An difríocht idir athruithe ar: "Leathanach gréasáin"
m wikidata interwiki |
|||
Líne 8: | Líne 8: | ||
[[Catagóir:Gréasán Domhanda]] |
[[Catagóir:Gréasán Domhanda]] |
||
[[da:Webside]] |
|||
[[eo:TTT-ejo]] |
|||
[[mk:Веб страница]] |
|||
[[sk:Webová stránka]] |
Leagan ó 15:26, 18 Aibreán 2018
Is éard is leathanach gréasáin ann ná leathanach eolais gur féidir a léiriú ar an nGréasán Domhanda trí bhrabhsálaí gréasáin. Bíonn an t-eolas seo stóráilte i bhfoirm cód téacs atá marcáilte (ar nós HTML nó XHTML) agus go hiondúil nascann sé le leathanaigh gréasáin eile trí hipirnaisc.
Is féidir leathanaigh gréasáin a stóráil ar ríomhaire logánta nó go cianda ar fhreastalaí gréasáin. D'fhéadfadh an freastalaí gréasáin na leathanaigh a shrianadh taobh istigh de líonra príobháideach (m.sh., inlíon corporáideach) nó d'fhéadfadh sé iad a chur ar fáil ar an nGréasán Domhanda.
Bíonn láithreán gréasáin comhdhéanta de méid áirithe leathanaigh gréasáin. Is féidir le leathanach gréasáin a bheith dinimiciúil – athraíonn sé de réir mar a bhíonn úsáideoirí éagsúla ag plé leis – cuardach ar Google, mar shampla. Bíonn leathanaigh eile statach – ní athraíonn siad ó chuairt go cuairt – mura n-athraíonn úinéir an leathanaigh an t-ábhar atá ann. Is minic go mbíonn láithreáin ghréasáin comhdhéanta de leathanaigh dinimiciúla agus leathanaigh statacha.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |