An difríocht idir athruithe ar: "David Trimble"
defsort srl |
|||
Líne 28: | Líne 28: | ||
Sa bhliain 1998, bronnadh [[Duais Nobel]] ar Trimble agus [[John Hume]] mar aon de réir a obair le síocháin i dTuaisceart Éireann a bhaint amach. |
Sa bhliain 1998, bronnadh [[Duais Nobel]] ar Trimble agus [[John Hume]] mar aon de réir a obair le síocháin i dTuaisceart Éireann a bhaint amach. |
||
{{DEFAULTSORT:Trimble, David}} |
|||
{{stumpa}} |
|||
[[Catagóir:Polaiteoirí Thuaisceart na hÉireann|Trimble, David]] |
[[Catagóir:Polaiteoirí Thuaisceart na hÉireann|Trimble, David]] |
||
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1944|Trimble, David]] |
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1944|Trimble, David]] |
Leagan ó 18:02, 14 Aibreán 2018
Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Polaiteoir i dTuaisceart Éireann is ea William David Trimble, an Barún Trimble, PC (an 15 Deireadh Fómhair 1944 a rugadh é), a bhí ina cheannaire ar Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) ó 1995 go 2005, agus Céad Aire Tuaisceart Éireann ó 1998 go 2002. Rinneadh tiarna saoil de i dTeach na dTiarnaí ar an 6 Meitheamh 2006. D'fhógraigh sé ar an 17 Aibreán 2007 go dtabharfadh sé cúl leis an bPáirtí Caomhach.
Saol
Cháiligh sé mar abhcóide i 1968 i mBéal Feirste. I 1974, i rith Stailc Oibrithe Uladh, d'oibrigh mar chomhairleoir dlíthiúil do Chomhairle Oibrithe Uladh, a bhí faoi smacht Óglaigh Uladh (UVF) agus Cumann Cosanta Uladh (UDA). I 1975, bhí Trimble ina chomh-cheannaire ar an Pháirtí Aontachtach Forásach Urgharda (VPUP), in éineacht le Glenn Barr ón UDA. Cruthaigh William Craig an VPUP chun stop a chur le cumhachtroinnt le náisiúnaithe i rialtas Tuaisceart Éireann. Ag an am seo freisin, bhí sé ag scríobh ailt don iris UVF, Combat.
Chuaigh sé isteach sa Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) i 1978. I ndiaidh paráid na nOráisteach i 1997, nuair a chuir an Constáblacht Ríoga Uladh ruaig ar na Caitlicigh áitiúla as an mBóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin, Contae Ard Mhacha, bhí Trimble agus Ian Paisley ag ceiliúradh an bua a bhí acu. Go luath tar éis seo, bhuaigh sé an rás le ceannasaíocht an UUP.
Sa bhliain 1998, bronnadh Duais Nobel ar Trimble agus John Hume mar aon de réir a obair le síocháin i dTuaisceart Éireann a bhaint amach.