An difríocht idir athruithe ar: "Leabhar na hUidhre"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 28: Líne 28:
* ''[[Fled Bricrenn]]'' (''Fleadh Bhricne''), neamhiomlán, le sraithe curtha isteach ag '''H'''
* ''[[Fled Bricrenn]]'' (''Fleadh Bhricne''), neamhiomlán, le sraithe curtha isteach ag '''H'''
* ''[[Siaburchapat Con Culaind]]'' (''Carbad Siabhrach Chú Chulainn''), scéal [[Naoimh Phádraig]], a athbheonn Cú Chulainn chun Críostaí a dhéanamh den rí [[Lóegaire mac Néill]], le sraithe curtha isteach ag '''H'''
* ''[[Siaburchapat Con Culaind]]'' (''Carbad Siabhrach Chú Chulainn''), scéal [[Naoimh Phádraig]], a athbheonn Cú Chulainn chun Críostaí a dhéanamh den rí [[Lóegaire mac Néill]], le sraithe curtha isteach ag '''H'''
* ''Fástini Airt meic Cuind ocus a chretem'' (''Fáistine Art Mac Cuinn agus a chreideamh''), ina deirtear gur thuar an rí 2ú-haoise [[Art Mac Cuinn]] teacht an Chríostaíocht
* ''[[Fástini Airt meic Cuind ocus a chretem]]'' (''Fáistine Art Mac Cuinn agus a chreideamh''), ina deirtear gur thuar an rí 2ú-haoise [[Art Mac Cuinn]] teacht an Chríostaíocht
* ''[[Echtra Condla Chaim meic Cuind Chetchathaig]]'' (''Eachtra Chonnla , mac Chonn Chéadchathaigh''), in which the [[Connla ]] is lured to the otherworld by a fairy woman
* ''[[Echtra Condla Chaim meic Cuind Chetchathaig]]'' (''Eachtra Chonnla , mac Chonn Chéadchathaigh''), ina mheallann Aos Sí [[Connla ]] go dtí an domhan thíos
* ''Cethri Arda in Domain'' (''Ceithre Ranna an Domhain''), neamhiomlán
* ''[[Cethri Arda in Domain]]'' (''Ceithre Ranna an Domhain''), neamhiomlán
* ''[[Imram Brain mac Febail]]'' ["Aistear Mara Bhran Mac Feabhail"], neamhiomlán
* ''[[Imram Brain mac Febail]]'' ["Aistear Mara Bhran Mac Feabhail"], neamhiomlán
* ''[[Tochmarc Emire]]'' (''Tochmharc Eimhire''), le sraithe curtha isteach ag '''H'''
* ''[[Tochmarc Emire]]'' (''Tochmharc Eimhire''), le sraithe curtha isteach ag '''H'''
Líne 38: Líne 38:
* ''[[Scel asa mberar combad hé Find mac Cumaill Mongáin ocus aní día fil aided Fothaid Airgdig]]'', (''Scéal a thugadh le tuiscint gurbh Fhionn mac Cumhaill é Mongán, agus cúis anbháis Fhothad Airgthech'')
* ''[[Scel asa mberar combad hé Find mac Cumaill Mongáin ocus aní día fil aided Fothaid Airgdig]]'', (''Scéal a thugadh le tuiscint gurbh Fhionn mac Cumhaill é Mongán, agus cúis anbháis Fhothad Airgthech'')
* ''[[Scéal Mhongáin]]''
* ''[[Scéal Mhongáin]]''
* ''Tucait baile Mongáin'' (''Cúis an Fhís Mhongáin'')
* ''[[Tucait baile Mongáin]]'' (''Cúis an Fhís Mhongáin'')
* ''[[Inna hinada hi filet cind erred Ulad]]'', (''Na háiteanna ina bhfuil cinn na laochra Uladh''), dán.
* ''[[Inna hinada hi filet cind erred Ulad]]'', (''Na háiteanna ina bhfuil cinn na laochra Uladh''), dán.



Leagan ó 15:46, 2 Deireadh Fómhair 2018

Is lámhscríbhinn phárpháipéar Ghaeilge ón 12ú haois í Leabhar na hUidhre (Sean-Ghaeilge Lebor na hUidre; nó Leabhar na Bó Doinne, Béarla Book of the Dun Cow). Is í an lámhscríbhinn is sine as Gaeilge atá ar marthain, caomhnaithe anois san Acadamh Ríoga na hÉireann, RIA MS 23 E 25. Tá sí an-damáistithe: níl inti anois ach 67 leathnach agus go leor téacsanna atá neamhiomlán. Tugadh a leasainm dí de dheasca seanscéil mí-aimsearthaigh go ndearnadh í as seithe bó doinne le Naomh Ciarán Chluain Mhic Nóis.

