An difríocht idir athruithe ar: "An Phalaistín"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
YiFeiBot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 langlinks, now provided by Wikidata on d:q23792; 1 langlinks remaining
Líne 37: Líne 37:
[[Catagóir:Iosrael]]
[[Catagóir:Iosrael]]


[[he:ארץ ישראל]]
[[nl:Palestina]]
[[nl:Palestina]]

Leagan ó 05:40, 8 Samhain 2017

Léarscáil an Phalaistín (~1922)

Is réigiún agus stát (de jure) é an Phalaistín ( Παλαιστίνη as Ghréigis; Syria Palæstina as Laidin; פלשתינה Palestinaארץ ישראל Eretz Yisrael [Erets Yaosráél] as Eabhrais; agus فلسطين FilasṭīnFalasṭīn as Araibis) idir an Mheánmhuir agus abhainn na hIordáine. Le linn na staire cuireadh ceantair eile leis, chomh maith.

Teorainneacha agus Ainm

Scríobh lucht na hÉigipte faoin tír leis an ainm R-t-n-u (deir Rechenu). Scríobh na Giúdaigh sa Bhíobla faoi le neart ainmneacha, mar shampla: Erets Yaosráél "Tír Iosrael", Erets Há‘Ibhrím "Tír na hEabhraise", "Tír Naofa", "Tír an Tiarna" is ar eile. Sa ré ina thit an réigiún faoi smacht vasáilleach an Éigipt (dar le traidisiún as sliocht Canaan mac Ham mac Noah) tuadh "Tír Canann" ar an réigiún.

Tar éis briseadh Ríocht na hEabhraise i dhá leath tugadh "Tír Iúdá" ar an deisceart agus "Tír Iosrael" ar an tuaisceart.

Tagann an t-ainm an Phalaistín ó na Filistíneacha. Úsáidíodh an Phalaistín as Eabhrais (פלשת/Pəléšeth [P'leseth]) sa Bhíobla mar ainm ar an réigiún ar chósta na Meánmhuire ina raibh na Filistínigh ina gcónaí. Na cúig cathair ba thábhachtaí do na Filistíneacha ba iad Gaza, Ashdod, Ekron, Gath, agus Ashkelon.

Chuireadh an t-ainm i bhfeidhm, de ghnáth sa fhoirm Syria Palæstina i scríbhinn Gréigise chomh luath le Herodotus mar ainm ar gach cuid den réigiún. D'úsáid Flavius Josephus, áfach, an t-ainm do chríocha na bhFilistíneach amháin. Chuir Rí Dáiví na Filistínigh ("na hionróirí") faoi smacht ach ag am Amos bhí neamhspleáchas arís acu. Níl aon tagairt dóibh i ré lucht Aisiria.

An 5ú Aois RC

Úsáideadh an téarma Syria Palæstina an chéad uair sa 5ú haois RC. Scríobh an fear léinn Ghréigis Héaradatas faoi "cheantar an tSiria leis an ainm Palaistinêi". Níos déanaí bhain Ptolemy agus Plinias Mór úsáid as mar ainm chósta oirthear na Meánmhara. De ghnáth, aontaítear go ndeachaigh an Palaistinêi seo níos faide intíre ná tír na bhFilistíneach.

An Róimh

Íomhá satailít

Sa bhliain 135, d'athraigh Impire na Róimhe Hadrian ainm an chúige Rómhánaigh Syria Iudea go Syria Palæstina agus déanadh aonad polaitiúil de, faoi riaradh na hImpireachta Rómhánaigh. Tharla an eachtra seo i ndiaidh loiceadh éirí amach na nGiúdach faoi Bar Kokhba (132-135). Timpeall 390 bhí Palæstina roinnte i dtrí aonad: An Chéad, Dara agus Tríú Palæstina. Ba chuid de Palæstina Prima iad Iudea, Seamariá, an cósta agus Peræa, leis an rialtóir ina chónaí i Saesara. Ba chuid de Palæstina Secunda iad an Ghailíl, an píosa íseal de Ghleann Iesreel, na ceantair ar oirthear na Gailíle agus iarthar sean-Decapolis agus an rialtóir suite i Scythopolis. Ba chuid de Palæstina Tertia an Negev, deisceart na hIordáine agus formhór Shíonáí. Bhí an rialtóir, de ghnáth, ina chónaí i bPetra. Tugadh Palæstina Salutaris ar Palæstina Tertia chomh maith. Cuireadh deireadh le smacht na Rómhánach ar an réigiún go gairid idir 614 agus 628 nuair a rinne na hArabaigh ionradh air. Cuireadh deireadh leis go deo tar éis 635.

Smacht Arabach

Roinn na rialtóirí nua Airabacha an cúige ash-Sham (An tSiria) i gcúig cheantar. Ceantar ab ea Jund Filstin (جند فلسطين/"ceantar an tairm sa Phalaistín") ó Síonáí go dtí deisceart machaire Acre. Na cathracha ba thábhachtaí ba iad Rafah, Saesara, Gaza, Jaffa, Nabulus, Jericho, Ramla agus Iarúsailéim. Ar dtús Ludd (Lidda) ab ea an phríomhchathair ach sa bhliain 717 bogadh é chuig an chathair nua ar-Ramlah (Ramla). (Níor bhogadh an phríomhchathair chuig Iarúsailéim go dtí i bhfad níos déanaí, nuair a bhí an eagras i Jundaí ag titim as a chéile.) Ceantar eile ab ea Jund al-Urdunn ("An Iordáin") ag tuaisceart agus oirthear Jund Filastin. Na cathracha ba tabhachtaí ab ea Tiberias, Legio, Acre, Beisan agus Tyre. Bhí an phríomhchathair suite ag Tiberias. Mar torthaí éirithe amach éagsúla athródh na teoranta cúpla uair. Tar éis an 10ú Aois thosaigh an roinnt i Jundaí ag titim as a chéile. Ansin tháinig lucht na Tuirce isteach agus i ndiaidh sin bhun na Crosáideoirí an Ríocht Laidine Iarúsailéime.

Ón 11ú go dtí an 19ú haois tá tagairtí do Filasṭin nach bhfuil ag caint faoin Phalaistín ach faoina phríomhchathair ar-Ramla.

Féach freisin

Íomhánna