An difríocht idir athruithe ar: "Anatamaíocht"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
+img
mNo edit summary
Líne 8: Líne 8:
Ba chóir an anatamaíocht a scaradh ón bpaiteolaíocht anatamaíoch, ar staidéar é ar an ollchuma agus ar an gcuma mhicreascópach a bhíonn ar orgáin ghalraithe.
Ba chóir an anatamaíocht a scaradh ón bpaiteolaíocht anatamaíoch, ar staidéar é ar an ollchuma agus ar an gcuma mhicreascópach a bhíonn ar orgáin ghalraithe.


== Tagairtí==
{{síol}}
{{reflist}}


== Naisc sheachtracha ==
[[Catagóir:Anatamaíocht| ]]

* []

{{síol-anat}}

[[Catagóir: Anatamaíocht| ]]

Leagan ó 04:01, 18 Nollaig 2017

Mondino dei Liuzzi, Anathomia, 1541

Is éard is anatamaíochtcorpeolaíocht (ón nGréigis ἀνατομία anatomia, ó ἀνατέμνειν ana: roinn, roinnte ó, agus temnein, gearradh, gearradh ar oscailt. Ón bhfocal Gréigise "anatome" chomh maith--ana: ó chéile, tome: gearradh-->gearradh ó chéile) nó corpeolaíocht ann ná réimse den bhitheolaíocht is den leigheas a phléann le struchtúr nithe beo. Is téarma ginearálta é a chuimsíonn an anatamaíocht dhaonna, anatamaíocht na n-ainmhithe, agus anatamaíocht na bplandaí. I roinnt gnéithe den anatamaíocht tá gaol gearr aige le sutheolaíocht, an anatamaíocht chomparáideach agus an tsutheolaíocht chomparáideach.

Déantar an anatamaíocht a fhoroinnt i roinnt réimsí éagsúla; oll-anatamaíocht agus anatamaíocht mhicreascópach. Is éard is oll-anatamaíocht ann ná staidéar ar struchtúir anatamaíochta ar féidir iad a fheiscint le radharc na súl. Is éard is anatamaíocht mhicreascópach ann ná staidéar ar struchtúir anatamaíochta bhídeacha le micreascóipeanna, cuid de seo is ea an histeolaíocht (staidéar ar riaradh na bhfíochán) agus cíteolaíocht (staidéar na gceall)

I rith stair na h-anatamaíochta, tá dul chun cinn leanúnach tar éis tarlú ar thuiscint s'againn ar fheidhmeanna orgán éagsúla agus ar struchtúir na colainne. Tá feabhas mór tagtha ar modhanna na h-eolaíochta, ó scrúdú na n-ainmhithe agus mionghearradh ar chorpáin, go teicníochtaí teicneolaíochta coimpléascacha a forbraíodh sa 20ú céad, ina measc an x-ghathú, agus an íomháú athshondais mhaighnéadaigh.

Ba chóir an anatamaíocht a scaradh ón bpaiteolaíocht anatamaíoch, ar staidéar é ar an ollchuma agus ar an gcuma mhicreascópach a bhíonn ar orgáin ghalraithe.

Tagairtí

Naisc sheachtracha

  • []