tá canúint an deiscirt níos cosúla leis an tSicilis nó an tSairdínis.

An Chorsaicis i gComparáid leis an bhFraincis agus an Iodáilis

An Chorsaicis An Fhraincis An Iodáilis An Ghaeilge
Benvinuta Bienvenue Benvenuto Fáilte
Mi chjamu... Je m'appelle... Mi chiamo... ...is ainm dom
Parlate Irlandese? Parlez-vous Irlandais? Parla Irlandese? An bhfuil Gaeilge agat?
Scusatemi Excusez-moi Mi scusi Gabh mo leithscéal
Bonghjornu  Bonjour Buongiorno Dia duit
Grazie Merci Grazie Go raibh maith agat

Mar theanga Rómánsach, tá go leor cosúlachtaí idir an Chorsaicis agus na teangacha Romansacha eile, go hairithe an Iodáilis. Go stairiúil, chreidtí gur canúint de chuid na hiodáilise í an Chorsaicis. Sa lá atá inniú, tá an teanga scríofa an-chosúil leis an Iodáilis ach tá an teanga labhartha beagáinín difriúil. Deirtear go bhfuil an dá theanga intuigthe ag cainteoirí a chéile.

Chomh maith, úsáidtear cúpla "litir" ar leith sa Chorsaicis: chjghj agus sg.

Polasaí an rialtais

Ar leibhéal na bunscoile, múintear an teanga ar feadh trí uaire in aghaidh na seachaine, ach is ábhar roghnach í ar leibhéal na hiarbhunscoile.[1]Tá sí riachtanach áfach acu siúd a thagann go hOllscoil na Corsaice le léann a fhoghlaim. Is ceadmhach an teanga a úsáid leis na húdaráis agus leis na cúirteanna, agus í le feiceáil ar na comharthaí poiblí chomh maith.

Tagairtí