An difríocht idir athruithe ar: "An Chéad Chogadh Domhanda"
No edit summary |
|||
Líne 17: | Líne 17: | ||
Is éard a bhí i gceist leis '''an gCéad Chogadh Domhanda''' nó '''an [[Cogadh]] Mór''' ná coimhlint [[An Domhan|dhomhanda]] a mhair ón mbliain [[1914]] go dtí an bhliain [[1918]]. Sháraigh sé na [[Cogadh|cogaí]] go léir roimhe sin, agus inniu féin glactar leis go raibh sé ar an g[[cogadh]] ba mhó agus ba scriosúla i [[stair]] an [[Cine daonna|chine dhaonna]] roimh [[an Dara Cogadh Domhanda]]. Cuireadh an chuid ba mhó den chogadh san [[An Eoraip|Eoraip]]. Fágadh na milliúin [[Bás|marbh]], agus tháinig domhan nua chun saoil de thoradh an chogaidh. |
Is éard a bhí i gceist leis '''an gCéad Chogadh Domhanda''' nó '''an [[Cogadh]] Mór''' ná coimhlint [[An Domhan|dhomhanda]] a mhair ón mbliain [[1914]] go dtí an bhliain [[1918]]. Sháraigh sé na [[Cogadh|cogaí]] go léir roimhe sin, agus inniu féin glactar leis go raibh sé ar an g[[cogadh]] ba mhó agus ba scriosúla i [[stair]] an [[Cine daonna|chine dhaonna]] roimh [[an Dara Cogadh Domhanda]]. Cuireadh an chuid ba mhó den chogadh san [[An Eoraip|Eoraip]]. Fágadh na milliúin [[Bás|marbh]], agus tháinig domhan nua chun saoil de thoradh an chogaidh. |
||
Is gnách na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir a thabhairt ar an dá thaobh sa chogadh seo. Ba iad na Comhghuaillithe an [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]], [[Impireacht na Rúise]], agus [[an Fhrainc]], is é sin, an ''Entente'' Triarach, chomh maith leis [[an Iodáil]] nach ndeachaigh sa chogadh ach ní ba déanaí. Le fírinne bhí an chuma ar an scéal i dtús an chogaidh go dtaobhódh an [[Iodáil]] leis na Cumhachtaí Láir, ach ní mar sin a tharla. Ba iad na |
Is gnách na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir a thabhairt ar an dá thaobh sa chogadh seo. Ba iad na Comhghuaillithe an [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]], [[Impireacht na Rúise]], agus [[an Fhrainc]], is é sin, an ''Entente'' Triarach, chomh maith leis [[an Iodáil]] nach ndeachaigh sa chogadh ach ní ba déanaí. Le fírinne bhí an chuma ar an scéal i dtús an chogaidh go dtaobhódh an [[Iodáil]] leis na Cumhachtaí Láir, ach ní mar sin a tharla. Ba iad na Cumhachtaí Láir ná [[An Ostair-Ungáir|Dé-mhonarcacht na hOstaire is na hUngáire]] agus [[Impireacht na Gearmáine]], [[an Bhulgáir]] agus [[An Tuirc|an Tuirc Otamánach]]. |
||
== Cúiseanna an chogaidh == |
== Cúiseanna an chogaidh == |
||
Líne 59: | Líne 59: | ||
=== Forógra === |
=== Forógra === |
||
Ba é an rud a chuir an lasair sa bharrach ná dúnmharú [[Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire|Franz Ferdinand]], Ard-Diúc agus ball de rítheaghlach na h[[An Ostair|Ostair]]<nowiki/>e, i [[Sairéavó]] sa [[An Bhoisnia-Heirseagaivéin|Bhoisnia]]. D'fheallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire agus a bhean chéile Sophie, Bandiúc Hohenberg, ar an [[28 Meitheamh]] [[1914]], i [[Sairéavó]] ag [[Gavrilo Princip]]'''.''' Ba ea dúnmharú Franz Ferdinand a chuir tús ar shraith imeachtaí a tharla go gairid ina dhiaidh. |
Ba é an rud a chuir an lasair sa bharrach ná dúnmharú [[Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire|Franz Ferdinand]], Ard-Diúc agus ball de rítheaghlach na h[[An Ostair|Ostair]]<nowiki/>e, i [[Sairéavó]] sa [[An Bhoisnia-Heirseagaivéin|Bhoisnia]]. D'fheallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire agus a bhean chéile Sophie, Bandiúc Hohenberg, ar an [[28 Meitheamh]] [[1914]], i [[Sairéavó]] ag [[Gavrilo Princip]]'''.''' Ba ea dúnmharú Franz Ferdinand a chuir tús ar shraith imeachtaí a tharla go gairid ina dhiaidh. |
||
