An difríocht idir athruithe ar: "An Chéad Chogadh Domhanda"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 23: Líne 23:
Deirtear gurb as aontú na Gearmáine sa bhliain [[1870]] a d'eascair an Cogadh Mór, nó nuair a tháinig na mion stáit Ghearmánacha le chéile in aon mhór stát amháin, b'ionann sin agus cothromaíocht na gcumhachtaí san Eoraip a chur ag guagaíl.

Ar dtús, ní raibh cuma ró-dhona ar na cúrsaí, nó bhí [[Otto von Bismarck]], Seansailéir na Gearmáine, meáite ar an t[[síocháin]] a choinneáil le [[Tír|tíortha]] eile na hEorpa, agus é ag dul i muinín [[Taidhleoir|taidhleoireacht]]<nowiki/>a agus conarthaí éagsúla leis an gcuspóir seo a bhaint amach.

Thar aon rud eile, níor theastaigh ó Bismarck go bhfágfaí an Ghearmáin ag cur troda ar dhá chathéadan san am chéanna, agus mar sin, bhí sé dírithe ar chaidreamh cairdiúil a choinneáil le h[[Impireacht na Rúise]], nó ba é an rud ba mhó a chuir eagla air ná [[an Fhrainc]] agus an Rúis a bheith ag ionsaí a thíre ón dá thaobh.

Líne 29: Líne 29:
Sa bhliain 1888, áfach, ba é an tImpire [[Uilliam II na Gearmáine|Uilliam a Dó]] a tháinig chun cumhachta sa Ghearmáin. Ní raibh sé sásta le polasaithe ciallmhara measartha Bismarck, agus thug sé bata is bóthar don tSeansailéir sa bhliain 1890. Bhí dearcadh [[Náisiúnachas|náisiúnaíoch]] impiriúlach ag Uilliam, agus é dianbharúlach go raibh sé daite dó "áit faoin ngrian" a bhaint amach don Ghearmáin. Ní raibh mórán suime aige sa taidhleoireacht ná sna conarthaí arbh iad for agus fónamh Bismarck iad.

[[Íomhá:"Onward to Victory", World War I Allied propaganda postcard.jpg|clé|mion|300x300px|Feachtas bolscaireachta, cárta phoist, Carruthers & Batsford, Winnipeg Canada 1916]]
[[Íomhá:"Onward to Victory", World War I Allied propaganda postcard.jpg|clé|mion|300x300px|Feachtas bolscaireachta, cárta phoist, Carruthers & Batsford, Winnipeg Canada 1916]]
Chuir stiúir nua bhagrach na Gearmáine míchompord ar na [[Sasanaigh]], go háirithe an dóigh a raibh [[Cabhlach cogaidh|loingeas]] cogaidh na Gearmáine ag dul i méadaíocht. Ba iad na [[long]]<nowiki/>a Sasanacha a bhí "ag rialú na dtonnta" ar fud an [[An Domhan|domhain]]. Ba dóigh le lucht [[Rialtas na Ríochta Aontaithe|rialtais na Ríochta Aontaithe]] go raibh na Gearmánaigh ag tabhairt a ndúshláin lena gcuid longa nua cogaidh. Mar sin, thosaigh na Sasanaigh féin ag tógáil longa láidre cogaidh de chineál nua - ''dreadnoughts'', a fuair a n-ainm ón gcéad long chogaidh den chineál seo, an ''HMS Dreadnought''.

Chuir an rás armála idir an Bhreatain Mhór agus an Ghearmáin spreagadh i dtíortha eile na hEorpa téisclim a dhéanamh do chogadh mhór, agus an caiteachas míleata ag dul i méadaíocht ar fud na hilchríche.

Líne 49: Líne 49:
== Forógra cogaidh agus tús an chogaidh ==
== Forógra cogaidh agus tús an chogaidh ==
[[Íomhá:Plano Schlieffen 1914.png|clé|mion|350x350px|[[Plean Schlieffen|Plean Schlieffe]]<nowiki/>n i 1914]]
[[Íomhá:Plano Schlieffen 1914.png|clé|mion|350x350px|[[Plean Schlieffen|Plean Schlieffe]]<nowiki/>n i 1914]]
Ba é an rud a chuir an lasair sa bharrach ná dúnmharú [[Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire|Franz Ferdinand]], Ard-Diúc agus ball de rítheaghlach na h[[An Ostair|Ostair]]<nowiki/>e, i [[Sairéavó]] sa [[An Bhoisnia-Heirseagaivéin|Bhoisnia]]. D'fheallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire agus a bhean chéile Sophie, Bandiúc Hohenberg, ar an [[28 Meitheamh]] [[1914]], i [[Sairéavó]] ag [[Gavrilo Princip]]'''.''' Ba ea dúnmharú Franz Ferdinand a chuir tús ar shraith imeachtaí a tharla go gairid ina dhiaidh.

