An difríocht idir athruithe ar: "Réamhstair na hÉireann"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
An Choparaois
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Carrowmore Sligo Ireland.jpg|mion|An Chearthrú Mhór, Contae Sligigh]]
[[Íomhá:Carrowmore Sligo Ireland.jpg|mion|An Chearthrú Mhór, Contae Sligigh]]
Is eol dúinn faoin '''réamhstair na hÉireann''' trí fianaise [[Seandálaíocht|sheandálaíochta]] agus ghéiniteach. Tagann an chéad fianaise de daoine in [[Éirinn]] timpeall 12,500 bliain ó shin.<ref>http://irisharchaeology.ie/2016/03/new-discovery-pushes-back-date-of-human-existence-in-ireland-by-2500-years/ (i mBéarla)</ref> Críochnaíonn réamhstair na hÉireann le tús an taifead stairiúil timpeall 400 [[Anno Domini|AD]]. Clúdaíonn an tréimhse seo an[[An tSean-Chlochaois| tSean-Chlochaois]], [[Méisiliteach|Lár na Clochaoise]],[[ An Nua-Chlochaois]], [[Cré-umhaois|Aois chré-Umha]] agus an I[[Iarannaois|arannaois]]. Níor thosaigh an taifead stairiúil in Éirinn leis an ionradh[[Impireacht na Róimhe| Rómhánach]], mar a tharla i bhformhór na [[Eorpa|hEorpa]]. Thosaigh an taifead stairiúil in Éirinn le teacht na [[Críostaíocht|Críostaíochta]].
Is eol dúinn faoi '''réamhstair na hÉireann''' trí fianaise [[Seandálaíocht|sheandálaíochta]] agus ghéiniteach. Tagann an chéad fianaise de daoine in [[Éirinn]] timpeall 12,500 bliain ó shin.<ref>http://irisharchaeology.ie/2016/03/new-discovery-pushes-back-date-of-human-existence-in-ireland-by-2500-years/ (i mBéarla)</ref> Críochnaíonn réamhstair na hÉireann le tús an taifead stairiúil timpeall 400 [[Anno Domini|AD]]. Clúdaíonn an tréimhse seo an[[An tSean-Chlochaois| tSean-Chlochaois]], [[Méisiliteach|Lár na Clochaoise]],[[ An Nua-Chlochaois]], [[Cré-umhaois|Aois chré-Umha]] agus an I[[Iarannaois|arannaois]]. Níor thosaigh an taifead stairiúil in Éirinn leis an ionradh[[Impireacht na Róimhe| Rómhánach]], mar a tharla i bhformhór na [[Eorpa|hEorpa]]. Thosaigh an taifead stairiúil in Éirinn le teacht na [[Críostaíocht|Críostaíochta]].
== An tSean Chlochaois ==
== An tSean Chlochaois ==


