An difríocht idir athruithe ar: "An Chorsaicis"
Canúintí |
mNo edit summary |

Líne 3: | Líne 3: | ||
[[Teangacha Rómánsacha|Rómánsach]]

[[Teangacha Rómánsacha|Rómánsach]]

[[Teangacha Iodáilice-Dalmáite|Iodáilice-Dalmáite]]
[[Iodáilis(an Tuscáin)]]

[[Teangacha Iodáilice-Dalmáite|Iodáilice-Dalmáite]]
[[Iodáilis(an Tuscáin)]]

'''Corsaicis'''
|rang=Taobh amuigh den chéad 100|teanga_oifigiúil_ginideach={{bratach|Corsica}}[[An Chorsaic|Na Corsaice(mar mionteanga)]], |
'''Corsaicis'''
|rang=Taobh amuigh den chéad 100|teanga_oifigiúil_ginideach={{bratach|Corsica}}[[An Chorsaic|Na Corsaice (mar mionteanga)]], |

{{bratach|Sardinia}}[[An tSairdín| |
{{bratach|Sardinia}}[[An tSairdín|Na Sairdíne (mar mionteanga)]]|tír_a_labhraíonn_í_with_in={{bratach|France}}[[An Fhrainc|Sa Fhrainc]], |

{{bratach|Italy}}[[An Iodáil|San Iodáil]]|rialtóir=(Rialtóir ar bith)}} |
{{bratach|Italy}}[[An Iodáil|San Iodáil]]|rialtóir=(Rialtóir ar bith)}} |

[[Íomhá:Dialetti corsi.png|clé|mion| |
[[Íomhá:Dialetti corsi.png|clé|mion| |
Leagan ó 16:16, 31 Eanáir 2018
Is teanga Rómánsach í an Chorsaicis. Tugtar Lingua Corsa nó Corsu (fuaimniú:[ˈkɔrt͡su] nó [ˈkorsu]) uirthi sa teanga féin. Tá dlúthghaol ag an gCorsaicis leis an Iodáilis. Labhraítear an teanga sa Chorsaic (An Fhrainc) agus sa tSairdín (An Iodáil). Ta breis is 31,000 cainteoirí dúchasacha ag an teanga. Úsáidtear an aibitír Laidineach sa teanga.
Canúintí
An Chorsaic
Tá dhá chanúint mhór ag an gCorsaicis sa Chorsaic. Labhraítear Supranacciu nó Cismuntincu i dtuaisceart an oileáin agus labhraítear Suttanacciu nó Pumuntincu i ndeisceart an oileán. Meastar gur idirchanúint í canúint Ajaccio.
Tá canúint an tuaiscirt níos cosúla leis an Iodáilis atá á labhairt sa Tuscáin. Tá canúint an deiscirt níos cosúla leis an tSicilis nó an tSairdínis.
An Chorsaicis i gComparáid leis an bhFraincis agus an Iodáilis
An Chorsaicis | An Fhraincis | An Iodáilis | An Ghaeilge |

Benvinuta | Bienvenue | Benvenuto | Fáilte |
Mi chjamu... | Je m'appelle... | Mi chiamo... | ...is ainm dom |
Parlate Irlandese? | Parlez-vous Irlandais? | Parla Irlandese? | An bhfuil Gaeilge agat? |
Scusatemi | Excusez-moi | Mi scusi | Gabh mo leithscéal |
Bonghjornu | Bonjour | Buongiorno | Dia duit |
Grazie | Merci | Grazie | Go raibh maith agat |
Mar theanga Rómánsach, tá go leor cosúlachtaí idir an Chorsaicis agus na teangacha Romansacha eile, go hairithe an Iodáilis. Go stairiúil, creideadh gur chanúint na hiodáilise í an Chorsaicis. Sa lá atá inniú, tá an teanga scríofa an-chosúil leis an Iodáilis ach tá an teanga labhartha beagáinín difriúil. Deirtear go bhfuil an dá theanga comhintuigthe le cheile.
Chomh maith, úsáidtear cúpla "litreacha" ar leith sa Chorsaicis: chj, ghj agus sg.
Polasaí an rialtais
Ag leibhéal na bunscoile, múineadh an teanga ar feadh trí uair gach seachtain agus is ábhar roghnach í ag leibhéal na hiarbhunscoile.[1]Áfach, tá sé riachtanach ag Ollscoil na Corsaice. Tá an teanga ceadaithe i dteangmháil leis an rialtas nó i gcás cúirte. Chomh maith, úsáidtear an teanga ar chomharthaí poiblí.