Ansin d'iompaigh an cogadh ina choimhlint dhomhanda de réir a dhinimice féin. Go bunúsach, tharraing an Ostair agus an t[[An tSeirbia|Seirbia]] a gcuid comhghuaillithe isteach sa chogadh, agus bhí na pleananna cogaidh chomh socair roimh ré ag na hairm is nach raibh na státairí ábalta an t-arrachtach a stopadh. Chuir an cogadh deireadh leis na himpireachtaí ilnáisiúnta san Eoraip agus tháinig stáit nua ar an bhfód: an t[[Poblacht na Seice|Seicslóvaic]], an [[An Iúgslaiv|Iúgslaiv]], an [[An Eastóin|Eastóin]], an [[An Fhionlainn|Fhionlainn]], an [[An Laitvia|Laitvia]], [[an Pholainn]] agus an [[An Liotuáin|Liotuáin]].

=== Na Pleananna Cogaidh, an Mhímhuinín agus an Slógadh ===
=== Na Pleananna Cogaidh, an Mhímhuinín agus an Slógadh ===
[[Íomhá:World War 1.gif|clé|mion|450x450px|Na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir]]
[[Íomhá:World War 1.gif|clé|mion|450x450px|Na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir]]
Ceann de chúiseanna an chogaidh ab ea na pleananna réamhcheaptha a bhí ag na cumhachtaí go léir leis an gcogadh a bhuachan. Ba é [[Plean Schlieffen]], plean slógtha na Gearmána, a tharraing an cogadh anuas ar an ilchríoch. Go bunúsach, bhí sé bunaithe ar an smaoineamh go n-ionsófaí an Fhrainc gan seans a fhágáil aici eagar ceart cogaidh a chur ar a cuid saighdiúirí in am.

An plean a bhí ag na Francaigh bhí sé dírithe ar an gceantar tionsclaíoch chois abhainn Ruhr, an ''Ruhrgebiet'', a fhorghabháil, nó ní fhéadfadh an Ghearmáin cogadh a chur in uireasa na tionsclaíochta ansin. De réir plean eile de chuid na bhFrancach shlógfaí an t-arm go sciobtha le teorainn na Gearmáine agus na hOstaire-Ungáire a bhaint amach. Chruthaigh na pleananna seo atmaisféar cogúil so-adhainte idir na tíortha.
An plean a bhí ag na Francaigh bhí sé dírithe ar an gceantar tionsclaíoch chois abhainn Ruhr, an ''Ruhrgebiet'', a fhorghabháil, nó ní fhéadfadh an Ghearmáin cogadh a chur in uireasa na tionsclaíochta ansin.
De réir plean eile de chuid na bhFrancach shlógfaí an t-arm go sciobtha le teorainn na Gearmáine agus na hOstaire-Ungáire a bhaint amach. Chruthaigh na pleananna seo atmaisféar cogúil so-adhainte idir na tíortha.

=== Forógra ===
Ba é an rud a chuir an lasair sa bharrach ná dúnmharú [[Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire|Franz Ferdinand]], Ard-Diúc agus ball de rítheaghlach na h[[An Ostair|Ostair]]<nowiki/>e, i [[Sairéavó]] sa [[An Bhoisnia-Heirseagaivéin|Bhoisnia]]. D'fheallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire agus a bhean chéile Sophie, Bandiúc Hohenberg, ar an [[28 Meitheamh]] [[1914]], i [[Sairéavó]] ag [[Gavrilo Princip]]'''.''' Ba ea dúnmharú Franz Ferdinand a chuir tús ar shraith imeachtaí a tharla go gairid ina dhiaidh.
[[Íomhá:The Outbreak of the First World War, 1914 Q81832.jpg|clé|mion|3 Lúnasa 1914: [[Pálás Buckingham]], léirsithe poiblí tírghrá ]]
Thosaigh An Chéad Chogadh Domhanda ar an [[28 Iúil]] [[1914]], aithnítear go forleathan, nuair a d'fhógair an [[An Ostair-Ungáir|Ostair-Ungáir]] cogadh ar an t[[An tSeirbia|Seirbia]].

