An difríocht idir athruithe ar: "An Ghréigis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 19: Líne 19:
Is gnách trí thréimhse a aithint ar stair na Sean-Ghréigise: an tréimhse ársa (ón 9ú go dtí an 6ú haois RC), an tréimhse Chlasaiceach (ón 5ú go dtí an 4ú haois RC) agus tréimhse an Heilléanachais (tréimhse an ''Koiné'', ´go dtí an 4ú haois AD). Is ionann Gréigis na tréimhse ársa agus Gréigis Hóiméir. Maidir leis an tréimhse Chlasaiceach, b'ansin a breacadh síos saothair mhóra liteartha na sibhialtachta Gréagaí a chuaigh go domhain i bhfeidhm ar an tsibhialtacht Iartharach go léir, ach tá sé tábhachtach a thuiscint nach raibh aon chaighdeán amháin i bhfeidhm san am. Ba í canúint na hAtaice ba mhó a d'úsáidtí sa phrós, ach san am chéanna bhí canúintí eile á saothrú le haghaidh cuspóirí liteartha éagsúla: ba í an chanúint Dhórach teanga na gcór sna traigéidí, mar shampla.
Is gnách trí thréimhse a aithint ar stair na Sean-Ghréigise: an tréimhse ársa (ón 9ú go dtí an 6ú haois RC), an tréimhse Chlasaiceach (ón 5ú go dtí an 4ú haois RC) agus tréimhse an Heilléanachais (tréimhse an ''Koiné'', ´go dtí an 4ú haois AD). Is ionann Gréigis na tréimhse ársa agus Gréigis Hóiméir. Maidir leis an tréimhse Chlasaiceach, b'ansin a breacadh síos saothair mhóra liteartha na sibhialtachta Gréagaí a chuaigh go domhain i bhfeidhm ar an tsibhialtacht Iartharach go léir, ach tá sé tábhachtach a thuiscint nach raibh aon chaighdeán amháin i bhfeidhm san am. Ba í canúint na hAtaice ba mhó a d'úsáidtí sa phrós, ach san am chéanna bhí canúintí eile á saothrú le haghaidh cuspóirí liteartha éagsúla: ba í an chanúint Dhórach teanga na gcór sna traigéidí, mar shampla.


De thoradh na gconcas a rinne Alastar Mór, chuaigh an Ghréigis i bhfad thar theorainneacha na Gréige féin, agus ansin cruthaíodh canúint nua - ''é koiné dialektos'' nó an Chanúint Choitianta, canúint mheasctha mhadrúil, cé gurbh í canúint na hAitice ba mhó a d'fhág a sliocht uirthi. Is í an ''Koiné'' canúint an Nua-Thiomna mar shampla. Go bunúsach ba í an ''Koiné'' caint na ndaoine san am, agus theastaigh ó na luath-Chríostaithe an creideamh a chraobhscaoileadh i dteanga a bheadh intuigthe go coitianta, cé go raibh lucht na hardliteartha ag saothrú sheanchanúint na hAitice ina gcuid scríbhinní i gcónaí, agus ba bheag a meas ar "bhéarlagair" an daoscarshlua.
De thoradh na gconcas a rinne Alastar Mór, chuaigh an Ghréigis in úsáid i bhfad thar theorainneacha na Gréige féin, agus ansin cruthaíodh canúint nua - ''é koiné dialektos'' nó an Chanúint Choitianta, canúint mheasctha mhadrúil, cé gurbh í canúint na hAitice ba mhó a d'fhág a sliocht uirthi. Is í an ''Koiné'' canúint an Nua-Thiomna mar shampla. Go bunúsach ba í an ''Koiné'' caint na ndaoine san am, agus theastaigh ó na luath-Chríostaithe an creideamh a chraobhscaoileadh i dteanga a bheadh intuigthe go coitianta, cé go raibh lucht na hardliteartha ag saothrú sheanchanúint na hAitice ina gcuid scríbhinní i gcónaí, agus ba bheag a meas ar "bhéarlagair" an daoscarshlua.