Líne 49: Líne 49:
== An Chré-Umhaois agus an Choparaois (2500-500 RCh) ==
== An Chré-Umhaois agus an Choparaois (2500-500 RCh) ==
[[Íomhá:BronzeAgeNorthDown (2).JPG|mion|Déantáin na Cré-Umhaoise]]
[[Íomhá:BronzeAgeNorthDown (2).JPG|mion|Déantáin na Cré-Umhaoise]]
Thosaigh miotalóireacht in Éirinn le teacht Cultúr Bíocar. Thugtar an t-ainm seo air mar bhí cruth bíocra-clog inbhéartaithe ar an bpotaireacht.<ref>Michael Herity and George Eogan, ''Ireland in Prehistory'' (1996), p.114; M.J. O'Kelly, Bronze-age Ireland, in ''A New History of Ireland, vol 1: Prehistoric and early Ireland'', edited by Dáibhí Ó Cróinín (Royal Irish Academy 2005). (i mBéarla)</ref> Bhí siad seo an-dhifriúil ón bpotáireacht Neoliteach. Faightear samplaí an photáireacht seo in oileán Rosa i g[[Contae Chill Chainnigh]] agus ceanglaítear an mianadóireacht copair ann leis. Ta easontas ann faoin am a tháinig na [[Na Ceiltigh|Ceiltigh]] go hÉirinn. Measann roinnt daoine go bhfuil ceangal ag na Ceiltigh leis an gCultúr Bíocar ach is í an phríomhthuairim ná gur tháinig siad ag tús an Iarrannaois.<ref>J.X.W.P. Corcoram, "The origin of the Celts", in Nora Chadwick, ''The Celts'' (1970); David W. Anthony, ''[[The Horse, the Wheel and Language|The Horse, the Wheel and Language: How Bronze-Age riders from the Eurasian steppes shaped the modern world]]'' (2007). (i mBéarla)</ref>
Thosaigh miotalóireacht in Éirinn le teacht Cultúr Bíocar. Thugtar an t-ainm seo air mar bhí cruth bíocra-clog inbhéartaithe ar an bpotaireacht.<ref>Michael Herity and George Eogan, ''Ireland in Prehistory'' (1996), p.114; M.J. O'Kelly, Bronze-age Ireland, in ''A New History of Ireland, vol 1: Prehistoric and early Ireland'', edited by Dáibhí Ó Cróinín (Royal Irish Academy 2005). (i mBéarla)</ref> Bhí siad seo an-dhifriúil ón bpotáireacht Neoliteach. Faightear samplaí an photáireacht seo in Oileán Rosa i g[[Contae Chiarraí|Contae Ciarraí]] agus ceanglaítear an mianadóireacht copair ann leis. Ta easontas ann faoin am a tháinig na [[Na Ceiltigh|Ceiltigh]] go hÉirinn. Measann roinnt daoine go bhfuil ceangal ag na Ceiltigh leis an gCultúr Bíocar ach is í an phríomhthuairim ná gur tháinig siad ag tús an Iarrannaois.<ref>J.X.W.P. Corcoram, "The origin of the Celts", in Nora Chadwick, ''The Celts'' (1970); David W. Anthony, ''[[The Horse, the Wheel and Language|The Horse, the Wheel and Language: How Bronze-Age riders from the Eurasian steppes shaped the modern world]]'' (2007). (i mBéarla)</ref>


Thosaigh an [[Cré-umhaois|Chré-umhaois]] nuair a cóimhiotalaíodh [[copar]] le [[stán]] agus rinneadh déantáin cré-umha. Tharla sé seo timpeall 2000 RCh nuair a rinneadh roinnt tuanna comhréidhe an Bhaile Bhig. Thosaigh an tréimhse roimhe seo, an Choparaois timpeall 2500 RCh.
Thosaigh an [[Cré-umhaois|Chré-umhaois]] nuair a cóimhiotalaíodh [[copar]] le [[stán]] agus rinneadh déantáin cré-umha. Tharla sé seo timpeall 2000 RCh nuair a rinneadh roinnt tuanna comhréidhe an Bhaile Bhig. Thosaigh an tréimhse roimhe seo, an Choparaois timpeall 2500 RCh.


Rinneadh airm agus uirlisí as cré-umha. Aimsíodh claimhte, tuanna, miodóga, halbaird, meanaí, uirlisí óil agus trumpaí corn ag láithreáin Cré-umha. Tá na trumpaí corn an-speisialta mar bhí ar na céardaí Éireannach úsaid a bhaint as an [[Próiseas céarach caillte]].
Rinneadh airm agus uirlisí as cré-umha. Aimsíodh claimhte, tuanna, miodóga, halbaird, meanaí, uirlisí óil agus trumpaí corn ag láithreáin Cré-umha. Tá na trumpaí corn an-speisialta mar bhí ar na céardaí Éireannach úsaid a bhaint as an [[Próiseas céarach caillte]].

Tharla mianadóireacht copair in oirthuaisceart na hÉireann agus iomportaladh stán ó [[Corn na Breataine|Chorn na Breataine]] chun cré-umha a dhéanamh. Aimsíodh na mianaigh copair is sine in Oileán Rosa sna Lochanna Chill Airne i g[[Contae Chiarraí]]. Meastar go raibh mianadóireacht agus miotalóireacht ann ó 2400 RCh go 1800RCh.


