An difríocht idir athruithe ar: "Crua-earraí ríomhaire"
Content deleted Content added
Ag baint 3-Tastenmaus_Microsoft.jpg amach, agus ag chur 3-Tasten-Maus_Microsoft.jpg isteach mar ionadúchán. (Scrios CommonsDelinker é ón |
|||
Líne 71: | Líne 71: | ||
[[Catagóir:Ríomhaireacht]] |
[[Catagóir:Ríomhaireacht]] |
||
[[af:Rekenaarhardeware]] |
|||
[[an:Tarabidau fesico]] |
|||
[[ar:عتاد الحاسوب]] |
|||
[[ast:Soporte físicu]] |
|||
[[bg:Хардуер]] |
[[bg:Хардуер]] |
||
[[bs:Hardver]] |
|||
[[ca:Maquinari]] |
|||
[[cs:Hardware]] |
|||
[[csb:Kòmpùtrowô hard-wôra]] |
|||
[[da:Hardware]] |
|||
[[en:Computer hardware]] |
|||
[[eo:Aparataro]] |
|||
[[es:Hardware]] |
|||
[[et:Riistvara]] |
|||
[[eu:Hardware]] |
|||
[[fa:سختافزار]] |
|||
[[fi:Tietokonelaitteisto]] |
|||
[[fr:Matériel informatique]] |
|||
[[gl:Hardware]] |
|||
[[he:חומרה]] |
|||
[[hr:Hardver]] |
|||
[[hu:Hardver]] |
|||
[[id:Perangkat keras]] |
|||
[[it:Hardware]] |
|||
[[ja:ハードウェア]] |
|||
[[ko:컴퓨터 하드웨어]] |
|||
[[lt:Techninė įranga]] |
|||
[[mk:Хардвер]] |
|||
[[ms:Perkakasan komputer]] |
|||
[[nds:Hardware]] |
|||
[[nl:Hardware]] |
|||
[[no:Maskinvare]] |
|||
[[pl:Hardware]] |
|||
[[pt:Hardware]] |
|||
[[ro:Hardware]] |
|||
[[ru:Компьютерная техника]] |
[[ru:Компьютерная техника]] |
||
[[simple:Hardware]] |
[[simple:Hardware]] |
||
[[sk:Hardvér]] |
|||
[[sl:Strojna oprema]] |
|||
[[sr:Хардвер]] |
|||
[[sv:Hårdvara]] |
|||
[[th:อุปกรณ์คอมพิวเตอร์]] |
|||
[[tr:Bilgisayar donanımı]] |
|||
[[uk:Апаратне забезпечення]] |
|||
[[vi:Phần cứng]] |
|||
[[zh:硬件]] |
Leagan ó 05:39, 8 Samhain 2017
Is é an fearas fisiceach as a ndéantar córas ríomhaireachta crua-earraí ríomhaire.
Innealra an ríomhaire pearsanta
Is é atá ann i ríomhaire pearsanta tipiciúil ná cás nó fráma i gcruth deisce nó túir agus na páirteanna seo a leanas:
- Máthairchlár nó clár córais le sliotáin do chártaí forlíontacha agus páirteanna coinneála ina measc:
- Láraonad próiseála (LAP nó CPU an giorrúchán as Béarla)
- Cuimhne randamrochtana (RAM) - le haghaidh rith ríomhchlár agus stóráil sonraí gearrthréimhseach, chun rochtain ar an diosca crua, a bhíonn níos moille, a sheachaint. Is féidir le níos mó RAM an ríomhaire pearsanta a dhéanamh níos tapúla. Bíonn an RAM inbhainte i gcoitinne ó shliotáin ar an máthairchlár.
