An difríocht idir athruithe ar: "An Túinéis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
Creideamh
Líne 142: Líne 142:
|111,170
|111,170
|}
|}

=== Creideamh ===
Is é an t[[An tIoslam|Ioslam]] an reiligiún oifigiúil agus is mó sa Túinéis. Tá formhor na Túinéisigh ina [[Sunnaíoch]] agus tá an chuid eile acu ina Hanafite nó Ibadi. Is í an [[An Chríostaíocht|Chríostaíocht]] an dara reiligiún is mó sa tír le timpeall 25,000 creidmheach agus is é an [[An Giúdachas|Giúdachas]] an tríú reiligiún is mó le 900 creidmhigh. Meastar gurb í an Túinéis an tír moslamach is sásta Giúdaigh a glacadh. Ar [[Djerba]], tá pobal Giúdach beag ann le 2,500 bliain.


== Tagairtí ==
== Tagairtí ==

Leagan ó 12:12, 4 Feabhra 2018

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre

An Túinéis

Is tír í an Túinéis (Araibis: تونس) atá suite i dTuaisceart na hAfraice. Tá teorainn aici leis an Ailgéir, agus an Libia. Is í an Túinéis an tír is faide ó thuaidh san Afraic. Bhí 10.98 milliún duine ina gcónaí ann sa bhliain 2014. Is í Túinis an phríomhchathair.

Tá an Túinéis mar chuid de chomhaontú comhlachais leis an Aontas Eorpach agus is ballstát den 'Francophonie' í. Tá sí mar bhall de Aontas na Magraibe Arabaí, Léig na nArabach agus an tAontas Afracach.

Stair na tíre

Faoi riail an Impireacht Otamánach

Tharla an chéad ghabháil Otamánach ar an Túinéis sa bhliain 1534 faoi cheannas Barbarossa Hayreddin Pasha le linn ré Suleiman Ollásach. Bhí ar an Impireacht Otamánach athghabháil a dhéanamh ar an Túinéis chun smacht ar an tír a fháil ar ais ón Spáinn sa bhliain 1574. Bhí siad i gceannas ar an tír go dtí gabháil na Francaigh sa bhliain 1881.

I dtosach bhí an tír faoi rialtóir (Pasha) ach roimh bhfad is réigiún uathrialaitheach faoi ceannas áitiúil (na 'Beyigh') taobh istigh den Impireacht a bhí ann. Mhair an féinriail seo faoi na Beyigh Hussein idir 1705 go dtí neamhspleáchas i 1957. Le linn an thréimhse seo, bhí scothaicme iasachta i gceannas ar an tír agus bhí Tuircis mar teanga gnó an stáit.

Faoi riail na Fraince

In 1869, d'fhógair an Túinéis go raibh sí bancbriste. Tháinig coimisiún idirnáisiúnta isteach chun geilleagar na tíre a riaradh. Tháinig na Francaigh i gcumhacht le linn na 1880'í. Rinne an Fhrainc ionradh ar an Túinéis in 1881 le thart ar 36,000 saighdiúir. Bhí an Túinéis mar choimirceas de chuid an Fraince ón bhliain 1883.

Faoi na Francaigh, bhí béim ar áitreabh Eorpach a fhorbairt agus tháinig méadú ar líon na Francaigh sa tír. Faoi 1945 bhí 144,000 daoine ón Fhrainc sa tír.

Idir 1942 agus 1943 bhí an Túinéis mar suíomh de Feachtas na Túinéise. Bhí roinnt catha ann idir An Ais agus na Comhghuaillithe. Is é an Túinéis an t-aon Tír Arabach a bhí faoi forghabháil na Gearmánaigh le linn An Dara Cogadh Domhanda. Bhí na Gearmánaigh chun cinn i dtosach, ach bhí an lámh in uachtar ag na Comhghuaillithe ar deireadh.

Neamhspleáchas

Bhain an Túinéis a neamhspleáchas amach sa bhliain 1956. Bhí Habib Bourguiba chun thosaigh san feachtas chun neamhspleáchas a bhaint amach. Bhí sé mar chéad Uachtarán na tíre tar éis neamhspleáchas chomh maith. Is é an gluaiseacht shaolta 'Rassemblement Constitutionnel Démocratique' (RCD) a bhí i gcumhacht sa tír tar éis neamhspleáchas a bhaint amach.

In 1987 d'fhógair dochtúirí go raibh Habib Bourguiba ró-thinn chun a bheith mar cheannaire na tíre agus tháinig Príomh Aire Zine El Abidine Ben Ali isteach mar Uachtarán ó 1987 go dtí an bhliain 2011. Bhí corbadh curtha ina leith go minic le linn a cheannaireacht. D'áitigh eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós "Tarscaoileadh Idirnáisiúnta" agus 'Freedom House' go raibh cearta daonna sáraithe ag an rialtas le linn ceannaireacht Ben Ali agus chur sé bac ar obair eagraíochtaí ar son cearta daonna sa tír.

Earrach na nArabach agus réabhlóid

Bhí Réabhlóid na Túinéise ina fheachtas dian easumhlaíocht shibhialta. Bhí na ceardchumann chun cinn sna hagóidí. Bhí na hagóidí seo mar spreagadh do Earrach na nArabach. Is é bás Mohamed Bouazizi, díoltóir sráide a chur lámh ina bhás féin nuair a chur sé é féin trí thine ar 17 Nollag 2010 toisc go raibh a chuid earraí coigistithe agus é náirithe ag oifigeach bardasach, a bhí mar thúsphointe den réabhlóid. Bhí olc ar na daoine agus bhí feachtas agóidíochta agus foréigean ar na sráideanna. D'éirigh an tUachtarán Zine El Abidine Ben Ali as oifig ar [[14 Eanáir]] [[2011]] tar éis 23 bliain mar cheannaire na tíre. Lean na agóidí ar aghaidh go dtí go raibh cosc curtha ar an páirtí a bhí i gcumhacht, an 'Rassemblement Constitutionnel Démocratique'.

Ar an 23ú Deireadh Fómhair 2011 bhí toghchán agus d'fhógair breathnóir neamhchlaonta idirnáisiúnta go raibh sé saor agus cothrom. Is é an gluaiseacht 'Ennahda' a bhfuair an méid suíochán is mó, 90 as 217. Ar 12 Nollaig 2011 bhí Moncef Marzouki, iar-ghníomhaí ar son cearta daonna, tofa mar uachtarán.

Déimeagrafaic

De réir daonáireamh 2014, bhí daonra 10,982,754 sa Túinéis.[1] Buíochas le clár pleanail clainne, tháinig laghdú ar fhás an daonra sa Túinéis go 1% go bliantúil.

Teangacha

Is í an Araibis teanga oifigiúil na tíre agus is í Araibis na Túineise teanga an phobail. Tá lucht labhartha beag freisin ag teangacha na mBeirbeireach (timpeall 28,000 de réir Ethnologue).

Cé nach bhfuil stádas oifigiuil aici, tá an Fhraincis an-tábhachtach sa Túinéis. Ag an iar-bhunscoil, múineadh eolaíocht tríthi. Úsáidtear go forleathan an teanga i gcursaí oideachais agus gnó agus sna meáin. Sa bhliain 2010, bhí an Fhraincis ag 6 639 000 nó 64% an daonra sa Túinéis.[2] De ghnáth, tá comharthaí siopaí, biachláir agus comharthaí sraide scríofa san Araibis agus san Fhraincis.

Na Cathracha is mó

De réir daonaireamh 2014, is iad na cathracha is mó ná:

Rang Ainm Gobharnóireacht Daonra
1 Túinis Túinis 638,345
2 Sfax Sfax 272,801
3 Sousse Sousse 221,530
4 Ettadhamen-Mnihla Ariana 142,953
5 Kairouan Kairouan 139,070
6 Bizerte Bizerte 136,917
7 Gabès Gabès 130,984
8 La Soukra Ariana 129,693
9 Ariana Ariana 114,486
10 Gafsa Ben Arous 111,170

Creideamh

Is é an tIoslam an reiligiún oifigiúil agus is mó sa Túinéis. Tá formhor na Túinéisigh ina Sunnaíoch agus tá an chuid eile acu ina Hanafite nó Ibadi. Is í an Chríostaíocht an dara reiligiún is mó sa tír le timpeall 25,000 creidmheach agus is é an Giúdachas an tríú reiligiún is mó le 900 creidmhigh. Meastar gurb í an Túinéis an tír moslamach is sásta Giúdaigh a glacadh. Ar Djerba, tá pobal Giúdach beag ann le 2,500 bliain.

Tagairtí