== An Iarannaois (500 RCh – 400 AD) ==
== An Iarannaois (500 RCh – 400 AD) ==

Leagan ó 11:52, 11 Feabhra 2018

An Chearthrú Mhór, Contae Sligigh

Is eol dúinn faoi réamhstair na hÉireann trí fianaise sheandálaíochta agus ghéiniteach. Tagann an chéad fianaise de daoine in Éirinn timpeall 12,500 bliain ó shin.[1] Críochnaíonn réamhstair na hÉireann le tús an taifead stairiúil timpeall 400 AD. Clúdaíonn an tréimhse seo an tSean-Chlochaois, Lár na Clochaoise,An Nua-Chlochaois, Aois chré-Umha agus an Iarannaois. Níor thosaigh an taifead stairiúil in Éirinn leis an ionradh Rómhánach, mar a tharla i bhformhór na hEorpa. Thosaigh an taifead stairiúil in Éirinn le teacht na Críostaíochta.

An tSean Chlochaois

I rith an Oighriú Ceathartha is déanaí, chlúdaigh oighearchlúideacha 3000m ar tiús tírdhreach na hÉireann, phúdraigh siad carraig agus cnámh, agus dhíothaigh aon fhianaise go raibh lonnaíochtaí daonna ann le linn an tréimhse te Glenavian (fuarthas iarsmaí daonna le dáta roimh an oighriú deireannach i bhfíordheisceart na Breataine, áit nár chlúdaigh na hoighearchlúideacha).

Le linn an Uasmhéid Oighrithe Deireannach (timpeall 26,000-19,000 bliain ó shin),[2]ba talamh Artach garbh nó tundra í Éire. Ar dtús, shíladh gur chlúdaigh an Olloighriú Lár Tíre dhá thrian den oileán le hoighear.[3] Sna 50 bliain anuas, léiriodh fianaise go raibh sé seo bréagach agus le déanaí, tugann foilseacháin (Greenwood agus Clark, 2009) le tuiscint go bhfacthas oighear ar an gcósta theas na hÉireann. Sa chéad chuid den Sealad Holaicéineach, ní raibh an aeráid oiriúnach d'fhormhor plandaí agus ainmhí na hEorpa. Ní dócha gur ghairm an duine, cé go raibh an iascaireacht indéanta.

Léarscáil na hÉireann le linn an aois oighear seo caite.

Le linn na tréimhse idir 17,500 agus 12,000 bliain ó shin, cheadaigh an Bølling-Allerød, tréimhse níos teo, gluaiseacht na bhfiagaithe/cnuasaitheoirí go limistéir Thuaisceart na hEorpa. Tugann fianaise ghéiniteach le tuiscint gur thosaigh an gluaiseacht seo in iardheisceart na hEorpa agus tugann iarsmaí fána le fios go raibh díseart san Ibéir a shroich deisceart na Fraince. Ar dtús, mheall speicis cosuil réinfhianna agus Áracs daoine go dtí an tuaisceart san am roimh an Aois Bóireach. Chónaigh daoine i roinnt suíomh i bhfad ó thuaidh sa tSualainn níos luaithe ná 10,000 bliain ó shin. Tugann sé seo le fios go mb'fhéidir gur lean daoine an soc oighearshrutha agus iad ag seilg.

Tháinig daoine leis na fachtóirí agus athruithe éiceolaíochta seo go dtí na criosanna gan oighear is faide ó thuaidh san Eoraip ag tús an Sealaid Holaicéineach agus chlúdaigh sé seo réigiúin gar d'Éirinn.

Bhí droichead talún idir an Bhreatain Mhór agus Éire, ach ba ghearr a mhair an ceangal sa tréimhse te agus mar gheall ar sin, ní dheachaigh ach cúpla fasra nó fana talún go Éirinn[4] Deirtear go mb'fhéidir go raibh an droichead imithe roimh 14,000 RCh, am atá roimh an tréimhse fuar is déanaí, an Dryas níos Óige. Bhí an Bhreatain Mhór agus mór-roinn na hEorpa ceangailte mar gheall ar leibhéal na farraige níos ísle. Mhair an droichead talún seo ar feadh níos faide ná an droichead talún idir an Bhreatain agus Éire. Is dócha, d'fhan sé seo go dtí an bhliain 5600 RCh.[5]

Ar thaobh thoir Muir Éireann, aimsíodh suíomh ó 11,000 RCh a léirigh gur ith na daoine sa cheantar cothú muirí le sliogéisc san áireamh. Seans gur choilínigh na daoine seo Éire tar éis dul trasna an droichead talún, a bhí gan oighir ag an bpointe seo, a cheangal oirdhesiceart na hÉireann le Corn na Breataine. Bhí an droichead talún seo ann go dtí thart ar 14,000 RCh.[6] Is féidir nach bhfuair na daoine seo aon achmhainní seachas sliogéisc agus dearcáin agus mar sin seans nár chónaigh na daoine an réigiún go leanúnach. Áfach, léiríonn cnámh béir, a fuarthas in Uaimh Alice agus Gwendoline, Contae an Chláir sa bhliain 1903,  go raibh daoine in Éirinn sa bhliain 10,500 RCh. Feictear marcanna ó huirlisí cloiche ar an gcnámh, agus tá radacarbón aige dátaithe 12,500 bliain ó shin.[7]

Leis an oighearchúlú sa tuaisceart, d'ardaigh leibhéil na farraige agus cruthaíodh farraige intíre, áit a bhfuil Muir Éireann faoi láthair; chuir an t-eisreabhadh fionnuisce agus an t-ardú i leibhéal na farraige idir Muir Éireann agus an Mhuir Cheilteach cosc ar iontráil na flóra agus fána ón Eoraip tríd an Bhreatain. Ar an lá seo, ní dheachaigh nathracha (agus an chuid is mó de na reiptílí eile) ar ais go hÉirinn.[8]

Le filleadh na gcoinníollacha seacha le linn an Dryas níos Óige, a tharla in Éirinn idir 10,900 RCh agus 9700 RCh, bhí Éire fágtha bánaithe. Le linn an Dryas Níos Óige, lean leibhéal na farraige ag ardú, agus níor fhill aon droichead talún gan oighear idir an Bhreatain Mhór agus Éire riamh.[9]

Lár na Clochaoise (8000-4000 RCh)

Athchruthú botháin agus canú fiagaí cnuasaitheoir – Páirc Náisiúnta Oidhreachta na hÉireann.

Chríochnaigh an oighearaois deireanach in Éirinn thart ar 10-12 míle bliain ó shin. Fuarthas an fhianaise is luaithe de lonnaíochtaí an duine tar éis an oighearchúlú le dáta a théann siar go dtí thart ar 8000 RCh.[10] Aimsíodh fianaise d'fhiagaí-cnuasaitheoir Méisiliteach ar fud an oileáin. Is iad na tochaltáin luath-Mhéisiliteach is tábhachtaí ná an suíomh lonnaíochta ag Mount Sandel i gContae Dhoire (Cúil Raithin); an créamadh ag Hermitage,Contae Luimnigh ar bhruach Abhainn na Sionainne; agus an suíomh ag Loch na buaraí i gContae Uíbh Fháilí. Chomh maith leis na suíomhanna seo, aimsíodh scaipeadh liteach  luath-Mhéisiliteach ar fud an oileáin, ó thuaidh i gContae Dhún na nGall go dtí an theas i gContae Chorcaí. Cé go raibh leibhéil na farraige fós níos ísle ná mar atá siad sa lá atá inniu, bhí Éire ina oileán cheana féin ag an am ar tháinig na chéad lonnaitheoirí (tar éis 8000 RC). Ar bhád ó mhór-roinn na hEorpa a chuaigh siad. Ba lonnaíochtaí cois cósta iad an chuid is mó de na suíomhanna Mhéisiliteach in Éirinn. Bhí na chéad áitritheoirí an oileáin ina maraithe a bhraith  ar an bhfarraige.

Rinne staidéar ADN a chlúdaigh na chéad daoine in Éirinn amach go ndeachaigh daoine  go Éirinn ar muir agus ar tír suas an chósta ó thuaisceart  na Spáinne agus deiceart na Fraince thart ar 9,000 bliain ó shin.[11] Ceistíodh é seo ó shin.

Bhí aiste bia ilchineálach ag na fiagaíthe-cnuasaitheoirí Mhéisiliteach le bia mara, éin, forc fiáin agus cnónna coill. Níl aon fhianaise  ar bith ann go riabh fia ann i Lár na Clochaoise in Éirinn agus tá sé dealraitheach go tugadh an chéad fia rua isteach ar na céimeanna luath den Nua-Chlochaois.[12] Chuaigh an daonra daonna ag seilg le sleánna, saigheada agus harpúin le lanna beaga clocha beag ar a dtugtar micrilití orthu ag an rinn agus cuirtear cnónna, torthaí agus sméara lena n-aiste bia. Chónaigh siad i foscadán séasúrach, a rinneadh as craicne ainmhithe a cuireadh thar frámaí adhmaid. Bhí teallaigh lasmuigh acu chun a mbia a chócaráil. Le linn Lár na Clochaoise,níor shroich daonra na hÉireann níos mó ná cúpla míle riamh.

An Nua-Chlochaois (4000-2500 RCh)

Athchruthú botháin an luath feirmeoir Éireannach  – Páirc Náisiúnta Oidhreachta na hÉireann.

Tháinig mórán ceantair isteach an Nua-Chlochaois le saothróga gránaigh, ainmhithe tréadach (daimh nó ba ceansaithe, caoirigh, gabhair), ceirdphotaireacht, sníomhachán, cultúir tithe agus adhlactha, a tháinig ag an am céanna.Thosaigh an próiseas seo i lár na hEorpa mar LBK (Cultúr Potaireachta Línigh) timpeall 6000 RCh. Laistigh de céadta bliain, feictear an cultúr seo i dtuaisceart na Fraince. Is cosúil gur fhréamhaí Potaireacht Cardial é cultúr La Hoguette, cultúr Neoilteach eile a schroich iarthuaisceart na Fraince. Thóg cultúr La Hoguette caoirigh agus gabhair. Ag an bhliain 5100 RCh, tá fianaise fheirmeoireacht déiríocht ann i dtuaiceart Shasana agus feictear ba comhaimseartha Shasana a tháinig ó "T1 Taurids" a ceansaíodh sa réigiún Aeigéach tar éis an Sealad Holaicéineach. Tháinig na hainmhithe seo ó ba LBK. Timpeall 4300 RCh, tháinig ba go tuaisceart Éireann ag deireadh Lár na Clochaoise. Tugadh an fia rua isteach ón mBreatain ag an am seo freisin.[12]

Timpeall 4500 RCh, tháinig pacáiste Neoliteach le saothróga gránaigh, cultúr títhe ( cosúil cad a bhí ag na hAlbanaigh sa tréimhse céanna) agus séadchomharthaí cloiche go hÉirinn. Iomportáladh caoirigh, gabhair, eallaí agus gránaigh ó iardheisceart mór roinn na hEorpa go hÉirinn agus tbhí méadú suntasach tagtha ar an daonra. Deirtear gurbhna chéad chéad cruthúnais soléir riamh a tugadh d'fheirmeoireacht in Éire nó sa Bhreatain Mhór ná scian breochlach, cnáimh eallaí agus fiacail caorach a fuarthas ag Cuan an Chaoil i gCorca Dhuibhne.[13] Ag Achaidh Chéide i gcontae Mhaigh Eo, caomhnaíodh an-córas páirceanna Neoliteach (an ceann is sine ar domhan) faoin mbrat móna. Saothraíodh cruithneacht agus eorna ag Achaidh Chéide i bpáirceanna beaga a bhí scartha óna chéile le ballaí cloiche leis na céadta bliain idir 3500 agus 3000 RCh. Tugadh pótaireacht isteach ag an am céanna. Fuarthas earraí cré a raibh béal-leathan orthu agus a bhí cruinnthónach i gCúige Uladh agus i Luimneach.