Stair

Meastar go raibh triúr scríobhnóirí i mbun oibre ar an leabhar. D'aithin Richard Irvine Best thar a chéile iad de réir a lámhscríobhnóireachta, agus thug sé na litreacha A, M agus H dóibh.[1] Creidtear gur chomhaoiseach iad A and M. Thosaigh scríobhaí A an obair, ag scríobh na chéad leathnach de théacsanna ar leith, agus lean M ar aghaidh léi. D'aithin Best scríobhaí M le Máel Muire mac Céilechair meic Cuinn na mBocht, de réir fianaise dhá probationes pennae san imeall, agus an scríbhneoir ag cleachtadh a shíniú. Áit eile sa lámhscríbhinn i nóta níos déanaí, aithnítear Máel Muire mar an té "a scríobh agus and thiomsú an leabhar seo ó leabhair éagsúla". Tá a dhúnmharú ag Cluain Mhic Nóis i 1106 cláraithe sna hAnnála na gCeithre Máistrí,[2] rud a thugann am agus áit is déanaí don chuid is mó den lámhscríbhinn. Tamall ina dhiaidh, chuir H (ainmnithe de bharr dhá sheanmóir (homailí) dá chuid) téacsanna nua éagsúla leis an leabhar, uaireanta thar an mbunchóip (pailmseist), uaireanta ar leathnaigh nua. Bunaithe ar ortagrafaíocht agus ar fhocal iasachta Béarla, molann Gearóid Mac Eoin go raibh H ag scríobh ag druidim leis an 13ú haois.[3]

Tar éis díscaoileadh na mainistreach, tháinig an lámhscríbhinn i seilbh an chlann Uí Dhónaill as Contae Dhún na nGall. Bhí sí acusan go dtí 1359, nuair a chuireadh ar fhuascailt ise agus an Leabhar Gearr atá caillte, ar son baill na clainne a bhí ina bpríosúnaigh ag Cathal Óg Ó Conchobhair Sligigh (bás. 3ú Mí na Samhna 1362). Fuair Aodh Rua Ua Dónaill an lámhscríbhinn ar ais i 1470, agus d'fhan sí i nDún na nGall go dtí 1631 ar a laghad, nuair a cuireadh tiomsú Annála na gCeithre Máistrí i gcríoch. Ní fios cá raibh sí ad sin amach go dtí 1837, agus í mar chuid de bhailiúchán Messrs. Hodges & Smith, Faiche an Choláiste, Baile Átha Cliath. Tá sí luaite le George Petrie ina aiste dar teideal "History and Antiquities of Tara Hill". Ceannaíodh bailiúchán Hodges & Smith, 227 lámhscríbhinn san áireamh, ag an ARÉ i 1844.[4]

Foilsíodh macasamhail liteagrafach na lámhscríbhinne leis an RIA i 1870.[5] Foilsíodh [[leagan dioplómatúil i 1929 le R. I. Best and Osborn Bergin, agus na trí lámh idirdhealaithe le cló-aghaidheanna éagsúla.[5] Tá scanacháin dhigitigh le fáil ar an suíomh Irish Script Online.

Ábhair

Téacsanna atá ann fós sna leathnaigh a mhaireann, agus a riocht caomhnaithe:

Téacsanna na bunlámhscríbhinne

Texts added by scribe H

  • Scéla laí brátha ["Tidings of the Day of Judgement"]
  • Scéla na esergi ["Tidings of the Resurrection"]
  • Aided Nath Í ocus a adnacol ["The Death of Nath Í and his burial"] , a tale of the 5th-century king, Nath Í mac Fiachrach
  • Aided Echach meic Maíreda ["The Death of Eochaid mac Maíreda"] , a mythological tale of the origin of Lough Neagh
  • Fotha catha Cnucha ["The Cause of the Battle of Knock"] , a tale concerning the birth of Fionn mac Cumhaill
  • Serglige Con Culainn ["The Wasting Sickness of Cúchulainn"] , copied from the lost Yellow Book of Slane
  • Senchas na relec ["The History of the Burial Places"] , an account of the resting places of a number of Irish kings
  • Genemain Áeda Sláne ["The Birth of Áed Sláine"]: a tale of the 6th-century king, Áed Sláine
  • De genelogia Con Culaind ["The Genealogy of Cúchulainn"]
  • Cath Cairnd Chonaill ria Diarmait mac Aeda Sláni for Guari Adni ["The Battle of Carn Conaill between Diarmait son of Áed Sláine and Guaire Aidne]" , a tale from the Cycle of the Kings)
  • Comthoth Lóegairi co cretim ocus a aided ["The conversion of Lóegaire to the faith and his death"] , a tale of Saint Patrick

Tagairtí

  1. R. I. Best, "Notes on the Script of Lebor na hUidre", Ériu 6, 1912, ll. 161–174
  2. Annála na gCeithre Máistrí, M1106.7
  3. Gearóid Mac Eoin, "The Interpolator H in Lebor na hUidre", Ulidia, December Publications, 1994, pp. 39–46.
  4. R. I Best and Osborn Bergin (eds.), Lebor na hUidre, Royal Irish Academy, 1929, p. ix; Lebor na hUidre, Royal Irish Academy Library and Catalogue
  5. 5.0 5.1 "Lebor na hUidre [G301900]", CELT, Background details and bibliographic information {{citation}}: Cite has empty unknown parameter: |1= (cabhair)

Editions

Lámhscríbhinní

External links