An difríocht idir athruithe ar: "Fiadhúlra"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Cuimsíonn an fiadhúlra an ilghnéitheacht bheatha ar fud an domhain. ==An Fiadhúlra in Eirinn== Shínigh Éire an Coinbhinsiún domhanda ar Éagsúlacht Bhitheolaí...'
(No difference)

Leagan ó 15:51, 3 Márta 2018

Cuimsíonn an fiadhúlra an ilghnéitheacht bheatha ar fud an domhain.

An Fiadhúlra in Eirinn

Shínigh Éire an Coinbhinsiún domhanda ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CEB). Bhí an beartas bithéagsúlachta leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Bithéagsúlachta (PNB), rud a aithníonn díghrádú agus caillteanas gnáthóg mar phríomhthoisc atá ag laghdú bithéagsúlachta in Éirinn sa lá atá inniu ann. Is fadhb mhéadaitheach é scaipeadh na speiceas ionrach chomh maith[1]. Tá baic i bhfeidhm maidir le tabhairt isteach nó scaipeadh speiceas ionrach áirithe[2]. Tá cuid mhaith de na forálacha beartais sa PNB á gcur i bhfeidhm tríd an gcreat reachtúil atá curtha ar fáil ag na hAchtanna Fiadhúlra, 1976-2000.

Cosaint an Fhiadhúlra

Tá ainmhithe áirithe ag dul in éag de bharr dífhoraisiú agus caillteanas gnáthóg de réir mar atá an daonra ag fás. Is ionann Anaclann Dúlra is ceantar a bhfuil tábhacht leis ó thaobh fiadhúlra, agus tá cosaint aici’ faoin reachtaíocht. Is leis an Stát formhór na nAnaclann Dúlra in Éirinn[3].

Is é an ról atá ag Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne a bheith ag obair lena comhpháirtithe sa tseirbhís phoiblí agus sa phobal i gcoitinne chun an chomhairle eolaíoch is fearr is féidir a chur ar fáil agus chun a chinntiú go gcuirtear cosaint éifeachtach ar fáil chun fiadhúlra na hÉireann a chaomhnú<ef>https://www.chg.gov.ie/ga/heritage/national-parks-wildlife/protection-of-wildlife/</ref>.

Féach freisin

Tagairtí

  1. féach ar http://invasivespeciesireland.com/ chun tuilleadh eolais a fháil
  2. mar atá leagtha amach sa Tríú Sceideal de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga) 2011 (I.R. 477/2011)
  3. [1]
  4. Rúin ghránna chaomhnóirí an fhiadhúlra, Beo 2008
  5. AN FIADHÚLRA Féileacáin & Leamhain sa Ghairdín / WL 30 http://www.noticenature.ie/files/enfo/factsheet/Irish/WL30%20Butterflies%20-%20Irish.pdf