Ansin d'iompaigh an cogadh ina choimhlint dhomhanda de réir a dhinimice féin. Thacaigh an Ghearmáin leis an Ostair-Ungáir trí “sheic bhán” a thabhairt di<ref>{{Lua idirlín|url=http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf|teideal=Decade of Centenaries|údar=UCD|dáta=2016|dátarochtana=}}</ref>. Ansin d'fhógair an Ghearmáin cogadh ar an Rúis agus ar an bhFrainc.

Tar éis ionradh na nGearmánach ar an mBeilg, d'fhógair an Bhreatain Mhór cogadh ar an nGearmáin agus ar a comhghuaillithe ar an [[4 Lúnasa]] [[2014]]. Ar an lá céanna, dhearbhaigh [[Woodrow Wilson]] go raibh [[na Stáit Aontaithe]] neodrach.

[[Íomhá:First World War Propaganda Posters Q33088.jpg|clé|mion|254x254px|[[Lusitania (long)|RMS Lusitania]] (1915) sa chúlra ]]
Ainneoin na heagla roimh an gCogadh a bhí tar éis fás le mí roimhe sin, sna laethanta ina dhiaidh, bhí léirsithe poiblí tírghrá ar fud na hEorpa tríd agus saoránaigh á ngríosadh chun tacú leis an gcogadh. Bhí na pleananna cogaidh chomh socair roimh ré ag na hairm is nach raibh na státairí ábalta an t-arrachtach a stopadh.
[[Íomhá:Industry during the First World War- Dublin Q33214.jpg|mion|[[monarcha]] [[Shell]], sráid Parkgate, [[Baile Átha Cliath|BÁC]]]]

=== Éire agus Tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda ===
[[Íomhá:William Redmond leading Irish troops during the First World War.jpg|clé|mion|195x195px|An Captaen Willie Redmond<ref>{{Lua idirlín|url=https://commons.wikimedia.org/wiki/File:William_Redmond_leading_Irish_troops_during_the_First_World_War.jpg|teideal='The Real Ireland, as Opposed to the False Doctrines of the Sinn Fein Rebels: Captain William Redmond, Mr. John Redmond's Soldier Brother, Leading Irish Troops',, , .|údar=Illustrated London News|dáta=6 Bealtaine 1916|dátarochtana=}}</ref>, Bealtaine 2016]]
Tacaíonn ceannairí [[Aontachtóirí na hÉireann|Aontachtaithe]] láithreach leis an mBreatain sa Chogadh. Mhaigh [[John Redmond]] go mbeadh [[Óglaigh na hÉireann (1913-1919)|Óglaigh na hÉireann]] réidh le hÉirinn a chosaint freisin. Le linn na chéad bhliana den chogadh, liostáil tuairim is 80,000 Éireannach in Arm na Breataine anuas ar an 50,000 duine a bhí ina [[saighdiúir]]í nó ina gcúltacairí ann cheana.

== An cogaíocht ==
== An cogaíocht ==
[[Íomhá:MustardGasBurns2.JPG|mion|úsáid as [[Gás mustaird|gás]] [[Nimh|nimhe]] le linn an chogaidh, 1918]]
[[Íomhá:MustardGasBurns2.JPG|mion|úsáid as [[Gás mustaird|gás]] [[Nimh|nimhe]] le linn an chogaidh, 1918]]
Cuireadh cuid mhaith de na cathanna ar an gCathéadan Thiar, ach le fírinne chuaigh ascnamh an dá thaobh i bhfostú ansin, agus d'fhan na [[saighdiúir]]í sna trinsí ar feadh na mblianta fada, ag iarraidh latrach an áir idir an dá thrinse a thrasnú. Rith an cathéadan seo ón [[An Mhuir Thuaidh|Muir Thuaidh]] go teorainn na h[[An Eilvéis|Eilvéis]]<nowiki/>e.

* [[Feachtas Gallipoli]], Eanáir - Bealtaine 1915. D'ionsaigh na na Comhghuaillithe [[Caolas]] na [[An Dardainéil|Dardainéile]], agus iad ag iarraidh [[Iostanbúl]] a bhaint amach trí [[Leithinis|Leathinis]] Gallipoli.

* [[Cath Loos]], 25 Meán Fómhair - 14 Deireadh Fómhair 1915. Seo an chéad uair a baineadh [[Arm na Breataine]] úsáid as [[Gás mustaird|gás]] [[Nimh|nimhe]] le linn an chogaidh.
* [[Cath Loos]], 25 Meán Fómhair - 14 Deireadh Fómhair 1915. Seo an chéad uair a baineadh [[Arm na Breataine]] úsáid as [[Gás mustaird|gás]] [[Nimh|nimhe]] le linn an chogaidh.
Líne 84: Líne 99:
* Thosaigh [[Réabhlóid na Rúise 1917|Réabhlóid na Rúise]] go gairid ina dhiaidh.
* Thosaigh [[Réabhlóid na Rúise 1917|Réabhlóid na Rúise]] go gairid ina dhiaidh.
* Athraíodh an [[An Eoraip|Eoraip]] ón bhunús. Sa socrú [[Síocháin|síochán]]<nowiki/>a, cuireadh tús le deich d[[tír]] nua, agus tógadh a lán talaimh ón [[An Ghearmáin|Ghearmáin]]. Cuireadh deireadh le an-chuid [[monarcacht]]<nowiki/>aí freisin agus tús len a lán tíortha beaga [[Daonlathas|daonlathach]]<nowiki/>a. Níor éirigh le mórán de na tíortha seo, áfach, mar gheall ar a neamhchobhsaíocht.

* Chuir an cogadh deireadh leis na himpireachtaí <nowiki/>ilnáisiúnta san Eoraip agus tháinig stáit nua ar an bhfód: an t[[Poblacht na Seice|Seicslóvaic]], an [[An Iúgslaiv|Iúgslaiv]], an [[An Eastóin|Eastóin]], an [[An Fhionlainn|Fhionlainn]],<nowiki/> an [[An Laitvia|Laitvia]], [[an Pholainn]] agus an [[An Liotuáin|Liotuáin]].
* Scriosadh an [[geilleagar]] in a lán tíortha de dheasca ghéarchéim na h[[eacnamaíocht]]<nowiki/>a.
* Scr<nowiki/>iosadh an [[geilleagar]] in a lán tíortha de dheasca ghéarchéim na h[[eacnamaíocht]]<nowiki/>a.
* Thosaigh an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]] agus [[Cogadh Cathartha na Spáinne]] go hindíreach mar thoradh.
* Thosaigh an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]] agus [[Cogadh Cathartha na Spáinne]] go hindíreach mar thoradh.

Leagan ó 10:34, 28 Iúil 2018

An Chéad Chogadh Domhanda
An Chéad Chogadh Domhanda
Dáta: 28 Iúil 1914 – 11 Samhain 1918
Áit: An Eoraip, an Afraic agus an Meánoirthear
Toradh: Bua na Chomhghuaillithe. Cuireadh Conradh na Náisiún ar bun. Deireadh le hImpireacht na Gearmáine, hImpireacht na hOstaire-Ungáire, srl.
Céilí comhraic
An Comhghuaillithe:
An Fhrainc
Ríocht Aontaithe
Impireacht na Rúise (1914-1917)
Ríocht na hIodáil (1915-)
Stáit Aontaithe Mheiriceá (1917-)
An tSeapáin
An tSeirbia
An Bheilg
Hejaz
An Ghréig (1917-)
An Phortaingéil
… srl ...
Na Cumhachtaí Láir:
Impireacht na Gearmáine
An Ostair-Ungáir
Impireacht Otamánach
An Bhulgáir (1915-)
… srl ...
Ceannasaithe
Nioclás II
Lavr Kornilov
Raymond Poincaré
Georges Clemenceau
Seoirse V
H. H. Asquith
Horatio Kitchener
D. Lloyd George
Albert I
Victor Emmanuel III
Woodrow Wilson
An tImpire Taishō
Petar I
... srl ...
Franz Iosaf I
Séarlas I
A von Straussenburg
Uilliam II
Erich von Falkenhayn
Paul von Hindenburg
Mehmed V
Ferdinand I
... srl ...
Slua
Taismigh
Básanna: 5,525,000
Gortaithe: 12,831,500
In easnamh: 4,121,000
Básanna: 4,386,000
Gortaithe: 8,388,000
In easnamh: 3,629,000