[[Íomhá:The Outbreak of the First World War, 1914 Q81832.jpg|clé|mion|3 Lúnasa 1914: [[Pálás Buckingham]], léirsithe poiblí tírghrá ]] |
|||
⚫ | |||
⚫ | Ansin d'iompaigh an cogadh ina choimhlint dhomhanda de réir a dhinimice féin. Thacaigh an Ghearmáin leis an Ostair-Ungáir trí “sheic bhán” a thabhairt di<ref>{{Lua idirlín|url=http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf|teideal=Decade of Centenaries|údar=UCD|dáta=2016|dátarochtana=}}</ref>. Ansin d'fhógair an Ghearmáin cogadh ar an Rúis agus ar an bhFrainc. |
||
Tar éis ionradh na nGearmánach ar an mBeilg, d'fhógair an Bhreatain Mhór cogadh ar an nGearmáin agus ar a comhghuaillithe ar an [[4 Lúnasa]] [[2014]]. Ar an lá céanna, dhearbhaigh [[Woodrow Wilson]] go raibh [[na Stáit Aontaithe]] neodrach. |
|||
⚫ | |||
[[Íomhá:First World War Propaganda Posters Q33088.jpg|clé|mion|254x254px|[[Lusitania (long)|RMS Lusitania]] (1915) sa chúlra ]] |
|||
⚫ | Ainneoin na heagla roimh an gCogadh a bhí tar éis fás le mí roimhe sin, sna laethanta ina dhiaidh, bhí léirsithe poiblí tírghrá ar fud na hEorpa tríd agus saoránaigh á ngríosadh chun tacú leis an gcogadh. Bhí na pleananna cogaidh chomh socair roimh ré ag na hairm is nach raibh na státairí ábalta an t-arrachtach a stopadh. |
||
⚫ | |||
⚫ | Ansin d'iompaigh an cogadh ina choimhlint dhomhanda de réir a dhinimice féin. Thacaigh an Ghearmáin leis an Ostair-Ungáir trí “sheic bhán” a thabhairt di<ref>{{Lua idirlín|url=http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf|teideal=Decade of Centenaries|údar=UCD|dáta=2016|dátarochtana=}}</ref>. Ansin d'fhógair an Ghearmáin cogadh ar an Rúis agus ar an bhFrainc.[[Íomhá:The Outbreak of the First World War, 1914 Q81832.jpg|clé|mion|3 Lúnasa 1914: [[Pálás Buckingham]], léirsithe poiblí tírghrá ]]Tar éis ionradh na nGearmánach ar an mBeilg, d'fhógair an Bhreatain Mhór cogadh ar an nGearmáin agus ar a comhghuaillithe ar an [[4 Lúnasa]] [[2014]]. Ar an lá céanna, dhearbhaigh [[Woodrow Wilson]] go raibh [[na Stáit Aontaithe]] neodrach. |
||
⚫ | Ainneoin na heagla roimh an gCogadh a bhí tar éis fás le mí roimhe sin, sna laethanta ina dhiaidh, bhí léirsithe poiblí tírghrá ar fud na hEorpa tríd agus saoránaigh á ngríosadh chun tacú leis an gcogadh. Bhí na pleananna cogaidh chomh socair roimh ré ag na hairm is nach raibh na státairí ábalta an t-arrachtach a stopadh. |
||
=== Éire agus Tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda === |
=== Éire agus Tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda === |
||
[[Íomhá:William Redmond leading Irish troops during the First World War.jpg|clé|mion|195x195px|An Captaen Willie Redmond<ref>{{Lua idirlín|url=https://commons.wikimedia.org/wiki/File:William_Redmond_leading_Irish_troops_during_the_First_World_War.jpg|teideal='The Real Ireland, as Opposed to the False Doctrines of the Sinn Fein Rebels: Captain William Redmond, Mr. John Redmond's Soldier Brother, Leading Irish Troops',, , .|údar=Illustrated London News|dáta=6 Bealtaine 1916|dátarochtana=}}</ref>, Bealtaine 2016]] |
[[Íomhá:William Redmond leading Irish troops during the First World War.jpg|clé|mion|195x195px|An Captaen Willie Redmond<ref>{{Lua idirlín|url=https://commons.wikimedia.org/wiki/File:William_Redmond_leading_Irish_troops_during_the_First_World_War.jpg|teideal='The Real Ireland, as Opposed to the False Doctrines of the Sinn Fein Rebels: Captain William Redmond, Mr. John Redmond's Soldier Brother, Leading Irish Troops',, , .|údar=Illustrated London News|dáta=6 Bealtaine 1916|dátarochtana=}}</ref>, Bealtaine 2016]] |
||