==An Ghréigis taobh amuigh den Ghréig==
==An Ghréigis taobh amuigh den Ghréig==

Leagan ó 09:54, 27 Aibreán 2018

Teimpléad:Teanga

Is í an Ghréigis (Ελληνικά, /eliniˈka/) an teanga Ind-Eorpach is sine dá maireann. Is féidir í a rianú siar go dtí an teanga a labhair cine a tháinig go dtí an Ghréig timpeall na bliana 2000 RC. An dream sin a chuir cathair Mhicéanae ar bun agus tugtar na Micéanaigh orthu dá bhrí sin. Bhí na Micéanaigh i mbarr a réime go dtí timpeall 1100 RC nuair a tháinig meath orthu. Níl mórán eolais againn faoin teanga díreach i ndiaidh mheath na cathrach úd tar éis ionradh ón tuaisceart. Tá an ceithre chéad bliain ina dhiaidh sin doiléir. Pé scéal é, thosaigh na Gréagaigh ar aibítir a úsáid i rith na tréimhse sin. Scríobh siad a gcuid seanchais seachas é a chur ó bhéal go béal. Chum Hóiméar an Íliad agus an Odaisé, deirtear. Faoin am sin a thosaigh Ré Ársa na Sean-Ghréige.


An tSean-Ghréigis agus a réamhstair

Is gnách trí thréimhse a aithint ar stair na Sean-Ghréigise: an tréimhse ársa (ón 9ú go dtí an 6ú haois RC), an tréimhse Chlasaiceach (ón 5ú go dtí an 4ú haois RC) agus tréimhse an Heilléanachais (tréimhse an Koiné, ´go dtí an 4ú haois AD). Is ionann Gréigis na tréimhse ársa agus Gréigis Hóiméir. Maidir leis an tréimhse Chlasaiceach, b'ansin a breacadh síos saothair mhóra liteartha na sibhialtachta Gréagaí a chuaigh go domhain i bhfeidhm ar an tsibhialtacht Iartharach go léir, ach tá sé tábhachtach a thuiscint nach raibh aon chaighdeán amháin i bhfeidhm san am. Ba í canúint na hAtaice ba mhó a d'úsáidtí sa phrós, ach san am chéanna bhí canúintí eile á saothrú le haghaidh cuspóirí liteartha éagsúla: ba í an chanúint Dhórach teanga na gcór sna traigéidí, mar shampla.

De thoradh na gconcas a rinne Alastar Mór, chuaigh an Ghréigis in úsáid i bhfad thar theorainneacha na Gréige féin, agus ansin cruthaíodh canúint nua - é koiné dialektos nó an Chanúint Choitianta, canúint mheasctha mhadrúil, cé gurbh í canúint na hAitice ba mhó a d'fhág a sliocht uirthi. Is í an Koiné canúint an Nua-Thiomna mar shampla. Go bunúsach ba í an Koiné caint na ndaoine san am, agus theastaigh ó na luath-Chríostaithe an creideamh a chraobhscaoileadh i dteanga a bheadh intuigthe go coitianta, cé go raibh lucht na hardliteartha ag saothrú sheanchanúint na hAitice ina gcuid scríbhinní i gcónaí, agus ba bheag a meas ar "bhéarlagair" an daoscarshlua.

An Ghréigis taobh amuigh den Ghréig

An Airméin

De réir dhaonáireamh na hAirméine sa bhliain 2011 bhí idir 700-1000 cainteoirí dúchasacha na Gréigise ina gcónaí san Airméin.

An Albáin

Is mionteanga aitheanta í an Ghréigis san Albáin. Is í an mhionteanga leis an líon cainteoirí dúchasacha is mó san Albáin agus í mar mháthairtheanga ag 3% de dhaonra na tíre. Tá eolas ar an nGréigis ag thart ar 40% de dhaonra ná hAlbáine.

An Astráil

Sa bhliain 2001 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 252,220 duine san Astráil.

Ceanada

I 2011 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 108,925 (0.3% de dhaonra Cheanada) duine i gCeanada, shíos ó 117,285 (0.4%) i 2006.

An Chipir

Tá an Ghréigis mar theanga oifigiúil (chomh maith leis an Tuircis) sa Chipir.

An Iodáil

Tá an Ghréigis aitheanta mar theanga mionlach in áiteanna áirithe san Iodáil.

An Rómáin

I 2002 bhí 4,146 cainteoirí dúchasacha na Gréigise ina gcónaí sa Rómáin.

S.A.M.

De réir shuirbhé ó 2006-2010 bhí an Ghréigis mar phríomtheanga ag 321,144 duine sna S.A.M..

An Úcráin

I 2000 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 5,829 duine san Úcráin, síos ó 7,210 i 1970.

Tagairtí

An Ghréigis
Vicipéid le fáil as An Ghréigis freisin