Is é an tréith Neoiliteach is suntasaí ná nocht tobann agus méadú na séadchomharthaí Meigiliteacha. Is dócha gur tógadh na séadchomarthaí is mó ar mhaithe leis an greideamh. Den chuid is mó, aimsíodh iarsmaí daonna sna láithreáin tochailte. De ghnáth, bhí siad créamtha. Chomh maith, fuarthas earraí uaighe mar cheirdphotaireacht, reann saighde, coirníní, siogairlíní agus tuanna. Anois, tá breis is 1,200 tuama meigiliteach ann ar fud na tíre. Roinntear ina gceithre ghrúpa leathan iad:

  • Cairn Cúirte – Clós iontrála an tréith is mó atá acu. Faightear iad i dtuaisceart an oileáin amháin. Go sonrach, tá go leor cairn cúirte ann i dTuaisceart Mhaigh Eo (i bhFálach, i gCill Chomáin agus in Iorras)
  • Tuama pasáiste – In uimhreacha, níl an iomarca suíomhanna mar seo ann, ach ó thaobh méid agus tábhacht, tá siad níos iontaí ná gach saghas eile. Faightear iad sa tuaisceart agus oirthear na tíre. Tá na suíomhanna is iontaí suite sna ceithre reilig Neoiliteach na Bóinne, i Loch Craobh, sa Cheathrú Mhór, agus sa Cheathrú Caol. Is é Sí an Bhrú, Suíomh Oidhreachta Domhanda an suíomh is cáiliúla. Tá sí ina suíomh is sine agus ailínithe go réalteolaíoch ar fud an domhain. Tógadh é thart go dtí an bhliain 3200 RCh. Ag Grianstad an gheimhridh, tagann gathanna na gréine atá ag éirí trí bosca-soilse os cionn an tslí isteach agus soilsíonn siad an seomra adhlactha i lár an tséadchomhartha. Chomh maith, tá leac le léarscáil na gealaí is sine sa domhan snoite air ag Cnobha, suíomh eile atá suite i mBrú na Bóinne.
  • Tuama ursanach – Cuirtear dolmain san áireamh freisin. Coinníonn trí nó níos mó charraig ingearach liag mhullaigh. faightear an cuid is mó acu i láithreán in iardheisceart an oileáinagus i láithreán sa tuaisceart.
  • Tuama dingeach – An tuama is mó agus is forleithne.Tá siad cómónta go hairithe san iarthar agus san oirdheisceart.

Creideann roinnt go raibh na ceithre ghrúpa séadchomarthaí seo ceangailte le ceithre rabharta coilíneach ionraidh a bhí difriúl. Ach, seans nár tháinig fás an daonra a bhí ag teastáil ó coilínigh, seans gur fhás an daonra toisc go dtugadh talmhaíocht isteach.

Léirigh roinnt réigiún in Éirinn patrún tréadaíochta a thugann le tuiscint gur lean roinnt daoine Neoiliteach ag bogadh ó áit go háit.Tugann sé seo le fios go raibh an tréadaíocht níos coitianta ná gníomhachtaí arúlachta i go leor réigiún nó go raibh roinnt an lucht oibre idir gnéithe tréadaíochta agus arúlachta sa Nua-Chlochaois.

Nuair ba threise an Nua-Chlochaois, bhí daonra an oileán de breis is 100,000 duine, nó chomh ard mar 200,000 duine. Ach, tá an chosulacht ar an scéal gur tharla tubaiste eacnamaíochta timpeall 2500 RCh agus tháinig laghdú ar líon na daoine ar feadh tamaillín.

An Chré-Umhaois agus an Choparaois (2500-500 RCh)

Déantáin na Cré-Umhaoise

Thosaigh miotalóireacht in Éirinn le teacht Cultúr Bíocar. Thugtar an t-ainm seo air mar bhí cruth bíocra-clog inbhéartaithe ar an bpotaireacht.[14] Bhí siad seo an-dhifriúil ón bpotáireacht Neoliteach. Faightear samplaí an photáireacht seo in Oileán Rosa i gContae Ciarraí agus ceanglaítear an mianadóireacht copair ann leis. Ta easontas ann faoin am a tháinig na Ceiltigh go hÉirinn. Measann roinnt daoine go bhfuil ceangal ag na Ceiltigh leis an gCultúr Bíocar ach is í an phríomhthuairim ná gur tháinig siad ag tús an Iarrannaois.[15]

Thosaigh an Chré-umhaois nuair a cóimhiotalaíodh copar le stán agus rinneadh déantáin cré-umha. Tharla sé seo timpeall 2000 RCh nuair a rinneadh roinnt tuanna comhréidhe an Bhaile Bhig. Thosaigh an tréimhse roimhe seo, an Choparaois timpeall 2500 RCh.

