An difríocht idir athruithe ar: "Banc Angla-Éireannach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 48: Líne 48:
Ar an 31 Iúil 2015, gearradh téarmaí [[príosún]]<nowiki/>achta idir 18 mí agus 3 bliana ar thriúr iar-fheidhmeannach le banc Anglo Irish<ref>https://www.rte.ie/news/nuacht/2015/0731/718414-pionos-le-gearradh-inniu-ar-thriur-iar-fheidhmeannach-le-anglo/</ref>.
Ar an 31 Iúil 2015, gearradh téarmaí [[príosún]]<nowiki/>achta idir 18 mí agus 3 bliana ar thriúr iar-fheidhmeannach le banc Anglo Irish<ref>https://www.rte.ie/news/nuacht/2015/0731/718414-pionos-le-gearradh-inniu-ar-thriur-iar-fheidhmeannach-le-anglo/</ref>.


Ar na [[20 Meitheamh]] [[2018]], gearradh sé bliana sa phríosún ar iar-phríomhfheidhmeannach bhanc an Anglo Irish David Drumm faoi chomhcheilg airgead a aistriú ón mbanc go dtí forais airgeadais eile agus faoi chuntais bhréagacha a chur i láthair an mhargaidh sa bhliain 2008<ref>https://www.rte.ie/news/nuacht/2018/0620/971890-6-bliana-sa-phriosun-gearrtha-ar-david-drumm/</ref>. Dúirt an breitheamh go raibh sé de cheart ag daoine muinín a bheith acu as bainc agus go raibh iompar David Drumm náireach.
Ar an [[20 Meitheamh]] [[2018]], gearradh sé bliana sa phríosún ar iar-phríomhfheidhmeannach bhanc an Anglo Irish David Drumm faoi chomhcheilg airgead a aistriú ón mbanc go dtí forais airgeadais eile agus faoi chuntais bhréagacha a chur i láthair an mhargaidh sa bhliain 2008<ref>https://www.rte.ie/news/nuacht/2018/0620/971890-6-bliana-sa-phriosun-gearrtha-ar-david-drumm/</ref>. Dúirt an breitheamh go raibh sé de cheart ag daoine muinín a bheith acu as bainc agus go raibh iompar David Drumm náireach.


Bhí sé curtha ina leith go ndearna Drumm é seo chun go mbeadh an chuma ar an scéal go raibh €7.2 billiún níos mó ná mar a bhí i ndáiríre i gcuntais Anglo Irish. Phléadáil Drumm neamhchiontach sna cúiseanna a cuireadh ina leith. Mhaígh a chuid dlíodóirí gur bainistiú macánta oscailte a bhí ar bhun aige d'fhonn an banc a chosaint. [[Íomhá:Anglo Irish Bank 0829.JPG|clé|mion|Anglo Irish Bank, Nua Eabhrac]]
Bhí sé curtha ina leith go ndearna Drumm é seo chun go mbeadh an chuma ar an scéal go raibh €7.2 billiún níos mó ná mar a bhí i ndáiríre i gcuntais Anglo Irish. Phléadáil Drumm neamhchiontach sna cúiseanna a cuireadh ina leith. Mhaígh a chuid dlíodóirí gur bainistiú macánta oscailte a bhí ar bhun aige d'fhonn an banc a chosaint. [[Íomhá:Anglo Irish Bank 0829.JPG|clé|mion|Anglo Irish Bank, Nua Eabhrac]]

Leagan ó 21:16, 23 Meitheamh 2018

Teimpléad:Comhlacht bosca eolais Ba banc Éireannach é Banc Angla-Éireannach (Anglo-Irish Bank sa Bhéarla). Bhí ceannáras an bhainc lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Cuireadh an banc i seilbh an stáit i mí na Nollag, 2008.

Cúlra

Ba í baincéireacht thrádálach príomhghnó an bhainc. De réir sin ní raibh a lán brainse miondíol ag an mbanc i gcathracha na hÉireann.

Ba é iasachtaí do thógálaithe agus d'fhorbróirí eastát réadach an chuid is mó de ghnó Bhanc Angla-Éireannach agus buaileadh an banc go trom i dtitim mhargadh maoine in Éireann sa bhliain 2008.

Ar an 14 Márta 2008, thug an Federal Reserve $25 billiún ar iasacht do Bear Stearns, bróicéir i Nua Eabhrac. Ba ualach breise é ar cháiníocóirí. Rinneadh dochar do mhuinín lucht gnó.

Ar an 17 Márta, nó "Sléacht Lá le Pádraig", thit luach na scaireanna Anglo-Irish 15%, i bhfianaise imní faoi thodhchaí an bhainc[1].

Instealladh airgid

Anglo Irish Bank, Great Victoria Street, Béal Feirste, 2010

2008

I mí na Nollag 2008, d'fhógair rialtas na hÉireann go raibh siad chun 1.5 billiún euro a chur isteach sa bhanc agus go dtógfaidís úinéireacht ar 75% den bhanc.

Stopadh trádáil i scaireanna an bhainc ar na stoc-mhalartáin i mBaile Átha Cliath agus i Londain ar an bpointe. Ba é €0.22 an praghas deireanach, titim 98% ón bpraghas is airde. Ní raibh luach ar bith ar na scaireanna ina dhiaidh an lá sin.

2009

Brian Cowen, 2008

Dúirt an Taoiseach, Brian Ó Comhain, ar 16 Eanáir 2009 go raibh "gnó mar is gnáth" ar siúl sa bhanc agus rinne sé iarracht an phobal a athdheimhniú gur banc sócmhainneach a bhí ann.

Idir mí Meithimh agus mí Meán Fomhair2009, sholáthraigh an tAire Airgeadais, Brian Ó Luineachán, 4 billiún euro capitil don bhanc. I ráiteas ar 30 Márta 2009, d'fhógair Ó Luineachán go raibh sé chun 8.3 billiún euro sa bhreis a chur isteach sa bhanc agus go mbeadh suas go 10 billiún euro eile ag teastáil ag an mbanc mar gheall ar chaillteanais a fhéadfadh tarlú sa todhchaí.

Tháinig roinnt conspóidí chun solais ó tharla náisiúnú an bhainc:-

  • iasachtaí do stiúrthóirí an bhainc
  • iasachtaí a thug an banc do deichniúr custaiméirí chun scaireanna a bhainc a bhí ag grúpa Quinn a cheannach

2010

Ar 31 Márta 2010 d'fhógraíodh go raibh caillteanas €12.7 billiún ag an mbanc (brabús oibriúcháin €2.4 billiún curtha le bearnúcháin €15.1 billiún). Ba é an caillteanas is mó riamh ag comhlacht Éireannach.

Dearbhaigh iar-chathaoirleach an bhainc, Seán Fitzpatrick, ina fhéimheach in Ardchúirt na hÉireann ar 12 Iúil 2010.

Agóid i mBÁC, 2010

Riar an chirt

Ar an 31 Iúil 2015, gearradh téarmaí príosúnachta idir 18 mí agus 3 bliana ar thriúr iar-fheidhmeannach le banc Anglo Irish[2].

Ar an 20 Meitheamh 2018, gearradh sé bliana sa phríosún ar iar-phríomhfheidhmeannach bhanc an Anglo Irish David Drumm faoi chomhcheilg airgead a aistriú ón mbanc go dtí forais airgeadais eile agus faoi chuntais bhréagacha a chur i láthair an mhargaidh sa bhliain 2008[3]. Dúirt an breitheamh go raibh sé de cheart ag daoine muinín a bheith acu as bainc agus go raibh iompar David Drumm náireach.

Bhí sé curtha ina leith go ndearna Drumm é seo chun go mbeadh an chuma ar an scéal go raibh €7.2 billiún níos mó ná mar a bhí i ndáiríre i gcuntais Anglo Irish. Phléadáil Drumm neamhchiontach sna cúiseanna a cuireadh ina leith. Mhaígh a chuid dlíodóirí gur bainistiú macánta oscailte a bhí ar bhun aige d'fhonn an banc a chosaint.

Anglo Irish Bank, Nua Eabhrac

Tagairtí