- Bunchóras ionchurtha/aschurtha (BIOS) nó Comhéadan Dochtearraí Inbhreisithe (EFI) i gcórais níos nua-aimseartha
- Busanna :
- Idirnasc Comhpháirteanna Forimeallach nó PCI
- PCI Express nó PCI-E
- Bus Uilíoch Srathach nó USB
- HyperTransport
- Comheadán Coitianta Córas nó CSI (á tuar i 2008)
- Port Grafaice Luathaithe nó AGP (á tharraingt siar de réir a chéile)
- Ailtireacht Thionscalchaighdeánach nó ISA (as dáta)
- Ailtireacht Bhreisithe Thionscalchaighdeánach nó EISA (as dáta)
- Soláthar cumhachta - cás ina bhfuil claochladán, rialú voltais, agus (de ghnáth) gaothrán fuaraithe
- Rialaitheoirí stórais IDE, SATA, SCSI nó saghas éigin eile, a rialaíonn diosca crua, diosca bog, CD-ROM agus tiomántáin eile; suíonn na rialaitheoirí go díreach ar an máthairchlár nó ar chárta forlíontach
- Cárta grafaice a thairgíonn aschur don aonad fístaispeána
- Rialaitheoirí bus ríomhaire (port comhuaineach, port srathach, USB, FireWire) chun an ríomhaire a cheangail le gléasanna seachtracha forimeallacha ar nós printéirí nó scanóirí.
- Saghas éigin stóras inbhainte do ríomhaire nó scríbhneoir meáin:
- Dlúthdhiosca - an saghas meáin inbhainte is coitianta, saor ach sobhriste.
- Tiomántán CD-ROM
- Scríbhneoir CDanna
- DVD
- Tiomántán DVD
- Scríbhneoir DVDanna
- Tiomántán DVD-RAM
- Tiomántán diosca bhoig
- Tiomántán Zip
- Tiomántán USB Flash
- Téipthiomáint - go príomha do chúltaca agus stóras fad-tréimseach.
- Dlúthdhiosca - an saghas meáin inbhainte is coitianta, saor ach sobhriste.
- Stóras Inmheánach - coinníonn sonraí istigh sa ríomhaire le húsáid níos déanaí.
- Diosca crua - le haghaidh stóráil sonraí meán-tréimhseach.
- Rialaitheoir eagar diosca
- cárta fuaime - aistríonn comharthaí ón chlár córais go leibhéil voltais analógacha, agus ag a bhfuil teirminéil le plugáil isteach i gcallairí.
- Líonrú - ceanglaíonn an ríomhaire leis an Idirlíon agus/nó ríomhairí eile.
- Móideam - le haghaidh nasc diailithe
- Cárta líonra - le haghaidh nasc idirlín DSL/Cábla, agus/nó ceangail le ríomhairí eile.
- Aonaid fhorimeallacha eile
Chomh maith le seo, is féidir comhpháirteanna seachtracha an chórais ríomhaireachta a liostáil faoi chrua-earraí. Tá na samplaí seo a leanas caighdeánach nó an-choiteann.
- Gléasanna ionchur nó aschur
- Gléasanna le haghaidh ionchur téacs
- Gléasanna pointeála
- Luch
- Rianliathróid
- Gléasanna le haghaidh cluichí ríomhaire
- Luamhán stiúrtha
- Pillín cluiche
- Rialaitheoir cluiche
- Gléasanna le haghaidh ionchur íomhá nó físe
- Scanóir íomhánna
- Ceamara gréasáin
- Gléasanna le haghaidh ionchur fuaime
- Micreafón
- Gléasanna ionchur nó aschur
- Gléasanna aschur íomhánna nó físe
- Printéir - gléas forimeallach a thairgíonn cruachóip. (scairdphrintéir nó printéir léasair)
- Monatóir a fhaigheann comharthaí agus a thaispeánann iad. (feadán ga-chatóideach - CRT - nó taispeáint leachtchriostail - LCD)
- Gléasanna le haghaidh aschur fuaime
- Callairí - gléas a aistríonn comharthaí fuaime analógacha go creathanna aeir le haghaidh fuaim a chruthú.
- Cluasáin - gléas atá cosúil le gnáth-luamhán gutháin ach a chuirtear ar an gceann chun na lámha a shaorú.
- Gléasanna aschur íomhánna nó físe