Is éard a bhí i gceist leis an gCéad Chogadh Domhandaan Cogadh Mór ná coimhlint dhomhanda a mhair ón mbliain 1914 go dtí an bhliain 1918. Sháraigh sé na cogaí go léir roimhe sin, agus inniu féin glactar leis go raibh sé ar an gcogadh ba mhó agus ba scriosúla i stair an chine dhaonna roimh an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh an chuid ba mhó den chogadh san Eoraip. Fágadh na milliúin marbh, agus tháinig domhan nua chun saoil de thoradh an chogaidh.

Is gnách na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir a thabhairt ar an dá thaobh sa chogadh seo. Ba iad na Comhghuaillithe an Ríocht Aontaithe, Impireacht na Rúise, agus an Fhrainc, is é sin, an Entente Triarach, chomh maith leis an Iodáil nach ndeachaigh sa chogadh ach ní ba déanaí. Le fírinne bhí an chuma ar an scéal i dtús an chogaidh go dtaobhódh an Iodáil leis na Cumhachtaí Láir, ach ní mar sin a tharla. Ba iad na Cumhachtaí LáirDé-mhonarcacht na hOstaire is na hUngáire agus Impireacht na Gearmáine, an Bhulgáir agus an Tuirc Otamánach.

Cúiseanna an chogaidh

Rás na nArm

Deirtear gurb as aontú na Gearmáine sa bhliain 1870 a d'eascair an Cogadh Mór, nó nuair a tháinig na mion stáit Ghearmánacha le chéile in aon mhór stát amháin, b'ionann sin agus cothromaíocht na gcumhachtaí san Eoraip a chur ag guagaíl.

Ar dtús, ní raibh cuma ró-dhona ar na cúrsaí, nó bhí Otto von Bismarck, Seansailéir na Gearmáine, meáite ar an tsíocháin a choinneáil le tíortha eile na hEorpa, agus é ag dul i muinín taidhleoireachta agus conarthaí éagsúla leis an gcuspóir seo a bhaint amach.

Thar aon rud eile, níor theastaigh ó Bismarck go bhfágfaí an Ghearmáin ag cur troda ar dhá chathéadan san am chéanna, agus mar sin, bhí sé dírithe ar chaidreamh cairdiúil a choinneáil le hImpireacht na Rúise, nó ba é an rud ba mhó a chuir eagla air ná an Fhrainc agus an Rúis a bheith ag ionsaí a thíre ón dá thaobh.

Sa bhliain 1888, áfach, ba é an tImpire Uilliam a Dó a tháinig chun cumhachta sa Ghearmáin. Ní raibh sé sásta le polasaithe ciallmhara measartha Bismarck, agus thug sé bata is bóthar don tSeansailéir sa bhliain 1890. Bhí dearcadh náisiúnaíoch impiriúlach ag Uilliam, agus é dianbharúlach go raibh sé daite dó "áit faoin ngrian" a bhaint amach don Ghearmáin. Ní raibh mórán suime aige sa taidhleoireacht ná sna conarthaí arbh iad for agus fónamh Bismarck iad.

Feachtas bolscaireachta, cárta phoist, Carruthers & Batsford, Winnipeg Canada 1916

Chuir stiúir nua bhagrach na Gearmáine míchompord ar na Sasanaigh, go háirithe an dóigh a raibh loingeas cogaidh na Gearmáine ag dul i méadaíocht. Ba iad na longa Sasanacha a bhí "ag rialú na dtonnta" ar fud an domhain. Ba dóigh le lucht rialtais na Ríochta Aontaithe go raibh na Gearmánaigh ag tabhairt a ndúshláin lena gcuid longa nua cogaidh. Mar sin, thosaigh na Sasanaigh féin ag tógáil longa láidre cogaidh de chineál nua - dreadnoughts, a fuair a n-ainm ón gcéad long chogaidh den chineál seo, an HMS Dreadnought.

Chuir an rás armála idir an Bhreatain Mhór agus an Ghearmáin spreagadh i dtíortha eile na hEorpa téisclim a dhéanamh do chogadh mhór, agus an caiteachas míleata ag dul i méadaíocht ar fud na hilchríche.

Míleatachas agus uathlathas

Saighdiúirí Éireannacha ag ligean scíth le linn Chath na Somme, 1 Iúil, 1916

Chuir Uachtarán na Stát Aontaithe, Woodrow Wilson, agus daoine eile an pobal i dtreo an mhíleatachais. Cheap siad go raibh an cogadh ina iarmhairt ar an méid cumhachta a bhí cruinnithe ag an aicme uachtarach. Bhí Wilson ag súil go gcuirfí Conradh na Náisiún ar bun agus cheap sé dá bhfaigheadh na Stáit réidh lena n-airm go mbeadh síocháin ar domhan.

Impiriúlachas eacnamaíochta

Cheap Vladimir Lenin go raibh cúis an chogaidh ag baint leis an impiriúlachas domhanda. Mar fhianaise d'úsáid sé tuairimí Karl Marx agus John A. Hobson, a dúirt níos luaithe go mbrisfeadh cogadh domhanda amach dá leanfaí ar aghaidh leis an impiriúlachas. Chuir sé an argóint chun tosaigh go raibh na bainc shaibhre taobh thiar den rialtas i stáit áirithe. An rud faoin tuairim seo ná: Cén fáth nach raibh cogadh idir an Fhrainc agus Sasana? Bhí an bheirt acu ag leathadh amach a n-impireachtaí san Aifric agus san Áise, agus ba bheag nár thosaigh cogadh i Fashoda. Chun an fhírinne a rá, thosaigh impiriúlachas na hOstair-Ungáire agus na Rúise i dtaobh na mBalcán.

Iomaíocht i dtaobh eitneach agus an polaitíocht , sean agus nua

Bhí an Impireacht Otamánach ag iarraidh díoltas a bhaint amach sa bhliain 1914: Rumeliya Muhacirin-i Islamiyesi Cemiyeti,

Chreid an domhan go raibh cogadh idir an Ostair-Ungáir agus an tSeirbia chun teacht pé scéal é (cé nach n-aontaíonn an staraí A. J. P. Taylor leis sin), de dheasca go raibh an tír ag titim as a chéile agus an náisiúnachas ag fás ar fud na mBalcán. Tharla an fás seo de bharr gur thit an Tuirc as a chéile (bhí cogadh sa Libia idir iad féin agus an Iodáil inar chaill siad). Thug an Rúis tacaíocht dóibh toisc go raibh nasc reiligiúnda agus eithneach eatarthu, ach freisin ón uair go raibh suim acu i dteacht ar phoirt uisce te.

An fhadhb i gcomhair na Gearmáine ná go raibh sé suite i lár na hEorpa agus éasca le hionsaí ar an ábhar sin. Freisin, bhí an Fhrainc fós feargach mar gheall ar chailliúint Alsace agus Lorraine sa chogadh leis an bPrúis. Ar deireadh rinne na Fhrancaigh comhghuaillíocht leis na Rúisigh, ionas go raibh rudaí ag éirí dainséarach don Ghearmáin.

Forógra cogaidh agus tús an chogaidh

Plean Schlieffen i 1914

Na Pleananna Cogaidh, an Mhímhuinín agus an Slógadh

Na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir

Ceann de chúiseanna an chogaidh ab ea na pleananna réamhcheaptha a bhí ag na cumhachtaí go léir leis an gcogadh a bhuachan. Ba é Plean Schlieffen, plean slógtha na Gearmána, a tharraing an cogadh anuas ar an ilchríoch. Go bunúsach, bhí sé bunaithe ar an smaoineamh go n-ionsófaí an Fhrainc gan seans a fhágáil aici eagar ceart cogaidh a chur ar a cuid saighdiúirí in am.

An plean a bhí ag na Francaigh bhí sé dírithe ar an gceantar tionsclaíoch chois abhainn Ruhr, an Ruhrgebiet, a fhorghabháil, nó ní fhéadfadh an Ghearmáin cogadh a chur in uireasa na tionsclaíochta ansin.

De réir plean eile de chuid na bhFrancach shlógfaí an t-arm go sciobtha le teorainn na Gearmáine agus na hOstaire-Ungáire a bhaint amach. Chruthaigh na pleananna seo atmaisféar cogúil so-adhainte idir na tíortha.

Forógra

Ba é an rud a chuir an lasair sa bharrach ná dúnmharú Franz Ferdinand, Ard-Diúc agus ball de rítheaghlach na hOstaire, i Sairéavó sa Bhoisnia. D'fheallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire agus a bhean chéile Sophie, Bandiúc Hohenberg, ar an 28 Meitheamh 1914, i Sairéavó ag Gavrilo Princip. Ba ea dúnmharú Franz Ferdinand a chuir tús ar shraith imeachtaí a tharla go gairid ina dhiaidh.

3 Lúnasa 1914: Pálás Buckingham, léirsithe poiblí tírghrá

Thosaigh An Chéad Chogadh Domhanda ar an 28 Iúil 1914, aithnítear go forleathan, nuair a d'fhógair an Ostair-Ungáir cogadh ar an tSeirbia.

Ansin d'iompaigh an cogadh ina choimhlint dhomhanda de réir a dhinimice féin. Thacaigh an Ghearmáin leis an Ostair-Ungáir trí “sheic bhán” a thabhairt di[1]. Ansin d'fhógair an Ghearmáin cogadh ar an Rúis agus ar an bhFrainc.

Tar éis ionradh na nGearmánach ar an mBeilg, d'fhógair an Bhreatain Mhór cogadh ar an nGearmáin agus ar a comhghuaillithe ar an 4 Lúnasa 2014. Ar an lá céanna, dhearbhaigh Woodrow Wilson go raibh na Stáit Aontaithe neodrach.

RMS Lusitania (1915) sa chúlra

Ainneoin na heagla roimh an gCogadh a bhí tar éis fás le mí roimhe sin, sna laethanta ina dhiaidh, bhí léirsithe poiblí tírghrá ar fud na hEorpa tríd agus saoránaigh á ngríosadh chun tacú leis an gcogadh. Bhí na pleananna cogaidh chomh socair roimh ré ag na hairm is nach raibh na státairí ábalta an t-arrachtach a stopadh.

monarcha Shell, sráid Parkgate, BÁC

Éire agus Tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda

An Captaen Willie Redmond[2], Bealtaine 2016

Tacaíonn ceannairí Aontachtaithe láithreach leis an mBreatain sa Chogadh. Mhaigh John Redmond go mbeadh Óglaigh na hÉireann réidh le hÉirinn a chosaint freisin. Le linn na chéad bhliana den chogadh, liostáil tuairim is 80,000 Éireannach in Arm na Breataine anuas ar an 50,000 duine a bhí ina saighdiúirí nó ina gcúltacairí ann cheana.

An cogaíocht

úsáid as gás nimhe le linn an chogaidh, 1918

Cuireadh cuid mhaith de na cathanna ar an gCathéadan Thiar, ach le fírinne chuaigh ascnamh an dá thaobh i bhfostú ansin, agus d'fhan na saighdiúirí sna trinsí ar feadh na mblianta fada, ag iarraidh latrach an áir idir an dá thrinse a thrasnú. Rith an cathéadan seo ón Muir Thuaidh go teorainn na hEilvéise.

Bhí cathanna farraige agus aeir ann chomh maith.

Conradh Versailles

Fuair naoi milliún saighdiúir bás i machaire an áir, agus d'éag na milliúin sibhialtach chomh maith.

Deireadh an chogaidh

Ar an 11 Samhain 1918, siníodh an Armstad, rud a chuir deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda. Glacadh leis an an Sos Cogaidh go foirmiúil i gcarráiste an Ghinearáil Ferdinand Foch i bhForaois Compiègne, an Fhrainc.

Ó thosaigh an Cogadh, fuair níos mó ná 16 mhilliún bás, lena n-áirítear tuairim agus 7 milliún sibhialtach[3].

An bhliain dar gcionn, ba é Conradh Versailles a chuir deireadh leis an gcogadh go hoifigiúil. Sa bhliain 1919 a síníodh é. Conradh síochána idirnáisiúnta ab ea an Conradh Versailles, a chuir deireadh leis an gCéad Cogadh Domhanda idir na Comhghuaillithe agus an Ghearmáin. Síníodh é ar an 28 Meitheamh 1919 i bPálás Versailles i bPáras na Fraince

Torthaí

Cuireadh tús le deich dtír nua, agus tógadh a lán talaimh ón Ghearmáin.

Bhí a lán torthaí ag an gcogadh sin.

Féach freisin

Tagairtí