An difríocht idir athruithe ar: "Martin McGuinness"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 23: Líne 23:
|líonláithreán =[http://www.sinnfein.ie/elections/candidate/3 SinnFein.ie - próifíl]
|líonláithreán =[http://www.sinnfein.ie/elections/candidate/3 SinnFein.ie - próifíl]
|}}
|}}
[[Polaitíocht|Polaiteoir]] [[Éire]]annach ba ea '''Martin McGuinness''' (Ainm iomlán ''James Martin Pacelli McGuinness''), ([[An Ghaeilge|Gaeilge]]: ''Máirtín Mag Aonghusa'').
[[Polaitíocht|Polaiteoir]] [[Éire]]annach ba ea '''Martin McGuinness''' (Ainm iomlán ''James Martin Pacelli McGuinness''), ([[An Ghaeilge|Gaeilge]]: ''Máirtín Mac Aonghusa'').


Ba bhall d'Ard Chomhairle [[Shinn Féin]] é, agus d'admhaigh McGuinness go raibh sé ina bhall den [[IRA Sealadach]] sna [[1970]]dí.<ref>http://news.bbc.co.uk/2/hi/uk_news/northern_ireland/1303355.stm</ref> Tá sé molta ar fud na cruinne mar fhear [[Síocháin|síochána]], ach bhí ceisteanna faoi ag daoine ar mharaigh an [[IRA Sealadach|IRA]] a ngaolta.
Ba bhall d'Ard Chomhairle [[Shinn Féin]] é, agus d'admhaigh McGuinness go raibh sé ina bhall den [[IRA Sealadach]] sna [[1970]]dí.<ref>http://news.bbc.co.uk/2/hi/uk_news/northern_ireland/1303355.stm</ref> Tá sé molta ar fud na cruinne mar fhear [[Síocháin|síochána]], ach bhí ceisteanna faoi ag daoine ar mharaigh an [[IRA Sealadach|IRA]] a ngaolta.

Leagan ó 23:10, 1 Eanáir 2018

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Polaiteoir Éireannach ba ea Martin McGuinness (Ainm iomlán James Martin Pacelli McGuinness), (Gaeilge: Máirtín Mac Aonghusa).

Ba bhall d'Ard Chomhairle Shinn Féin é, agus d'admhaigh McGuinness go raibh sé ina bhall den IRA Sealadach sna 1970dí.[1] Tá sé molta ar fud na cruinne mar fhear síochána, ach bhí ceisteanna faoi ag daoine ar mharaigh an IRA a ngaolta.

Polaitíocht

Nuair a fógraíodh sos comhraic i 1994 i dTuaisceart Éireann, ba é McGuinness, ‘fear crua an IRA’, go háirithe a thug daoine a bhí in amhras faoin gcur chuige nua ar bhealach na síochána[2]. Mar phríomh-idirbheartaí Shinn Féin, chothaigh sé caidreamh go héasca le lucht idirbheartaíochta ar gach taobh d’ainneoin a cháil mar fhear crua an IRA.

Bhí páirt thábhachtach ag McGuinness sna cainteanna uileghabhálacha ar siúl idir na páirtithe sna 1990idí. Ba é an toradh a bhí ar an próiseas sin ná Comhaontú Aoine an Chéasta a shínigh rialtais na hÉireann agus na Breataine ar an 10 Aibreán 1998. Bhí McGuinness ina phríomh-idirbheartaí as Sinn Féin ag an am sin.

Toghadh ina fheisire Parlaiminte é i 1997 agus ina theachta Tionóil i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

Ceapadh é mar Aire Oideachais i bhFeidhmeannas an Tuaiscirt, ó 2 Nollaig 1999 – 14 D.F. 2002. 

Bhí sé McGuinness ceaptha ina Leas-Chéad-Aire Thuaisceart Éireann sa chéad Feidhmeannas Comhroinnte Cumhachta (8 Bealtaine 2007 – 9 Eanáir 2017). Sin rud a chuir alltacht ar aontachtaithe, ach thuill sé meas na ndaoine a bhí ag obair leis[2].

Ainmníodh McGuinness ag Sinn Féin do toghchán uachtaránachta na hÉireann ar an 16 Meán Fómhair 2011.

D’éirigh McGuinness as an leas-chéad-aireacht i mí Eanáir 2017, i ngeall ar mhíshástacht Shinn Féin le hiompar an DUP, go háirithe faoin scéim fuinnimh inathnuaite. Nuair a thit Stormont níor sheas McGuinness san toghchán i ngeall ar dhrochshláinte.

Saol

Saolaíodh McGuinness ar an 23 Bealtaine, 1950 i i dTaobh an Bhogaigh i nDoire. Ba dhuine de sheachtar clainne é.

D’fhág sé an scoil ag 15 bliain d’aois. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina phrintíseach ag búistéir.

Martin McGuinness, Ian Paisley agus George Bush, 7 Nollaig 2007

Nuair a thosaigh na trioblóidí amach, chuaigh sé san IRA. Faoin am ar tharla Domhnach na Fola i 1972 bhí sé ina leascheannaire ar an IRA i nDoire.

Chaith sé sé mhí i bpríosún Phort Laoise i ngeall ar bhallraíocht san IRA. Dúirt sé ag fiosrú Saville faoi Dhomhnach na Fola gur fhág sé an IRA i 1974, ach chreid na húdaráis go raibh sé ar dhuine de cheannairí an IRA sna hochtóidí.

Nuair a d’iompaigh Sinn Féin i dtreo na polaitíochta tar éis stailc ocrais na H Bhlocanna i 1981, sheas Martin McGuinness gualainn ar ghualainn le Gerry Adams agus cur chuige nua á chur chun tosaigh.

Cailleadh McGuinness ar 21 Márta, 2017. Chloígh an galar amalódóis ar feadh cúpla mí[3].

 an plód a bhí ag a shochraid, an slua mór ar a shochraid

Féach freisin

Tagairtí

  1. http://news.bbc.co.uk/2/hi/uk_news/northern_ireland/1303355.stm
  2. 2.0 2.1 "Martin McGuinness – fear an dá ré a thug an IRA ar bhóthar na síochána " Tuairisc.ie, 21 Márta 2017
  3. Is galar doleigheasta é, galar atá ann nach dtig a leigheas agus bás millteanach.