An difríocht idir athruithe ar: "An Spidéal"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
JOE (plé | dréachtaí)
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 21: Líne 21:
Is é Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta an eagraíocht forbartha pobail atá ag feidhmiú san áit, agus tá gníomhaíochtaí éagsúla idir lámha ag an gComhlacht Forbartha ar mhaithe leis an gceantar a chur chun cinn.

==An Gaeilge sa Spidéal==
==An Ghaeilge sa Spidéal==
Fuaradh amach i ndaonáireamh 2016 go bhfuil 237 duine ag maireachtaint ar an Spidéal, gan dabht is é an sráidbhaile atá i gceist ansin. Síneann an sráidbhaile ó Abhainn Bhoth Loiscthe soir go ceardlann an Spidéal agus ó thuaidh chomh fada leis an eastát tithíochta 'Radharc na Rún'.

I 2011 bhí cónaí ar 1,450 duine sa toghroinn An Spidéal. Dúirt 1,139 duine (81.9% don daonra 3+) go raibh an [[Gaeilge|Ghaeilge]] acu agus dúirt 732 duine (52.6%) go n-úsáideann siad an [[Gaeilge|Ghaeilge]] go laethúil lasmuigh don chóras oideachas.

==Tagairtí==
==Tagairtí==
http://census.cso.ie/sapmap2016/Results.aspx?Geog_Type=ST2016&Geog_Code=A42EF9AD-955D-4851-A976-B01A8DBE1747

http://census.cso.ie/sapmap2011/Results.aspx?Geog_Type=ED&Geog_Code=27063&CTY=27

{{Síol-tír-ie}}

[[Catagóir:Bailte i gContae na Gaillimhe|Spideal]]

Leagan ó 19:34, 20 Feabhra 2018

Teimpléad:Ie baile infobox

Is baile é An Spidéal (SpiddalSpiddle as Béarla) atá suite in iarthar Chontae na Gaillimhe.

Tá sráidbhaile an Spidéil thart ar aon mhíle déag nó ocht gciliméadar déag siar an cósta ó Chathair na Gaillimhe. Baile an Droichid a thugadh muintir na háite tráth air. Táid ann a deir gurb é an Spidéal príomhbhaile Chois Fharraige. Síneann Paróiste an Spidéil ó Dhoire Locháin Thoir siar go hAbhainn an Spidéil nó Abhainn Bhoth Loiscthe agus ó thuaidh go Leitir Meas agus Poll. Tugtar 'Ceantar an Spidéil' uaireanta ar cheantar beagán níos fairsinge ná sin, a chuimsíonn Paróiste an Spidéil féin agus an ceantar i bParóiste an Chnoic ó shráidbhaile an Spidéil siar go Sáile Chuanna.

Cuan an Spidéil (An tSeanchéibh) ina lag trá, 13 Samhain 2004

Tá an Spidéal suite i nGaeltacht Chonamara agus cé go bhfuil an Ghaeilge in uachtar i gcónaí in imeachtaí poiblí sa gceantar, tá labhairt na teanga trí chéile san áit ag teacht faoi bhrú (mar atá sa nGaeltacht ina hiomláine.) Béarla is mó a chloistear á labhairt i ngnónna na háite agus ceaptar gur thart ar leath na dteaghlach san áit a úsáideann an Ghaeilge mar theanga bhaile. De bhrí go bhfuil an Spidéal cóngarach go leor do Chathair na Gaillimhe, tá sé tarraingteach mar áit chónaithe; tá roinnt mhaith daoine nua tagtha chun cónaithe san áit le tamall de bhlianta anuas, go mór mór in eastáit nua tithíochta gar don sráidbhaile.

Is é Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta an eagraíocht forbartha pobail atá ag feidhmiú san áit, agus tá gníomhaíochtaí éagsúla idir lámha ag an gComhlacht Forbartha ar mhaithe leis an gceantar a chur chun cinn.

An Ghaeilge sa Spidéal

Tagairtí

http://census.cso.ie/sapmap2016/Results.aspx?Geog_Type=ST2016&Geog_Code=A42EF9AD-955D-4851-A976-B01A8DBE1747