Rinneadh airm agus uirlisí as cré-umha. Aimsíodh claimhte, tuanna, miodóga, halbaird, meanaí, uirlisí óil agus trumpaí corn ag láithreáin Cré-umha. Tá na trumpaí corn an-speisialta mar bhí ar na céardaí Éireannach úsaid a bhaint as an Próiseas céarach caillte.

Tharla mianadóireacht copair in oirthuaisceart na hÉireann agus iomportaladh stán ó Chorn na Breataine chun cré-umha a dhéanamh. Aimsíodh na mianaigh copair is sine in Oileán Rosa sna Lochanna Chill Airne i gContae Chiarraí. Meastar go raibh mianadóireacht agus miotalóireacht ann ó 2400 RCh go 1800RCh.

An Iarannaois (500 RCh – 400 AD)

Cuirtear tús leis an Iarannaois in Éirinn timpeall 500 RCh agus críochnaíodh é le teacht na Críostaíochta in Éirinn timpeall 400 AD. Deirtear gur críochnaíodh réamhstair na hÉireann ag an bpointe seo mar tugtar taifid scríofa isteach den chead uair in Éirinn. Sa tréimhse seo, creidtear gur shroich na Ceiltigh (cainteoirí Próta-Cheilteacha) agus mar sin cainteoirí Ind-Eorpacha Éire.

Tagairtí

  1. http://irisharchaeology.ie/2016/03/new-discovery-pushes-back-date-of-human-existence-in-ireland-by-2500-years/ (i mBéarla)
  2. "The Last Glacial Maximum" (2009). Science 325: 710–714. doi:10.1126/science.1172873. PMID 19661421. Bibcode2009Sci...325..710C.  (i mBearla)
  3. "Ireland: The geomorphology of the British Isles" (1978). London: Methuen.  (i mBéarla)
  4. Edwards, Robin & al. "The Island of Ireland: Drowning the Myth of an Irish Land-bridge?" Accessed 15 Feabhra 2013. (i mBéarla)
  5. Cunliffe, 2012, lch. 56. (i mBéarla)
  6. K. Lambeck, P. Johnston, C. Smither, K. Fleming and Y. Yokoyama, Teideal = Late Pleistocene and Holocene sea-level change, Annual Report of the Research School of Earth Sciences, ANU College of Physical & Mathematical Sciences, Canberra, 1995. (i mBearla)
  7. "Earliest evidence of humans in Ireland". (i mBéarla)
  8. "Snakeless in Ireland: Blame the Ice Age, Not St. Patrick". ( i mBéarla)
  9. "Relative sea-level change in and around the Younger Dryas inferred from late Quaternary incised valley fills along the Japan sea" (14 Deireadh Fómhair 2010). Quaternary Science Reviews 29 (27–28): 3956–3971. doi:10.1016/j.quascirev.2010.09.018. Dáta rochtana: 28 Aibreán 2016.  (i mBéarla)
  10. Driscoll, K. The Early Prehistory in the West of Ireland: Investigations into the Social Archaeology of the Mesolithic, West of the Shannon, Ireland (2006). (i mBéarla)
  11. Blood of the Irish. (i mBéarla)
  12. 12.0 12.1 http://www.ucd.ie/news/2012/04APR12/180412-Kerry-red-deer-ancestry-traced-to-population-introduced-to-Ireland-by-ancient-peoples-over-5000-years-ago.html (i mBéarla)
  13. "Prehistoric Genocide in Ireland?". (i mBéarla)
  14. Michael Herity and George Eogan, Ireland in Prehistory (1996), p.114; M.J. O'Kelly, Bronze-age Ireland, in A New History of Ireland, vol 1: Prehistoric and early Ireland, edited by Dáibhí Ó Cróinín (Royal Irish Academy 2005). (i mBéarla)
  15. J.X.W.P. Corcoram, "The origin of the Celts", in Nora Chadwick, The Celts (1970); David W. Anthony, The Horse, the Wheel and Language: How Bronze-Age riders from the Eurasian steppes shaped the modern world (2007). (i mBéarla)