An difríocht idir athruithe ar: "An Éigeandáil"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 8: Líne 8:

Ar chúiseanna praiticiúla, thug [[rialtas]] [[Éamon de Valera]] tacaíocht rúnda do na Comhghuaillithe in aghaidh na [[An Ghearmáin|Gearmáine]]. Mar shampla, d'imtheorannaíodh údaráis na hÉireann [[saighdiúir]]í agus [[Eitleoireacht|eitleoirí]] ón dá thaobh, má fuair siad iad féin in Éirinn, ach de ghnáth, chuidigh na hÉireannaigh leis na Sasanaigh faoi choim Tuaisceart Éireann a bhaint amach, ionas go bhféadfaidís dul le cogaíocht arís.

[[Íomhá:Gyles quay school children taken by John Finnegan..jpg|clé|mion|Gyles Quay, Lú, 1940]]

==An Tuaisceart==
==An Tuaisceart==
Líne 15: Líne 16:

Is é an tátal a bhain sé féin as an scéal go mbeadh, b'fhéidir. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na h[[Aontachtóirí]] i bhfad ag cromadh ar a gcuid seansciolladóireachta faoi fheall na g[[Caitliceach]], ó d'fhan an chuid eile d'Éirinn neodrach. Sa deireadh, ní dhearna an cogadh ach méadú agus athneartú ar a seandearcadh frith-Chaitliceach.

[[Íomhá:IWM-H-10928-Ballykinlar-19410619.jpg|mion|288x288px|[[Baile Coinnleora]], 1941]]

==Geilleagar==
==Geilleagar==
Líne 21: Líne 23:
==Cultúr==
==Cultúr==
Bhí an meon féinchothaitheach, neamhspleách seo le haithint i gcúrsaí an chultúir freisin. Chuir muintir na hÉireann spéis nua i gcultúr dúchasach na tíre, an [[Gaeilge|Ghaeilge]] san áireamh, agus tháinig eagraíochtaí nua Gaeilge ar an bhfód, go háirithe [[Glúin na Buaidhe]] (leagan [[Gaeilge Uladh|Ultach]] é sin; "Glúin an Bhua" a deirtear sa chaighdeán) a raibh [[Gearóid Ó Cuinneagáin]] agus [[Proinsias Mac an Bheatha]] i gceannas uirthi. Craobh de chuid [[Conradh na Gaeilge|an Chonartha]] a bhí ann ar dtús, Craobh na hAiséirí.

[[Íomhá:St. Patrick's Day Dance & Celebration in Ireland 1942-03-17.jpg|clé|mion|Lá Pádraig 1942 i dTuaisceart Éireann]]

==Arm na hÉireann==
==Arm na hÉireann==
Méadaíodh an [[Arm na hÉireann|tArm]] go mór. Bhí na céadta míle daoine óga páirteach san [[Fórsa Cosanta Áitiúil|Fhórsa Cosanta Áitiúil]] chomh maith, agus iad ar an airdeall roimh ionradh ó gach taobh. Nuair a bhí an cogadh thart bronnadh boinn chuimhneacháin orthu agus na focail "Ré na Práinne" scríofa orthu i n[[Gaeilge]].

[[Íomhá:Ireland (6018300550).jpg|mion|299x299px|8ú ''National Rural Week'', Muintir na Tíre, 1945]]

==Imtheorannú==
==Imtheorannú==

Leagan ó 10:05, 3 Eanáir 2018

Éamon de Valera, Taoiseach na hÉireann le linn Ré na Práinne.

Ré na Práinne (nó "An Éigeandáil", uaireanta, mar lomaistriúchán ar an téarma Béarla Emergency) a thugtar ar bhlianta an Dara Cogadh Domhanda in Éirinn (1940-1945). Bhí Tuaisceart Éireann ag glacadh páirte sa chogadh ar nós na Ríochta Aontaithe go léir, ach d'fhan an chuid eile den oileán, an Saorstát taobh amuigh den chogadh. Bhítí, fiú, ag seachaint an chogaidh mar ábhar plé sna nuachtáin agus sna meáin eile.

Thosaigh Ré na Práinne b'fhéidir ar an 19 Feabhra 1939 nuair a dúirt De Valera go mbeadh Éíre neodrach.[1]

Na Cúiseanna

Bhí go leor cúiseanna leis an neodracht seo. Mar gheall ar an gcríochdheighilt, bhí go leor daoine sa tír a shíl gur cheart an deis a thapú chun Tuaisceart Éireann a ghabháil ar ais agus Sasana i gcruachás. Bheadh sé deacair, go polaitiúil, seasamh oscailte a ghlacadh ar son na gComhghuaillithe.

Ar chúiseanna praiticiúla, thug rialtas Éamon de Valera tacaíocht rúnda do na Comhghuaillithe in aghaidh na Gearmáine. Mar shampla, d'imtheorannaíodh údaráis na hÉireann saighdiúirí agus eitleoirí ón dá thaobh, má fuair siad iad féin in Éirinn, ach de ghnáth, chuidigh na hÉireannaigh leis na Sasanaigh faoi choim Tuaisceart Éireann a bhaint amach, ionas go bhféadfaidís dul le cogaíocht arís.

Gyles Quay, Lú, 1940

An Tuaisceart

De réir mar a deir Thomas Hennessy ina leabhar The History of Northern Ireland, bhí polaiteoirí ceannasacha Thuaisceart Éireann scanraithe as a meabhair ag Hitler, agus iad suite siúráilte go raibh an Naitsíochas ag iarraidh an Chríostaíocht agus an gnáthchuibheas daonna féin a chur de dhroim an tsaoil.

Bhí an Tiarna Craigavon, a fuair bás sa bhliain 1940, ag cur na ceiste air féin, laethanta deireanacha a shaoil, an mbeadh sé sásta an Teorainn a chur ar ceal agus Éire a athaontú, dá rachadh de Valera chun cogaidh in éadan na Gearmáine.

Is é an tátal a bhain sé féin as an scéal go mbeadh, b'fhéidir. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na hAontachtóirí i bhfad ag cromadh ar a gcuid seansciolladóireachta faoi fheall na gCaitliceach, ó d'fhan an chuid eile d'Éirinn neodrach. Sa deireadh, ní dhearna an cogadh ach méadú agus athneartú ar a seandearcadh frith-Chaitliceach.

Baile Coinnleora, 1941

Geilleagar

Bhí ciondáil i bhfeidhm sa tír de dheasca an ghanntanais, agus seiftiúlacht de dhíth ar an stát chomh maith leis an saoránach. Baineadh an-úsáid as na portaigh chun móin a sholáthar do na bailte móra. Go dtí sin, bhí an tír go mór i dtuilleamaí an ghuail a bhí á iomportáil ón mBreatain Mhór. Sampla is ea é seo den dóigh ar tharraing muintir na hÉireann ar acmhainní a dtíre féin, nuair a bhí an soláthar ó na tíortha eile ag rith gann.

Cultúr

Bhí an meon féinchothaitheach, neamhspleách seo le haithint i gcúrsaí an chultúir freisin. Chuir muintir na hÉireann spéis nua i gcultúr dúchasach na tíre, an Ghaeilge san áireamh, agus tháinig eagraíochtaí nua Gaeilge ar an bhfód, go háirithe Glúin na Buaidhe (leagan Ultach é sin; "Glúin an Bhua" a deirtear sa chaighdeán) a raibh Gearóid Ó Cuinneagáin agus Proinsias Mac an Bheatha i gceannas uirthi. Craobh de chuid an Chonartha a bhí ann ar dtús, Craobh na hAiséirí.

Lá Pádraig 1942 i dTuaisceart Éireann

Arm na hÉireann

Méadaíodh an tArm go mór. Bhí na céadta míle daoine óga páirteach san Fhórsa Cosanta Áitiúil chomh maith, agus iad ar an airdeall roimh ionradh ó gach taobh. Nuair a bhí an cogadh thart bronnadh boinn chuimhneacháin orthu agus na focail "Ré na Práinne" scríofa orthu i nGaeilge.

National Rural Week, Muintir na Tíre, 1945

Imtheorannú

D'imtheorannaigh na húdaráis lucht leanúna an IRA ar feadh an chogaidh. Tar éis feachtais buamála den IRA sa Bhreatain sa bhliain 1939, ar an 3 Eanáir 1940 rith Rialtas na hÉireann reachtaíocht práinne sa Dáil chun imtheorannú a chur ar bun[2].

Bunaíodh campa géibhinn dóibh i gCurach Chill Dara, agus iad á gcoinneáil ansin go deireadh an chogaidh. Bhí Máirtín Ó Cadhain ansin chomh maith le duine, agus chaith sé an t-am ag cumadh an úrscéil cháiliúil úd Cré na Cille. Is féidir an t-úrscéal a léamh mar mheafar ar bhlianta an bhraighdeanais.

Tagairtí