Thacaigh ceannairí [[Aontachtóirí na hÉireann|Aontachtaithe]] láithreach leis an mBreatain sa Chogadh. Mhaigh [[John Redmond]] go mbeadh [[Óglaigh na hÉireann (1913-1919)|Óglaigh na hÉireann]] réidh le hÉirinn a chosaint freisin. |
Thacaigh ceannairí [[Aontachtóirí na hÉireann|Aontachtaithe]] láithreach leis an mBreatain sa Chogadh. Mhaigh [[John Redmond]] go mbeadh [[Óglaigh na hÉireann (1913-1919)|Óglaigh na hÉireann]] réidh le hÉirinn a chosaint freisin. |
||
Nuair a bhris cogadh amach sa bhliain 1914, bhí thart ar 21,000 Éireannach ar freastal in [[Arm na Breataine]]<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.museum.ie/Decorative-Arts-History/Exhibitions/Current-Exhibitions/Soldiers-Chiefs-(1)/Soldiering-in-the-20th-21st-Centuries/World-War-I|teideal=Cogadh na nGairmeoirí|údar=museum.ie|dáta=|dátarochtana=28 Iúil 2018}}</ref>. Slógadh 47,000 oifigeach agus fear chúltaca eile go tapa sa chéad cúpla mí. Chuaigh formhór na saighdiúirí gairmiúla sin díreach isteach sa chogadh mar chuid d'''Fhórsa Sluaíochta na Breataine'' sa Fhrainc. Bhí siad oilte go maith, ach feistithe go lag don chineál chogaidh a bhí ag teacht go tapa. |
|||
Le linn na chéad bhliana den chogadh, liostáil tuairim is 80,000 Éireannach in [[Arm na Breataine]] anuas ar an 50,000 duine a bhí ina [[saighdiúir]]í nó ina gcúltacairí ann cheana. |
|||
Liostáil thart ar 80,000 in Éirinn sa chéad 12 mhí den chogadh<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.taoiseach.gov.ie/irish/Eolas_stairi%C3%BAil/Comoradh_Stait/Com%C3%B3radh1916.pdf|teideal=Comóradh 1916|údar=taoiseach.gov.ie|dáta=2016|dátarochtana=29 Iúil 2018}}</ref>, ar tháinig os cionn a leath ó [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]]. Bhí an 10ú Rannán (Éireannach), a cruthaíodh i ndeireadh Lúnasa 1914, sa Chéad Arm Nua de 100,000 saighdiúir, "K1". Bhí trí bhriogáid ann. Bhí reisimintí le bunáiteanna i ngach ceann den cheithre chúige ag ceann díobh sin. |
|||
[[Íomhá:First World War Propaganda Posters Q33088.jpg|clé|mion|254x254px|[[Lusitania (long)|RMS Lusitania]] (1915) sa chúlra ]]Bhí an dara ceann lonnaithe i gCúige Uladh agus bhí an tríú ceann lonnaithe sna trí chúige eile. Bunaíodh an 16ú Rannán (Éireannach) den Dara Arm Nua i Meán Fómhair, 1914. B’as Cúige Uladh briogáid amháin. Údaraíodh an 36ú Rannán (Ulaidh) an [[28 Deireadh Fómhair]] [[1914]]. Bhí sé bunaithe ar eagar agus ar chomhaltas Óglaigh Uladh, a raibh aonad airtléire a raibh a bhunáit i Londain curtha leis. Bhí fir ann ó gach ceann de naoi gcontae Uladh. Bhí Mac Réamainn ag iarraidh go mbeadh na reisimintí Éireannacha go léir eagraithe in aon aonad troda amháin. |
|||
Chuaigh Éireannaigh freisin le reisimintí Éireannacha ar nós |
|||
* Gardaí na hÉireann, |
|||
* "An Londain (Éireannach)", |
|||
⚫ | |||
* 1ú/8ú Reisimint [[Learpholl|Learphoill]] an Rí (Éireannach). |
|||
Chuaigh go leor eile isteach i reisimintí Sasanacha, Albanacha agus Breatnacha, an Ríoga, Airtléire, an Cór Eitilte Ríoga, an Cór Liachta, Cór Seirbhíse an Airm agus an [[Cabhlach cogaidh|Cabhlach Ríoga]]. |
|||
D’fhóin [[Bean|mná]] mar bhanaltraí sa Díorma Cabhrach Saorálach sa líne tosaigh. Liostáil [[Imirce (daonra)|eisimircigh]] in airm san [[An Astráil|Astráil]], sa [[An Nua-Shéalainn|Nua-Shéalainn]], i g[[Ceanada]] agus san [[An Afraic Theas|Afraic Theas]] agus sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]]. |
|||
De réir [https://www.taoiseach.gov.ie/irish/Eolas_stairi%C3%BAil/Comoradh_Stait/Com%C3%B3radh1916.pdf taoiseach.gov.ie], <blockquote>"Ní raibh bealach ar bith go bhféadfadh na daoine a chuaigh chun troda an saol athraithe a bheadh ann ag deireadh an Chogaidh a shamhlú. Bhí na cúiseanna a liostáil daoine chomh héagsúil leis na daoine féin. Chuaigh daoine ann mar gheall ar riachtanas eacnamaíoch. Bhí tuilleadh ag súil go gcothófaí cairdeas a thrasnódh difríochtaí [[stair]]<nowiki/>iúla trína bheith ag fónamh taobh le taobh in aghaidh an namhad céanna". </blockquote> |
