An difríocht idir athruithe ar: "Dreigeoideach"
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1: | Líne 1: | ||
⚫ | [[File:Meteoroid_meteor_meteorite.gif|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Meteoroid_meteor_meteorite.gif|mion|A ''meteoroid'' shown entering the atmosphere, becoming visible as a ''meteor'' and hitting the Earth's surface as a ''meteorite''.]]Is é a bhíonn i n'''dreigeoideach''' ná rinn bheag spéire níos lú ná timpeall 1 km ar leithead, [[astaróideach]] beag, iarmhar [[Cóiméad|cóiméid]] go minic, a bhíonn ag taisteal tríd an [[spás]]. |
||
[[Íomhá:Leonid_Meteor.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Leonid_Meteor.jpg|deas|mion|204x204px|Dreige]] |
|||
⚫ | |||
== Eolaíocht == |
|||
Nuair a thagann a leithéid isteach in [[atmaisféar an Domhain]], téitear é trí [[Frithchuimilt|fhrithchuimilt]] leis an [[Aeráid|aer]] agus imbhualadh leis na [[Móilín|móilíní]] aeir, go lonraíonn sé. Tugtar ''dreige'' air ansin. |
|||
⚫ | Nuair a thagann a leithéid isteach in [[atmaisféar an Domhain]], téitear é trí [[Frithchuimilt|fhrithchuimilt]] leis an [[Aeráid|aer]] agus imbhualadh leis na [[Móilín|móilíní]] aeir, go lonraíonn sé. Tugtar ''dreige'' air ansin. [[Íomhá:Leonid_Meteor.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Leonid_Meteor.jpg|mion|204x204px|Dreige|alt=|clé]]Má imbhuaileann an réad soladach, [[carraig]]<nowiki/>each nó [[miotal]]<nowiki/>ach seo le [[dromchla]] [[An Domhan|an Domhain]], tugtar ''dreigít'' air. Is é a bhíonn i [[Réalta|réaltaí]] reatha ná dreigí, ar mhéid [[gráinne]] [[Gaineamh|gainimh]], a bhíonn á ndó go hiomlán go hard san atmaisféar. |
||
⚫ | Má imbhuaileann an réad soladach, [[carraig]]<nowiki/>each nó [[miotal]]<nowiki/>ach seo le [[dromchla]] [[An Domhan|an Domhain]], tugtar ''dreigít'' air. Is é a bhíonn i [[Réalta|réaltaí]] reatha ná dreigí, ar mhéid [[gráinne]] [[Gaineamh|gainimh]], a bhíonn á ndó go hiomlán go hard san atmaisféar. |
||
Bíonn luas 10-70 km s<small><sup>-1</sup></small> faoina leithéid, agus ní haon ionadh go dtéitear é san aer. Tarlaíonn ceathanna de 50 réalta reatha nó níos mó nuair a théann an Domhan trí [[eireaball]] deannaigh [[Cóiméad|cóiméid]]. Fiú muna mbíonn ceathanna i gceist, bíonn timpeall 5 réalta reatha le feiceáil gach uair oíche ar bith. Díothaítear mórchuid na ndreigí roimh shroichint na [[Talamh|talún]] dóibh. Ach ó am go chéile maireann dreigít ar mhéid [[liathróid]]<nowiki/>e agus sroicheann an talamh. |
Bíonn luas 10-70 km s<small><sup>-1</sup></small> faoina leithéid, agus ní haon ionadh go dtéitear é san aer. Tarlaíonn ceathanna de 50 réalta reatha nó níos mó nuair a théann an Domhan trí [[eireaball]] deannaigh [[Cóiméad|cóiméid]]. Fiú muna mbíonn ceathanna i gceist, bíonn timpeall 5 réalta reatha le feiceáil gach uair oíche ar bith. Díothaítear mórchuid na ndreigí roimh shroichint na [[Talamh|talún]] dóibh. Ach ó am go chéile maireann dreigít ar mhéid [[liathróid]]<nowiki/>e agus sroicheann an talamh. |
||
== Contúirt == |
|||
⚫ | |||
⚫ | |||
D'fhógair Roinn Cosanta Mheiriceá 136 pléasc den saghas seo ar bharr an atmaisféir i [[1975]]-1992. Bhraith satailítí rúnda míleata na pléasca seo, agus bhí déine na bpléasc ar cóimhéid le [[Buama adamhach|buama beag adamhach]]. |
D'fhógair Roinn Cosanta Mheiriceá 136 pléasc den saghas seo ar bharr an atmaisféir i [[1975]]-1992. Bhraith satailítí rúnda míleata na pléasca seo, agus bhí déine na bpléasc ar cóimhéid le [[Buama adamhach|buama beag adamhach]]. |
Leagan ó 05:54, 30 Meitheamh 2018
Is é a bhíonn i ndreigeoideach ná rinn bheag spéire níos lú ná timpeall 1 km ar leithead, astaróideach beag, iarmhar cóiméid go minic, a bhíonn ag taisteal tríd an spás.
Eolaíocht
Nuair a thagann a leithéid isteach in atmaisféar an Domhain, téitear é trí fhrithchuimilt leis an aer agus imbhualadh leis na móilíní aeir, go lonraíonn sé. Tugtar dreige air ansin.
Má imbhuaileann an réad soladach, carraigeach nó miotalach seo le dromchla an Domhain, tugtar dreigít air. Is é a bhíonn i réaltaí reatha ná dreigí, ar mhéid gráinne gainimh, a bhíonn á ndó go hiomlán go hard san atmaisféar.
Bíonn luas 10-70 km s-1 faoina leithéid, agus ní haon ionadh go dtéitear é san aer. Tarlaíonn ceathanna de 50 réalta reatha nó níos mó nuair a théann an Domhan trí eireaball deannaigh cóiméid. Fiú muna mbíonn ceathanna i gceist, bíonn timpeall 5 réalta reatha le feiceáil gach uair oíche ar bith. Díothaítear mórchuid na ndreigí roimh shroichint na talún dóibh. Ach ó am go chéile maireann dreigít ar mhéid liathróide agus sroicheann an talamh.
Contúirt
Buaileann ceann an t-atmaisféar uair nó dhó sa tseachtain, le pléasc ar cóimhéid le pléasc adamhach.
D'fhógair Roinn Cosanta Mheiriceá 136 pléasc den saghas seo ar bharr an atmaisféir i 1975-1992. Bhraith satailítí rúnda míleata na pléasca seo, agus bhí déine na bpléasc ar cóimhéid le buama beag adamhach.
Tharla pléasca in iarthuaisceart na hÉireann, Sruth na Maoile, agus iarthar na hAlban.
Níor braitheadh fiú is ceann amháin de na pléasca seo ar dhromchla an domhain, agus meastar nach mbraitheann na satailítí ach timpeall 10% de na himbhuailtí a tharlaíonn. Mar sin, seans go dtarlaíonn suas le 80 imbhualadh mar seo gach bliain.
Léiríonn an t-eolas seo gur inmheasta an dóchúlacht go n-imbhuailfidh astaróideach mór an Domhan uair éigin amach anseo, agus go mb'fhéidir go mbeidh sé sin tubaisteach do dhaoine is an Domhan.
Eachtraí
- 15 Feabhra 2013. Gortaíodh corradh is 400 duine nuair a tharla cith dreigíte os cionn Chelyabinsk, reigiúin iarghualta i Sibéir na Rúise. Tharla an eachtra tamall beag roimh mionphláinéad a bheith ag dul faoi, chóngar don Domhan. Cé go raibh an mionphláinéad sin tuairim is 27,700 ciliméadar ar shiúil ó thalamh an domhain, bhí sé níos cóngaraí dúinn ná mar a bhíonn bunús na satailítí atá curtha suas ag rialtais agus ag lucht telichumarsaide.
Féach Freisin
Tagairtí
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |