An difríocht idir athruithe ar: "Aibítir"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 84: Líne 84:
* [[zó-eolaíocht]], [[zóifít]], [[zú]]
* [[zó-eolaíocht]], [[zóifít]], [[zú]]


Téarmaí teicniúla atá sách aduain cuid acu (go háirithe k, w agus y. Feictear iad sa Mhatamaitic nó san Eolaíocht. Tá go leor samplaí de na litreacha éagsúla a bheith in úsáid i bhfoilseacháin a foilsíodh nó a breacadh i bhfad siar. Deirtear gurb é ‘k’ an t-aon litir nach bhfuil i bhfoclóir Ó Dónaill, ach tá an carachtar céanna sa teanga le fada, tráth den saol ba ghiorrúchán don fhocal ‘cath’ a bhí ann. Anois feictear é i dtéarmaí teicniúla. Foilsíodh dhá leabhar Ghaeilge sa bhliain [[2017]] a raibh K sa teideal acu.
Téarmaí teicniúla atá sách aduain cuid acu (go háirithe k, w agus y. Feictear iad sa Mhatamaitic nó san Eolaíocht. Tá go leor samplaí de na litreacha éagsúla a bheith in úsáid i bhfoilseacháin a foilsíodh nó a breacadh i bhfad siar. Deirtear gurb é ‘k’ an t-aon litir nach bhfuil i bhfoclóir Ó Dónaill, ach tá an carachtar céanna sa teanga le fada, tráth den saol ba ghiorrúchán don fhocal ‘cath’ a bhí ann. Anois feictear é i dtéarmaí teicniúla. Foilsíodh dhá leabhar Ghaeilge sa bhliain [[2017]] a raibh K sa teideal acu, mar a bhí ''[[Kíor Thuathail]]'' agus ''Katfish''.


Fadó ní raibh sa Ghaeilge ach na gutaí a, e, i, o, u agus na consain b, c, d, f, g,l, m, n, p, r, s, t. Deirtear gur ainmneacha crann a bhíodh orthu anallód: Ailm, Beith, Coll, Dair, Eadha, Fearn, Gort, Uath, Ioga, Luis, Muin, Nuin, Oir, Peith, Ruis, Suil, Teine, Ur. Meastar, áfach, gur nós é seo a tháinig sa treis níos déanaí.
Fadó ní raibh sa Ghaeilge ach na gutaí a, e, i, o, u agus na consain b, c, d, f, g,l, m, n, p, r, s, t. Deirtear gur ainmneacha crann a bhíodh orthu anallód: Ailm, Beith, Coll, Dair, Eadha, Fearn, Gort, Uath, Ioga, Luis, Muin, Nuin, Oir, Peith, Ruis, Suil, Teine, Ur. Meastar, áfach, gur nós é seo a tháinig sa treis níos déanaí.

Leagan ó 10:48, 30 Aibreán 2018

Is litreacha iad aibítir a bhaineann le teanga scríofa agus iad in ord áirithe. Tá an scríbhneoireacht bunaithe orthu. Chum na Seimítigh an chéad aibítir ceithre mhíle bliain ó shin. Bunaíodh an aibítir sin ar phictiúiríní a chuireadh idéithe in iúl. Fuair na Gréagaigh an aibítir ó phobal Seimíteach, na Féinícigh, a bhunaigh cathair chumhachtach i dtuaisceart na hAfraice, An Chartaig. Fuair na Rómhánaigh an aibítir ó na Gréagaigh agus úsáidtear an aibítir Laidineach seo chun an chuid is mó de theangacha na hEorpa a scríobh.

Ba é an cló Gaelach an chéad chóras scríbhneoireachta a úsáideadh in Éirinn le haghaidh an Ghaeilge a scríobh, de réir an chórais Rómhánaigh. D'úsáideadh an Eaglais Críostaí stíl scríbhneoireachta cosúil leis ar fud na hEorpa sa cúigiú céad. Tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn sa chúigiú céad agus tá an chuma ar an scéal gur tosaíodh ag scríobh na Gaeilge de réir an chórais seo sa séú céad.

B'in an tOgham an córas scríbhneoireachta a bhíodh in Éirinn roimh theacht na Críostaíochta. Tagann an t-ainm seo as an dia Cheilteach Ogmios. Ainmníodh na litreacha as crainn sa chóras seo. Fuarthas an córas seo ó dhraoithe Ceilteacha na Mór-roinne agus tá sé le feiceáil ar chlocha cuimhneacháin ar fud na hÉireann.

Aibítir na Gaeilge

Litreacha traidisiúnta

Litir    Ainm (IPA) Crann (Ogham)
A á /ɑː/ ailm
B /beɪ/ beith
C /keɪ/ coll
D /deɪ/ dair
E é /eɪ/ eadhadheabhadh
F eif /ɛf/ fearn
G /geɪ/ gort
H héis /heɪʃ/ uath nó an sceach gheal
I í /iː/ íodhadh nó an tIúr
L eil /ɛl/ luis nó an crann caorthainn
M eim /ɛm/ muin nó an fhíniúin
N ein /ɛn/ nion nó an fhuinseog
O ó /oʊ/ onn nó an t-aiteann
P /piː/ peith
R ear /ɑr/ ruis nó an trom
S eas /εs/ sail
T /teɪ/ teithne nó an cuileann
U ú /uː/ úr nó an fraoch

Litreacha neamh-choitianta

Litir    Ainm (IPA)
J /dʒeɪ/
K /kɑː/
Q /kuː/
V /veɪ/
W wae /weɪ/
X eacs /ɛks/
Y /jeɪ/
Z zae /zeɪ/

Litreacha nua

Cloistear go minic daoine ag rá nach n-úsáidtear na litreacha j, k, q, v, w, x, y, ná z sa Ghaeilge. Tá an chuid is mó acu in úsáid sa Ghaeilge leis na céadta bliain. Seo roinnt samplaí reatha.

  • jab, jéiníos, joltaeir
  • vitimín K, línte H agus K
  • quinín, quionól
  • vóta, vód, vrác
  • ‘aonad lán-W’
  • xaintéin, xiolán, X-radaíocht
  • Yólais, Y-chrómasóm
  • zó-eolaíocht, zóifít,

Téarmaí teicniúla atá sách aduain cuid acu (go háirithe k, w agus y. Feictear iad sa Mhatamaitic nó san Eolaíocht. Tá go leor samplaí de na litreacha éagsúla a bheith in úsáid i bhfoilseacháin a foilsíodh nó a breacadh i bhfad siar. Deirtear gurb é ‘k’ an t-aon litir nach bhfuil i bhfoclóir Ó Dónaill, ach tá an carachtar céanna sa teanga le fada, tráth den saol ba ghiorrúchán don fhocal ‘cath’ a bhí ann. Anois feictear é i dtéarmaí teicniúla. Foilsíodh dhá leabhar Ghaeilge sa bhliain 2017 a raibh K sa teideal acu, mar a bhí Kíor Thuathail agus Katfish.

Fadó ní raibh sa Ghaeilge ach na gutaí a, e, i, o, u agus na consain b, c, d, f, g,l, m, n, p, r, s, t. Deirtear gur ainmneacha crann a bhíodh orthu anallód: Ailm, Beith, Coll, Dair, Eadha, Fearn, Gort, Uath, Ioga, Luis, Muin, Nuin, Oir, Peith, Ruis, Suil, Teine, Ur. Meastar, áfach, gur nós é seo a tháinig sa treis níos déanaí.

Liosta Aibítir