|||
[[Íomhá:Thomas Michael Kettle.jpg|mion|212x212px|Thomas Kettle]] |
|||
Chreid [[Thomas Kettle]], Iar-MP Náisiúnach do [[Tír Eoghain|Thír Eoghain Thoir]] a d’fhóin in 8ú Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath, agus a maraíodh tráth a raibh sé ina Leifteanant:<blockquote>“Ag breathnú ar an tragóid seo san Eoraip leis an ngaois a thagann le deora agus fuil, is maith a d’fhéadfadh sí, go deimhin caithfidh sí, a bheith ina tús le dhá athmhuintearas atá ina aisling ag gach aon státaire, athmhuintearas Ulaidh Protastúnach le hÉirinn agus athmhuintearas na hÉireann leis an mBreatain Mhór.” </blockquote>Le linn na chéad bhliana den chogadh, liostáil tuairim is 80,000 Éireannach in [[Arm na Breataine]] anuas ar an 50,000 duine a bhí ina [[saighdiúir]]í nó ina gcúltacairí ann cheana. |
|||
== An cogaíocht == |
== An cogaíocht == |
||
[[Íomhá:MustardGasBurns2.JPG|mion|úsáid as [[Gás mustaird|gás]] [[Nimh|nimhe]] le linn an chogaidh, 1918]] |
[[Íomhá:MustardGasBurns2.JPG|mion|úsáid as [[Gás mustaird|gás]] [[Nimh|nimhe]] le linn an chogaidh, 1918]] |
||
⚫ | Cuireadh cuid mhaith de na cathanna ar an gCathéadan Thiar |
||
=== Na céad urchair === |
|||
Caitheadh na céad urchair ag [[Arm na Breataine]] ag an bhFronta Thiar ar an [[22 Lúnasa]] [[1914]] lasmuigh de [[Mons]] na Beilge ag 4th Royal Irish Dragoon Guards. |
|||
Ag tús an chogaidh bhí arm beag (Fórsa Sluaíochta na Breataine) de 70,000 saighdiúir curtha ag an mBreatain chun dul i gcoinne arm na Gearmáine a bhí ag déanamh ionradh ar an Fhrainc agus an Bheilg. |
|||
D’áirigh an Fórsa seo ceithre reisimint de Mharcshlua Éireannach agus naoi gcathlán coisithe Éireannacha. |
|||
=== Na buaicphointí === |
|||
⚫ | Cuireadh cuid mhaith de na cathanna ar an gCathéadan Thiar. Ach le fírinne chuaigh ascnamh an dá thaobh i bhfostú ansin, agus d'fhan na [[saighdiúir]]í sna trinsí ar feadh na mblianta fada, ag iarraidh latrach an áir idir an dá thrinse a thrasnú. Rith an cathéadan seo ón [[An Mhuir Thuaidh|Muir Thuaidh]] go teorainn na h[[An Eilvéis|Eilvéis]]<nowiki/>e. |
||
* [[Feachtas Gallipoli]], Eanáir - Bealtaine 1915. D'ionsaigh na na Comhghuaillithe [[Caolas]] na [[An Dardainéil|Dardainéile]], agus iad ag iarraidh [[Iostanbúl]] a bhaint amach trí [[Leithinis|Leathinis]] Gallipoli. |
* [[Feachtas Gallipoli]], Eanáir - Bealtaine 1915. D'ionsaigh na na Comhghuaillithe [[Caolas]] na [[An Dardainéil|Dardainéile]], agus iad ag iarraidh [[Iostanbúl]] a bhaint amach trí [[Leithinis|Leathinis]] Gallipoli. |
||
* [[Cath Loos]], 25 Meán Fómhair - 14 Deireadh Fómhair 1915. Seo an chéad uair a baineadh [[Arm na Breataine]] úsáid as [[Gás mustaird|gás]] [[Nimh|nimhe]] le linn an chogaidh. |
* [[Cath Loos]], 25 Meán Fómhair - 14 Deireadh Fómhair 1915. Seo an chéad uair a baineadh [[Arm na Breataine]] úsáid as [[Gás mustaird|gás]] [[Nimh|nimhe]] le linn an chogaidh. |
Leagan ó 11:22, 29 Iúil 2018
Is éard a bhí i gceist leis an gCéad Chogadh Domhanda nó an Cogadh Mór ná coimhlint dhomhanda a mhair ón mbliain 1914 go dtí an bhliain 1918. Sháraigh sé na cogaí go léir roimhe sin, agus inniu féin glactar leis go raibh sé ar an gcogadh ba mhó agus ba scriosúla i stair an chine dhaonna roimh an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh an chuid ba mhó den chogadh san Eoraip. Fágadh na milliúin marbh, agus tháinig domhan nua chun saoil de thoradh an chogaidh.
Is gnách na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir a thabhairt ar an dá thaobh sa chogadh seo. Ba iad na Comhghuaillithe an Ríocht Aontaithe, Impireacht na Rúise, agus an Fhrainc, is é sin, an Entente Triarach, chomh maith leis an Iodáil nach ndeachaigh sa chogadh ach ní ba déanaí. Le fírinne bhí an chuma ar an scéal i dtús an chogaidh go dtaobhódh an Iodáil leis na Cumhachtaí Láir, ach ní mar sin a tharla. Ba iad na Cumhachtaí Láir ná Dé-mhonarcacht na hOstaire is na hUngáire agus Impireacht na Gearmáine, an Bhulgáir agus an Tuirc Otamánach.
Cúiseanna an chogaidh
Rás na nArm
Deirtear gurb as aontú na Gearmáine sa bhliain 1870 a d'eascair an Cogadh Mór, nó nuair a tháinig na mion stáit Ghearmánacha le chéile in aon mhór stát amháin, b'ionann sin agus cothromaíocht na gcumhachtaí san Eoraip a chur ag guagaíl.
Ar dtús, ní raibh cuma ró-dhona ar na cúrsaí, nó bhí Otto von Bismarck, Seansailéir na Gearmáine, meáite ar an tsíocháin a choinneáil le tíortha eile na hEorpa, agus é ag dul i muinín taidhleoireachta agus conarthaí éagsúla leis an gcuspóir seo a bhaint amach.
Thar aon rud eile, níor theastaigh ó Bismarck go bhfágfaí an Ghearmáin ag cur troda ar dhá chathéadan san am chéanna, agus mar sin, bhí sé dírithe ar chaidreamh cairdiúil a choinneáil le hImpireacht na Rúise, nó ba é an rud ba mhó a chuir eagla air ná an Fhrainc agus an Rúis a bheith ag ionsaí a thíre ón dá thaobh.
Sa bhliain 1888, áfach, ba é an tImpire Uilliam a Dó a tháinig chun cumhachta sa Ghearmáin. Ní raibh sé sásta le polasaithe ciallmhara measartha Bismarck, agus thug sé bata is bóthar don tSeansailéir sa bhliain 1890. Bhí dearcadh náisiúnaíoch impiriúlach ag Uilliam, agus é dianbharúlach go raibh sé daite dó "áit faoin ngrian" a bhaint amach don Ghearmáin. Ní raibh mórán suime aige sa taidhleoireacht ná sna conarthaí arbh iad for agus fónamh Bismarck iad.
Chuir stiúir nua bhagrach na Gearmáine míchompord ar na Sasanaigh, go háirithe an dóigh a raibh loingeas cogaidh na Gearmáine ag dul i méadaíocht. Ba iad na longa Sasanacha a bhí "ag rialú na dtonnta" ar fud an domhain. Ba dóigh le lucht rialtais na Ríochta Aontaithe go raibh na Gearmánaigh ag tabhairt a ndúshláin lena gcuid longa nua cogaidh. Mar sin, thosaigh na Sasanaigh féin ag tógáil longa láidre cogaidh de chineál nua - dreadnoughts, a fuair a n-ainm ón gcéad long chogaidh den chineál seo, an HMS Dreadnought.
Chuir an rás armála idir an Bhreatain Mhór agus an Ghearmáin spreagadh i dtíortha eile na hEorpa téisclim a dhéanamh do chogadh mhór, agus an caiteachas míleata ag dul i méadaíocht ar fud na hilchríche.
Míleatachas agus uathlathas
Chuir Uachtarán na Stát Aontaithe, Woodrow Wilson, agus daoine eile an pobal i dtreo an mhíleatachais. Cheap siad go raibh an cogadh ina iarmhairt ar an méid cumhachta a bhí cruinnithe ag an aicme uachtarach. Bhí Wilson ag súil go gcuirfí Conradh na Náisiún ar bun agus cheap sé dá bhfaigheadh na Stáit réidh lena n-airm go mbeadh síocháin ar domhan.
Impiriúlachas eacnamaíochta
Cheap Vladimir Lenin go raibh cúis an chogaidh ag baint leis an impiriúlachas domhanda. Mar fhianaise d'úsáid sé tuairimí Karl Marx agus John A. Hobson, a dúirt níos luaithe go mbrisfeadh cogadh domhanda amach dá leanfaí ar aghaidh leis an impiriúlachas. Chuir sé an argóint chun tosaigh go raibh na bainc shaibhre taobh thiar den rialtas i stáit áirithe. An rud faoin tuairim seo ná: Cén fáth nach raibh cogadh idir an Fhrainc agus Sasana? Bhí an bheirt acu ag leathadh amach a n-impireachtaí san Aifric agus san Áise, agus ba bheag nár thosaigh cogadh i Fashoda. Chun an fhírinne a rá, thosaigh impiriúlachas na hOstair-Ungáire agus na Rúise i dtaobh na mBalcán.
Iomaíocht i dtaobh eitneach agus an polaitíocht , sean agus nua
Chreid an domhan go raibh cogadh idir an Ostair-Ungáir agus an tSeirbia chun teacht pé scéal é (cé nach n-aontaíonn an staraí A. J. P. Taylor leis sin), de dheasca go raibh an tír ag titim as a chéile agus an náisiúnachas ag fás ar fud na mBalcán. Tharla an fás seo de bharr gur thit an Tuirc as a chéile (bhí cogadh sa Libia idir iad féin agus an Iodáil inar chaill siad). Thug an Rúis tacaíocht dóibh toisc go raibh nasc reiligiúnda agus eithneach eatarthu, ach freisin ón uair go raibh suim acu i dteacht ar phoirt uisce te.
An fhadhb i gcomhair na Gearmáine ná go raibh sé suite i lár na hEorpa agus éasca le hionsaí ar an ábhar sin. Freisin, bhí an Fhrainc fós feargach mar gheall ar chailliúint Alsace agus Lorraine sa chogadh leis an bPrúis. Ar deireadh rinne na Fhrancaigh comhghuaillíocht leis na Rúisigh, ionas go raibh rudaí ag éirí dainséarach don Ghearmáin.
Forógra cogaidh agus tús an chogaidh
Na Pleananna Cogaidh, an Mhímhuinín agus an Slógadh
Ceann de chúiseanna an chogaidh ab ea na pleananna réamhcheaptha a bhí ag na cumhachtaí go léir leis an gcogadh a bhuachan. Ba é Plean Schlieffen, plean slógtha na Gearmána, a tharraing an cogadh anuas ar an ilchríoch. Go bunúsach, bhí sé bunaithe ar an smaoineamh go n-ionsófaí an Fhrainc gan seans a fhágáil aici eagar ceart cogaidh a chur ar a cuid saighdiúirí in am.
An plean a bhí ag na Francaigh bhí sé dírithe ar an gceantar tionsclaíoch chois abhainn Ruhr, an Ruhrgebiet, a fhorghabháil, nó ní fhéadfadh an Ghearmáin cogadh a chur in uireasa na tionsclaíochta ansin.
De réir plean eile de chuid na bhFrancach shlógfaí an t-arm go sciobtha le teorainn na Gearmáine agus na hOstaire-Ungáire a bhaint amach. Chruthaigh na pleananna seo atmaisféar cogúil so-adhainte idir na tíortha.
Forógra
Ba é an rud a chuir an lasair sa bharrach ná dúnmharú Franz Ferdinand, Ard-Diúc agus ball de rítheaghlach na hOstaire, i Sairéavó sa Bhoisnia. D'fheallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire agus a bhean chéile Sophie, Bandiúc Hohenberg, ar an 28 Meitheamh 1914, i Sairéavó ag Gavrilo Princip. Ba ea dúnmharú Franz Ferdinand a chuir tús ar shraith imeachtaí a tharla go gairid ina dhiaidh.
Thosaigh An Chéad Chogadh Domhanda ar an 28 Iúil 1914, aithnítear go forleathan, nuair a d'fhógair an Ostair-Ungáir cogadh ar an tSeirbia.
Ansin d'iompaigh an cogadh ina choimhlint dhomhanda de réir a dhinimice féin. Thacaigh an Ghearmáin leis an Ostair-Ungáir trí “sheic bhán” a thabhairt di[1]. Ansin d'fhógair an Ghearmáin cogadh ar an Rúis agus ar an bhFrainc.
Tar éis ionradh na nGearmánach ar an mBeilg, d'fhógair an Bhreatain Mhór cogadh ar an nGearmáin agus ar a comhghuaillithe ar an 4 Lúnasa 2014. Ar an lá céanna, dhearbhaigh Woodrow Wilson go raibh na Stáit Aontaithe neodrach.
Ainneoin na heagla roimh an gCogadh a bhí tar éis fás le mí roimhe sin, sna laethanta ina dhiaidh, bhí léirsithe poiblí tírghrá ar fud na hEorpa tríd agus saoránaigh á ngríosadh chun tacú leis an gcogadh. Bhí na pleananna cogaidh chomh socair roimh ré ag na hairm is nach raibh na státairí ábalta an t-arrachtach a stopadh.
Éire agus Tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda
Thacaigh ceannairí Aontachtaithe láithreach leis an mBreatain sa Chogadh. Mhaigh John Redmond go mbeadh Óglaigh na hÉireann réidh le hÉirinn a chosaint freisin.
Nuair a bhris cogadh amach sa bhliain 1914, bhí thart ar 21,000 Éireannach ar freastal in Arm na Breataine[3]. Slógadh 47,000 oifigeach agus fear chúltaca eile go tapa sa chéad cúpla mí. Chuaigh formhór na saighdiúirí gairmiúla sin díreach isteach sa chogadh mar chuid d'Fhórsa Sluaíochta na Breataine sa Fhrainc. Bhí siad oilte go maith, ach feistithe go lag don chineál chogaidh a bhí ag teacht go tapa.
Liostáil thart ar 80,000 in Éirinn sa chéad 12 mhí den chogadh[4], ar tháinig os cionn a leath ó Chúige Uladh. Bhí an 10ú Rannán (Éireannach), a cruthaíodh i ndeireadh Lúnasa 1914, sa Chéad Arm Nua de 100,000 saighdiúir, "K1". Bhí trí bhriogáid ann. Bhí reisimintí le bunáiteanna i ngach ceann den cheithre chúige ag ceann díobh sin.
Bhí an dara ceann lonnaithe i gCúige Uladh agus bhí an tríú ceann lonnaithe sna trí chúige eile. Bunaíodh an 16ú Rannán (Éireannach) den Dara Arm Nua i Meán Fómhair, 1914. B’as Cúige Uladh briogáid amháin. Údaraíodh an 36ú Rannán (Ulaidh) an 28 Deireadh Fómhair 1914. Bhí sé bunaithe ar eagar agus ar chomhaltas Óglaigh Uladh, a raibh aonad airtléire a raibh a bhunáit i Londain curtha leis. Bhí fir ann ó gach ceann de naoi gcontae Uladh. Bhí Mac Réamainn ag iarraidh go mbeadh na reisimintí Éireannacha go léir eagraithe in aon aonad troda amháin.
Chuaigh Éireannaigh freisin le reisimintí Éireannacha ar nós
- Gardaí na hÉireann,
- "An Londain (Éireannach)",
- Cathláin Cois Tyne d’Fhiúsailéirí Northumberland agus an
- 1ú/8ú Reisimint Learphoill an Rí (Éireannach).
Chuaigh go leor eile isteach i reisimintí Sasanacha, Albanacha agus Breatnacha, an Ríoga, Airtléire, an Cór Eitilte Ríoga, an Cór Liachta, Cór Seirbhíse an Airm agus an Cabhlach Ríoga.
D’fhóin mná mar bhanaltraí sa Díorma Cabhrach Saorálach sa líne tosaigh. Liostáil eisimircigh in airm san Astráil, sa Nua-Shéalainn, i gCeanada agus san Afraic Theas agus sna Stáit Aontaithe.
De réir taoiseach.gov.ie,
"Ní raibh bealach ar bith go bhféadfadh na daoine a chuaigh chun troda an saol athraithe a bheadh ann ag deireadh an Chogaidh a shamhlú. Bhí na cúiseanna a liostáil daoine chomh héagsúil leis na daoine féin. Chuaigh daoine ann mar gheall ar riachtanas eacnamaíoch. Bhí tuilleadh ag súil go gcothófaí cairdeas a thrasnódh difríochtaí stairiúla trína bheith ag fónamh taobh le taobh in aghaidh an namhad céanna".
Chreid Thomas Kettle, Iar-MP Náisiúnach do Thír Eoghain Thoir a d’fhóin in 8ú Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath, agus a maraíodh tráth a raibh sé ina Leifteanant:
“Ag breathnú ar an tragóid seo san Eoraip leis an ngaois a thagann le deora agus fuil, is maith a d’fhéadfadh sí, go deimhin caithfidh sí, a bheith ina tús le dhá athmhuintearas atá ina aisling ag gach aon státaire, athmhuintearas Ulaidh Protastúnach le hÉirinn agus athmhuintearas na hÉireann leis an mBreatain Mhór.”
Le linn na chéad bhliana den chogadh, liostáil tuairim is 80,000 Éireannach in Arm na Breataine anuas ar an 50,000 duine a bhí ina saighdiúirí nó ina gcúltacairí ann cheana.
An cogaíocht
Na céad urchair
Caitheadh na céad urchair ag Arm na Breataine ag an bhFronta Thiar ar an 22 Lúnasa 1914 lasmuigh de Mons na Beilge ag 4th Royal Irish Dragoon Guards. Ag tús an chogaidh bhí arm beag (Fórsa Sluaíochta na Breataine) de 70,000 saighdiúir curtha ag an mBreatain chun dul i gcoinne arm na Gearmáine a bhí ag déanamh ionradh ar an Fhrainc agus an Bheilg.
D’áirigh an Fórsa seo ceithre reisimint de Mharcshlua Éireannach agus naoi gcathlán coisithe Éireannacha.
Na buaicphointí
Cuireadh cuid mhaith de na cathanna ar an gCathéadan Thiar. Ach le fírinne chuaigh ascnamh an dá thaobh i bhfostú ansin, agus d'fhan na saighdiúirí sna trinsí ar feadh na mblianta fada, ag iarraidh latrach an áir idir an dá thrinse a thrasnú. Rith an cathéadan seo ón Muir Thuaidh go teorainn na hEilvéise.
- Feachtas Gallipoli, Eanáir - Bealtaine 1915. D'ionsaigh na na Comhghuaillithe Caolas na Dardainéile, agus iad ag iarraidh Iostanbúl a bhaint amach trí Leathinis Gallipoli.
- Cath Loos, 25 Meán Fómhair - 14 Deireadh Fómhair 1915. Seo an chéad uair a baineadh Arm na Breataine úsáid as gás nimhe le linn an chogaidh.
- Cath Verdun, 21 Feabhra go 18 Nollaig 1916. Maraíodh thart ar 300,000 saighdiúirí ar an dá thaobh.
- Cath an Somme, 1 Iúil 1916, agus lean sé ar aghaidh go mí na Samhna na bliana sin. Maraíodh níos mó ná 300,000 duine in aice leis an Somme sa Fhrainc.
- Cath Passchendaele, 31 Iúil 1917 agus lean sé ar aghaidh go mí na Samhna na bliana sin. Maraíodh níos mó ná 600,000 duine in aice leis an baile Passchendaele sa Bheilg.
Bhí cathanna farraige agus aeir ann chomh maith.
Fuair naoi milliún saighdiúir bás i machaire an áir, agus d'éag na milliúin sibhialtach chomh maith.
Deireadh an chogaidh
Ar an 11 Samhain 1918, siníodh an Armstad, rud a chuir deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda. Glacadh leis an an Sos Cogaidh go foirmiúil i gcarráiste an Ghinearáil Ferdinand Foch i bhForaois Compiègne, an Fhrainc.
Ó thosaigh an Cogadh, fuair níos mó ná 16 mhilliún bás, lena n-áirítear tuairim agus 7 milliún sibhialtach[5].
An bhliain dar gcionn, ba é Conradh Versailles a chuir deireadh leis an gcogadh go hoifigiúil. Sa bhliain 1919 a síníodh é. Conradh síochána idirnáisiúnta ab ea an Conradh Versailles, a chuir deireadh leis an gCéad Cogadh Domhanda idir na Comhghuaillithe agus an Ghearmáin. Síníodh é ar an 28 Meitheamh 1919 i bPálás Versailles i bPáras na Fraince
Torthaí
Bhí a lán torthaí ag an gcogadh sin.
- Thosaigh Réabhlóid na Rúise go gairid ina dhiaidh.
- Athraíodh an Eoraip ón bhunús. Sa socrú síochána, cuireadh tús le deich dtír nua, agus tógadh a lán talaimh ón Ghearmáin. Cuireadh deireadh le an-chuid monarcachtaí freisin agus tús len a lán tíortha beaga daonlathacha. Níor éirigh le mórán de na tíortha seo, áfach, mar gheall ar a neamhchobhsaíocht.
- Chuir an cogadh deireadh leis na himpireachtaí ilnáisiúnta san Eoraip agus tháinig stáit nua ar an bhfód: an tSeicslóvaic, an Iúgslaiv, an Eastóin, an Fhionlainn, an Laitvia, an Pholainn agus an Liotuáin.
- Scriosadh an geilleagar in a lán tíortha de dheasca ghéarchéim na heacnamaíochta.
- Thosaigh an Dara Cogadh Domhanda agus Cogadh Cathartha na Spáinne go hindíreach mar thoradh.
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ UCD (2016). "Decade of Centenaries".
- ↑ Illustrated London News (6 Bealtaine 1916). "'The Real Ireland, as Opposed to the False Doctrines of the Sinn Fein Rebels: Captain William Redmond, Mr. John Redmond's Soldier Brother, Leading Irish Troops',, , .".
- ↑ museum.ie. "Cogadh na nGairmeoirí". Dáta rochtana: 28 Iúil 2018.
- ↑ taoiseach.gov.ie (2016). "Comóradh 1916". Dáta rochtana: 29 Iúil 2018.
- ↑ http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf