An difríocht idir athruithe ar: "Dervla Murphy"

Jump to navigation Jump to search
4 bytes added ,  2 bhliain ó shin
m
(Eag. ghin.)
Ó luathaois, rinne sí cinneadh ar thaisteal a dhéanamh. Thug a tuismitheoirí rothar áthláimhe di mar bhronntanas ar ócáid a deichiú breithlá agus fuair sí sean[[atlas]] óna “Pappa” (.i. a seanathair). Is cuimhin le Dervla go fóill cá háit a raibh sí nuair a chinn sí ar a dhul go dtí an India lá eigin ar a rothar. Leathbhealach suas mála crochta in aici le Lios Mór, bhuail an smaoineamh í gurbh fhéidir léi [[an India]] a bhaint amach dá leanfadh sí ar aghaidh mar sin.
 
D’fhreastail Murphy ar an meánscoil ag an gClochar [[Ord na nUrsalach|Ursalach]] i bPort Láirge, ach d’imigh sí in aois 14 bliana di le haire a thabhairt dona máthair mhíchumasach. Sé bliana ní ba dhéanaí, thosaigh sí ar roinnt turas gearr: go dtí [[an Bhreatain Bheag]] agus go deisceart [[Sasana|Shasana]] sa bhliain 1951, go dtí [[an Bheilg]], [[an Ghearmáin]], agus [[an Fhrainc]] an bhliain ina dhiaidh sin, agus dhá thuras go dtí [[an Spáinn]], in 1954 agus 1956. Bhí roinnt alt faoin taisteal foilsithe aici san iris úd ''[[Hibernia]]'' agus ar an [[Irish Independent]], ach thug na foilsitheoirí cúl láimhe lena leabhar taistil faoin Spáinn.
 
Fuair a céad leannán, Godfrey, bás thar lear sa bhliain 1958 agus d’éirigh a hathair tinn leis an neifríteas, seachghalar de chuid an [[fliú]]. Fuair seisean bás i mí Feabhra na bliana 1961 agus lean máthair Dervla é i mí Lúnasa an bhliain ina dhiaidh sin. Bhí Murphy saor ansin óna cuid dualgaisí teaghlaigh agus faoi dheireadh bhí an bealach fada soir go dtí an India ag fanacht léi. Cheap Murphy gur dea-ullmhúchán cruatan agus bochtanas a hóige don sórt taistil a bhí ceaptha aici.
22,950

edits

Roghchlár nascleanúna