An difríocht idir athruithe ar: "Sóidiam"

Jump to navigation Jump to search
76 bytes added ,  1 bhliain ó shin
no edit summary
m (Removing Link GA template (handled by wikidata))
}}
 
Is é an '''sóidiam''' [[Dúil cheimiceach|dúil]] [[Uimhir adamhach|uimhir]] a 11, agus is í an tsiombailt[[Siombailí agus foirmlí ceimiceacha|siombail cheimiceach]] atá aige ná '''Na'''. "Natrium" a thugtar air ina lán teangacha, sa [[Gearmáinis|Ghearmáinis]] mar shampla. Is í an chumraíocht [[Leictreonaic|leictreonach]] atá aige ná 1s<sup>2</sup>2s<sup>2</sup>2p<sup>6</sup>3s<sup>1</sup>. Is é sin, tá aon fhiúsleictreon amháin - an ''s''-leictreon is dual do na miotail alcaileacha go léir - aige, agus ina chuid imoibriúchán leis na dúile eile, bíonn an sóidiam ag iarraidh an leictreon seo a thabhairt uaidh le h[[ian]] deimhneach (Na<sup>+</sup>) a dhéanamh. Dá réir sin, is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige ina chuid comhdhúl ná +1.
 
Ba é Sior [[Humphry Davy]] ba túiscethúisce a d'aonraigh an sóidiam mar dhúil, nuair a chuir sé sruth leictreachais trí hiodrocsaíd sóidiam a bhí leáite. Níl sé éasca, áfach, sóidiam a choinneáil ina dhúil i bhfad, ós rud é go bhfuil sé chomh fonnmhar sin chun imoibriúcháin. Má bhíonn sé i dteagmháil dhíreach leis an aer, ocsaídeofar é, ionas go ndéanfar ocsaíd sóidiam Na<sub>2</sub>O nó sárocsaíd sóidiam Na<sub>2</sub>O<sub>2</sub>, agus má chuirtear san uisce é, cuirfidh sé bladhaire as agus é ag dul in áit na hidrigine san uisce, i gcruth is go dtiocfaidh hiodrocsaíd sóidiam as:
 
:2 Na + 2 H<sub>2</sub>O -> H<sub>2</sub> + 2 NaOH
 
[[Imoibriú eisiteirmeach]], spontáineach atá i gceist leis seo, agus má chuirtear cuid mhór sóidiam san uisce in aon iarracht amháin, is féidir go mbeidh pléasc ann agus an t-uisce á stialladh ar fud na háite. Ós rud é go mbeidh an t-uisce sin lán hiodrocsaíd sóidiam ansin, fágfaidh sé cneácha loiscthe ar na daoine a bhuailfidh sé. An duine a bhainfidh triail as an imoibriú seo sa tsaotharlann, caithfidh sé a bheith an-chúramach. Mar sin, ní mór an sóidiam a choinneáil i dtaisce in ola nach ligeann don uisce ná don ocsaigin teacht in aon chóngar dó.
 
In éineacht le hainiain na n-aigéad, cruthaíonn an sóidiam comhdhúile ianacha - salainn - a bhíonn so-thuaslagtha san uisce, cosúil leis an ngnáthshalann féin (clóiríd sóidiam, NaCl). Má chuirtear salann sóidiam trí thine, aithneofar ar dhath láidir buí na lasrach é, agus dá réir sin, baintear úsáid as an sóidiam i lampaí le solas buí a dhéanamh.
 
Tá an sóidiam - i bhfoirm an iain Na<sup>+</sup>, ar ndóigh - an-choitianta sa dúlra. Mianraí sóidiam iad an [[salann]], an [[hailít]], an [[Crióilít|chrióilít]], an t-[[amfaból]], an [[tróna]], an t[[seoilít]]tseoilít, agus a lán eile. Tá sé ar fáil go flúirseach sna farraigí mar chlóiríd. Teastaíonn an sóidiam ó na horgánaigh bheo go léir, an duine san áireamh.
 
Tá aon iseatóp cobhsaí amháin ag an sóidiam, is é sin, <sup>23</sup>Na. Mar sin féin, bíonn rianta beaga de na hiseatóip úd <sup>22</sup>Na (leathré: 2.605 bliain) agus <sup>24</sup>Na (leathré timpeall ar cúig uair an chloig déag) ar fáil sa dúlra in áiteanna, ó ghintear iad faoi thionchar na radaíochta cosmaí.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
{{síol}}
9,885

edits

Roghchlár nascleanúna