An difríocht idir athruithe ar: "An Spidéal"
Vicipéid12 (plé | dréachtaí) |
Vicipéid12 (plé | dréachtaí) |
||
Líne 22: | Líne 22: | ||
==An Ghaeilge sa Spidéal== |
==An Ghaeilge sa Spidéal== |
||
Fuaradh amach i ndaonáireamh 2016 go bhfuil 237 duine ag maireachtaint ar an Spidéal, gan dabht is é an sráidbhaile atá i gceist ansin. Síneann an sráidbhaile ó Abhainn Bhoth Loiscthe soir go ceardlann an Spidéal agus ó thuaidh chomh fada leis an eastát tithíochta 'Radharc na Rún'. |
Fuaradh amach i ndaonáireamh 2016 go bhfuil 237 duine ag maireachtaint ar an Spidéal, gan dabht is é an sráidbhaile atá i gceist ansin. Síneann an sráidbhaile ó Abhainn Bhoth Loiscthe soir go ceardlann an Spidéal agus ó thuaidh chomh fada leis an eastát tithíochta 'Radharc na Rún'. Dúirt 71.6% de mhuintir an sráidbhaile go raibh [[Gaeilge]] acu agus dúirt 53.9% den daonra go labhraíonn siad [[Gaeilge]] chuile lá. |
||
Bhí cónaí ar 1,443 duine i dtoghroinn An Spidéal sa bhliain 2016. Síneann toghroinn an Spidéal ó Abhainn Bhoth Loiscthe chomh fada soir leis an áit a thosnaíonn Doire Locháin atá sna Forbacha. Dúirt 83.3% de mhuintir na toghroinn go bhfuil [[Gaeilge]] acu. Dúirt 65.1% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil. |
|||
Ar an taobh eile den Spidéal tá toghroinn Cill Aithnín nó 'Paróiste an Chnoic' mar a ghlaotar air chomh maith. Síneann an toghroinn ó Abhainn Bhoth Loiscthe chomh fada siar leis an abhann idir Siopa an Phobail [[Indreabhán]] agus Comhar Creidmheasa Cholmcille. Bhí 1,044 duine ag maireachtaint sa toghroinn seo nuair a deineadh daonáireamh 2016. Bhí [[Gaeilge]] ag 86.7% de mhuintir na toghroinne sa bhliain 2016 agus dúirt 72% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá. |
|||
==Tagairtí== |
==Tagairtí== |
Leagan ó 20:00, 20 Feabhra 2018
Is baile é An Spidéal (Spiddal nó Spiddle as Béarla) atá suite in iarthar Chontae na Gaillimhe.
Tá sráidbhaile an Spidéil thart ar aon mhíle déag nó ocht gciliméadar déag siar an cósta ó Chathair na Gaillimhe. Baile an Droichid a thugadh muintir na háite tráth air. Táid ann a deir gurb é an Spidéal príomhbhaile Chois Fharraige. Síneann Paróiste an Spidéil ó Dhoire Locháin Thoir siar go hAbhainn an Spidéil nó Abhainn Bhoth Loiscthe agus ó thuaidh go Leitir Meas agus Poll. Tugtar 'Ceantar an Spidéil' uaireanta ar cheantar beagán níos fairsinge ná sin, a chuimsíonn Paróiste an Spidéil féin agus an ceantar i bParóiste an Chnoic ó shráidbhaile an Spidéil siar go Sáile Chuanna.
Tá an Spidéal suite i nGaeltacht Chonamara agus cé go bhfuil an Ghaeilge in uachtar i gcónaí in imeachtaí poiblí sa gceantar, tá labhairt na teanga trí chéile san áit ag teacht faoi bhrú (mar atá sa nGaeltacht ina hiomláine.) Béarla is mó a chloistear á labhairt i ngnónna na háite agus ceaptar gur thart ar leath na dteaghlach san áit a úsáideann an Ghaeilge mar theanga bhaile. De bhrí go bhfuil an Spidéal cóngarach go leor do Chathair na Gaillimhe, tá sé tarraingteach mar áit chónaithe; tá roinnt mhaith daoine nua tagtha chun cónaithe san áit le tamall de bhlianta anuas, go mór mór in eastáit nua tithíochta gar don sráidbhaile.
Is é Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta an eagraíocht forbartha pobail atá ag feidhmiú san áit, agus tá gníomhaíochtaí éagsúla idir lámha ag an gComhlacht Forbartha ar mhaithe leis an gceantar a chur chun cinn.
An Ghaeilge sa Spidéal
Fuaradh amach i ndaonáireamh 2016 go bhfuil 237 duine ag maireachtaint ar an Spidéal, gan dabht is é an sráidbhaile atá i gceist ansin. Síneann an sráidbhaile ó Abhainn Bhoth Loiscthe soir go ceardlann an Spidéal agus ó thuaidh chomh fada leis an eastát tithíochta 'Radharc na Rún'. Dúirt 71.6% de mhuintir an sráidbhaile go raibh Gaeilge acu agus dúirt 53.9% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá.
Bhí cónaí ar 1,443 duine i dtoghroinn An Spidéal sa bhliain 2016. Síneann toghroinn an Spidéal ó Abhainn Bhoth Loiscthe chomh fada soir leis an áit a thosnaíonn Doire Locháin atá sna Forbacha. Dúirt 83.3% de mhuintir na toghroinn go bhfuil Gaeilge acu. Dúirt 65.1% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil.
Ar an taobh eile den Spidéal tá toghroinn Cill Aithnín nó 'Paróiste an Chnoic' mar a ghlaotar air chomh maith. Síneann an toghroinn ó Abhainn Bhoth Loiscthe chomh fada siar leis an abhann idir Siopa an Phobail Indreabhán agus Comhar Creidmheasa Cholmcille. Bhí 1,044 duine ag maireachtaint sa toghroinn seo nuair a deineadh daonáireamh 2016. Bhí Gaeilge ag 86.7% de mhuintir na toghroinne sa bhliain 2016 agus dúirt 72% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá.