An difríocht idir athruithe ar: "Inis Oírr"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 10: Líne 10:


== An Ghaeilge ar Inis Oírr ==
== An Ghaeilge ar Inis Oírr ==
Tá [[An Ghaeilge]] fós mar theanga an phobail ar Inis Oírr. I ndaonáireamh 2016 dúirt 90.7% de mhuintir an oileáin go raibh Gaeilge acu agus dúirt 85.1% den ndaonra go labhrann siad Gaeilge chuile lá. Bhí scata teanga á labhairt i dtithe Inis Oírr sa bhliain 2016 nuair a deineadh an daonáireamh deireanach. Bhí [[An Liotuáinis]] mar theanga an bhaile ag cúigear(5), bhí [[An Fhraincis]] sa bhaile age ceathrar(4) agus bhí [[An Pholainnis]] sa bhaile ag triúr(3).
Dúirt 98.3% do daonra Inis Oírr go raibh [[An Ghaeilge|Gaoluinn]] acu sa bhlian 2011 . Dúirt 197 duine (83.1%) go labhraíonn siad an [[An Ghaeilge|Gaoluinn]] go laethúil lasmuigh den chóras oideachais. Tá an céadtadán de Ghaelgeóirí laethúila ar Inis Oírr i bhfad níos airde ná mar a bhfuil sé sna hOileáin Árann san iomlán (63.5%).


== Siúlóid Inis Oírr ==
== Siúlóid Inis Oírr ==

Tógann an tsiúlóid seo idir 3½ agus 4 uaire an chloig. Is féidir an tús a fheiceáil ag Cnoc Raithní, carn chiorclach ar chúl na trá agus ar thaobh na láimhe clé den pháirc peile.
Tógann an tsiúlóid seo idir 3½ agus 4 uaire an chloig. Is féidir an tús a fheiceáil ag Cnoc Raithní, carn chiorclach ar chúl na trá agus ar thaobh na láimhe clé den pháirc peile.



Leagan ó 23:40, 18 Feabhra 2018

Tugtar Inis Oírr, Inis OirthirInis Thiar go minic ar an oileán is lú de chuid Oileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe (i gcuan na Gaillimhe) in iarthar na hÉireann. Tá Inis Meáin agus Inis Mór suite ar an taobh thiar d'Inis Oírr.

Suíomh

Stair

Is é Naomh Caomhán éarlamh an oileáin. Ba dheartháir leis é Naomh Caoimhin, bunaitheoir Ghleann Dá Loch. Cé go dtugtar Inis Oírr ar an oileán go hoifigiúil, bhíodh ainm oifigiúil eile, Inis Oirthir, air roimhe sin, agus tugtar Inis Thiar air go traidisiúnta.

An t-oileán sa lá atá inniu ann

Tá timpeall 300 duine ina gcónaí ar an oileán faoi láthair, agus tá sé suite i nGaeltacht Chonnacht. Tagann eathar ann ó Ros an Mhíl i gConamara agus ó Dhúlainn i gContae an Chláir, chomh maith leis na hoileáin eile. Baineann tábhacht mhór leis an turasóireacht ar an oileán. Chomh maith le sin, tagann go leor daoine ann agus iad ag iarraidh a nGaeilge a fheabhsú.

An Ghaeilge ar Inis Oírr

An Ghaeilge fós mar theanga an phobail ar Inis Oírr. I ndaonáireamh 2016 dúirt 90.7% de mhuintir an oileáin go raibh Gaeilge acu agus dúirt 85.1% den ndaonra go labhrann siad Gaeilge chuile lá. Bhí scata teanga á labhairt i dtithe Inis Oírr sa bhliain 2016 nuair a deineadh an daonáireamh deireanach. Bhí An Liotuáinis mar theanga an bhaile ag cúigear(5), bhí An Fhraincis sa bhaile age ceathrar(4) agus bhí An Pholainnis sa bhaile ag triúr(3).

Siúlóid Inis Oírr

Tógann an tsiúlóid seo idir 3½ agus 4 uaire an chloig. Is féidir an tús a fheiceáil ag Cnoc Raithní, carn chiorclach ar chúl na trá agus ar thaobh na láimhe clé den pháirc peile.

Inis Oírr

Cnoc Raithní

Níor thángthas ar an séadchomhartha seo nó go raibh feiceáil air i ndiaidh stoirme sa bhliain 1885. Tá sé ann ó aimsir na Cré-umhaoise, 1500 R.C., agus dar leis na saineolaithe, tógadh mar charn adhlactha é. De réir an tseanchais ba iad na Firboilg an chéad dream a raibh cónaí orthu ar an oileán tar éis dóibh teitheadh ann le n-éalú ó lucht ionsaithe.

Teampall Chaomháin

Bhí Caomhán ina dheisceabal le Naomh Éanna. Tá fothracha an tséipéil ag dul siar go dtí an 10-14ú céad agus bhíodh gaineamh shéidte le glanadh as. Feictear dramhcharn ó aimsir na Luathchríostaíochta nó na meánaoise ar am mbealach isteach sa reilig. Tá Leaba Chaomháin le feiceáil sa reilig freisin.

An Plassey

Sa bhliain 1960, cuireadh an Plassy suas ar charraig na Finise le linn stoirm fhiáin. Níor báitheadh aon duine mar shábháil na hoileánaigh gach éinne a bhí ar bord. Níos faide amach tá teach solais atá 37m ar airde le feiceáil. Oibríonn sé go huathoibríoch ón mbliain 1978. Scairteann a sholas 20 muirmhíle ó bhaile san oíche.

Cill na Seacht nIníon

Is fothrach de mhainistir taobh istigh de dhún beag cloiche í Cill na Seacht nIníon. Tá altóir agus cloch a bhfuil crios greanta isteach inti le feiceáil anseo.

Caisleán Uí Bhriain

Caisleán Uí Bhriain

Is caisleán trí stóir é seo a thóg na Brianaigh a bhí in úinéireacht an oileáin go dtí an bhliain 1585. Tá an caisleán tógtha taobh istigh de Dhún Fhormna, dún a thóg daoine an oileáin sa Chlochaois.

Tobar Éannna

Deirtear go raibh cónaí ar Naomh Éanna i gclochán coirceogach in aice láimhe agus is mór an t-ómós atá ag na hoileánaigh don tobar seo. De réir an tseanchais, is deachomhair é má éiríonn leat eascann a fheiceáil sa tobar.

Cill Ghobnait

Cill Ghobnait 2013

Tógadh an séipéilín beag seo san 8ú nó 9ú haois. Deirtear gur theith Naomh Gobnait, patrún Bhaile Bhuirne, go hInis Oírr le n-éalú óna naimhde ar mhórthír na hÉireann.

Naisc sheachtracha

Tagairtí